|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais) |
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990
[EN] | ||
[EN] |
AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Comhdhéanamh agus Imeachtaí Comhchoistí Oibreachais | |
1. Sa Sceideal seo— | ||
ciallaíonn “coiste” comhchoiste oibreachais; | ||
ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990. | ||
2. (1) Faoi réir mhír 3, is iad a bheidh ar choiste— | ||
(a) comhalta amháin (dá ngairtear an comhalta neamhspleách sa Sceideal seo) a cheapfaidh an tAire agus a roghnófar mar dhuine a bheidh neamhspleách, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste, agus | ||
(b) comhaltaí (dá ngairtear comhaltaí ionadaíocha sa Sceideal seo) a cheapfaidh an Chúirt arb é a bheidh iontu— | ||
(i) cibé líon daoine is cuí leis an gCúirt (dá ngairtear sa Sceideal seo comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha) a fheidhmíonn, i dtuairim na Cúirte, ar son fostóirí a mbeidh an coiste le gníomhú i ndáil leo, agus | ||
(ii) comhlíon daoine (dá ngairtear sa Sceideal seo comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha) a fheidhmíonn, i dtuairim na Cúirte, ar son oibrithe a mbeidh an coiste le gníomhú i ndáil leo. | ||
(2) Sula gceapfaidh an Chúirt comhalta ionadaíoch de choiste rachaidh sí i gcomhairle le haon eagraíocht fostóirí nó, de réir mar a bheidh, le haon eagraíocht oibrithe, lena mbaineann, a mhéid is féidir go réasúnach. | ||
(3) Ceapfaidh an tAire duine neamhspleách a ghníomhóidh mar chomhalta neamhspleách agus mar chathaoirleach d'uireasa an chathaoirligh agus folóidh tagairtí sna hAchtanna do chomhalta neamhspleách nó don chathaoirleach tagairtí do dhuine a ghníomhóidh amhlaidh. | ||
(4) Beidh an comhalta neamhspleách de choiste i seilbh oifige fad is toil leis an Aire. | ||
(5) I gcás go scoirfidh comhalta ionadaíoch de choiste, i dtuairim na Cúirte, de bheith ionadaíoch do na fostóirí nó, de réir mar a bheidh, do na hoibrithe ar ceapadh é le feidhmiú ar a son, foirceannfaidh an Chúirt a chomhaltas. | ||
(6) Féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, comhaltas aon chomhalta ionadaíoch de choiste a fhoirceannadh. | ||
(7) I gcás go bhfoirceannfar comhaltas aon chomhalta ionadaíoch de choiste scoirfidh an comhalta sin de bheith ina chomhalta den choiste. | ||
3. I gcás an chomhchoiste oibreachais d'oibrithe talmhaíochta a bunaíodh faoi alt 4 den Acht Caidrimh Thionscail, 1976 — | ||
(a) ceapfaidh an tAire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia an comhalta neamhspleách; | ||
(b) ceapfaidh an Chúirt na comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha den choiste ó rolla a bheidh ullmhaithe agus tíolactha don Chúirt ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaíoch d'fhostóirí talmhaíochtá is cuí leis an Aire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia; | ||
(c) ceapfaidh an Chúirt na comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha den choiste (suas go dtí líon ar cóimhéid le líon na gcomhaltaí (fostóirí) ionadaíocha) ó rolla a bheidh ullmhaithe agus tíolactha don Chúirt ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a bheidh ionadaíoch d'oibrithe talmhaíochta is cuí leis an Aire le toiliú an Aire Talmhaíochta agus Bia; | ||
(d) ní bheidh feidhm ag mír 2 (2). | ||
4. Ní chuirfear imeachtaí coiste ó bhail mar gheall ar aon fholúntas ann ná aon locht ar cheapadh comhalta. | ||
5. D'fhonn cruinniú coiste a bheith ann ní mór don chomhalta neamhspleách agus don tríú cuid ar a laghad de líon iomlán na gcomhaltaí ionadaíocha a bheith i láthair. | ||
6. (1) Faoi réir fhorálacha na míre seo, beidh vóta amháin ag gach comhalta de choiste. | ||
(2) Más rud é ag aon chruinniú coiste nach ionann líon an ghrúpa comhaltaí (fostóirí) ionadaíocha a bheidh i láthair agus líon an ghrúpa comhaltaí (oibrithe) ionadaíocha a bheidh i láthair— | ||
(a) féadfaidh cibé grúpa de na grúpaí a dúradh a mbeidh tromlach acu a shocrú go staonfaidh aon duine amháin nó níos mó dá líon ó vótáil chun comhionannas a choimeád, | ||
(b) mura ndéanfar aon socrú den sórt sin, féadfaidh cathaoirleach an choiste an vótáil ar aon cheist a chur ar atráth go dtí cruinniú eile den choiste. | ||
7. (1) Tiocfaidh coiste le chéile ag cibé áiteanna agus tráthanna a chinnfidh sé ó am go ham a bheith oiriúnach chun a fheidhmeanna a chomhall agus féadfaidh sé aon cheann dá chruinnithe a chur ar athló. | ||
(2) Glacfaidh coiste, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna, le cibé nós imeachta ag a chruinnithe agus in aon chás eile, a chinnfidh sé a bheith oiriúnach chun a fheidhmeanna a chomhall. | ||
8. (1) Féadfaidh coiste, le toiliú na Cúirte, fochoistí a cheapadh chun cuidiú leis. | ||
(2) Féadfaidh comhaltaí den choiste, agus cibé daoine eile a cheapfaidh an coiste le comhthoiliú na Cúirte, a bheith ar fhochoiste de choiste. | ||
(3) Measfar gur fochoiste a cheap an coiste faoi fhomhír (1) den mhír seo coiste trádála ceantair, arna bhunú faoin Trade Boards Acts, 1909 and 1918, a bhunaigh coiste nuair ba bhord trádála é. | ||
9. Féadfar cibé luach saothair agus liúntais (lena n-áirítear cúiteamh i gcailliúint ama) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí coiste nó fochoiste. | ||
10. I gcás gach comhchoiste oibreachais atá ar marthain ar dháta rite an Achta seo beidh na comhaltaí neamhspleácha i dteideal fanacht in oifig go dtí go gceapfar comhalta neamhspleách an choiste sin faoi mhír 2 (1) (a) nó 3, de réir mar a éileoidh an cás. |