An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990) Ar Aghaidh (CUID II Dlí Ceardchumann)

19 1990

AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1990

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail, 1990 , a ghairm den Acht seo.

Comhluanna agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990, a ghairm den Acht seo (seachas Cuid II) agus de na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976, le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(2) Féadfar na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1990, a ghairm de Chuid II den Acht seo agus de na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1982, le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais;

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais a bhunaítear le halt 24.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; agus

(c) déanfar tagairt d'aon achtachán eile, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

(3) In aon achtachán seachas an tAcht seo, déanfar aon tagairt don Trade Disputes Act, 1906 (a aisghairtear leis an Acht seo) nó d'aon fhoráil den chéanna a fhorléiriú, gan dochar d'alt 20 (1) den Acht Léiriúcháin, 1937 , mar thagairt d'aon fhoráil iomchuí de Chuid II den Acht seo.

Fíneálacha a mhéadú.

4. —(1) Aon duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in aon achtachán a chuirtear in iúl sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad na fíneála dá bhforáiltear san achtachán sin, an fhíneáil a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-achtachán sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(2) I gcás go bhforáiltear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha go ndlífear fíneáil mhainneachtana laethúil a chur ar dhuine, beidh sé ciontach i sárú ar an achtachán iomchuí gach lá dá leanfaidh an sárú tar éis a chiontaithe mar gheall ar an sárú bunaidh agus, i leith gach ciona den sórt sin, dlífear fíneáil nach mó ná an méid a shonraítear ag an uimhir thagartha sin a chur air in ionad na fíneála a shonraítear in aghaidh an tsáraithe bhunaidh.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le haon chion a dhéanfar roimh dháta an Achta seo a rith.

Imeachtaí achoimre i leith ciona.

5. —D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1990, a thionscnamh laistigh de bhliain amháin ó dháta an chiona.

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

7. —Déantar leis seo na hachtacháin dá dtagraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.