|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 4 de 1990 | ||||||||
AN tACHT UM LÍNE B & I, 1990 | ||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 4 de 1990 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM LÍNE B & I, 1990 | |||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA BREISE A CHEANNACH I LÍNE B & I CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA. [23 Márta, 1990] | ||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
| [EN] |
An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise i Líne B & I. |
1. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “céad is sé mhilliún gnáthscair” a chur in ionad “céad milliún gnáthscair” (a cuireadh isteach leis an Acht um Líne B & I, 1988 ), agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| [EN] | AN TÁBLA | |||||||
| ||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Líne B & I, 1990 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Líne B & I, 1965 go 1990, a ghairm de na hAchtanna um Líne B & I, 1965 go 1988, agus den Acht seo le chéile. | |||||||