An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Feidhmeanna de chuid an Aire a fhéadfar a tharmligean chun na Gníomhaireachta)

18 1990

AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT BAINISTÍOCHTA AN CHISTEÁIN NÁISIÚNTA, 1990

AN DARA SCEIDEAL

An Coiste Comhairleach um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Alt 9.

1. Is é a bheidh sa Choiste 5 chomhalta ar a laghad agus 7 gcomhalta ar a mhéid (a bhféadfaidh gur duine díobh an Príomhfheidhmeannach) a cheapfaidh an tAire chun bheith ina gcomhaltaí den sórt sin.

2. (1) Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh comhaltaí den Choiste oifig ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Choiste a chur as oifig.

(3) Féadfaidh comhalta den Choiste éirí as oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

(4) Íocfar le comhalta den Choiste cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an Ghníomhaireacht le toiliú an Aire.

(5) Beidh comhalta den Choiste a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chomhalta den sórt sin.

3. (1) Beidh cathaoirleach ar an gCoiste a cheapfaidh an tAire as measc chomhaltaí an Choiste.

(2) Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh cathaoirleach an Choiste oifig mar chathaoirleach den sórt sin ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach an Choiste a chur as oifig mar chathaoirleach den sórt sin.

(4) Féadfaidh cathaoirleach an Choiste tráth ar bith éirí as oifig mar chathaoirleach den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

(5) Íocfar le cathaoirleach an Choiste cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an Ghníomhaireacht le toiliú an Aire.

4. Beidh comhalta den Choiste dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta nó pianseirbhíse air.

5. Tionólfaidh an Coiste cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

6. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú an Choiste a shocrú.

7. Is é is córam do chruinniú den Choiste—

(a) más cúigear líon chomhaltaí an Choiste, triúr, agus

(b) más mó ná cúigear líon chomhaltaí an Choiste, ceathrar.

8. Ag cruinniú den Choiste—

(a) is é cathaoirleach an Choiste, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú, agus

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Choiste i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh comhaltaí an Choiste a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

9. Beidh vóta ag cathaoirleach an Choiste, agus ag gach comhalta eile den Choiste, a bheidh i láthair ag cruinniú.

10. Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Choiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

11. Féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

12. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Coiste, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Choiste.