12 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1989


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Cúnamh dífhostaíochta — lánúineacha.

2.

Éilimh áirithe.

3.

Neamh-inghnóthaitheacht.

4.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985

1985, Uimh. 14

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988

1988, Uimh. 7

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1931 go 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1989


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1989. [7 Meitheamh, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cúnamh dífhostaíochta — lánúineacha.

1. —Leasaítear leis seo alt 12 (arna leasú le halt 25 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1988 ) den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás lánúin a bhfuil an bheirt acu i dteideal cúnamh dífhostaíochta a íoc leo, ní rachaidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun Chaibidil 2 de Chuid III den Phríomh-Acht thar an méid a bheadh iníoctha sa chás nach raibh ach aon duine amháin díobh i dteideal cúnamh dífhostaíochta a íoc leis agus gur chleithiúnaí aosaithe an duine eile, agus beidh gach duine acu i dteideal leath an méid a íoc leis a bheadh iníoctha leis dá mba é an duine eile a chleithiúnaí aosaithe.”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise, pinsin scoir nó pinsin easláine, agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo, ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin, de réir mar a bheidh, agus an chúnaimh dífhostaíochta sin (dá ngairtear‘an méid iomchuí’san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh, nó an méid iomlán cúnaimh dífhostaíochta, cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’san fho-alt seo) a bheadh, iníoctha sa chás nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó cúnaimh dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, agus go raibh méadú i leith an duine eile mar a chleithiúnaí aosaithe ar áireamh sa sochar, sa phinsean nó sa chúnamh dífhostaíochta; agus i gcás gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid cúnaimh dífhostaíochta is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an chúnaimh dífhostaíochta sin a laghdú de mhéid na breise.

(5) San alt seo ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta atá in aontíos nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.

(6) I bhfo-alt (4) den alt seo ciallaíonn ‘céile’ gach duine de lánúin i ndáil leis an duine eile.”.

Éilimh áirithe.

2. —(1) Duine a éilíonn nó a d'éiligh, an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis, i leith tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, cúnamh dífhostaíochta de mhéid nach mbeadh sé ina theideal dá mbeadh alt 12 infheidhme, ní bheidh sé i dteideal an cúnamh sin a íoc leis ach amháin de réir alt 12.

(2) (a) Aon duine nach ndearna, roimh an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, i leith tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, aon mhéid breise i leith cúnaimh dífhostaíochta a éileamh go sonrach ar méid é nach mbeadh sé ina theideal dá mbeadh alt 12 infheidhme, ní bheidh sé i dteideal an méid breise a íoc leis.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “a éileamh” a éileamh i scríbhinn ón Aire nó a éileamh in imeachtaí a tionscnaíodh in aghaidh an Aire in aon chúirt.

(3) San alt seo ciallaíonn “alt 12” fo-ailt (1), (4), (5) agus (6) d'alt 12 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 .

Neamhinghnóthaitheacht.

3. —Aon mhéid a íocadh go cuí le haon duine roimh dháta an Achta seo a rith ar mhodh cúnaimh dífhostaíochta a bheadh inghnóthaithe ag an Aire de thoradh an Achta seo, ní bheidh sé inghnóthaithe amhlaidh.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

(3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989” an tAcht seo.