|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 35 de 1990 | ||||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1990 | |||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 35 de 1990 | ||||||||||
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1990 | ||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||
ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH. [24 Nollaig, 1990] | ||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
| [EN] |
Buanú an Achta um Rialú Iomlaoide, 1954 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1986 ): | ||||||||
| [EN] | “(2) Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1992, agus éagfaidh sé ansin.”. | |||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1990 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1990, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1986, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||