Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasuithe Iarmhartacha)

16 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1990


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Deireadh a chur le pionós an bháis.

2.

Pianbhreith i leith tréasa agus dúnmharú.

3.

Socrú speisialta i ndáil le dúnmharuithe áirithe agus iarrachtaí áirithe.

4.

Tréimhse íosta príosúnachta mar gheall ar thréas agus dúnmharú, agus iarrachtaí ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leo.

5.

Srianta ar chumhacht pionós a iomalartú nó a loghadh nó scaoileadh saor sealadach a dheonú.

6.

Nós imeachta i gcás dúnmharú, agus iarrachtaí ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leo.

7.

Leasuithe iarmhartacha.

8.

Forálacha idirthréimhseacha.

9.

Aisghairm.

10.

Gearrtheideal.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasuithe Iarmhartacha

AN DARA SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

Children Act, 1908

1908, c. 67

An tAcht um Achomhairc Armchúirteanna, 1983

1983, Uimh. 19

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1951

1951, Uimh. 2

An tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960

1960, Uimh. 27

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1964

1964, Uimh. 5

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht um Chinedhíothú, 1973

1973, Uimh. 28

Offences against the Person Act, 1861

1861, c. 100

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940

1940, Uimh. 2

Piracy Act, 1837

1837, c. 88

Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956

1956, Uimh. 27

Acht na bPríosún, 1970

1970, Uimh. 11

Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980

An tAcht Tréasa, 1939

1939, Uimh. 10

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1990


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1990

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO CHUR DEIREADH LE PIONÓS AN BHÁIS AGUS DO CHUR PRÍOSÚNACHTA SAOIL INA IONAD, DÁ FHORÁIL GO nDÉANFAIDH DAOINE A CHIONTÓFAR I dTRÉAS NÓ I gCINEÁLACHA ÁIRITHE DÚNMHARAI-THE NÓ IN IARRACHTAÍ AON DÚNMHARÚ DEN SÓRT SIN A DHÉANAMH ÍOSTRÉIMHSE PRÍOSÚN-ACHTA A CHUR ISTEACH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [11 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deireadh a chur le pionós an bháis.

1. —Ní chuirfear aon duine chun báis mar gheall ar aon chion.

Pianbhreith i leith tréasa agus dúnmharú.

2. —Gearrfar príosúnacht saoil ar dhuine a chiontófar i dtréas nó i ndúnmharú.

Socrú speisialta i ndáil le dúnmharuithe áirithe agus iarrachtaí áirithe.

3. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le—

(a) dúnmharú comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais,

(b) dúnmharú oifigigh phríosúin ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais,

(c) dúnmharú arna dhéanamh i gcúrsa, nó ag saothrú, ciona faoi alt 6, 7, 8 nó 9 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó i gcúrsa, nó ag saothrú, gníomhaíochtaí eagraíochta mídhleathaí de réir bhrí alt 18 (seachas mír (f)) den Acht sin, agus

(d) dúnmharú, arna dhéanamh laistigh den Stát chun tucaide polaitiúla, ar cheannasaí Stáit choigríche nó ar chomhalta de rialtas Stáit choigríche nó ar oifigeach taidhleoireachta do Stát coigríche,

agus maidir le hiarracht aon dúnmharú den sórt sin a dhéanamh.

(2) (a) Faoi réir mhír (b), is cion ar leithligh ó dhúnmharú agus ó iarracht dúnmharú a dhéanamh dúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis agus iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh agus ní chiontófar duine i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh mura gcruthaítear go raibh a fhios aige gurbh ann do gach cuid den chion a shonraítear sa mhír iomchuí d'fho-alt (1) nó go raibh sé meargánta i dtaobh cibé acu arbh ann nó nárbh ann don chuid sin.

(b) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh feidhm maidir leis an gcion ag an dlí agus an nós imeachta a bhaineann le dúnmharú agus le hiarracht dúnmharú a dhéanamh.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach taidhleoireachta” comhalta foirne de mhisean taidhleoireachta de chuid Stáit choigríche a bhfuil céim thaidhleoireachta aige;

ciallaíonn “príosún” aon áit dar féidir rialacha nó rialacháin a dhéanamh faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, faoi alt 7 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940 , faoi alt 233 den Acht Cosanta, 1954 , faoi alt 2 d'Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 , nó faoi alt 13 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 ;

folaíonn “oifigeach príosúin” aon chomhalta d'fhoireann príosúin agus aon duine ag a bhfuil coimeád, nó dualgais i leith coimeád, duine atá á choinneáil i bpríosún.

Tréimhse íosta príosúnachta mar gheall ar thréas agus dúnmharú, agus iarrachtaí ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leo.

4. —I gcás go gciontófar duine (seachas leanbh nó duine óg) i dtréas nó i ndúnmharú nó in iarracht dúnmharú a dhéanamh a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis, déanfaidh an chúirt—

(a) i gcás tréasa nó dúnmharú, a shonrú, le linn di pianbhreith a chur ar an duine, gur tréimhse nach lú ná daichead bliain an tréimhse íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine sin,

(b) i gcás iarracht dúnmharú a dhéanamh, tréimhse príosúnachta nach lú ná fiche bliain a chur ar an duine agus a shonrú gur tréimhse nach lú ná fiche bliain an tréimhse íosta príosúnachta a bheidh le cur isteach ag an duine sin.

Srianta ar chumhacht pionós a iomalartú nó a loghadh nó scaoileadh saor sealadach a dheonú.

5. —(1) An chumhacht a thugtar le halt 23 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , pionós a iomalartú nó a loghadh ní bheidh sí, i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, infheidhmithe roimh dhul in éag don tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi alt 4 lúide aon laghdú a dhéanfar ar an tréimhse sin faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Na rialacha nó an cleachtas faoinar féidir le príosúnaigh i gcoitinne loghadh pianbhreithe a thuilleamh trí dhúthracht agus dea-iompar, beidh feidhm acu maidir le duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh amhail is dá mbeadh téarma príosúnachta gearrtha air is comhionann leis an tréimhse íosta a bheidh sonraithe ag an gcúirt faoi alt 4, agus laghdófar an tréimhse sin de mhéid aon loghadh a bheidh tuillte amhlaidh aige.

(3) Aon chumhacht a thugtar le rialacha arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 (lena n-áirítear an t-alt sin arna chur chun feidhme le halt 4 d'Acht na bPríosún, 1970 ) chun duine a mbeidh pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige a scaoileadh saor go sealadach, ní bheidh sí, i gcás duine a mbeidh pianbhreith á cur isteach aige a cuireadh air ar é a chiontú i dtréas nó i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, infheidhmithe i gcaitheamh na tréimhse a mbeidh iomalartú nó loghadh a phionóis toirmiscthe le fo-alt (1) den alt seo ach amháin ar chúiseanna tromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor a dheonófar amhlaidh ach cibé fad teoranta a bheidh cóir ag féachaint do na cúiseanna sin.

Nós imeachta i gcás dúnmharú, agus iarrachtaí ar dhúnmharú, a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leo.

6. —(1) I gcás go gcúisítear duine i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis nó in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh, cúiseofar é sa díotáil i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag an alt sin maidir leis nó, de réir mar a bheidh, in iarracht dúnmharú den sórt sin a dhéanamh.

(2) Maidir le duine a dhíotáiltear i ndúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis—

(a) féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i ndúnmharú den sórt sin ach go ndlíonn sí é a chiontú i ndúnmharú, é a fháil ciontach i ndúnmharú,

(b) féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú i ndúnmharú ach go ndlíonn sí é a chiontú i ndúnorgain, é a fháil ciontach i ndúnorgain.

(3) Duine a dhíotáiltear in iarracht dúnmharú a dhéanamh a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis féadfar, mura ndlíonn an fhianaise é a chiontú in iarracht den sórt sin ach go ndlíonn sí é a chiontú in iarracht dúnmharú a dhéanamh, é a fháil ciontach in iarracht dúnmharú a dhéanamh.

Leasuithe iarmhartacha.

7. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a leasú ar an modh a shonraítear sa Sceideal sin.

Forálacha idirthréimhseacha.

8. —(1) Cion tréasa, dúnmharaithe breithe báis nó iarracht dúnmharú breithe báis a dhéanamh, ar cion é a rinneadh go hiomlán nó go páirteach roimh an Acht seo a rith, déileálfar leis faoin dlí a bhí i bhfeidhm roimh an Acht seo a rith, ach amháin—

(a) má chiontaítear an ciontóir i dtréas nó i ndúnmharú breithe báis, go ngearrfar pianbhreith air mar a fhoráiltear leis an Acht seo amhail is dá mba rud é, i gcás dúnmharú breithe báis, gur dúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis an dúnmharú, agus

(b) má chiontaítear é in iarracht ar dhúnmharú breithe báis, go ngearrfar pianbhreith air amhail is dá gciontófaí é in iarracht ar dhúnmharú.

(2) Más rud é, ar achomharc in aghaidh ciontú a tharla roimh an Acht seo a rith i dtréas nó i ndúnmharú breithe báis, go ndaingnítear an ciontú, forchuirfidh an chúirt achomhairc pianbhreith mar a fhoráiltear leis an Acht seo amhail is dá mba rud é, i gcás dúnmharú breithe báis, gur dúnmharú a bhfuil feidhm ag alt 3 maidir leis an dúnmharú.

Aisghairm.

9. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa Sceideal sin.

(2) Ní dhéanfaidh aisghairm alt 1 den Offences against the Person Act, 1861, leis an Acht seo difear d'oibriú ailt 64 go 68 den Acht sin.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1990 , a ghairm den Acht seo.