An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Rialú agus Maoirsiú Cumann Foirgníochta ag an mBanc Ceannais) Ar Aghaidh (CUID VI Cruinnithe, Rúin, Vótáil, etc.)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID V

Bainistí Cumann Foirgníochta

Stiúrthóirí.

48. —(1) Beidh 3 stiúrthóir ar a laghad ar chumann foirgníochta.

(2) Ní bheidh comhlacht corpraithe mar stiúrthóir ar chumann.

(3) Ceapfaidh na stiúrthóirí duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an mbord stiúrthóirí.

(4) Ní bheidh cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí ina phríomhfheidhmeannach ar an gcumann freisin, ach amháin le toiliú an Bhainc Ceannais.

Príomhfheidhmeannach agus rúnaí.

49. —(1) Beidh ag cumann foirgníochta—

(a) príomhfheidhmeannach a bheidh, ina aonar nó i gcomhar le hoifigeach amháin eile nó níos mó don chumann, freagrach, faoi údarás díreach an bhoird stiúrthóirí, as gnó an chumainn a sheoladh; agus

(b) rúnaí.

(2) Ní fhéadfaidh an duine céanna a bheith ina phríomhfheidhmeannach agus ina rúnaí ach amháin le toiliú an Bhainc Ceannais.

(3) Is é bord stiúrthóirí cumainn a cheapfaidh príomhfheidhmeannach agus rúnaí an chumainn agus déanfaidh an bord sin gach beart is féidir le réasún chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas agus an taithí is gá chun feidhmeanna na n-oifigí sin a chomhall ag na daoine a cheapfar.

(4) Tabharfaidh bord stiúrthóirí cumainn fógra roimhré don Bhanc Ceannais i dtaobh togra chun duine a cheapadh ina phríomhfheidhmeannach agus beidh ann ainm agus seoladh iomlán an duine, an dáta a rachaidh sé i seilbh oifige agus cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil ón mBanc agus déanfaidh an Banc ainm an duine agus an dáta a dtosóidh sé ar oifig a shealbhú a thaifeadadh i gcomhad poiblí an chumainn.

(5) I gcás ina scoirfidh duine d'oifig a shealbhú mar phríomhfheidhmeannach, déanfaidh an bord, a luaithe is féidir, fógra faoin scor sin a thabhairt don Bhanc Ceannais agus taifeadfaidh an Banc é i gcomhad poiblí an chumainn.

(6) Aon ní a cheanglaítear ar an bpríomhfheidhmeannach nó ar an rúnaí a dhéanamh, nó a údaraítear dó a dhéanamh, nó a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh maidir leis, féadfaidh aon leasphríomhfheidhmeannach nó leasrúnaí, nó aon phríomhfheidhmeannach cúnta nó rúnaí cúnta, de réir mar a bheidh, é a dhéanamh, nó féadfar é a dhéanamh maidir leis, más rud é go mbeidh oifig an phríomhfheidhmeannaigh nó an rúnaí folamh nó nach mbeidh, ar aon chúis eile, aon phríomhfheidhmeannach nó rúnaí in ann gníomhú, nó mura mbeidh aon leas-phríomhfheidhmeannach ná leasrúnaí ná príomhfheidhmeannach cúnta ná rúnaí cúnta in ann gníomhú, féadfaidh aon oifigeach de chuid an chumainn a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta chuige sin ag na stiúrthóirí, é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh maidir leis.

(7) I gcás gur stiúrthóir an príomhfheidhmeannach freisin, féadfar an stiúrthóir bainisteoireachta a thabhairt air.

Stiúrthóirí: ceapadh agus scor.

50. —(1) Faoi réir fho-ailt (11) agus (16), ní mór stiúrthóirí cumainn foirgníochta a thoghadh chun oifige—

(a) ag cruinniú ginearálta bliantúil den chumann, nó

(b) trí phostbhallóid arna stiúradh le linn na tréimhse 3 mhí roimh an dáta a dtionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil,

de réir mar a fhoráiltear sna rialacha.

(2) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1) (a) agus gur mó líon na n-iarrthóirí ar oifig stiúrthóra ná an líon folúntas, is trí vótaíocht a thoghfar stiúrthóirí.

(3) Is iad na daoine a bheidh i dteideal vótáil i dtoghchán stiúrthóirí na comhaltaí sin den chumann atá, de réir alt 69 agus faoi na rialacha, i dteideal vótáil ar ghnáthrún.

(4) Ní féidir a cheangal ar dhuine atá i dteideal vótáil i dtoghchán stiúrthóirí a vótaí go léir nó aon chuid dá vótaí a chaitheamh.

(5) Féadfaidh duine nach comhalta de chumann a bheith ina stiúrthóir má fhoráiltear sin i rialacha an chumainn.

(6) Féadfaidh rialacha cumainn ceanglas a fhorchur, mar choinníoll le teideal duine a bheith ina stiúrthóir nó a bheith ainmnithe lena thoghadh mar stiúrthóir ar an gcumann, go mbeidh scaireanna sa chumann á sealbhú go tairbhiúil aige nach lú a luach ná an méid a bheidh sonraithe sna rialacha, ach ní mó an sealúchas uasta is féidir a cheangal ná £500 nó cibé méid eile a bheidh curtha ina ionad sin i rialacháin arna ndéanamh ag an mBanc Ceannais.

(7) Ní cheanglófar le rialacha cumainn, mar choinníollacha le bailíocht ainmniúcháin duine lena thoghadh mar stiúrthóir—

(a) go n-uamfadh breis agus 20 comhalta chun é a ainmniú;

(b) go mbeadh comhalta ainmnitheach ina chomhalta le breis agus 2 bhliain roimh dháta an ainmniúcháin nó go sealbhódh sé, nó gur shealbhaigh sé tráth ar bith le linn na tréimhse sin, scaireanna sa chumann ar mhó a luach ná £250; nó

(c) go ndéanfaí breis agus £250 a thaisceadh leis an gcumann i ndáil lena iarrthóireacht.

(8) Ní fhorchuirfear i rialacha cumainn, mar choinníollacha le bailíocht ainmniúcháin duine lena thoghadh mar stiúrthóir, coinníollacha i ndáil le nithe seachas na nithe i bhfo-ailt (6) agus (7), ach amháin de réir mar a bheidh ceadaithe ag an mBanc Ceannais mar choinníollacha réasúnacha.

(9) Féadfaidh an Banc Ceannais, le rialachán, cibé uimhir, tréimhse, luach, nó méid eile is dóigh leis is iomchuí a chur in ionad na huimhreach, na tréimhse comhaltais uasta, luach uasta na scaireanna agus méid uasta na taisce dá dtagraítear i bhfo-alt (7).

(10) Scoirfidh stiúrthóir, seachas stiúrthóir arb é príomhfheidhmeannach an chumainn é chomh maith, dá oifig tráth nach déanaí ná deireadh an tríú cruinniú ginearálta bliantúil den chumann tar éis dháta a thofa, faoi réir aon fhorála den Acht seo nó i rialacha an chumainn maidir lena scor roimhe sin agus beidh stiúrthóir den sórt sin in-tofa gan é a bheith ainmnithe, faoi réir na rialacha.

(11) Má fhoráiltear amhlaidh i rialacha an chumainn, féadfaidh na stiúrthóirí a bheidh ann de thuras na huaire aon duine—

(a) a ndealraíonn sé dóibh gur duine inniúil cuí é le bheith ina stiúrthóir, agus

(b) nach bhfuil dícháilithe faoi alt 64 chun bheith ina stiúrthóir ar chumann foirgníochta,

agus nach duine nár toghadh mar stiúrthóir tar éis dó seasamh lena thoghadh mar stiúrthóir ag aon toghchán a tionóladh laistigh den 16 mhí roimhe sin, a chomhthoghadh mar stiúrthóir chun aon fholúntas ar an mbord stiúrthóirí a líonadh.

(12) Aon duine a chomhthoghfar faoi fho-alt (11) scoirfidh sé d'oifig a shealbhú ag deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile tar éis a cheaptha, ach ní thabharfar aird ar chruinniú ginearálta chun críocha an fho-ailt seo más dáta roimh dháta ceaptha an stiúrthóra chomhthofa an dáta deiridh le haghaidh iarrthóirí a ainmniú, ach scoirfidh sé mar stiúrthóir comhthofa ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil eile tar éis an chruinnithe nach dtugtar aird air agus beidh sé in-tofa gan é a bheith ainmnithe, faoi réir na rialacha.

(13) Más rud é, i dtoghchán stiúrthóirí go mbeidh vótaíocht ann, cibé acu a dhéantar ag cruinniú nó trí phostbhallóid í, déanfar, sna páipéir a eiseoidh an cumann chun críocha na vótaíochta nó i ndáil léi—

(a) ainm gach iarrthóra a thaispeáint leis an suntasacht chéanna, agus

(b) na hainmneacha a leagan amach, de réir ord aibítre, in ord sloinne, nó má bhíonn 2 iarrthóir nó níos mó ann a bhfuil an sloinne céanna orthu, in ord aibítre a n-ainmneacha eile mar aon le cibé faisnéis eile ónar féidir na hiarrthóirí sin a aithint thar a chéile.

(14) Is gníomhartha bailí gníomhartha stiúrthóra d'ainneoin aon lochtanna ar a cheapachán nó ar a cháilíocht a thiocfaidh chun suntais ina dhiaidh sin.

(15) Tabharfaidh cumann fógra don Bhanc Ceannais—

(a) i dtaobh na ndaoine go léir a ainmníodh go bailí lena dtoghadh mar stiúrthóirí, a luaithe is féidir tar éis an dáta deiridh le haghaidh ainmniúchán; agus

(b) i dtaobh daoine a bheartaítear a chomhthoghadh mar stiúrthóirí, 14 lá ar a laghad roimh dháta an cheapacháin;

agus tabharfaidh sé i ngach cás acu an fhaisnéis dá dtagraítear in alt 66 (1) agus cibé faisnéis eile a theastóidh ón mBanc.

(16) Féadfaidh na daoine a luaitear in alt 10 (2), nó féadfaidh tromlach acu daoine nach bhfuil dícháilithe faoi alt 64 a cheapadh mar stiúrthóirí chun oifig a shealbhú go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil.

(17) San alt seo ciallaíonn “gnáthrún” rún a mbeidh éifeacht leis gan é a bheith rite mar rún speisialta nó mar rún comhshó.

Stiúrthóirí: forálacha forlíontacha maidir le toghcháin. etc.

51. —(1) Tabharfaidh cumann foirgníochta fógra i dtaobh an dáta is déanaí le haghaidh ainmniúcháin daoine lena dtoghadh mar stiúrthóirí a fháil i gceachtar de na bealaí seo a leanas—

(a) trína fhoilsiú i 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomhoifig an chumainn agus foilseofar an fógra sin tráth nach luaithe ná 42 lá roimh an dáta sin; nó

(b) trína sheoladh, tráth nach luaithe ná an dáta ar a n-eisítear fógraí do chruinniú ginearálta bliantúil na bliana roimhe sin, chuig na comhaltaí go léir a bheadh, ar dháta an fhógra, i dteideal fógra i dtaobh toghcháin stiúrthóirí a fháil,

de réir mar a fhoráiltear sna rialacha, agus déanfar i gceachtar cás an fógra a fhoilsiú nó a sheoladh, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta is déanaí le haghaidh ainmniúcháin a fháil.

(2) Má dhéanann iarrthóir, a bheidh ainmnithe go cuí lena thoghadh mar stiúrthóir ar chumann, aitheasc toghchánaíochta nach faide ná 300 focal a thabhairt don chumann roimh an dáta deiridh le haghaidh ainmniúchán, ansin, faoi réir fho-alt (3)—

(a) beidh sé de dhualgas ar an gcumann, ar a chostas féin, cóip den aitheasc a sheoladh chuig gach comhalta den chumann atá i dteideal fógra faoin toghchán a fháil; agus

(b) cuirfear cóip gach comhalta chuige sa tslí chéanna agus, a mhéid is féidir, an tráth céanna a gcuirtear amach an fógra faoin gcruinniú ag a stiúrfar an toghchán, nó na páipéir bhallóide, de réir mar a bheidh;

ach má mhainnítear déanamh de réir ceanglais de chuid an fho-ailt seo ní chuirfidh an mhainneachtain sin ann féin an toghchán ó bhail.

(3) Ní chuireann fo-alt (2) de cheangal ar chumann cóipeanna d'aitheasc a sheoladh chuig comhaltaí den chumann in aon chás—

(a) inar dóigh d'ábhar an aithisc muinín an phobail as an gcumann a laghdú go mór, nó

(b) ina bhfuil mí-úsáid á baint as na cearta a thugtar leis an bhfo-alt sin chun poiblíocht a lorg, gan gá, le haghaidh ábhair atá clúmhillteach nó chun críocha suaibhreosacha nó cráiteacha,

agus ní ghlacfar leis an bhfo-alt sin mar fho-alt a thugann aon chearta do chomhaltaí, nó a fhorchuireann aon dualgais ar chumann, maidir le haitheasc nach mbaineann go díreach le gnóthaí an chumainn.

(4) I gcás ina ndiúltóidh an cumann, nó ina mbeartóidh sé diúltú, aitheasc toghchánaíochta a scaipeadh, déanfaidh an cumann laistigh de 7 lá tar éis dó an t-aitheasc a fháil, fógra faoin diúltú sin agus faoi na forais a bhí leis a chur chuig an gcomhalta a chuir ar fáil é agus féadfaidh an comhalta sin, laistigh de 7 lá ón diúltú, an diúltú a tharchur chun an Bhainc Ceannais agus féadfaidh an Banc Ceannais a ordú don chumann déanamh de réir na hiarrata faoi réir cibé coinníollacha a cheanglóidh an Banc.

(5) (a) Déanfaidh an duine a bheidh ceaptha, faoi rialacha cumainn, chun stiúradh toghcháin stiúrthóirí a mhaoirsiú, tuarascáil i dtaobh stiúradh an toghcháin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais ar tuarascáil í—

(i) ina ndéarfar cibé acu ar stiúradh an toghchán, ina thuairim, de réir fhorálacha an Achta seo, de réir rialachán arna ndéanamh faoi agus de réir na rialacha agus thairis sin ar stiúradh é go cothrom agus go hionraic;

(ii) ina mbeidh sonraí i dtaobh an líon ionstraimí seachvótála a fuarthas, an líon a dearbhaíodh a bheith neamhbhailí agus iad aicmithe de réir chúis na neamhbhailíochta agus an líon vótaí is inchurtha síos d'ionstraimí bailí; agus

(iii) ina mbeidh cibé faisnéis eile a bheidh ag teastáil ón mBanc.

(b) Féadfaidh an Banc Ceannais, de réir mar is cuí leis, a bhfuil i dtuarascáil faoi mhír (a), nó cuid dá bhfuil inti, a nochtadh d'iarrthóir a bheidh ainmnithe go cuí.

(6) Déanfaidh cumann na páipéir bhallóide go léir agus na doiciméid agus na taifid uile dá chuid a bhaineann le toghchán stiúrthóirí a choinneáil go ceann tréimhse bliana ó dháta an toghcháin.

(7) Féadfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil a tugadh dó faoi fho-alt (5), iarratas a dhéanamh más cuí leis chun na Cúirte ag iarraidh uirthi ordú a dhéanamh chun toradh toghcháin stiúrthóirí a chur ar ceal agus á ordú don chumann toghchán eile a dhéanamh.

(8) Aon fhostaí, seachas oifigeach, de chuid cumainn, nach iarrthóir é féin, a dhéanfaidh, ag a áit fostaíochta nó ag cruinniú den chumann, sireadh ag iarraidh tacaíochta d'iarrthóir lena thoghadh mar stiúrthóir nó a thabharfaidh cuireadh do chomhalta den chumann aon duine áirithe a cheapadh mar sheachvótálaí chun vótáil thar a cheann i dtoghchán, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú, fíneáil nach mó ná £300 a chur air.

Daoine bainteacha.

52. —(1) Chun críocha na Coda seo, tá baint ag duine le stiúrthóir cumainn foirgníochta más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin—

(a) gurb é céile, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr nó leanbh an stiúrthóra sin é; nó

(b) gur comhlacht corpraithe é a bhfuil an stiúrthóir i gcomhlachas leis; nó

(c) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí (seachas mar iontaobhaí faoi scéim scaire fostaithe nó faoi scéim pinsin) ar aon iontaobhas a bhfuil an stiúrthóir, a chéile nó aon leanbh dá chuid, nó comhlacht corpraithe lena bhfuil sé i gcomhlachas, i measc na dtairbhithe uaidh nó a dtugtar, faoina théarmaí, cumhacht do na hiontaobhaithe is cumhacht is féidir a fheidhmiú chun tairbhe don stiúrthóir, dá chéile, nó d'aon leanbh dá chuid nó d'aon chomhlacht corpraithe den sórt sin; nó

(d) gur duine é atá ag gníomhú ina cháil mar chomhpháirtí de chuid an stiúrthóra sin nó de chuid aon duine a bhfuil baint aige leis an stiúrthóir sin de bhua mhír (a), (b) nó (c);

mura stiúrthóir ar an gcumann an duine sin chomh maith.

(2) Tá stiúrthóir cumainn i gcomhlachas le comhlacht corpraithe má tá sé féin agus a chéile, a thuismitheoir, a dheartháir, a dheirfiúr nó leanbh dá chuid, nó duine atá ag gníomhú ina cháil mar iontaobhaí ar aon iontaobhas a bhfuil an stiúrthóir, a chéile nó aon leanbh dá chuid i measc na dtairbhithe uaidh—

(a) ina n-úinéirí, i bpáirt, ar an gcúigiú cuid ar a laghad de scairchaipiteal cothromais an chomhlachta sin de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó

(b) i dteideal, i bpáirt, níos mó ná an cúigiú cuid de chumhacht vótála an chomhlachta sin a fheidhmiú, nó feidhmiú na coda sin a rialú, ag aon chruinniú ginearálta.

(3) I bhfo-alt (1) folaíonn “leanbh” leasleanbh agus déanfar “mac”, “iníon” agus “tuismitheoir” a fhorléiriú dá réir sin.

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna i gconarthaí.

53. —(1) Beidh sé de dhualgas ar stiúrthóir cumainn foirgníochta a bhfuil leas ar bith, díreach nó neamhdhíreach, aige i gconradh nó i gconradh beartaithe leis an gcumann a dhearbhú ag cruinniú de stiúrthóirí an chumaínn cad é an cineál leasa atá aige.

(2) I gcás conartha bheartaithe, déanfar an dearbhú—

(a) ag an gcruinniú de na stiúrthóirí ag a mbreithneofar den chéad uair an cheist faoin gconradh a dhéanamh; nó

(b) mura raibh leas sa chonradh beartaithe ag an stiúrthóir ar dháta an chruinnithe sin, ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas den sórt sin a bheith aige.

(3) I gcás go dtiocfaidh an stiúrthóir chun leas a bheith aige i gconradh tar éis a dhéanta, déanfar an dearbhú ag an gcéad chruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis don stiúrthóir teacht chun leas den sórt sin a bheith aige.

(4) Mura conradh a bhreithneofar ag cruinniú de na stiúrthóirí an conradh, déanfar an dearbhú a luaithe is féidir.

(5) Faoi réir fho-alt (6), chun críocha an ailt seo, má thugann stiúrthóir aon fhógra ginearálta do stiúrthóirí cumainn á chur in iúl—

(a) gur comhalta é de chuideachta shonraithe nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le meas mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dháta an fhógra, leis an gcuideachta nó leis an ngnólacht sin; nó

(b) go bhfuil sé le meas mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dháta an fhógra, le duine sonraithe atá bainteach leis,

measfar gur dearbhú leasa leordhóthanach é i ndáil le haon chonradh den sórt sin.

(6) Ní bheidh éifeacht le fógra faoi fho-alt (5) mura dtabharfar é ag cruinniú de na stiúrthóirí nó mura ndéanfaidh an stiúrthóir bearta réasúnacha chun a áirithiú go dtabharfar faoi chaibidil agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis dó é a thabhairt.

(7) Déanfar cóip de gach dearbhú a rinneadh agus de gach fógra a tugadh faoin alt seo a thaifeadadh, laistigh de 3 lá (gan Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh) tar éis é a dhéanamh nó a thabhairt, i gclár a choimeádfar chun na críche sin agus féadfaidh aon oifigeach, iniúchóir nó comhalta den chumann an clár sin a scrúdú saor in aisce i bpríomhoifig an chumainn agus beidh sé ar fáil ag gach cruinniú ginearálta den chumann, agus ag aon chruinniú de na stiúrthóirí má iarrann stiúrthóir ar bith amhlaidh luath go leor le go mbeidh an clár ar fáil ag an gcruinniú.

(8) Tá feidhm ag forálacha an ailt seo i ndáil le haon idirbheart nó comhshocraíocht amhail mar atá feidhm acu maidir le conradh agus, chun críocha an ailt seo, déanfar idirbheart nó comhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 57 a dhéanfaidh cumann do stiúrthóir de chuid an chumainn nó do dhuine atá bainteach leis an stiúrthóir sin a áireamh, mura n-áireofaí amhlaidh thairis sin é (agus bíodh nó ná bíodh sé toirmiscthe leis an alt sin), mar idirbheart nó comhshocraíocht ina bhfuil leas ag an stiúrthóir sin.

(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a shrianann stiúrthóirí cumainn ó leas ar bith a bheith acu i gconarthaí leis an gcumann.

Conarthaí fostaíochta stiúrthóirí.

54. —(1) Ní chuirfidh cumann foirgníochta aon téarma lena mbaineann an t-alt seo isteach in aon chomhaontú mura mbeidh an téarma ceadaithe i dtosach trí rún ón gcumann i gcruinniú ginearálta dó.

(2) Baineann an t-alt seo le haon téarma trína bhfuil fostaíocht stiúrthóra leis an gcumann ar stiúrthóir air é le leanúint ar aghaidh, nó trína bhféadfaidh sé leanúint ar aghaidh, seachas ar thionscnamh an chumainn (cibé acu faoin gcomhaontú bunaidh nó faoi chomhaontú nua arna dhéanamh de bhun an chomhaontaithe bhunaidh) go ceann tréimhse is faide ná 5 bliana—

(a) nach féidir leis an gcumann lena linn an fhostaíocht a fhoirceannadh trí fhógra, nó

(b) nach féidir an fhostaíocht a fhoirceannadh amhlaidh lena linn ach amháin in imthosca sonraithe.

(3) In aon chás—

(a) ina mbeidh duine fostaithe nó le fostú le cumann faoi chomhaontú nach féidir leis an gcumann a fhoirceannadh trí fhógra nó nach féidir a fhoirceannadh amhlaidh ach amháin in imthosca sonraithe, agus

(b) go ndéanfaidh an cumann, breis agus 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse dá mbeidh sé fostaithe nó le fostú amhlaidh, comhaontú breise (seachas de bhun cirt a tugadh, leis an gcomhaontú bunaidh nó dá bhua, don pháirtí eile ann) faoina mbeidh sé le fostú leis an gcumann,

beidh feidhm ag fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí leis an tréimhse dá mbeidh sé le fostú faoin gcomhaontú breise sin, tréimhse bhreise is ionann agus an tréimhse den chomhaontú bunaidh a bhí gan chaitheamh.

(4) Ní dhéanfar rún de chuid cumainn ag ceadú téarma lena mbaineann an t-alt seo a rith ag cruinniú ginearálta den chumann mura mbeidh meabhrán scríofa a mbeidh an comhaontú beartaithe, lena n-áirítear an téarma, leagtha amach ann, ar fáil lena scrúdú ag comhaltaí den chumann—

(a) ina phríomhoifig, le linn na tréimhse 15 lá dar críoch dáta an chruinnithe, agus

(b) ag an gcruinniú féin.

(5) Aon téarma a bheidh curtha isteach i gcomhaontú de shárú ar an alt seo beidh sé ar neamhní sa mhéid go sáraíonn sé an t-alt seo agus measfar go bhfuil téarma sa chomhaontú sin agus, i gcás lena mbaineann fo-alt (3), sa chomhaontú bunaidh, a thugann teideal don chumann é a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra réasúnach a thabhairt.

(6) San alt seo folaíonn “fostaíocht” fostaíocht faoi chonradh le haghaidh seirbhísí.

Conarthaí seirbhíse stiúrthóirí a iniúchadh.

55. —(1) Faoi réir an ailt seo, coinneoidh cumann foirgníochta clár ina phríomhoifig ina mbeidh na nithe seo a leanas—

(a) i gcás gach stiúrthóra a bhfuil conradh seirbhíse aige leis an gcumann, cóip den chonradh sin más conradh i scríbhinn é;

(b) i gcás gach stiúrthóra nach conradh i scríbhinn an conradh seirbhíse atá aige leis an gcumann, meabhrán scríofa ina mbeidh téarmaí an chonartha sin leagtha amach;

(c) i gcás stiúrthóra a bhfuil conradh seirbhíse aige le fochuideachta don chumann, cóip den chonradh sin nó, mura conradh i scríbhinn é, meabhrán scríofa ina mbeidh téarmaí an chonartha leagtha amach.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le conradh seirbhíse stiúrthóra leis an gcumann nó le fochuideachta don chumann má chuir an conradh sin de cheangal air bheith ag obair go hiomlán nó go formhór lasmuigh den Stát, ach coinneoidh an cumann meabhrán ina phríomh-oifig—

(a) i gcás conradh seirbhíse leis an gcumann, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra agus na forálacha den chonradh a bhaineann lena ré;

(b) i gcás conradh seirbhíse le fochuideachta don chumann, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra, ainm corpraithe agus áit chorpraithe na fochuideachta agus na forálacha den chonradh a bhaineann lena ré.

(3) Beidh gach cóip agus meabhrán a cheanglaítear a choinneáil le fo-ailt (1) agus (2) ar fáil, le linn uaireanta gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an cumann i gcruinniú ginearálta dóibh, ionas nach lamhálfar níos lú ná 2 uair a chloig gach lá chun iniúchadh a dhéanamh) lena iniúchadh saor in aisce ag aon chomhalta den chumann.

(4) Má mhainnítear déanamh de réir fho-alt (1) nó (2) nó má dhiúltaítear d'iniúchadh a cheanglaítear faoi fho-alt (3), dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, i gcás sáruithe leanúnacha, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur ar an gcumann agus ar gach oifigeach don chumann a dhéanfaidh mainneachtain.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le hathrú ar chonradh seirbhíse stiúrthóra le cumann agus maidir le conradh seirbhíse le fochuideachta de chuid cumainn amhail mar atá feidhm aige maidir leis an gconradh.

(6) Ní cheanglófar leis an alt seo cóip de chonradh nó meabhrán ina leagfar amach téarmaí conartha, nó cóip d'athrú ar chonradh nó meabhrán ina leagfar amach téarmaí athruithe den sórt sin, a choinneáil aon tráth ar lú ná 3 bliana an chuid neamhchaite den téarma dá mbeidh an conradh i bhfeidhm nó aon tráth ar féidir leis an gcumann, laistigh de na 3 bliana ina dhiaidh sin, an conradh a fhoirceannadh gan cúiteamh a íoc.

Idirbhearta substaintiúla maoine a bhfuil lámh ag stiúrthóirí agus ag daoine bainteacha iontu.

56. —(1) Ní dhéanfaidh cumann foirgníochta comhshocraíocht—

(a) trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh stiúrthóir ar an gcum ann nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin sócmhainn neamhairgid amháin nó níos mó, ag a bhfuil an luach riachtanach, ón gcumann; nó

(b) trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh an cumann sócmhainn neamhairgid amháin nó níos mó, ag a bhfuil an luach riachtanach, ó stiúrthóir den sórt sin nó ó dhuine atá bainteach amhlaidh;

mura mbeidh an chomhshocraíocht ceadaithe i dtosach trí rún de chuid an chumainn i gcruinniú ginearálta dó.

(2) Chun críocha an ailt seo tá an luach riachtanach ar shócmhainn neamhairgid más rud é, an tráth a ndéantar an chomhshocraíocht atá i gceist, nach lú a luach ná £50,000 nó, i gcás cumainn a bhfuil cúlchistí is lú ná £500,000 aige, nach lú a luach ná 10 faoin gcéad de na cúlchistí.

(3) San alt seo ciallaíonn “sócmhainn neamhairgid” aon mhaoin nó leas i maoin seachas airgead agus chun na críche sin folaíonn “airgead” airgeadra coigríche; agus folaíonn tagairt do shócmhainn neamhairgid a fháil tagairt d'eastát nó leas in aon mhaoin, nó ceart thar aon mhaoin, a bhunú nó a mhúchadh agus chomh maith leis sin tagairt do dhliteanas aon duine, seachas dliteanas i leith suime leachtaithe, a urscaoileadh.

(4) Beidh aon chomhshocraíocht a dhéanfaidh cumann de shárú ar an alt seo agus aon idirbheart a dhéanfar de bhun na comhshocraíochta (cibé ag an gcumann nó ag aon duine eile) in-neamhnithe ar thionscnamh an chumainn mura rud é—

(a) nach féidir a thuilleadh aon airgead nó aon sócmhainn eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a aiseag nó go bhfuil an cumann slánaithe de bhun fho-alt (5) (b) ag aon duine eile i leith an chaillteanais nó an damáiste a d'fhulaing sé;

(b) go ndéanfadh a neamhniú difear d'aon chearta a bheidh faighte bona fide ar luach-chomaoin gan fógra iarbhír faoin sárú ag aon duine nach páirtí sa chomhshocraíocht nó san idirbheart; nó

(c) go ndéanfadh an cumann, laistigh de thréimhse réasúnach, an chomhshocraíocht a dhaingniú i gcruinniú ginearálta dó.

(5) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirfear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo, ach faoi réir fho-alt (6), i gcás go ndéanfaidh stiúrthóir cumainn nó duine atá bainteach leis comhshocraíocht leis an gcumann de shárú ar an alt seo, dlífidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach amhlaidh, agus aon stiúrthóir eile de chuid an chumainn a d'údaraigh an chomhshocraíocht nó aon idirbheart a rinneadh de bhun comhshocraíochta den sórt sin (bíodh nó ná bíodh an chomhshocraíocht nó an t-idirbheart neamhnithe de bhun fho-alt (4))—

(a) cuntas a thabhairt don chumann i dtaobh aon ghnóchain a rinne sé, go díreach nó go neamhdhíreach, de bharr na comhshocraíochta nó an idirbhirt; agus

(b) i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo, an cumann a shlánú i leith aon chaillteanais nó damáiste a leanfaidh as an gcomhshocraíocht nó as an idirbheart.

(6) I gcás ina ndéanfaidh an cumann agus duine atá bainteach le stiúrthóir de chuid an chumainn comhshocraíocht de shárú ar an alt seo, ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (5) má shuíonn sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann an t-alt seo agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh agus aon stiúrthóir eile den chineál a luaitear san fho-alt sin faoi dhliteanas amhlaidh má shuíonn sé gurb amhlaidh, an tráth a ndearnadh an chomhshocraíocht, nach raibh na himthosca iomchuí a d'fhág go mba shárú é ar eolas aige.

Srianta le hiasachtaí etc. do stiúrthóirí agus do dhaoine bainteacha.

57. —(1) Faoi réir an ailt seo, ní dhéanfaidh cumann foirgníochta—

(a) iasacht a thabhairt do stiúrthóir de chuid an chumainn ná do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin;

(b) maoin a dhiúscairt trína léasú nó trína fruiliú le stiúrthóir de chuid an chumainn ná le duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin;

(c) íocaíocht a dhéanamh thar ceann stiúrthóra de chuid an chumainn ná thar ceann duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin i ndáil le haon seirbhísí a sholáthar faoi Chuid III;

(d) dul faoi aon ráthaíocht ná aon urrús a chur ar fáil a chomhghabhann nó a bhaineann le haon iasacht, diúscairt maoine nó íocaíocht den sórt sin; nó

(e) páirt a ghlacadh in aon chomhshocraíocht—

(i) trína ndéanann duine eile idirbheart is idirbheart a sháródh aon cheann de na míreanna (a) go (d) dá mba é an cumann a dhéanfadh sé, agus

(ii) trína bhfuair nó trína bhfaighidh an duine eile sin, de bhun na comhshocraíochta, aon sochar ón gcumann nó ó fhochuideachta don chumann.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) (a)—

(a) maidir le haon iasacht nach mó a méid, arna chomhiomlánú le haon iasachtaí iomchuí eile, ná £2,500;

(b) maidir le haon iasacht a thabharfar i ngnáthchúrsa ghnó an chumainn agus nach mó a méid, agus nach fabharaí na téarmaí ar a ndéantar í, ná an méid agus na téarmaí a bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh sé nó siad tairgthe ag an gcumann do dhuine a raibh an stádas airgeadais céanna aige ach nach raibh baint aige leis an gcumann;

(c) maidir le haon iasacht, nach mó a méid, arna chomhiomlánú le haon iasachtaí iomchuí eile, ná £50,000, a thabharfar le haghaidh nó faoi chomhair teach, a úsáidtear nó a úsáidfear mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe an stiúrthóra, a cheannach nó a fheabhsú agus ar an gcoinníoll gur gnách iasachtaí den tuairisc sin agus ar théarmaí dá samhail a thabhairt d'fhostaithe an chumainn.

(3) Níl feidhm ag fo-alt (1) (b) maidir le haon léasú nó fruiliú maoine—

(a) nach mó a luach, arna comhiomlánú le luach aon léasuithe nó fruilithe iomchuí eile, ná £5,000;

(b) a dhéanfar i ngnáthchúrsa ghnó an chumainn agus sin ar théarmaí nach fabharaí ná na téarmaí a bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh siad tairgthe ag an gcumann do dhuine nach raibh baint aige leis an gcumann.

(4) Níl feidhm ag fo-alt (1) (c) maidir le haon íocaíocht—

(a) nach mó a méid, arna chomhiomlánú le haon íocaíochtaí iomchuí eile, ná £1,000 agus a mbeidh d'oibleagáid ar an duine a ndéantar thar a cheann í, í a aisíoc leis an gcumann laistigh de thréimhse nach faide ná 2 mhí dar tosach dáta na híocaíochta; nó

(b) de mhéid nach mó agus ar théarmaí nach fabharaí, ná an méid agus na téarmaí a bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go mbeadh sé nó siad tairgthe ag an gcumann do dhuine a raibh an stádas airgeadais céanna aige ach nach raibh baint aige leis an gcumann.

(5) Faoi réir ceanglais fho-alt (6) a bheith comhlíonta, ní choisceann fo-alt (1) ar chumann aon ní a dhéanamh chun cistí a sholáthar do stiúrthóir faoi chomhair caiteachais a thabhaigh nó a thabhóidh sé chun críocha an chumainn nó chun a chumasú dó a dhualgais mar stiúrthóir ar an gcumann a chomhlíonadh i gceart ná ní choisceann sé ar an gcumann aon ní a dhéanamh chun a chumasú do stiúrthóir gan caiteachas den sórt sin a thabhú.

(6) Is iad seo a leanas na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (5)—

(a) nach mór na nithe a dhéanamh le ceadú roimh ré ón gcumann arna thabhairt ag cruinniú ginearálta ag a nochtar na nithe atá riachtanach, nó iad a dhéanamh ar an gcoinníoll, más rud é nach dtabharfaidh an cumann ceadú amhlaidh ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil eile, go mbeidh an iasacht le haisíoc, nó go mbeidh aon dliteanas eile a éireoidh faoin idirbheart le hurscaoileadh, laistigh de 6 mhí ó chríoch an chruinnithe sin; agus

(b) nach mó an méid a sholáthrófar, arna chomhiomlánú le haon chistí iomchuí eile a bheidh soláthraithe, ná £10,000.

(7) Is iad seo a leanas na nithe riachtanacha nach mór a nochtadh chun críocha fho-alt (6) thuas—

(a) cad chuige an caiteachas a thabhaigh nó a thabhóidh an stiúrthóir, nó an caiteachas a thabhódh sé thairis sin;

(b) méid na gcistí atá le soláthar ag an gcumann; agus

(c) méid dhliteanas an chumainn faoi aon idirbheart arb é an ní sin é nó a bhaineann leis.

(8) Chun críocha na Coda seo, is idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanfar do dhuine idirbheart nó comhshocraíocht a thagann faoi réim fho-alt (1) más rud é—

(a) i gcás iasacht, diúscairt nó íocaíocht a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), go dtabharfar dó é nó go ndéanfar chuige é i gcás mhír (a) nó (b), nó go ndéanfar thar a cheann é i gcás mhír (c);

(b) i gcás ráthaíocht nó urrús a thagann faoi réim mhír (d), go ngabhann nó go mbaineann sí nó sé le hiasacht dó nó diúscairt chuige nó le híocaíocht thar a cheann; nó

(c) i gcás comhshocraíocht a thagann faoi réim mhír (e), gur dó a rinneadh an t-idirbheart lena mbaineann an chomhshocraíocht.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “iomchuí”, i ndáil le hidirbheart de thuairisc a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), idirbheart atá le haisíoc, nó, i gcás léasú nó fruiliú, idirbheart reatha, den tuairisc sin (cibé acu a rinneadh é leis an gcumann nó trí chomhshocraíocht leis an gcumann) ar idirbheart é nach bhfuil údaraithe le haon fhoráil údarúcháin eile;

ciallaíonn “foráil údarúcháin” agus “údaraithe”, faoi seach, i ndáil le hidirbheart de thuairisc a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), aon fhoráil d'fho-alt (2), (3) nó (4) nó a bhunaítear le fo-alt (5) agus aon idirbheart nó ní a dhéanfar nach bhfuil feidhm ag an mír sin maidir leis nó nach gcoisctear a dhéanamh de bhua na forála sin;

ciallaíonn “le haisíoc”, i ndáil le hiasachtaí, le haisíoc ó thaobh aon phríomh-shuime nó úis agus, i ndáil le cistí a sholáthar faoi réir coinníll maidir le haisíoc nó urscaoileadh aon dliteanais eile, ciallaíonn sé neamhíoctha nó neamhurscaoilte go feadh méid ar bith;

folaíonn “cistí a sholáthar” aon ní eile nach bhfuil, de bhua fho-alt (5), coiscthe ar chumann a dhéanamh le fo-alt (1).

Smachtbhannaí mar gheall ar alt 57 a shárú.

58. —(1) I gcás ina ndéanfaidh cumann foirgníochta idirbheart nó comhshocraíocht de shárú ar alt 57 beidh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht in-neamhnithe ar thionscnamh an chumainn mura rud é—

(a) nach féidir a thuilleadh aon airgead nó aon sócmhainn eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a aiseag nó go bhfuil an cumann slánaithe de bhun fho-alt (2) (b) i leith an chaillteanais nó an damáiste a d'fhulaing sé; nó

(b) go ndéanfadh a neamhniú difear d'aon chearta a bheidh faighte bona fide ar luach-chomaoin gan fógra iarbhír faoin sárú ag aon duine seachas an duine dá ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht.

(2) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirfear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo, ach faoi réir fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh cumann idirbheart nó comhshocraíocht, a sháraíonn alt 57, do stiúrthóir de chuid an chumainn nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin dlífidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach amhlaidh agus aon stiúrthóir eile de chuid an chumainn a d'údaraigh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht (bíodh nó ná bíodh sé nó sí neamhnithe de bhun fho-alt (1))—

(a) cuntas a thabhairt don chumann i dtaobh aon ghnóchain a rinne sé, go díreach nó go neamhdhíreach, de bharr na comhshocraíochta nó an idirbhirt; agus

(b) i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile a bheidh faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo, an cumann a shlánú i leith aon chaillteanais nó damáiste a leanfaidh as an gcomhshocraíocht nó as an idirbheart.

(3) I gcás ina ndéanfaidh cumann agus duine atá bainteach le stiúrthóir de chuid an chumainn idirbheart nó comhshocraíocht a sháraíonn alt 57, ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (2) má shuíonn sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an cumann an t-alt sin agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh agus aon stiúrthóir eile den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) faoi dhliteanas má shuíonn sé gurb amhlaidh, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht, nach raibh na himthosca a d'fhág go mba shárú é ar eolas aige.

(4) Aon oifigeach de chuid cumainn a údaróidh nó a cheadóidh don chumann idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh alt 57 á shárú tríd sin ag an gcumann, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Aon chumann a dhéanfaidh idirbheart nó comhshocraíocht, de shárú ar alt 57, do dhuine dá stiúrthóirí, beidh sé ciontach i gcion mura suífidh sé gurb amhlaidh, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht, nach raibh na himthosca a d'fhág go mba shárú é ar eolas aige.

(6) Aon duine a thabharfaidh ar chumann idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh alt 57 á shárú tríd sin ag an gcumann, beidh sé ciontach i gcion.

Taifid ar iasachtaí etc. a thagann faoi réim alt 57.

59. —(1) Coinneoidh cumann foirgníochta clár ina mbeidh cóip de gach idirbheart marthanach nó comhshocraíocht mharthanach (seachas idirbheart nó comhshocraíocht atá eiscthe le fo-alt (6)) a thagann faoi réim alt 57 (1) agus a rinneadh do stiúrthóir de chuid an chumainn nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin le linn na bliana airgeadais reatha nó le linn bliain ar bith de na 10 mbliana airgeadais roimhe sin, ach gan blianta roimh 1989 a áireamh.

(2) I gcás idirbheart no comhshocraíocht nach bhfuil i scríohinn, déanfar meabhrán scríofa ina mbeidh téarmaí an idirbhirt nó na comhshocraíochta leagtha amach a choimeád sa chlár.

(3) Cuirfidh cumann ráiteas ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí—

(a) ina phríomh-oifig, le linn na tréimhse 15 lá dar críoch dáta a chruinnithe ghinearálta bhliantúil, agus

(b) ag an gcruinniú ginearálta bliantúil,

ar ráiteas é ina mbeidh na sonraí riachtanacha i dtaobh na n-idirbheart agus na gcomhshocraíochtaí a thagann faoi réim alt 57 (1) agus a cuireadh isteach sa chlár faoi fho-alt (1) tráth ar bith le linn na bliana airgeadais iomláine deiridh roimh an gcruinniú.

(4) Déanfaidh an cumann dhá chóip den ráiteas a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh do chomhaltaí a chur chuig an mBanc Ceannais (mar aon le tuarascáil an iniúchóra mar a cheanglaítear le fo-alt (8)) tráth nach déanaí ná an dáta a gceanglaítear an ráiteas a chur ar fáil i gcéaduair do chomhaltaí agus coimeádfaidh an Banc cóip amháin acu sin i gcomhad poiblí an chumainn.

(5) Déanfaidh an cumann cóip den ráiteas is déanaí a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh a chur freisin, ar í a bheith iarrtha agus ar tháille a shonróidh an Banc Ceannais a bheith íoctha, chuig aon chomhalta den chumann.

(6) Eisctear ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar chumann leis an alt seo maidir le bliain airgeadais na hidirbhearta nó na comhshoc raíochtaí go léir a rinneadh nó a bhí ar marthain le linn na bliana sin do dhuine a bhí, tráth ar bith le linn na bliana sin, ina stiúrthóir ar an gcumann nó bainteach le stiúrthóir ar an gcumann murar mó ná £1,000 tráth ar bith le linn na bliana sin comhiomlán luachanna gach idirbhirt nó comhshocraíochta a rinneadh don duine sin agus luachanna gach comhaontaithe le haghaidh idirbhirt nó comhshocraíochta den sórt sin lúide an méid (más aon mhéid é) ar laghdaíodh luach na n-idirbheart nó na gcomhshocraíochtaí sin.

(7) Is iad na “sonraí riachtanacha” i dtaobh idirbhirt nó comhshoc raíochta a cheanglaítear le fo-alt (3) cibé sonraí i dtaobh téarmaí an idirbhirt nó na comhshocraíochta a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham.

(8) Beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí cumainn an ráiteas a cheanglaítear faoi fho-alt (3) a scrúdú sula gcuirtear ar fáil do chomhaltaí an chumainn é agus tuarascáil a thabhairt do na comhaltaí faoin ráiteas; agus cuirfear an tuarascáil ag gabháil leis an ráiteas sula gcuirtear ar fáil é.

(9) Déarfar i dtuarascáil faoi fho-alt (8) cé acu atá nó nach bhfuil, i dtuairim na n-iniúchóirí, na sonraí a cheanglaítear faoi fho-alt (7) ar áireamh sa ráiteas agus, más é a dtuairim nach bhfuil, cuirfidh siad isteach sa tuarascáil, a mhéid is féidir leo le réasún sin a dhéanamh, ráiteas ina dtabharfar na sonraí is gá.

Taifead ar ghnó áirithe agus é a nochtadh.

60. —(1) Más rud é, tráth ar bith le linn bliana airgeadais cumainn foirgníochta, gur oifigeach de chuid cumainn duine agus gur comhlach gnó, nó gur stiúrthóir ar chomhlach gnó nó comhpháirtí i gcomhlach gnó, de chuid an chumainn é chomh maith, beidh feidhm ag an alt seo maidir leis an gcumann, don bhliain sin, i ndáil leis an tseirbhís iomchuí a chuireann an comhlach gnó ar fáil don chumann.

(2) Is “comhlach gnó” de chuid cumainn duine in aon bhliain airgeadais de chuid an chumainn más rud é—

(a) go seolann an duine sin gnó arb éard é nó ar cuid de seirbhísí iomchuí a chur ar fáil,

(b) go gcuireann an duine sin seirbhísí iomchuí ar fáil don chumann le linn na bliana sin, agus

(c) nach fochuideachta don chumann an duine sin.

(3) Faoi réir an ailt seo, coinneoidh cumann clár ina phríomh-oifig ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear le fo-alt (4) i ndáil le gach comhlach gnó de chuid an chumainn.

(4) Is iad na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) méid comhiomlán na dtáillí a d'íoc an cumann, nó a íocadh thar a cheann, leis an gcomhlach gnó i leith gach ceann de na seirbhísí iomchuí sa bhliain airgeadais iomlán is déanaí agus i ngach bliain de na 5 bliana airgeadais roimh an mbliain sin ach gan blianta roimh an mbliain 1989 a áireamh.

(5) Is “seirbhísí iomchuí” iad seo a leanas chun críocha an ailt seo—

(a) seirbhísí tíolactha,

(b) suirbhéireacht agus luacháil a dhéanamh ar thalamh nó ar mhaoin eile,

(c) socrú a dhéanamh go gcuirfí árachas ar fáil i gcoinne caillteanais maoine nó damáiste do mhaoin nó ar shaol duine,

(d) seirbhísí fógraíochta nó caidrimh phoiblí, agus

(e) aon seirbhísí eile a sonróidh an Banc Ceannais ó am go ham gur seirbhísí iomchuí iad.

(6) I gcás ina gcuirfidh comhlach gnó cumainn seirbhísí, ar seirbhísí iomchuí iad de bhua fho-alt (5), ar fáil don chumann, is seirbhísí iomchuí freisin aon seirbhísí riaracháin a chuirfidh an comhlach gnó ar fáil don chumann.

(7) Ní gá aon sonraí i dtaobh gnó comhlaigh gnó cumainn a choinneáil sa chlár dá bhforáiltear le fo-alt (3) maidir le haon bhliain airgeadais de chuid an chumainn nár mhó ná £5,000 nó cibé suim eile a shonróidh an Banc Ceannais ó am go ham méid an ghnó a gceanglaítear na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a thabhairt ina thaobh.

(8) Cuirfidh cumann ráiteas ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí ina phríomh-oifig, le linn na tréimhse 15 lá dar críoch dáta a chruinnithe ghinearálta bhliantúil, agus ag an gcruinniú ginearálta bliantúil, ar ráiteas é ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear a choinneáil sa chlár maidir leis an mbliain airgeadais iomlán is déanaí roimh an gcruinniú.

(9) Déanfaidh an cumann dhá chóip den ráiteas a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh do chomhaltaí a chur chuig an mBanc Ceannais tráth nach déanaí ná an dáta a gceanglaítear an ráiteas a chur ar fáil i gcéaduair do na comhaltaí agus coimeádfaidh an Banc cóip amháin acu sin i gcomhad poiblí an chumainn.

(10) Déanfar cóip den ráiteas a cheanglaítear a chur ar fáil amhlaidh a chur freisin, ar í a bheith iarrtha agus ar cibé táille a shonróidh an Banc Ceannais a bheith íoctha, chuig aon chomhalta den chumann.

Ní mór sonraí i dtaobh tuarastal stiúrthóirí etc. a thabhairt i gcuntais.

61. —Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag alt 191 d'Acht 1963 ionann is dá mba chuideachta an cumann.

Toirmeasc ar íocaíochtaí saor ó cháin a thabhairt.

62. —(1) Ní dleathach do chumann luach saothair a íoc le stiúrthóir (mar stiúrthóir nó ar shlí eile) saor ó cháin ioncaim nó ríofa ar shlí eile faoi threoir méid, nó a athróidh de réir méid, a chánach ioncaim nó faoi threoir, nó a athróidh de réir, an ráta cánach ioncaim.

(2) Aon fhoráil i rialacha cumainn nó in aon chonradh nó in aon rún ó chumann nó ó stiúrthóirí cumainn go n-íocfaí luach saothair mar a luaitear i bhfo-alt (1) le stiúrthóir, beidh éifeacht léi ionann is dá bhforálfadh sí go n-íocfaí mar shuim chomhlán, faoi réir cánach ioncaim, an ghlansuim dá bhforálann sí iarbhír.

(3) San alt seo folaíonn “luach saothair” díolaíochtaí de réir bhrí alt 191 d'Acht 1963.

Ainmneacha stiúrthóirí ar litreacha gnó.

63. —(1) I ngach litir ghnó a mbeidh ainm cumainn uirthi nó inti agus a chuirfidh an cumann chuig aon duine cuirfidh an cumann síos i litreacha inléite, i ndáil le gach stiúrthóir, a shloinne láithreach maille lena thúsainm láithreach (nó túslitreacha an túsainm sin) agus aon ainm nó sloinne a bhíodh air.

(2) I gcás imthosca speisialta a bheith ann a thabharfaidh gur fóirsteanach, i dtuairim an Bhainc Ceannais, díolúine den sórt sin a thabhairt, féadfaidh an Banc Ceannais, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, díolúine a thabhairt ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an alt seo.

Daoine áirithe a bheith dícháilithe chun gníomhú mar stiúrthóirí nó mar iniúchóirí ar chumainn fhoirgníochta nó chun iad a bhainistí.

64. —(1) Aon duine a breithníodh ina fhéimheach agus a bhfuil a fhéimheacht ar marthain fós nó a ciontaíodh i gcion indíotáilte i ndáil le cumann foirgníochta nó lenar ghabh calaois nó mímhacántacht nó a ndearnadh ordú dícháiliúcháin ina choinne, ní bheidh sé cáilithe chun a cheaptha, ná chun gníomhú, mar oifigeach, mar iniúchóir, mar ghlacadóir nó mar leachtaitheoir ar chumann nó chun baint ar bith, díreach nó neamhdhíreach, a bheith aige le tionscnamh, foirmiú, stiúradh nó bainistí cumainn ná chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh, i bhfoirmiú, i stiúradh ná i mbainistí den sórt sin.

(2) (a) I gcás gur deimhin leis an gcúirt in aon imeachtaí nó de thoradh iarratais faoin alt seo—

(i) go raibh duine, fad a bhí sé ina thionscnóir, ina oifigeach, ina iniúchóir, ina ghlacadóir nó ina leachtaitheoir de chuid cumainn, ciontach in aon chalaois i ndáil leis an gcumann, lena chomhaltaí nó lena chreidiúnaithe; nó

(ii) go raibh duine, fad a bhí sé ina thionscnóir, ina oifig each, ina iniúchóir, ina ghlacadóir nó ina leachtaitheoir de chuid cumainn, ciontach in aon sárú ar a dhualgas mar thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir nó leachtaitheoir den sórt sin; nó

(iii) go bhfágann iompar aon duine mar thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir nó leachtaitheoir de chuid cumaínn gur duine neamhinniúil é chun baint a bheith aige le bainistí cumainn; nó

(iv) de thoradh tuarascála ó chigirí a bheidh ceaptha ag an mBanc Ceannais faoin Acht seo, go bhfágann iompar aon duine gur duine neamhinniúil é chun baint a bheith aige le bainistí cumainn; nó

(v) go raibh duine ag mainneachtain, de shíor, i ndáil leis na ceanglais iomchuí;

féadfaidh an chúirt, uaithi féin nó de thoradh an iarratais, ordú dícháiliúcháin a dhéanamh i gcoinne duine den sórt sin go ceann cibé tréimhse is oiriúnach léi.

(b) I mír (a) ciallaíonn “an chúirt” an Ard-Chúirt ach amháin i ndáil le hordú dícháiliúcháin arna dhéanamh ag cúirt uaithi féin faoi mhír (a) (i), (ii), (iii) nó (v) agus sa chás sin folaíonn sé cúirt ar bith.

(3) (a) Chun críocha fho-alt (2) (a) (v) féadfar a chruthú go dochloíte (gan dochar d'aon mhodh cruthaithe eile) go raibh duine ag mainneachtain de shíor i ndáil leis na ceanglais iomchuí trína shuíomh gur tharla, sna 5 bliana dar críoch dáta an iarratais, gur breithníodh ciontach é (cibé acu ar an ócáid chéanna nó nach ea) i 3 mhainneachtain nó níos mó i ndáil leis na ceanglais sin.

(b) Breithneofar go bhfuil duine ciontach i mainneachtain i ndáil le ceanglas iomchuí chun críocha an fho-ailt seo má chiontaítear é in aon chion ar sárú é ar cheanglas iomchuí.

(4) San alt seo ciallaíonn “ordú dícháiliúcháin” ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) nó faoi alt 184 d'Acht 1963.

(5) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an Banc Ceannais iarratas faoi fho-alt (2) a dhéanamh.

(6) Is iad na daoine a fhéadfaidh iarratas faoi mhír (a) (i), (ii) nó (iii) d'fho-alt (2) a dhéanamh aon chomhalta, oifigeach, iniúchóir, glacadóir, leachtaitheoir nó creidiúnaí de chuid aon chumainn—

(a) a raibh nó a bhfuil an duine is ábhar don iarratas ag gníomhú, nó a mbeartaíonn sé gníomhú, nó a mbeartaítear é a chur ag gníomhú, mar oifigeach, iniúchóir, glacadóir nó leachtaitheoir i ndáil leis an gcumann, nó

(b) a raibh nó a bhfuil baint ag an duine is ábhar don iarratas le tionscnamh, foirmiú, stiúradh nó bainistí an chumainn nó a raibh nó a bhfuil páirt aige ann nó a mbeartaíonn sé baint a bheith aige leis nó páirt a bheith aige ann,

agus i gcás gur comhalta nó creidiúnaí de chuid an chumainn a dhéanfaidh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt a cheangal go dtabharfaí urrús i leith chostais uile an iarratais nó i leith cuid de na costais sin.

(7) I gcás ina mbeartaítear iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) i leith aon duine, déanfaidh an t-iarratasóir fógra 10 lá ar a laghad faoina bhfuil beartaithe aige a thabhairt don duine sin.

(8) Aon duine a bheidh dícháilithe de bhua an ailt seo féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar fhaoiseamh, go hiomlán nó go páirteach, ón dícháiliú sin agus féadfaidh an Chúirt, más dóigh léi go bhfuil sé cóir agus cothrom sin a dhéanamh, an faoiseamh sin a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(9) Féadfar ordú dícháiliúcháin a dhéanamh ar fhorais is nithe, nó ar fhorais a fholaíonn nithe, seachas ciontuithe coiriúla d'ainneoin go bhféadfaidh an duine a ndéanfar an t-ordú ina leith a bheith faoi dhliteanas coiriúil i leith na nithe sin.

(10) Aon uair a thiocfaidh duine a shealbhaíonn oifig i gcumann chun bheith neamhcháilithe, de bhua an ailt seo, chun oifig a shealbhú, scoirfidh sé láithreach den oifig sin a shealbhú agus measfar gur corrfholúntas an folúntas agus féadfar é a líonadh ar an modh dá bhforáiltear maidir le folúntas den sórt sin i rialacha an chumainn.

(11) Aon duine a bheidh dícháilithe de bhua fho-alt (1) chun aon phost a shealbhú i ndáil le cumann agus a cheadóidh a ainm a chur ar aghaidh lena thoghadh nó lena cheapadh chun an phoist sin beidh sé ciontach i gcion.

(12) Aon duine a ghníomhóidh, i ndáil le haon chumann, ar shlí nó i gcáil atá toirmiscthe air de bhua é a bheith dícháilithe faoi fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion.

(13) San alt seo ciallaíonn “ceanglas iomchuí” aon fhoráil den Acht seo a cheanglaíonn nó a cheangail aon tuairisceán, cuntas nó doiciméad eile a thabhairt don Bhanc Ceannais nó a chur chuige, nó fógra i dtaobh aon ní a thabhairt dó.

Clár comhaltaí.

65. —(1) Coimeádfaidh gach cumann foirgníochta clár d'ainmneacha agus de sheoltaí a gcomhaltaí.

(2) Coimeádfar an clár i bpríomhoifig an chumainn nó, le toiliú i scríbhinn ón mBanc Ceannais, in oifig amháin nó níos mó de chuid an chumainn seachas a phríomhoifig.

(3) Déanfaidh gach cumann a mbeidh breis agus 50 comhalta aige, mura mbeidh an clár i bhfoirm a fhágfaidh gur innéacs é, innéacs d'ainmneacha chomhaltaí an chumainn a choimeád agus, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a ndéanfar aon athrú ar chlár na gcomhaltaí, déanfaidh sé aon athrú is gá ar an innéacs, agus coimeádfar an t-innéacs i gcónaí san áit chéanna ina gcoimeádtar clár na gcomhaltaí.

(4) (a) Féadfaidh comhalta de chumann, d'fhonn cumarsáid a dhéanamh le comhaltaí eile ar ábhar a bhaineann lena ghnóthaí, a iarraidh ar bhord stiúrthóirí an chumainn cibé faisnéis a iarrfaidh sé a chur ar aghaidh chuig na comhaltaí eile sin agus i gcás inar deimhin leis an mbord, ag féachaint do leasanna na gcomhaltaí i gcoitinne agus d'aon imthosca iomchuí eile, gur de mheon macánta atá an iarraidh á déanamh, déanfaidh sé de réir na hiarrata.

(b) I gcás ina ndéanfaidh cumann de réir iarrata faoi mhír (a) dlífidh an t-iarratasóir aon chostais a íoc a thabhóidh an cumann ag comhlíonadh na hiarrata dó agus féadfaidh an cumann a cheangal ar an iarratasóir urrús a thabhairt le haghaidh íoc na gcostas.

(5) Má dhiúltaíonn cumann déanamh de réir iarrata faoi fho-alt (4), cuirfidh sé na forais a bhí leis an diúltú in iúl don chomhalta a rinne an iarraidh agus féadfaidh an comhalta an diúltú a tharchur chuig an mBanc Ceannais.

(6) Déanfar cinneadh ar iarraidh faoi fho-alt (4) a chur in iúl don chomhalta a rinne an iarraidh laistigh de thréimhse míosa tar éis an lá a bhfuair an cumann an iarraidh.

(7) I gcás ina dtarchuirfidh iarratasóir diúltú chuig an mBanc Ceannais faoi fho-alt (5), féadfaidh an Banc, de réir mar is cuí leis, tar éis dó aon uiríll a rinne an cumann a éisteacht, a ordú don chumann déanamh de réir na hiarrata faoi réir cibé sriantachtaí nó coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann leis an gcineál faisnéise a bheidh le tabhairt, agus le comhshocraíochtaí chun costais a íoc) is dóigh leis an mBanc is cuí.

(8) Tráth ar bith a mbeidh údarú cumainn cúlghairthe faoi alt 40 beidh an ceart ag 10 gcomhalta ar bith den chumann ainmneacha agus seoltaí chomhaltaí an chumainn a fháil ón gclár a choimeádtar faoi fho-alt (1) d'fhonn cumarsáid a dhéanamh leo ar ábhar a bhaineann le gnóthaí an chumainn.

Clár stiúrthóirí, etc.

66. —(1) Coimeádfaidh gach cumann foirgníochta ina phríomhoifig nó, le toiliú i scríbhinn ón mBanc Ceannais, ag oifig amháin nó níos mó de chuid an chumainn seachas a phríomhoifig, clár ina mbeidh na sonraí seo a leanas i ndáil le gach stiúrthóir, leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an rúnaí de chuid an chumainn—

(a) a shloinne láithreach agus a thúsainmneacha láithreacha agus aon ainmneacha a bhíodh air agus, i gcás duine ar a dtugtar teideal seachas an “sloinne” atá aige, an teideal sin;

(b) a ghnáth-sheoladh cónaithe;

(c) a áit bhreithe agus a dháta breithe;

(d) a náisiúntacht;

(e) i gcás stiúrthóra, a shlí bheatha gnó (más ann); agus

(f) sonraí i dtaobh aon stiúrthóireachtaí eile ar chomhlachtaí corpraithe, cibé acu corpraithe sa Stát nó áit éigin eile, atá aige nó a bhí aige laistigh de na 5 bliana roimhe sin.

(2) (a) Déanfaidh cumann, laistigh den tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (b), tuairisceán a chur chuig an mBanc Ceannais, i cibé foirm a iarrfaidh an Banc sin, maidir leis na sonraí atá i gclár faoin alt seo mar aon le fógra faoi aon athrú ar an gclár agus dáta an athraithe sin.

(b) Is iad na tréimhsí a luaitear i mír (a)—

(i) i gcás an tuairisceáin, 14 lá ó dháta thosach feidhme an ailt seo i gcás cumann a bheith corpraithe roimh an tosach feidhme sin, agus 14 lá ó dháta ceaptha na gcéad stiúrthóirí i gcás ina gcorprófar cumann tar éis an tosach feidhme sin; agus

(ii) i gcás athraithe, 14 lá ón athrú.

(3) Féadfaidh aon chomhalta de chumann nó aon duine eile cóip den chlár nó d'aon chuid de a éileamh ar cibé táille a íoc a shocróidh an Banc Ceannais, agus cuirfidh an cumann faoi deara aon chóip a éilíodh amhlaidh a chur chuig an duine laistigh de thréimhse 10 lá tar éis an lá a bhfuair an cumann an iarraidh ar an gcóip.

(4) Beidh clár faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh saor in aisce ag aon chomhalta, agus lena iniúchadh ag aon duine eile ar cibé táille a íoc a shocróidh an Banc Ceannais, faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an cumann áirithe sin i gcruinniú ginearálta dó, ach sin ar chaoi go mbeidh 2 uaire an chloig ar a laghad lamháilte le haghaidh iniúchadh a dhéanamh i ngach lá gnó.