4 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1993


AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 1993

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1976.

5.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Groighe Náisiúnta, 1945

1945, Uimh. 31

An tAcht Graí Náisiúnta, 1976

1976, Uimh. 26

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1993


AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 1993

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GRAÍ NÁISIÚNTA, 1945 AGUS 1976. [10 Márta, 1993]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Graí Náisiúnta, 1976 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 .

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

2. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 11 (a cuireadh isteach le hAcht 1976) den Phríomh-Acht:

“(2) £10,000,000 arna roinnt i scaireanna £1 an ceann scairchaipiteal na Cuideachta.”.

Leasú ar alt 24 den Phríomh-Acht.

3. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 24 (a cuireadh isteach le hAcht 1976):

“24. Féadfaidh an Chuideachta, le ceadú an Aire Talmhaíochta agus Bia, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht ó am go ham, ach ní rachaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht thar £5,000,000.”.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1976.

4. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur ina ionad:

“(4).—(1) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas is cuí leis an mBord, ach sin faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, i gcás a phríomhoifigigh (cibé acu is príomh-oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc air).

(2) Déanfaidh an Bord, le linn dó an luach saothair nó na liúntais i leith caiteachas a bheidh le híoc lena oifigigh nó lena sheirbhísigh, nó na téarmaí nó na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, a chinneadh, aird a thabhairt ar threoirlínte Rialtais nó ar threoirlínte a bheidh comhaontaithe ar bhonn náisiúnta agus a bheidh ar marthain de thuras na huaire, nó ar bheartas Rialtais maidir le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ar marthain amhlaidh, agus, i dteannta an méid sin roimhe seo, comhlíonfaidh an Bord aon treoracha maidir le luach saothair, liúntais, téarmaí nó coinníollacha den sórt sin a thabharfaidh an tAire don Bhord, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta (Leasú), 1993 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 go 1993, a ghairm de na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 agus 1976, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.