22 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1990


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Bunú agus fáil cuideachtaí, agus leasanna i gcuideachtaí, ag an mBord.

3.

Fo-bhoird.

4.

Cumhachtaí an Bhoird lasmuigh den Stát.

5.

Gníomhaíochtaí tráchtála.

6.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

7.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

8.

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.

9.

Leasú ar alt 59 den Phríomh-Acht.

10.

Luach saothair oifigeach agus seirbhíseach.

11.

Leasú ar ailt 5 agus 6 d'Acht 1953.

12.

Costais.

13.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Forbartha Móna, 1946

1946, Uimh. 10

An tAcht Forbartha Móna, 1953

1953, Uimh. 19

Na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1990


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1983. [21 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Forbartha Móna, 1953 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbartha Móna, 1946 .

(2) Forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis sin.

Bunú agus fáil cuideachtaí, agus leasanna i gcuideachtaí, ag an mBord.

2. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta”—

(a) cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

(b) comhlacht a fhoirmítear nó a bhunaítear faoi dhlíthe stáit seachas an Stát agus a fhreagraíonn do chomhlacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

(2) Féadfaidh an Bord foirmiú nó bunú cuideachta a chur ar aghaidh agus páirt a ghlacadh san fhoirmiú nó sa bhunú sin.

(3) Féadfaidh an Bord scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina chomhalta de chuideachta.

(4) Féadfaidh an Bord rialú iomlán nó páirteach a fheidhmiú ar chomhdhéanamh boird stiúrthóirí cuideachta, nó údaráis eile, faoi cibé ainm, a rialaíonn nó a bhainistíonn cuideachta.

(5) Féadfaidh an Bord—

(a) ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé airgead a thabhairt ar iasacht do chuideachta, agus

(b) a ráthú, i cibé foirm agus dóigh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh cuideachta go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil leis an airgead ar iasacht sin agus féadfaidh gur ráthaíocht é go n-íocfar nóta gealltanais a dhéanfaidh cuideachta nó bille malairte a bheidh arna tharraingt nó arna ghlacadh ag cuideachta.

(6) Aon chumhacht a thugtar leis an alt seo agus a fheidhmíonn an Bord beidh sí faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a thabharfar tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas ar chóir, i dtuairim an Aire, ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire sin den Rialtas, dul i gcomhairle leis.

Fo-bhoird.

3. —(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir thoiliú an Aire, fo-bhord amháin nó níos mó a bhunú ó am go ham agus féadfaidh sé cibé feidhmeanna dá chuid a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a fheidhmiú nó a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr nó níos caothúla ag an bhfo-bhord nó ag na fo-bhoird sin, a tharmligean chuig an bhfo-bhord nó chuig na fo-bhoird sin.

(2) Is é a bheidh in aon fho-bhord a bhunófar faoin alt seo stiúrthóir bainisteoireachta agus cibé líon (nach lú ná triúr nó nach mó ná seisear) de chomhaltaí eile an Bhoird a chinnfidh an Bord, faoi réir fho-alt (3), ó am go ham. Is duine a bheidh tofa ar an mBord faoi théarmaí na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1988, a bheidh i gcomhalta amháin ar a laghad de gach fobhord.

(3) Comhalta den Bhord (seachas an stiúrthóir bainisteoireachta), a bheidh ceaptha ar fho-bhord a bhunófar faoin alt seo, beidh sé i seilbh oifige ar feadh trí bliana mura túisce a éireoidh sé as mar chomhalta den fho-bhord, a éagfaidh sé, a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord de bhíthin deireadh a bheith lena théarma oifige, a éireoidh sé as a bheith ina chomhalta den Bhord, a dhícháileofar é nó a chuirfear as oifig é mar chomhalta den Bhord.

(4) Is de réir mar a chinnfear le rialacháin a dhéanfaidh an Bord a bheidh córam, nós imeachta agus áit chruinnithe aon fho-bhoird a bhunófar faoin alt seo.

(5) Féadfaidh an Bord tráth ar bith fo-bhord a bhunófar faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(6) Gach comhalta d'fho-bhord a bhunófar faoin alt seo íocfar leis as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord cibé liúntais i leith costas a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Cumhachtaí an Bhoird lasmuigh den Stát.

4. —(1) Féadfaidh an Bord dul i mbun gnó lasmuigh den Stát—

(a) chun móin agus táirgí móna a mhargú,

(b) chun móin agus táirgí móna a tháirgeadh,

(c) chun táirgeadh agus úsáid móna agus táirgí móna a chothú,

(d) chun portaigh agus tailte eile a fháil,

(e) chun bainisteoireacht agus forbairt a dhéanamh ar phortaigh agus ar thailte eile agus chun iad a oibriú, agus

(f) chun na nithe eile sin go léir a dhéanamh go ginearálta a thig as na cumhachtaí, nó a leanann as na cumhachtaí, a luaitear sna míreanna sin roimhe seo den alt seo.

(2) Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord le míreanna (b) go (f) d'fho-alt (1) den alt seo faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Gníomhaíochtaí tráchtála.

5. —Féadfaidh an Bord, laistigh den Stát nó lasmuigh dé, dul i mbun na ngníomhaíochtaí tráchtála sin go léir, cibé acu i ndáil le táirgeadh no margú móna nó ar shlí eile, a thig, i dtuairim an Bhoird, as aon fheidhm den Bhord, agus a fhéadfar, ar mhodh buntáisteach, a sheoladh i dtaca le haon fheidhm den Bhord.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 17 (1) den Phríomh-Acht trí “laistigh den Stát” a chur isteach i ndiaidh “ar an mBord” sa chéad áit ina bhfuil an abairt sin.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 18 (3) den Phríomh-Acht trí “de chuntas sochair” a chur in ionad “de chuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair”.

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an Bord, i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a fheidhmeanna sa Stát nó lasmuigh de, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) aon ghléasra, inneall, gaireas nó fearas a mhonarú,

(b) foirgnimh a thógáil,

(c) scéimeanna fruilcheannaigh a ghabháil de láimh,

(d) conarthaí a dhéanamh,

(e) siopaí agus seomraí taispeántais a bhunú agus a oibriú,

(f) taispeántais, taisealbhaí agus léirithe a chur ar aghaidh nó cuidiú lena gcur ar aghaidh,

(g) cibé acu ina aonar nó i gcomhar le haon duine, cathaoireacha agus léachtóireachtaí a bhunú agus a dhearlacadh in aon ollscoil nó coláiste chun taighde a sheoladh agus é d'aidhm leis táirgeadh nó úsáid móna nó táirgí móna agus a bhfo-tháirgí a fheabhsú nó a leathnú agus chun oideachas agus eolas a bhaineann leis an táirgeadh nó leis an úsáid sin a chothú,

(h) comhaontú a dhéanamh le haon duine, agus é a chur i gcrích, chun aon fheidhm de chuid an Bhoird a chomhlíonadh i gcomhpháirt,

(i) sócmhainní agus gnó duine ar bith a fháil trína gceannach nó ar shlí eile agus iad a oibriú i gcás go rachadh an fháil agus an oibríocht sin, i dtuairim an Bhoird, chun cabhrach don Bhord i gcomhlíonadh agus i bhfeidhmiú aon cheann d'fheidhmeanna an Bhoird,

(j) forbairt ar mhodh tráchtála nó ar mhodh eile a dhéanamh ar aon phortach a bheidh dílsithe don Bhord agus nach féidir, nó ar tharla nó a dtarlaíonn nach féidir, é a shaothrú ar mhodh tráchtála chun móin nó táirgí móna a tháirgeadh,

(k) oibreacha innealtóireachta agus tógála de chineál ar bith agus taighde de chineál ar bith (seachas an taighde a shonraítear in alt 19) a cheapann an Bord dá rogha féin a bheith inmhianaithe, a dhéanamh,

(l) ina aonar nó i dteannta aon duine eile—

(i) seirbhísí comhchomhairleacha agus seirbhísí comhairleacha, agus

(ii) oiliúint daoine,

a chur ar fáil ar luaíocht, agus beidh gach cumhacht den sórt sin aige is gá chun na seirbhísí agus an oiliúint sin a chur ar fáil,

(m) a áirithiú go seolfar a ghníomhaíochtaí go léir i cibé slí a thabharfaidh cosaint iomchuí don timpeallacht go háitiúil agus go náisiúnta.”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (2):

“(3) Aon fheidhmiú a dhéanfaidh an Bord lasmuigh den Stát ar aon chumhachtaí a thugtar le míreanna (a), (b), (g), (h), (i), (j), (k) nó (l) d'fho-alt (1) den alt seo agus aon fheidhmiú a dhéanfaidh an Bord sa Stát ar aon chumhachtaí a thugtar leis na míreanna sin (h), (i), (j) nó (k) beidh sé faoi réir réamhthoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Aon chumhacht a thugtar don Bhord le fo-alt (1) (j) den alt seo i ndáil le lagphortach ní fheidhmeofar í ach amháin de réir cibé treoracha ginearálta a leagfaidh an tAire síos ó am go ham.

(5) San alt seo ciallaíonn ‘lagphortach’ portach a mbeidh an mhóin go léir ann geall leis bainte.”.

Leasú ar alt 59 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 59 den Phríomh-Acht trí na focail “cuntas caipitil, cuntas ioncaim,” agus “den chuntas caipitil, den chuntas ioncaim,” a scriosadh i bhfo-ailt (1) agus (4), faoi seach.

Luach saothair oifigeach agus seirbhíseach.

10. —Tráth a bheidh an Bord ag cinneadh an luach saothair nó na liúntais le haghaidh costas a íocfar lena chuid oifigeach nó seirbhíseach, nó na téarmaí nó na coinníollacha ar dá réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a gcuid fostaíochta, beidh aird ag an mBord ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar ar comhaontaíodh ar bhonn náisiúnta agus a bheidh i réim de thuras na huaire, nó ar bheartas Rialtais maidir le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh i réim amhlaidh, agus, i dteannta an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Bord de réir aon treoracha maidir le luach saothair, liúntais, téarmaí nó coinníollacha den sórt sin a thabharfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, don Bhord ó am go ham.

Leasú ar ailt 5 agus 6 d'Acht 1953.

11. —(1) (a) An tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1953 do shochair aoisliúntais a íoc le comhaltaí lánaimseartha den Bhord, ar scor dóibh, forléireofar í, agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le comhaltaí lánaimseartha den Bhord nó i leith na gcomhaltaí sin, ar scor nó ar bhás dóibh.

(b) An tagairt i bhfo-alt (2) den alt sin 5 do shochar, forléireofar í, agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le daoine, nó i leith daoine, ar buanfhostaíocht ag an mBord ar scor nó ar bhás dóibh.

(2) (a) An tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1953 do shochair aoisliúntais a íoc le daoine ar buanfhostaíocht ag an mBord, ar scor dóibh, forléireofar í agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le daoine, nó i leith daoine, ar buanfhostaíocht ag an mBord, ar scor nó ar bhás dóibh.

(b) An tagairt i bhfo-alt (2) den alt sin 6 do shochair aoisliúntais forléireofar í agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do phinsin, d'aiscí agus do liúntais eile a íoc le daoine, nó i leith daoine, ar buanfhostaíocht ag an mBord, ar scor nó ar bhás dóibh.

(c) An tagairt i bhfo-alt (3) den alt sin 6 do dhaoine a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo ar scor dóibh, forléireofar í agus measfar go raibh sí á forléiriú riamh, mar thagairt do dhaoine arb iníoctha leo nó ina leith pinsin, aiscí agus liúntais eile, ar scor nó ar bhás dóibh.

(3) Aon scéim faoi alt 5 nó 6 d'Acht 1953 a bhfuil sé sainráite éifeacht chúlghabhálach a bheith aici beidh an éifeacht chúlghabhálach sin aici de réir na scéime.

(4) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (b) d'Acht 1953 trí “ar a laghad” a chur isteach i ndiaidh “is ionann” agus tá an mhír sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

“(b) daoine lena mbaineann an scéim d'íoc ranníocaíocht leis an gciste, agus an Bord do dhéanamh íocaíocht leis an gciste is ionann ar a laghad agus iomlán na ranníocaíocht sin,”.

Costais.

12. —Déanfar na costais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

13. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1990, a ghairm de na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1983, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1983, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.