An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Bainistí Cumann Foirgníochta) Ar Aghaidh (CUID VII Cuntais agus Iniúchadh)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID VI

Cruinnithe, Rúin, Vótáil, etc.

Cruinniú ginearálta bliantúil.

67. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), tionólfaidh cumann foirgníochta cruinniú sa Stát, sa chéad 4 mhí de gach bliain airgeadais, mar chruinniú ginearálta bliantúil an chumainn (i dteannta aon chruinnithe eile an bhliain sin) agus déarfar sna fógraí á ghairm gur cruinniú den sórt sin a bheidh ann.

(2) Ní gá do chumann cruinniú ginearálta bliantúil a thionól an bhliain ina gcorpraítear é.

(3) Féadfaidh an Banc Ceannais dá rogha féin, ar iarratas a bheith déanta i scríbhinn chuige ó chumann, tréimhse is faide ná 4 mhí a shocrú chun críocha fho-alt (1).

(4) I gcás ina mainneofar déanamh de réir fho-alt (1), féadfaidh an Banc Ceannais cruinniú ginearálta bliantúil a ghairm nó a ordú go ngairfí é agus féadfaidh sé cibé ordacháin choimhdeacha nó iarmhartacha a thabhairt is dóigh leis is fóirsteanach, lena n-áirítear ordacháin ag modhnú nó ag forlíonadh oibriú rialacha an chumainn i ndáil leis an gcruinniú a ghairm, a thionól agus a stiúradh.

(5) D'ainneoin aon ní i rialacha cumainn féadfaidh aon rún (lena n-áirítear rún speisialta nó rún comhshó) a bheith ar áireamh sa ghnó a bhféadfar déileáil leis ag an gcruinniú ginearálta bliantúil.

Fógra faoi chruinnithe.

68. —(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn foirgníochta sa mhéid go bhforálann sí do chruinniú den chumann (seachas cruinniú atrátha) a ghairm trí fhógra is giorra ná 21 lá nó is faide ná 42 lá dár críoch dáta an chruinnithe nó, más luaithe é, an dáta a bheidh sonraithe ag an gcumann, faoina rialacha, mar an dáta deiridh chun glacadh le hionstraimí ag ceapadh seachvótálaithe chun vótáil ag an gcruinniú.

(2) Measfar gur cruinniú a gaireadh go cuí cruinniú de chumann a gaireadh trí fhógra ba ghiorra ná fógra 21 lá má chomhaontaíonn an Banc Ceannais leis sin ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige ón gcumann.

(3) Tabharfaidh cumann fógra faoi chruinniú den chumann—

(a) trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais a chur chuig gach duine atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil, nó

(b) le toiliú an Bhainc Ceannais arna thabhairt aige i gcás inar dóigh leis gur cuí é sna himthosca, trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Banc a fhoilsiú i 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn.

(4) I gcás ina dtabharfar fógra faoi chruinniú de réir fho-alt (3) (b), comhlíonfar aon cheanglas eile faoin Acht seo a cheanglaíonn ionstraim seachvótála, fógra nó doiciméad eile a chur chuig comhaltaí i dteannta an fhógra faoi chruinniú, nó i ndáil le cruinniú—

(a) má fhoilsítear i dteannta an fhógra í nó é, nó

(b) má deirtear san fhógra faoi fho-alt (3) (b) gur féidir í nó é a fháil i ngach oifig den chumann le linn gnáthuaireanta oifige;

de réir mar a ordóidh an Banc Ceannais.

(5) Déanfar fógra faoi chruinniú de chumann a thabhairt do gach comhalta den chumann atá i dteideal vótáil ar dháta an fhógra agus don Bhanc Ceannais.

(6) Ní bheidh imeachtaí chruinniú de chumann ó bhail toisc gur mainníodh, trí dhearmad, fógra faoin gcruinniú a thabhairt do dhuine a bhí i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil ná toisc nach bhfuair duine den sórt sin fógra faoi chruinniú den sórt sin.

Teideal comhaltaí chun vótáil ar rúin.

69. —(1) Faoi réir alt 16 agus an ailt seo, is iad seo a leanas na daoine a bheidh i dteideal vótáil ar rún de chuid cumainn foirgníochta—

(a) ar rún, seachas rún comhshó, na comhaltaí go léir a raibh, ag deireadh na bliana airgeadais deiridh de chuid an chumainn roimh dháta an chruinnithe nó na postbhallóide, de réir mar a bheidh, scaireanna a raibh luach £100 ar a laghad acu ar seilbh go leanúnach acu ar feadh na tréimhse 6 mhí roimhe sin agus a bhfuil na scaireanna sin ar seilbh acu fós ar an dáta vótála; agus

(b) ar rún comhshó, na comhaltaí go léir de réir bhrí mhír (a) agus na daoine eile go léir a bhí ina gcomhaltaí iasachtacha de réir bhrí alt 71 (2) ag deireadh na bliana airgeadais deiridh agus atá fós ina gcomhaltaí den sórt sin ar an dáta vótála.

(2) Faoi réir fho-alt (3), is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi na cearta a thugtar le fo-alt (1) a shrianadh ach ní thugann aon ní san alt seo le tuiscint nach féidir le cumann, ina chuid rialacha, cearta vótála a thabhairt do chomhaltaí de thuairisc ar bith.

(3) I gcás vóta ar rún, ar rún é nach mbeidh éifeacht leis faoin Acht seo mura rithfear é mar rún speisialta nó mar rún comhshó, beidh vóta amháin ag gach comhalta atá i dteideal vótáil.

(4) San alt seo ciallaíonn “dáta vótála”, ag tagairt d'aon rún—

(a) dáta an chruinnithe ag a dtairgtear an rún, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (b); agus

(b) i gcás gur trí phostbhallóid a dhéanfar an vótáil ar an rún, an dáta a bheidh sonraithe ag an gcumann mar an dáta deiridh chun glacadh le páipéir bhallóide chomhlánaithe.

Rúin speisialta.

70. —(1) Ní dhéanfar rún ar bith de chuid cumainn foirgníochta a rith mar rún speisialta mura gceanglaítear leis an Acht seo nó faoin Acht seo, nó le rialacha an chumainn, é a rith amhlaidh.

(2) Beidh rún cumainn ina rún speisialta tráth a bheidh sé rite ag tromlach de na comhaltaí sin den chumann—

(a) a vótálfaidh go pearsanta nó trí sheachvótálaí, agus teideal acu sin a dhéanamh, ar vótaíocht ar an rún ag cruinniú den chumann a mbeidh fógra, inar sonraíodh go raibh sé beartaithe an rún a thairiscint mar rún speisialta, tugtha go cuí ina leith; nó

(b) a vótálfaidh, agus teideal acu sin a dhéanamh, i bpostbhallóid ar an rún a mbeidh fógra, inar sonraíodh nach mbeidh éifeacht leis an rún mura rithfear mar rún speisialta é, tugtha go cuí ina leith.

(3) Féadfar téarmaí aon rúin speisialta a bheidh faoi bhráid cruinnithe ghinearálta cumainn a leasú trí ghnáthrún a thairiscint ag an gcruinniú más deimhin le cathaoirleach an chruinnithe gurb amhlaidh fós do théarmaí an rúin arna leasú gur féidir a mheas gur tugadh fógra leordhóthanach go raibh sé beartaithe an rún a thairiscint.

Rúin chomhshó.

71. —(1) Beidh rún cumainn ina rún comhshó tráth a bheidh sé rite ag tromlach de na comhaltaí sin den chumann—

(a) a vótálfaidh go pearsanta nó trí sheachvótálaí, agus teideal acu sin a dhéanamh, ar vótaíocht ar an rún ag cruinniú den chumann a mbeidh fógra, inar sonraíodh go raibh sé beartaithe an rún a thairiscint mar rún comhshó, tugtha go cuí ina leith; nó

(b) a vótálfaidh, agus teideal acu sin a dhéanamh, i bpostbhallóid ar an rún a mbeidh fógra, inar sonraíodh nach mbeidh éifeacht leis an rún mura rithfear mar rún comhshó é, tugtha go cuí ina leith.

(2) Chun críocha an ailt seo agus Chuid XI is comhalta iasachtach de chumann duine tráth ar bith más rud é, an tráth sin—

(a) gur fiachas i leith iasachta a tugadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a bhí urraithe trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, i dteach a mhorgáistiú, nó

(b) gur fiachas i leith iasachta tithíochta, a fhiachas don chumann agus más rud é, i gceachtar cás, nach lú ná £500 nó cibé méid eile a fhorordóidh an Banc Ceannais ó am go ham, le rialachán méid a fhéich mhorgáiste.

Seachvótálaithe.

72. —(1) Féadfaidh comhalta de chumann foirgníochta atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú den chumann duine eile (bíodh nó ná bíodh sé ina chomhalta den chumann) a cheapadh mar sheachvótálaí dó chun bheith i láthair, chun labhairt agus, faoi réir fho-alt (2), chun vótáil ag an gcruinniú ina ionad, agus féadfaidh sé a ordú don seachvótálaí conas ba chóir dó vótáil ag an gcruinniú.

(2) Beidh seachvótálaí i dteideal vótáil ar vótaíocht ach, faoi réir aon fhorála i rialacha an chumainn, ní bheidh sé i dteideal vótáil thairis sin.

(3) Beidh i ngach fógra ina ngairfear cruinniú de chumann ráiteas réasúnta feiceálach á rá—

(a) go bhféadfaidh comhalta atá i dteideal a bheith i láthair agus vótáil seachvótálaí a cheapadh chun bheith i láthair, chun labhairt agus chun vótáil ina ionad;

(b) nach gá don seachvótálaí a bheith ina chomhalta den chumann; agus

(c) go bhféadfaidh an comhalta a ordú don seachvótálaí conas ba chóir dó vótáil ag an gcruinniú.

(4) Beidh ag gabháil le gach fógra ina ngairfear cruinniú de chumann ionstraim amháin chun seachvótálaí a cheapadh a bheidh le comhlánú ag an gcomhalta más mian leis seachvótálaí a cheapadh.

(5) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi a cheangal go mbeadh an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí, nó aon doiciméad eile is gá chun bailíocht ceapacháin seachvótálaí a shuíomh nó thairis sin i ndáil lena cheapadh, faighte ag an gcumann nó ag aon duine eile breis agus 10 lá roimh chruinniú nó roimh chruinniú atrátha d'fhonn go mbeadh éifeacht leis an gceapachán ag an gcruinniú nó ag an gcruinniú atrátha.

(6) Is i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais a bheidh an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí agus féadfaidh an Banc a shonrú, maidir le hionstraim seachvótála—

(a) cad iad na nithe a bheidh le háireamh san ionstraim nó le fágáil aisti, agus

(b) cad iad na dearbhuithe a bheidh le déanamh san ionstraim ag an gcomhalta a bheidh ag ceapadh seachvótálaí.

(7) Ach amháin ar iarratas scríofa ó chomhalta, ní dhéanfaidh cumann ná ní dhéanfar ar chostas cumainn, aon ionstraim chun seachvótálaí a cheapadh a eisiúint cé is moite de na hionstraimí a eiseofar faoi fho-alt (4).

(8) Déanfaidh cumann na hionstraimí go léir ag ceapadh seachvótálaithe agus na hiarratais go léir ó chomhaltaí faoi fho-alt (7) a choinneáil in ionad slán go ceann tréimhse bliana ón dáta a bhfuarthas iad.

Ceart chun vótaíocht a éileamh.

73. —(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn foirgníochta sa mhéid go mbeadh d'éifeacht léi—

(a) an ceart a shéanadh chun vótaíocht a éileamh ag cruinniú den chumann ar aon cheist seachas toghadh chathaoirleach an chruinnithe nó an cruinniú a chur ar atráth, nó

(b) aon éileamh ag iarraidh vótaíochta ar aon cheist den sórt sin, a dhéanfaidh líon comhaltaí nach lú ná 10 a bhfuil ceart acu chun vótáil ag an gcruinniú, a chur ó éifeacht.

(2) Measfar go dtugann an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí chun vótáil ag cruinniú de chumann, údarás freisin chun vótaíocht a éileamh nó chun uamadh chun vótaíocht a éileamh agus, chun críocha fho-alt (1), is ionann éileamh ó dhuine mar sheachvótálaí do chomhalta nó comhaltaí agus éileamh ón gcomhalta nó ó na comhaltaí.

Ceart comhaltaí chun rúin a mholadh agus a scaipeadh.

74. —(1) Má dhéanann 25 chomhalta, nó cibé líon is lú ná sin a bheidh sonraithe i rialacha cumainn foirgníochta, atá i dteideal vótáil ar rún, fógra i scríbhinn a thabhairt don chumann á rá go bhfuil beartaithe acu rún (a mbeidh a théacs san fhógra), seachas rún comhshó, a thairiscint nó a chur á thairiscint thar a gceann, ag cruinniú ginearálta bliantúil, beidh sé de dhualgas ar an gcumann, faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (9)—

(a) fógra á shonrú go mbeartaítear an rún a thairiscint, nó a chur á thairiscint thar a gceann, ag an gcruinniú agus, más iomchuí, go mbeartaítear é a thairiscint mar rún speisialta, a chur san fhógra faoin gcruinniú ginearálta bliantúil; agus

(b) ar iarratas ó na comhaltaí a bheartaíonn an rún a thairiscint, nó a chur á thairiscint thar a gceann, cóip de ráiteas, nach faide ná 300 focal, maidir leis an ní dá dtagraítear sa rún a chur chuig gach comhalta atá i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil.

(2) Ní cheanglaíonn fo-alt (1) ar chumann fógraí faoi rún nó cóipeanna de ráiteas a chur chuig comhaltaí den chumann in aon chás—

(a) inar dóigh d'ábhar an rúin nó, de réir mar a bheidh, an ráitis muinín an phobail as an gcumann a laghdú go mór;

(b) ina bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar le fo-alt (1) chun poiblíocht a lorg, gan gá, le haghaidh ábhar atá clúmhillteach nó chun críocha suaibhreosacha nó cráiteacha; nó

(c) ina mbeadh an cumann, dá rithfí an rún, ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar gníomhaíochtaí ultra vires is dócha a bheadh iontu;

agus ní ghlacfar leis an bhfo-alt sin mar fho-alt a thugann aon chearta do chomhaltaí, nó a fhorchuireann aon dualgais ar chumann, maidir le rún nó ráiteas nach mbaineann go díreach le gnóthaí an chumainn.

(3) Má fhorálann rialacha cumainn amhlaidh, ní cheanglaíonn fo-alt (1) fógra i dtaobh rúin a thabhairt do chomhaltaí an chumainn más ionann, tríd is tríd, téarmaí an rúin sin agus téarmaí aon rúin ar theip air ag cruinniú nó ar phostbhallóid le linn na tréimhse dar tosach an tríú cruinniú ginearálta bliantúil roimh an dáta ar a dtugtar fógra i dtaobh an rúin don chumann.

(4) I gcás ina ndiúltóidh an cumann, nó ina mbeartóidh sé diúltú, fógra i dtaobh rúin a thabhairt nó ráiteas a cuireadh chuige faoi fho-alt (1) a chur chuig comhaltaí, déanfaidh sé, laistigh de 14 lá tar éis dó an rún a fháil, fógra faoin diúltú sin agus faoi na forais a bhí leis a chur chuig na comhaltaí a chuir isteach é agus féadfaidh na comhaltaí sin, laistigh de 7 lá ón diúltú, an diúltú a tharchur chuig an mBanc Ceannais agus féadfaidh an Banc Ceannais a ordú don chumann an rún nó an ráiteas a scaipeadh faoi réir cibé coinníollacha a cheanglóidh an Banc.

(5) Ní dhéanfar aon chóipeanna de ráiteas maidir le rún a chur chuig comhaltaí de chumann más rud é, ar aon cheann de na forais atá i bhfo-alt (2) nó (3), nach dtugann an cumann dóibh an fógra faoin rún a cheanglaítear le fo-alt (1) (a).

(6) Ní mór fógra i dtaobh rúin a thabharfar faoi fho-alt (1) a thabhairt don chumann tráth nach déanaí ná an lá deiridh den bhliain airgeadais de chuid an chumainn roimh an mbliain airgeadais ina dtionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil ag a mbeartaítear an rún a thairiscint agus ní mór aon ráiteas atá le cur chuig comhaltaí faoi fho-alt (1) (b) a chur chuig an gcumann freisin tráth nach déanaí ná an lá sin.

(7) Déanfar an fógra i dtaobh rúin agus na cóipeanna de ráiteas a cheanglaítear a chur chuig comhaltaí le fo-alt (1) (a) nó (b) a chur chucu sa tslí chéanna agus (a mhéid is féidir) an tráth céanna leis an bhfógra faoin gcruinniú ginearálta bliantúil ag a mbeartaítear an rún a thairiscint agus, i gcás nach féidir iad a chur chucu an tráth céanna leis an bhfógra, cuirfear chucu iad a luaithe is féidir dá éis sin.

(8) I gcás ina gceanglaítear fógraí i dtaobh rúin, nó cóipeanna de ráiteas maidir le rún a bheartaítear a thairiscint ag cruinniú, a chur chuig aon daoine, ní bheidh imeachtaí an chruinnithe ó bhail—

(a) toisc gur mainníodh trí dhearmad fógra nó cóip a chur chuig duine a bhí i dteideal é nó í a fháil, nó

(b) toisc nach bhfuair duine den sórt sin fógra nó cóip.

(9) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le rún speisialta más rud é, i gcás cumann a bhí, faoi na hachtacháin aisghairthe, i dteideal scaireanna nár ghabh cearta vótála leo a eisiúint—

(a) gur dóigh le 75 faoin gcéad de shealbhóirí scaireanna den aicme sin, arna n-eisiúint roimh an 15 Lúnasa, 1984, a raibh cearta vótála ag gabháil leo an tráth sin, go mbeadh an rún, dá rithfí é, míréasúnach ag féachaint dá leasanna;

(b) go ndéanfaidh na scairshealbhóirí dá dtagraítear i mír (a), de réir rialacha an chumainn, an cheist a tharchur le haghaidh eadrána agus, chun na críche sin, measfar gur comhaontú eadrána na rialacha, de réir bhrí na nAchtanna Eadrána, 1954 agus 1980; agus

(c) go mbreithneoidh an t-eadránaí go mbeadh an rún, dá rithfí é, míréasúnach ag féachaint do leasanna na scairshealbhóirí dá dtagraítear i mír (a).

Postbhallóidí.

75. —(1) Féadfar a fhoráil i rialacha cumainn foirgníochta gur trí phostbhallóid a dhéanfar an vótáil i dtoghchán stiúrthóirí nó ar aon rún de chuid cumainn i ngach imthoisc nó in aon imthosca áirithe; agus san Acht seo ciallaíonn “postbhallóid”, i ndáil le toghchán, nó le rún de chuid an chumainn, an phostbhallóid, más ann, a bheidh ann de bhua na rialacha sin i gcás an toghcháin nó an rúin atá i gceist.

(2) Más rud é, faoi rialacha cumainn, go bhfuil phostbhallóid le bheith ann, beidh éifeacht leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(3) Tabharfar fógra faoi phostbhallóid tráth nach déanaí ná 21 lá agus nach luaithe ná 42 lá roimh an dáta a shonróidh an cumann mar dháta deiridh chun glacadh le páipéir bhallóide chomhlánaithe (dá ngairtear an “dáta vótála” san alt seo).

(4) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, tabharfar fógra faoi phostbhallóid do gach comhalta den chumann a bheadh i dteideal vótáil sa toghchán nó ar an rún dá mba é dáta an fhógra an dáta vótála don toghchán nó don rún.

(5) San fhógra faoi phostbhallóid beidh páipéar ballóide agus cibé fógraí eile i ndáil leis an toghchán nó leis an rún, agus beidh cibé doiciméid eile ag gabháil leis, a cheanglófaí a thabhairt do chomhalta nó a chur chuige i ndáil le fógra faoi chruinniú dá mbeadh sé beartaithe an toghchán a dhéanamh nó vótáil ar an rún ag cruinniú seachas trí phostbhallóid cé is moite, áfach, d'aon fhógra a bhainfeadh le vótáil trí sheachvótálaí ag cruinniú.

(6) Ní chuirtear an phostbhallóid ó bhail toisc gur mainníodh trí dhearmad fógra faoi phostbhallóid a thabhairt do dhuine, nó aon doiciméad, a cheanglaítear le fo-alt (5) a bheith ag gabháil le fógra den sórt sin, a chur chuig duine, a bhí i dteideal é a fháil, nó toisc nach bhfuair an duine sin fógra nó doiciméad den sórt sin.