|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Uimhir 3 de 1997 | ||||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM DHÍCHOIMISIÚNÚ, 1997 | |||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||
Uimhir 3 de 1997 | ||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM DHÍCHOIMISIÚNÚ, 1997 | ||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE DÍCHOIMISIÚNÚ ARM TINE, ARMLÓIN AGUS PLÉASCÁN AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE COIMISIÚN ARNA BHUNÚ LE COMHAONTÚ IDIR AN RIALTAS AGUS RIALTAS NA RÍOCHTA AONTAITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [26 Feabhra, 1997] | ||||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | ||||||||||||||||||||
| [EN] | folaíonn “gníomh” neamhghníomh agus folaíonn tagairt do ghníomh a dhéanamh tagairt do ghníomh a fhágáil gan déanamh; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an comhaontú” an comhaontú idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe lena mbunaítear an Coimisiún; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “airm” arm tine de réir bhrí Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, agus folaíonn sé armlón de réir bhrí an fhocail “amuinisean” in Acht na nArm Teine, 1925 , pléascán de réir bhrí an fhocail “explosive” san Explosives Act, 1875, agus aon substaint nó ní eile is substaint phléascach de réir bhrí na bhfocal “explosive substance” san Explosive Substances Act, 1883; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “socruithe” socruithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún de bhun rialachán; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Coimisiún” an coimisiún arna bhunú leis an gcomhaontú; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an dlí comhréire” dlí na Ríochta Aontaithe atá ar comhréir leis an Acht seo; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “díchoimisiúnú”, i ndáil le hairm— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) na hairm a dhíothú, nó | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) na hairm a aistriú chuig an gCoimisiún nó chuig duine a bheidh ainmnithe ag an Aire, nó, más cuí, ag an Rúnaí Stáit, sa Stát nó lasmuigh de, nó gníomh a dhéanamh a dtiocfaidh de na hairm a bhailiú agus a dhíothú ag an gCoimisiún nó ag duine a bheidh ainmnithe ag an Aire, nó, más cuí, ag an Rúnaí Stáit, nó thar ceann an chéanna, sa Stát nó lasmuigh de, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | folaíonn “díothú” rud a dhéanamh neamh-inrochtana go buan nó neamh-inúsáidte go buan agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | folaíonn “achtachán” ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Rúnaí Stáit” Rúnaí Stáit i Rialtas na Ríochta Aontaithe. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) San Acht seo— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) aon tagairt do mhír nó d'fhomhír is tagairt í do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis nó faoi. | |||||||||||||||||||||
| [EN] |
Rialacháin i ndáil le díchoimisiúnú. |
2. —(1) Féadfaidh rialacháin foráil a dhéanamh maidir le díchoimisiúnú arm. | ||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin foráil a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) i ndáil leis na suímh ag a bhféadfar, leis na nósanna imeachta trína bhféadfar agus leis na tráthanna ag a bhféadfar nó ar lena linn a fhéadfar an díchoimisiúnú arm, nó aon mhodh nó slí áirithe díchoimisiúnaithe den sórt sin, a dhéanamh, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i ndáil leis na modhanna agus na slite trína bhféadfar agus ina bhféadfar an díchoimisiúnú arm a dhéanamh, lena n-áirítear— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) airm a aistriú chuig an gCoimisiún nó chuig duine a bheidh ainmnithe ag an Aire nó (más chuig duine lasmuigh den Stát a dhéantar an t-aistriú de réir an dlí comhréire) ag an Rúnaí Stáit lena ndíothú, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) faisnéis a sholáthar don Choimisiún nó do dhuine sa Stát a bheidh ainmnithe ag an Aire nó (más do dhuine lasmuigh den Stát a sholáthraítear an fhaisnéis de réir an dlí comhréire) do dhuine a bheidh ainmnithe ag an Rúnaí Stáit, ar faisnéis í a dtiocfaidh di airm a bhailiú agus a dhíothú ag an gCoimisiún nó ag duine a bheidh ainmnithe ag an Aire nó (i gcás arm lasmuigh den Stát) ag an Rúnaí Stáit, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) airm a fhágáil lena mbailiú agus lena ndíothú ag an gCoimisiún nó ag duine a bheidh ainmnithe ag an Aire nó (i gcás arm a bheidh fágtha lasmuigh den Stát de réir an dlí comhréire) ag an Rúnaí Stáit, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (iv) airm a scriosadh acu siúd atá ina seilbh, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) i ndáil le díothú arm a bheidh díchoimisiúnaithe de réir fhomhír (i), (ii) nó (iii) de mhír (b). | |||||||||||||||||||||
| [EN] |
Forálacha a bhaineann leis an gCoimisiún. |
3. —(1) Tiocfaidh na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Rúnaí Stáit, chun a chumasú lánéifeacht a bheith leis an gcomhaontú. | ||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Beidh an Coimisiún neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Beidh cáil dhlíthiúil comhlachta chorpraithe ag an gCoimisiún. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú foráil a dhéanamh chun críocha mhír (b) maidir le dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí agus díolúintí, pribhléidí agus cearta i ndáil leis an gCoimisiún. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) Beidh ag an gCoimisiún, ag a mhaoin agus ag duine (is comhalta den Choimisiún nó comhalta d'fhoireann an Choimisiúin, nó is duine atá ag comhlíonadh feidhmeanna arna sannadh ag an gCoimisiún dó nó di, is gníomhaire de chuid an Choimisiúin nó is comhalta de theaghlach an duine agus is cuid dá líon tí), agus teachtfaidh sé nó sí, dosháraitheacht, saoirseachtaí, saoráidí agus díolúintí, pribhléidí agus cearta i cibé slí, go feadh cibé méid agus faoi réir cibé teorainneacha (lena n-áirítear an céanna a tharscaoileadh) dá bhforálfar i ngach cás san ordú faoi mhír (a). | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) Féadfaidh ordú arna dhéanamh faoin alt seo foráil éagsúil a dhéanamh le haghaidh cásanna éagsúla nó aicmí éagsúla cáis. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (seachas fo-alt (1)) a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (6) Beidh an Coimisiún arna dhíscaoileadh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Rúnaí Stáit, agus féadfaidh an tAire cibé forálacha idirthréimhseacha nó iarmhartacha is fóirsteanach leis nó léi a chur san ordú. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (7) Déanfar ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |||||||||||||||||||||
| [EN] |
Rialacháin i ndáil leis an gCoimisiún. |
4. —(1) Féadfaidh rialacháin foráil a dhéanamh i ndáil leis an gCoimisiún. | ||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin foráil a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) maidir le comhaltas an Choimisiúin, lena n-áirítear líon chomhaltaí an Choimisiúin, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha ar a mbeidh, agus ar faoina réir a bheidh, comhaltaí an Choimisiúin i seilbh oifige mar chomhaltaí den sórt sin agus maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta aon fhoirne de chuid an Choimisiúin, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) maidir le cibé airgead, áitreabh, saoráidí agus seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a sholáthar don Choimisiún, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) maidir leis an gCoimisiún do choimeád cuntas ar airgead a gheobhaidh an Coimisiún nó a chaithfidh sé agus maidir le hiniúchadh na gcuntas sin ag an Aire agus ag an Rúnaí Stáit nó thar a gceann, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (e) maidir le cruthúnas ar dhoiciméid arna bhforghníomhú thar ceann an Choimisiúin, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (f) maidir le toirmeasc a chur ar chomhalta den Choimisiún nó d'fhoireann an Choimisiúin nó ar aon duine a sholáthraíonn seirbhís don Choimisiún faisnéis a nochtadh, ar faisnéis í a fuair an comhalta nó an duine sin i gcúrsa a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh mar chomhalta nó mar dhuine den sórt sin mura mbeidh an nochtadh sin údaraithe ag an gCoimisiún nó thar a cheann. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (g) maidir le feidhmeanna an Choimisiúin agus lena ról i gcoitinne i ndáil le díchoimisiúnú arm nó le haon mhodh nó slí áirithe díchoimisiúnaithe den sórt sin, ar feidhmeanna iad ar féidir gach ceann nó aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheith san áireamh iontu: | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) socruithe a dhéanamh le haghaidh díchoimisiúnú arm agus an Coimisiún a bheith páirteach in aon socruithe den sórt sin, nó do chuidiú le haon socruithe den sórt sin, a chur i gcrích, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) seilbh a ghlacadh ar airm a bheidh díchoimisiúnaithe de bhun rialachán nó socruithe, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) breathnóireacht agus fíorú agus, más cuí, maoirsiú a dhéanamh ar dhíchoimisiúnú arm a bheidh á dhéanamh de réir rialachán nó socruithe, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (iv) taifeadadh cibé faisnéise a bheidh sonraithe d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas díchoimisiúnaithe arm, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (v) tuarascálacha a thabhairt ar ábhair shonraithe do cibé daoine a bheidh sonraithe, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (vi) gluaiseacht, láimhseáil agus stóráil shlán shábháilte arm le linn a ndíchoimisiúnaithe agus dá éis a éascú agus maoirsiú a dhéanamh ar an ngluaiseacht, ar an láimhseáil agus ar an stóráil sin, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (h) maidir le haon nithe eile is dóigh leis an Aire is gá chun críocha an Achta seo. | |||||||||||||||||||||
| [EN] |
Toirmeasc ar imeachtaí áirithe. |
5. —(1) Ní thionscnófar imeachtaí in aghaidh duine i leith ciona i ndáil le haon airm áirithe más rud é— | ||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) tráth a dhéanta, go raibh an duine ag gabháil do phróiseas díchoimisiúnaithe na n-arm sin de réir rialachán nó socruithe, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) gur comhlíonadh ceanglais na rialachán nó na socruithe maidir leis an duine agus leis an díchoimisiúnú, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) go raibh an díchoimisiúnú á dhéanamh, nó go ndearnadh an díchoimisiúnú, tráth nó le linn tréimhse a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) gur chuid den phróiseas díchoimisiúnaithe an gníomh arbh é an cion é nó gníomh ar cuid den chion é agus go ndearnadh é de bhun na rialachán nó na socruithe. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar cionta a bhfuil feidhm aige maidir leo a shonrú i rialacháin. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1), a mhéid a bhaineann sé le haon mhodh nó slí áirithe díchoimisiúnaithe arm, ach amháin maidir le cionta sonraithe. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) I gcás ina ndearnadh airm a dhíchoimisiúnú de réir rialachán nó socruithe, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le himeachtaí i leith ciona a líomhnaítear a rinneadh, tar éis an díchoimisiúnaithe, trí na hairm sin a úsáid, nó i ndáil leis na hairm sin. | |||||||||||||||||||||
| [EN] |
Toirmeasc ar thástáil áirithe, etc., agus ar fhianaise áirithe. |
6. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), ní dhéanfar— | ||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) airm a bheidh á gcur ar fáil chun críocha díchoimisiúnaithe de réir rialachán nó socruithe nó airm a mbeidh an Coimisiún nó duine a bheidh ainmnithe ag an Aire tar éis seilbh a ghlacadh orthu chun críocha nó tar éis an díchoimisiúnaithe sin, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) aon ní a thig as an bpróiseas díchoimisiúnaithe arm de réir rialachán nó socruithe, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) aon substaint nó ní a gheofar ar aon airm, nó in aon airm, a bheidh díchoimisiúnaithe de réir rialachán nó socruithe, nó | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) aon ní ina raibh airm, nó ar a raibh airm, a bheidh díchoimisiúnaithe de réir rialachán nó socruithe nuair a díchoimisiúnaíodh amhlaidh iad nó aon substaint nó ní eile a gheofar ar ní den sórt sin nó i ní den sórt sin, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | a chur faoi scrúdú dlí-eolaíochta nó faoi thástáil. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le scrúdú dlí-eolaíochta nó le tástáil a dhéanfar— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) ar aon substaint nó ní a bheidh díchoimisiúnaithe de réir rialachán nó socruithe, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) ar aon substaint nó ní dá dtagraítear i mír (b), (c) nó (d) d'fho-alt (1), | |||||||||||||||||||||
| [EN] | d'fhonn— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) a chinneadh— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (I) an armlón nó pléascán nó substaint phléascach é nó í nó an bhfuil armlón nó pléascán nó substaint phléascach ann nó inti, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (II) cén chainníocht d'armlón, de phléascáin nó de shubstaintí pléascacha atá i láthair, nó | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (III) an bhfuil an tsubstaint nó an ní i riocht slán cobhsaí, | |||||||||||||||||||||
| [EN] | nó | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) faisnéis a fháil amach maidir le cion a líomhnaítear a rinneadh tar éis an díchoimisiúnaithe lena mbaineann. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Ní bheidh airm a bheidh díchoimisiúnaithe de réir rialachán nó socruithe nó aon substaint nó ní eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó faisnéis a fuarthas i gcúrsa, nó de thoradh, airm a dhíchoimisiúnú de réir rialachán nó socruithe inghlactha i bhfianaise ón Stát nó thar ceann an Stáit in imeachtaí in aon chúirt i leith ciona (seachas cion dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(ii)) nó in aon achomharc i ndáil le haon imeachtaí den sórt sin. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Ní bheidh fianaise ar aon ní a rinneadh chun críocha díchoimisiúnaithe arm de réir rialachán nó socruithe inghlactha ag an Stát nó thar ceann an Stáit in imeachtaí in aon chúirt i leith ciona (seachas cion dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(ii)) nó in aon achomharc i ndáil le himeachtaí den sórt sin. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) (a) San alt seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |||||||||||||||||||||
| [EN] | tá le “armlón” an bhrí a shanntar do “amuinisean” le hAcht na nArm Teine, 1925 ; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “pléascán” pléascán de réir bhrí an fhocail “explosive” san Explosives Act, 1875; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | tá le “substaint phléascach” an bhrí a shanntar do “explosive substance” leis an Explosive Substances Act, 1883; | |||||||||||||||||||||
| [EN] | tá le “arm tine” an bhrí a shanntar dó le hAchtanna na nArm Tine, 1925 go 1990. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) San alt seo folaíonn tagairtí d'airm nó d'airm tine nó d'armlón nó do phléascán nó do shubstaint phléascach tagairtí d'aon substaint nó ní is arm tine nó armlón nó pléascán nó substaint phléascach chun críche an dlí comhréire agus forléireofar tagairtí do dhíchoimisiúnú agus do dhíchoimisiúnaithe dá réir sin. | |||||||||||||||||||||
| [EN] |
Forálacha ginearálta maidir le rialacháin. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon chríche a bhforáiltear do rialacháin i ndáil léi le haon fhoráil de chuid an Achta seo. | ||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Déanfar rialacháin faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach de chuid an Achta seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó forlíontacha is dóigh leis an Aire is fóirsteanach chun críocha na rialachán a bheith in aon rialacháin. | |||||||||||||||||||||
| [EN] |
Caiteachais. |
8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
9. —(1) Féadfar an tAcht um Dhíchoimisiúnú, 1997 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas alt 3 ) i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |||||||||||||||||||||