An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XII Foirceannadh, etc.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID XIII

Ilghnéitheach

Bliain airgeadais chumainn.

113. —(1) Is í bliain airgeadais chumainn foirgníochta an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31ú lá de Nollaig.

(2) Is í bliain airgeadais tosaigh chumainn cibé tréimhse dar críoch deireadh na bliana féilire ina bhfoirmítear é agus is í bliain airgeadais deiridh chumainn cibé tréimhse, is giorra ná 12 mhí, dar críoch an dáta ar chuige a dhéanann an cumann suas a chuid cuntas deiridh.

Dliteanas oifigigh.

114. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is foráil ar neamhní aon fhoráil (i rialacha cumainn foirgníochta nó in aon chonradh le cumann nó ar shlí eile) chun oifigeach nó iniúchóir cumainn a dhíolmhú ó aon dliteanas, nó a shlánú in aghaidh aon dliteanais, a bheadh air thairis sin de bhua aon riail dlí, maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais a bhféadfaidh sé a bheith ciontach ann i ndáil leis an gcumann.

(2) Féadfaidh cumann oifigeach nó iniúchóir den sórt sin a shlánú in aghaidh aon dliteanas a thabhaigh sé ag cosaint imeachtaí, sibhialta nó coiriúil, inar tugadh breithiúnas ina fhabhar nó inar éigiontaíodh é, nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 115 ina dtugtar faoiseamh dó.

Cumhacht cúirte faoiseamh a thabhairt d'oifigeach cumainn.

115. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais in aghaidh oifigigh nó iniúchóra cumainn foirgníochta, gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht an cháis go bhfuil an t-oifigeach nó an t-iniúchóir sin, nó go bhféadfadh sé a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, ach gur ghníomhaigh sé go hionraic agus go réasúnach agus gur chóir, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear imthosca a cheaptha), an fhaillí, an mhainneachtain, an sárú dualgais nó an sárú iontaobhais a mhaitheamh dó, féadfaidh an chúirt sin faoiseamh (iomlán nó páirteach) a thabhairt dó óna dhliteanas ar cibé téarmaí is oiriúnach leis an gcúirt.

(2) I gcás go mbeidh cúis ag oifigeach nó iniúchóir cumainn a bheith imníoch go ndéanfar, nó go bhféadfadh go ndéanfaí, aon éileamh ina aghaidh maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt, agus beidh ag an gCúirt, ar aon iarratas den sórt sin a fháil, an chumhacht chéanna chun faoiseamh a thabhairt dó a bheadh aici faoin alt seo dá mba chúirt í a mbeadh imeachtaí tionscanta os a comhair in aghaidh an duine sin mar gheall ar an bhfaillí, ar an mainneachtain, ar an sárú dualgais nó ar an sárú iontaobhais sin.

(3) I gcás aon chás lena mbaineann fo-alt (1) a bheith á thriail ag breitheamh mar aon le giúiré, féadfaidh an breitheamh, tar éis an fhianaise a éisteacht, más deimhin leis gur chóir faoin bhfo-alt sin faoiseamh, iomlán nó páirteach, a thabhairt don chosantóir ón dliteanas a bheifear a iarraidh a fheidhmiú ina choinne, an cás a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón ngiúire agus a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an chosantóra ar cibé téarmaí i leith costas nó eile is cuí leis an mbreitheamh.

Forálacha maidir le fianaise.

116. —(1) Aon deimhniú corpraithe nó clárúcháin nó aon doiciméad eile i ndáil le cumann foirgníochta, a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach údaraithe don Bhanc Ceannais, nó ag Cláraitheoir na gCumann Foirgníochta faoi na hachtacháin aisghairthe measfar, cheal aon fhianaise dá mhalairt, é a bheith eisithe ag an mBanc Ceannais nó ag an gCláraitheoir, de réir mar a bheidh, agus glacfar i bhfianaise dá réir sin é.

(2) Aon doiciméad clóite a airbheartaíonn gur cóip é de mheabhrán nó de rialacha cumainn agus a mbeidh sé deimhnithe ag oifigeach don chumann gur cóip dhílis é de mheabhrán nó de rialacha cláraithe an chumainn measfar, cheal aon fhianaise dá mhalairt, gur cóip dhílis é dá mheabhrán nó dá rialacha agus glacfar i bhfianaise dá réir sin é.

Foirm clár, taifead, etc.

117. —(1) Cothabhálfaidh cumann foirgníochta, i dteannta na dtaifead a cheanglaítear ar chumann a choimeád de bhua alt 76, cibé taifid eile a shonróidh an Banc Ceannais.

(2) Aon chlár nó taifead a cheanglaítear a choimeád leis an Acht seo nó faoi, féadfar é a choimeád trí iontrálacha a dhéanamh i leabhair cheangailte nó trí na nithe atá i gceist a thaifeadadh in aon slí eile ar choinníoll go mbeidh fáil go réidh ar an taifeadadh sin agus gur féidir é a thiontú go réidh go dtí foirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit.

(3) Aon dualgas a fhorchuirtear leis an Acht seo cead iniúchta a thabhairt maidir le taifead nó le haon chuid de, nó cóip de thaifead nó d'aon chuid de a thabhairt, déileálfar leis mar dhualgas cead iniúchta a thabhairt maidir le hatáirgeadh, nó cóip a thabhairt d'atáirgeadh, den taifead nó den chuid iomchuí den taifead i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit.

(4) I gcás nach trí iontrálacha a dhéanamh i leabhar ceangailte ach gur ar shlí éigin eile a choimeádtar aon chlár nó taifead a cheanglaítear a choimeád leis an Acht seo nó faoi, déanfaidh an duine ar a gceanglaítear an clár nó an taifead a choimeád leorchúram a ghlacadh in aghaidh falsaithe agus chun fionnadh aon fhalsaithe den sórt sin a éascú.

(5) Féadfaidh an Banc Ceannais, ó am go ham, foirm aon iarratais, fógra nó doiciméid eile a cheanglaítear a dhéanamh nó a chur chuige faoin Acht seo a shonrú.

(6) Gan dochar d'aon fhoráil eile de chuid an Achta seo, féadfaidh an Banc Ceannais na táillí a shocrú a bheidh le híoc as iniúchadh a dhéanamh ar aon doiciméad, nó as aon chóipeanna a thabhairt, a bheidh faoina choimeád nó i ndáil le feidhmiú aon fheidhme dá chuid faoin Acht seo agus déanfar aon airgead a gheobhaidh sé amhlaidh a íoc isteach i gciste ginearálta an Bhainc.

Díolúine ó dhleacht stampa.

118. —(1) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim trína ndéantar scair i gcumann foirgníochta a aistriú.

(2) Ní bheidh dleacht stampa, seachas dleacht stampa dá bhforáiltear in ailt 67 go 75 den Acht Airgeadais, 1973 , inmhuirearaithe ar aon aistriú, tíolacas nó ionstraim eile a fhorghníomhófar chun éifeacht a thabhairt do chónascadh cumann nó d'aistriú gealltanas faoi Chuid X nó do chomhshó cumainn ina chuideachta phoiblí theoranta faoi Chuid XI.

Cionta.

119. —(1) (a) Aon chumann foirgníochta nó duine—

(i) a fuair údarú trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mí-rialta eile,

(ii) a sháróidh alt 17, 18 (3), 25 nó 41,

(iii) a sháróidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, coinníoll atá forchurtha go cuí ar údarú faoi alt 17 nó ar cheadú cumhacht a fheidhmiú faoi alt 36, nó

(iv) a mhainneoidh déanamh de réir treorach faoi alt 40, an Ceathrú Sceideal nó alt 42 nó ceanglais faoi alt 39,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(I) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(II) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosún acht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(b) Má leantar tar éis an chiontaithe den sárú nó den mhainneachtain inar ciontaíodh an cumann nó aon duine faoi mhír (a), beidh an cumann nó an duine ciontach i gcion breise ar gach lá a leanfar den sárú nó den mhainneachtain agus, in aghaidh gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur ar an gcumann nó ar an duine in ionad an phionóis a shonraítear maidir leis an sárú bunaidh nó leis an mainneachtain bhunaidh.

(2) Aon chumann nó duine a sháróidh ceanglas den Acht seo nó faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(3) (a) Aon chumann nó aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2), nó a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil eile den Acht seo nach bhforáiltear aon phionós go sonrach ina leith, dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air; nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte i gcás pearsan aonair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air.

(b) Má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú inar ciontaíodh cumann nó duine faoi mhír (a), beidh an cumann nó an duine ciontach i gcion breise ar gach lá a leanfar den sárú agus, in aghaidh gach cion den sórt sin, dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000, a chur ar an gcumann nó ar an duine in ionad an phionóis a shonraítear maidir leis an sárú bunaidh.

(4) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an Banc Ceannais imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(5) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 3 bliana ó dháta an chiona.

(6) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag cumann nó ag comhlacht corpraithe eile nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe eile agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh aon duine, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh aon duine, is oifigeach nó fostaí de chuid an chumainn nó an chomhlachta sin, beidh an duine sin ciontach sa chion.

Faisnéis bhréagach a thabhairt, etc.

120. —(1) Aon duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe aon fhorála den Acht seo nó aon rialacháin faoi, freagra nó míniú a thabhairt, ráiteas a dhéanamh nó aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a thabhairt ar aird, a lóisteáil nó a sheachadadh, agus é bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach, nó a dhéanfaidh, go meargánta, freagra nó míniú a thabhairt, ráiteas a dhéanamh nó aon doiciméad den sórt sin a thabhairt ar aird, a lóisteáil nó a sheachadadh, agus é bréagach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion:

(2) I gcás duine a bheith ciontach i gcion faoi fho-alt (1) agus gurb é tuairim na Cúirte, maidir le haon ghníomh, neamhghníomh nó iompar arbh é an cion sin é—

(a) gur chuir sé go mór le héagumas cumainn a fhiacha a íoc,

(b) gur chuir sé cosc, nó treampán mór, ar fhoirceannadh ordúil an chumainn, nó

(c) gur urasaigh sé go mór calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe an chumainn nó ar chreidiúnaithe aon duine eile,

dlífear, ar an duine sin a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air.

(3) (a) Aon oifigeach de chuid cumainn a scriosfaidh, a aghlotfaidh nó a fhalsóidh aon taifead nó doiciméad a dhéanann difear do mhaoin nó do ghnóthaí an chumainn nó a bhaineann leo, nó a bheidh ionpháirteach ina scriosadh, ina aghlot nó ina fhalsú, nó a dhéanfaidh iontráil bhréagach ann nó a bheidh ionpháirteach in iontráil bhréagach a dhéanamh ann, beidh sé ciontach i gcion mura gcruthóidh sé nach raibh sé ar intinn aige an dlí a shárú.

(b) Aon duine den sórt a luaitear i mír (a) a dhéanfaidh, go calaoiseach, aon taifead nó doiciméad den sórt sin a thabhairt uaidh nó a athrú nó ní éigin a fhágáil ar lár as, nó atá ionpháirteach in aon taifead nó doiciméad den sórt sin a thabhairt uaidh nó a athrú, go calaoiseach, nó i ní éigin a fhágáil go calaoiseach as, beidh sé ciontach i gcion.

(4) I gcás duine a bheith ciontach i gcion faoi fho-alt (3) dlífear, ar an duine sin a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana, nó iad araon, a chur air.

Breithiúnais in aghaidh cumainn.

121. —(1) Aon uair a gheobhaidh duine (dá ngairtear creidiúnaí breithiúnais san alt seo), in aon chúirt, breithiúnas, ordú nó foraithne in aghaidh cumainn foirgníochta chun suim airgid a bheidh dlite den chumann don chreidiúnaí breithiúnais a íoc, tabharfaidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte áirithe scéala, a luaithe is féidir, don Bhanc Ceannais faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne agus faoi théarmaí an chéanna agus faoi aon achomharc i gcoinne an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne agus faoi thoradh an achomhairc sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), mura ndéanfaidh an cumann, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, an t-airgead go léir a bheidh dlite a íoc (nó, i gcás costas, de rogha an chumainn, urrús a thabhairt ina leith in ionad iad a íoc) nó na héilimh go léir faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne a shásamh, measfar an cumann a bheith éagumasach ar fhreastal dá oibleagáidí dá chreidiúnaithe agus a bheith, chun críocha alt 109, éagumasach ar a chuid fiacha a íoc.

(3) Má thionscnaítear achomharc in aon chúirt in aghaidh an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, féadfaidh an chúirt sin nó an chúirt a thug an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne feidhmiú fho-alt (2) a chur siar, le hordú, go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir fho-alt (4), ar cibé téarmaí, a shocróidh an chúirt áirithe agus a shonróidh sí san ordú.

(4) Má dhéanann cúirt ordú faoi fho-alt (3), féadfaidh sí a cheangal ar an gcumann lena mbaineann an t-ordú, de réir mar is cuí leis an gcúirt sin, suim ar cóimhéid leis an airgead go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a thaisceadh sa chúirt nó cibé urrús a thabhairt a chinnfidh an chúirt go n-íocfar leis an gcreidiúnaí breithiúnais an t-airgead sin go léir, agus, ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim nó urrús sa bhreis i leith chostais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt is cóir.

(5) Féadfaidh an chúirt a rinne ordú faoi fho-alt (3), nó a dtabharfar achomharc os a comhair i ndáil leis, an t-ordú a athrú nó a chúlghairm.

Comhad poiblí cumainn.

122. —(1) Déanfaidh an Banc Ceannais comhad i ndáil le gach cumann foirgníochta, ar a dtabharfar comhad poiblí an chumainn, a ullmhú agus a chothabháil ina phríomhoifig, agus is é a bheidh sa chomhad sin na doiciméid nó, de réir mar a bheidh, na cóipeanna de na doiciméid, agus na taifid de na nithe, a ordaítear leis an Acht seo, nó faoin Acht seo, a choimeád i gcomhad poiblí an chumainn.

(2) Beidh aon duine den phobal i dteideal—

(a) comhad poiblí aon chumainn a iniúchadh tar éis dó fógra réasúnach a thabhairt i dtosach, nó

(b) go dtabharfar dó cóip de na doiciméid nó de na taifid go léir, nó d'aon doiciméad nó taifead, a choimeádtar i gcomhad poiblí an chumainn, ar é d'íoc cibé táille, más ann, a chinnfidh an Banc Ceannais.

Fóirdheontas ón Aire maidir le hús ar iasachtaí tithíochta arna dtabhairt ag cumann.

123. —(1) Féadfaidh an tAire, de réir scéime a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais, fóirdheontas a íoc le cumann foirgníochta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, maidir le hús is iníoctha ag comhalta leis an gcumann i leith iasachta tithíochta.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar na nithe seo a leanas a shonrú i scéim faoin alt seo—

(a) aicme nó aicmí daoine a bhféadfar fóirdheontas a íoc ina leith faoi threoir a ndálaí airgeadais,

(b) aicme nó aicmí iasachtaí a bhféadfar an fóirdheontas a íoc ina leith, nó

(c) aicme nó aicmí tithe ag urrú na hiasachta a bhféadfar an fóirdheontas a íoc ina leith.

(3) San alt seo folaíonn “iasacht tithíochta” iasacht atá le haisíoc agus atá urraithe trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, i dteach a mhorgáistiú faoi na hachtacháin aisghairthe.

Cosaintí agus forálacha eatramhacha.

124. —(1)  (a) Aon ordú, rialachán, riail, comhaontú, achomharc, iarratas, tíolacadh, cinneadh, íocaíocht nó tarchur a rinneadh, nó aon léas, iasacht, morgáiste, ceadú, toiliú nó treoir a tugadh, aon cheanglas a forchuireadh, aon deimhniú nó ionstraim a eisíodh nó aon chlár a coimeádadh, aon rún a ritheadh, aon fhógra a seirbheáladh, nó aon ní eile a rinneadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus a d'fhéadfaí a dhéanamh, a thabhairt, a fhorchur, a eisiúint, a choimeád, a rith nó a sheirbheáil faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní chuirfidh aon aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ó bhail é ach, má bhí sé i bhfeidhm díreach sular aisghaireadh an t-achtachán sin amhlaidh, beidh éifeacht leis ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh, a tugadh, a forchuireadh, a eisíodh, a coimeádadh, a ritheadh nó a seirbheáladh é (cibé acu é), mura bhforáiltear a mhalairt.

(b) Beidh feidhm ag mír (a) maidir leis an gCláraitheoir, an Aire nó an Aire Airgeadais do dhéanamh aon ní a d'fhéadfadh an Banc Ceannais a dhéanamh faoin Acht seo.

(2) Ní dhéanfaidh na haisghairmeacha a dhéantar leis an Acht seo difear do chlárú ná do chorprú aon chumainn foirgníochta a cláraíodh nó a corpraíodh faoi achtachán a aisghairtear amhlaidh, agus measfar gur clárú nó corprú faoin Acht seo aon chlárú nó corprú den sórt sin.

(3) I gcás ar cion faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo aon ghníomh nó neamhghníomh, agus go bhforálann an t-achtachán sin pionós mar gheall ar leanúint den chion, is cion, faoin bhforáil den Acht seo atá ar comhréir leis an bhforáil den achtachán aisghairthe a bhunaigh an cion, leanúint den ghníomh nó den neamhghníomh tar éis thosach feidhme an ailt seo.

(4) Déanfar aon tagairt in aon achtachán eile nó in aon doiciméad d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don fhoráil chomhréire den Acht seo.

(5) Déanfaidh cumann a corpraíodh faoi na hachtacháin aisghairthe na nithe seo a leanas laistigh de thréimhse 2 bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo—

(a) comhaontú trí rún speisialta—

(i) ar chuspóirí an chumainn,

(ii) ar cibé ar chóir dó aon chumhachtaí inghlactha a ghlacadh (fara nó d'éagmais srianta) agus, más cóir, cad iad na cumhachtaí iad, agus

(iii) ar cibé ar chóir dó glacadh le srianta ar mhéid a chumhachtaí eile faoin Acht seo agus, más cóir, cad iad na srianta iad,

i meabhrán a mbeidh a fhorálacha de réir cheanglais Chuid I den Dara Sceideal;

(b) comhaontú, trí rún speisialta, ar rialacha ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis an Acht seo agus le haon rialacháin a dhéanfar faoi; agus

(c) 3 chóip den mheabhrán nó de na rialacha, de réir mar a bheidh, a sheachadadh ar an mBanc Ceannais, a mbeidh gach cóip acu sínithe ag rúnaí an chumainn agus dearbhú reachtúil ón rúnaí ag gabháil léi á rá gur aontaíodh an meabhrán nó na rialacha trí rún a ritheadh mar rún speisialta, agus a iarraidh go gclárófar an meabhrán nó na rialacha.

(6) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag fo-ailt (3), (5) agus (6) d'alt 14 maidir le haon doiciméad a sheachadfar ar an mBanc Ceannais faoi fho-alt (5) (c).

(7) Le linn dó bheith ag aontú ar a mheabhrán nó ar a rialacha faoi fho-alt (5), cinnfidh an cumann, faoi réir fho-alt (8), an dáta a bhfuil sé beartaithe ag an gcumann go dtiocfaidh sé nó siad in éifeacht agus beidh ráiteas ag sonrú an dáta sin ag gabháil leis an meabhrán nó leis na rialacha a chuirfear chuig an mBanc Ceannais.

(8) Beidh éifeacht le forálacha meabhráin nó rialacha a chlárófar faoin alt seo ar an dáta a shonraítear i bhfo-alt (7) nó, mura ndéanfar an meabhrán nó na rialacha a chlárú go dtí dáta is déanaí, ar an dáta sin is déanaí.

(9) Ní shonrófar aon dáta faoi fho-alt (7), i ndáil le meabhrán nó rialacha cumainn, ar dáta é is déanaí ná 6 mhí tar éis dáta an chruinnithe ag ar aontaigh an cumann ar an meabhrán nó ar na rialacha, de réir mar a bheidh.

(10) Na rialacha cumainn a bhí i bhfeidhm an 21 Nollaig, 1988, leanfaidh siad i bhfeidhm maidir leis an gcumann sin go dtí an dáta a chinnfear de réir fho-alt (8) ach beidh éifeacht le forálacha an Achta seo, cé is moite de Chuid II den Dara Sceideal, agus forléireofar na rialacha sin dá réir sin.

(11) Chun críocha alt 50, measfar aon stiúrthóir láithreach ar chumann a bheith tofa go cuí mar stiúrthóir ar an data ar ar toghadh mar stiúrthóir é nó; de réir mar a bheidh, ar an dáta is déanaí ar ar atoghadh chun na hoifige sin é roimh thosach feidhme an ailt seo.

(12) Dá rachadh téarma oifige stiúrthóra láithrigh in éag, de réir na dtéarmaí ar a sealbhaíonn sé oifig, ar dháta is luaithe ná an dáta dá bhforáiltear le fo-alt (11), scarfaidh sé lena oifig ar an dáta sin is luaithe.

(13) Más rud é, ag tosach feidhme an ailt seo, go bhfuil stiúrthóir láithreach i seilbh oifige, ón dáta ar ar toghadh é nó ón dáta is déanaí ar ar atoghadh é, ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse dá bhforáiltear in alt 50 (10), scoirfidh sé dá oifig ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den chumann tar éis thosach feidhme an ailt seo.

Feidhmeanna a aistriú chuig an mBanc Ceannais.

125. —(1) Ó thosach feidhme an ailt seo, déanfar imeachtaí i ndáil le cumainn fhoirgníochta a bheidh ar feitheamh os comhair Chláraitheoir na gCumann Foirgníochta faoi na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1986, a aistriú chuig an mBanc Ceannais, agus déileálfaidh an Banc Ceannais leo, faoin Acht seo.

(2) Ar thosach feidhme an ailt seo déanfaidh an Cláraitheoir, a mhéid a cheanglóidh an Banc Ceannais, na doiciméid agus na taifid go léir i ndáil le cumainn fhoirgníochta a bheidh i seilbh a oifige a aistriú chuig an mBanc.

Leasuithe ar na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, agus ar an Bills of Exchange Act, 1882.

126. —(1) Leasaítear leis seo alt 9 (1) den Bankers' Books Evidence Act, 1879 (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959 ) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d)—

“(e) a building society (within the meaning of the Building Societies Act, 1989).”.

(2) Leasaítear leis seo alt 2 den Bills of Exchange Act, 1882, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Banker”—

“‘Banker’ includes a body of persons whether incorporated or not who carry on the business of banking and a building society (within the meaning of the Building Societies Act, 1989).”.

Aitheantas a thabhairt do chuntais chumainn foirgníochta.

127. —(1) Déanfar aon tagairt in aon achtachán d'airgead a thaisceadh nó do chuntas a choinneáil i mbanc a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'airgead a thaisceadh le cumann foirgníochta, nó do chuntas a choinneáil i gcumann foirgníochta, atá údaraithe de réir bhrí alt 17, agus na forálacha d'aon achtachán den sórt sin a bhaineann le cearta agus oibleagáidí bainc i leith cuntas i mbanc beidh feidhm acu maidir le cumann foirgníochta mar atá feidhm acu maidir le banc.

(2) Féadfar aon taisce nó cuntas lena mbaineann fo-alt (1) a shealbhú i bhfoirm scairshealúchais sa chumann.