An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Faisnéis a Bhailiú) Ar Aghaidh (CUID V Faisnéis a Chosaint)

21 1993

AN tACHT STAIDRIMH, 1993

CUID IV

Taifid Údarás Poiblí a Úsáid chun Críocha Staidrimh

Rochtain ar thaifid údarás poiblí.

30. —(1) D'fhonn cabhrú leis an Oifig i bhfeidhmiú a feidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, trí fhógra a sheachadadh, a iarraidh ar aon údarás poiblí—

(a) a cheadú d'oifigigh staidrimh, gach tráth réasúnach, rochtain a bheith acu ar aon taifid atá faoina chúram, iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, agus

(b) cóipeanna nó sleachta as aon taifead den sórt sin a sholáthar don Oifig, má éilíonn aon oifigeach den sórt sin amhlaidh,

agus déanfaidh an t-údarás poiblí, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh saor in aisce.

(2) Maidir le fo-alt (1) den alt seo—

(a) ní bheidh feidhm aige maidir le taifid a bhaineann le Cúirt, leis an nGarda Síochána, le riarachán na bpríosún nó leis an Ombudsman nó le haon duine dá chuid oifigeach;

(b) ní bheidh feidhm aige maidir le taifid liachta nach bhfuil ar fáil go poiblí ach amháin le comhaontú an Aire Sláinte;

(c) beidh éifeacht leis i ngach cás eile d'ainneoin aon ní atá in aon achtachán seachas forálacha chun ord poiblí nó slándáil an Stáit a chosaint.

Comhoibriú údarás poiblí leis an Oifig.

31. —(1) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir a iarraidh ar aon údarás poiblí dul i gcomhairle leis agus comhoibriú leis chun gealladh thaifid an údaráis mar fhoinse faisnéise staidrimh a mheasúnú, agus, más cuí agus más indéanta sin, a mhodhanna agus a chórais taifeadta a fhorbairt chun críocha staidrimh, agus déanfaidh an t-údarás poiblí aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh, a mhéid atá na hacmhainní ann chuige sin.

(2) Má bheartaíonn aon údarás poiblí aon chóras a thabhairt isteach, a athbhreithniú nó a leathnú, ar córas é chun faisnéis a stóráil agus a aisghabháil, nó suirbhéireacht staidrimh a dhéanamh rachaidh sé i gcomhairle leis an Ard-Stiúrthóir agus glacfaidh an t-údarás poiblí le haon mholtaí a dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir le réasún i ndáil leis an togra.

(3) Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir nó aon údarás poiblí a iarraidh ar an mBord Náisiúnta Staidrimh eadráin a dhéanamh maidir le tograí arna ndéanamh ag an Ard-Stiúrthóir faoi fho-alt (1)(2) den alt seo agus, nuair nach féidir teacht ar chomhaontú, moltaí a chur faoi bhráid an Taoisigh chun a chinneadh a fháil maidir leis an gcéanna.

(4) Maidir le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo—

(a) ní bheidh feidhm acu maidir le taifid a bhaineann le Cúirt, leis an nGarda Síochána nó le riarachán na bpríosún;

(b) beidh éifeacht leo i ngach cás eile d'ainneoin aon ní atá in aon achtachán seachas forálacha chun ord poiblí nó slándáil an Stáit a chosaint.