An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Chorparáide)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

Caibidil II

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1990” a chur in ionad “1988” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 )—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus

(b) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990 nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990 nó dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “1990-91” a chur in ionad “1988-89” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) i bhfo-alt (3), agus

(b) trí “1990” a chur in ionad “1988” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1988 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll), agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1990-91.

(5) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976 go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn brabúis trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó dá éis:

(3) Más rud é, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, go mbeidh duine i dteideal asbhainte faoi fho-alt (2) d'alt 31A den Acht Airgeadais, 1975 , nó faoi fho-alt (2) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , i leith méadú ar stocluach agus go mbeidh laghdú ar stocluach le háireamh, de réir fho-alt (7) nó (9) den alt sin 31A nó fho-alt (5) nó (6) den alt sin 12, mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhse chuntasaíochta dá éis sin, ansin beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas ionann is dá mba thagairtí do “7 mbliana” na tagairtí iontu do “10 mbliana”, is é sin le rá—

(a) san alt sin 31A, sa mhíniú ar A sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (7) agus sa mhíniú ar D sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (9),

(b) san alt sin 12, sa mhíniú ar A sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (5) agus sa mhíniú ar D sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (6), agus

(c) san Acht Airgeadais, 1982 , sa mhíniú ar A sa choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 13.

(4) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta.

Liúntais chaipitiúla maidir le feithiclí agus asbhaint i leith feithiclí.

12. —(1) (a) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973 , i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle lena mbaineann na hailt sin, ionann is dá ndéanfaí “£7,000” a chur in ionad “£2,500” gach áit a bhfuil sé sna hailt sin.

(b) An tagairt i mír (a) do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle, ní fholaíonn sí—

(i) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas a tabhaíodh roimh an 26ú lá d'Eanáir, 1989, nó a tabhaíodh laistigh de 12 mhí tar éis an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, agus

(ii) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh roimh an 26ú lá sin d'Eanáir, 1989.

(2) Beidh éifeacht le halt 32 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le caiteachas cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin) arna thabhú tar éis an 25ú lá d'Eanáir, 1989, ionann is dá ndéanfaí “£7,000” a chur in ionad “£3,500”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 251 (liúntais tosaigh maidir le hinnealra agus gléasra) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

13. —Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) (a cuireadh isteach le halt 43 den Acht Airgeadais, 1988 )—

“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo d'aon tréimhse inmhuirearaithe maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra nua—

(a) ní thabharfar aon liúntas faoi alt 241 don tréimhse inmhuirearaithe sin i leith chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin, agus

(b) aon liúntas i leith chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin a bheidh le tabhairt faoin alt sin 241 d'aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, ní mhéadófar é faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , ná faoi alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 .”.

Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

14. —Leasaítear leis seo alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) (a cuireadh isteach le halt 44 den Acht Airgeadais, 1988 ):

“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo d'aon tréimhse inmhuirearaithe maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais—

(a) ní thabharfar aon liúntas faoi alt 264 don tréimhse inmhuirearaithe sin i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil sin, agus

(b) aon liúntas i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil sin a bheidh le tabhairt faoin alt sin 264 d'aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, ní mhéadófar é faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 .”.

Leasú ar alt 22 (feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile) den Acht Airgeádais, 1974 .

15. —Leasaítear leis seo alt 22 (arna leasú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1974 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2):

“(b) maidir leis an liúntas foirgneamh feirme uasta a thabharfar faoin alt seo trí liúntas arna mhéadú faoi mhír (a)—

(i) nach mó é d'aon tréimhse inmhuirearaithe, i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, ná trí dheichiú den chaiteachas caipitiúil sin, agus

(ii) nach mó é san iomlán, i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1ú lá d'Aibreán, 1989 nó dá éis, cibé acu a éilítear é in aon tréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin, ná leath an chaiteachais chaipitiúil sin.”.

Leasú ar alt 25 (méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe) den Acht Airgeadais, 1978 .

16. —Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás ina ndéanfar, d'aon tréimhse inmhuirearaithe, liúntas faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caiteachais cháilithigh, a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil II de Chuid XV den Acht sin i leith an chaiteachais cháilithigh sin don tréimhse inmhuirearaithe sin nó d'aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis.”.

Leasú ar alt 26 (liúntas i leith caiteachais chaipitiúil áirithe ar bhóithre, droichid, etc.) den Acht Airgeadais, 1981 .

17. —Leasaítear leis seo alt 26 (arna leasú le halt 39 den Acht Airgeadais, 1984 ) den Acht Airgeadais, 1981 , maidir le haon chomhaontú iomchuí (de réir bhrí an ailt sin) arna dhéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “1992” a chur in ionad “1989” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”, agus

(ii) trí “, lena n-áirítear ús ar airgead a gheofar ar iasacht faoi chomhair an chaiteachais chaipitiúil sin” a chur isteach i ndiaidh “comhaontú iomchuí” sa mhíniú ar “caiteachas iomchuí”,

agus tá na mínithe sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, go raibh ioncam iomchuí infhaighte aige, agus gur thabhaigh sé caiteachas iomchuí, sa tréimhse inmhuirearaithe nó ina bonn-tréimhse de bhua an chomhaontaithe iomchuí ba bhun leis an ioncam iomchuí, beidh sé, faoi réir fho-alt (3), i dteideal, d'fhonn an méid (más ann) den ioncam iomchuí sin a mbeidh cáin le muirearú air ina leith a chinneadh agus chuige sin amháin—

(a) liúntas is ionann agus leath an chaiteachais iomchuí a fháil don tréimhse inmhuirearaithe sin, agus

(b) liúntas is ionann agus an deichiú cuid den chaiteachas iomchuí a fháil do gach tréimhse de na chéad chúig thréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin ina mbeidh an t-ioncam iomchuí sin infhaighte aige:

Ar choinníoll go measfar, maidir leis an gcaiteachas iomchuí go léir a tabhaíodh roimh an tréimhse inmhuirearaithe inarb infhaighte ioncam iomchuí i gcéaduair, gur ar an gcéad lá den tréimhse inmhuirearaithe sin a tabhaíodh é.”.

AN TÁBLA

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1992;

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil a thabhóidh duine sa tréimhse cháilitheach de bhua comhaontú iomchuí, lena n-áirítear ús ar airgead a gheofar ar iasacht faoi chomhair an chaiteachais chaipitiúil sin, ach ní fholaíonn sé aon chaiteachas a mbeidh teideal ag aon duine ina leith chun asbhainte, faoisimh nó liúntais faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach seachas an t-alt seo;

Cánachas ar ghnóthais chomhinfheistíochta.

18. —(1) San alt seo agus sa Chéad Sceideal—

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, an tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse (de réir bhrí mhír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) ar ar an ioncam nó ar na brabúis uaithi a bheidh an gnóthas inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, d'aon tréimhse inmhuirearaithe (de réir na brí céanna), nó a mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh murach neamhdhóthanacht ioncaim nó brabús:

Ar choinníoll—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar gur sa chéad bhonn-tréimhse amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon,

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do thréimhse inmhuirearaithe amháin agus an bhonn-tréimhse don chéad tréimhse inmhuirearaithe eile, ansin, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus

(c) go ndéanfar an tagairt i mír (a) do dhá thréimhse ag dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse do chomhtheacht le chéile nó do thréimhse amháin a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus go ndéanfar an tagairt don tréimhse a bhaineann leo araon a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cánach agus na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil;

tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá le “an t-aerphort” san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947 ;

ciallaíonn “cáin chuí” i ndáil le méid aon íocaíochta iomchuí a dhéanfaidh gnóthas comhinfheistíochta nó i ndáil le haon mhéid ioncaim iomchuí neamhdháilte de chuid gnóthais den sórt sin, de réir mar a bheidh, suim in ionannas cánach ar mhéid na híocaíochta nó ar mhéid an ioncaim iomchuí neamhdháilte, de réir mar is cuí, de réir ráta is ionann agus an ráta caighdeánach cánach ioncaim a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta nó ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann an t-ioncam iomchuí neamhdháilte, de réir mar a bheidh, tar éis asbhaint a dhéanamh ón tsuim sin de mhéid is ionann agus na méideanna seo a leanas nó de mhéid is ionann agus a gcomhiomlán, eadhon—

(a) i gcás íocaíochta iomchuí—

(i) sa mhéid go ndéanfar í go hiomlán nó go páirteach as ioncam iomchuí a bhí, ar dháta roimhe sin, ina ioncam iomchuí neamhdháilte de chuid an ghnóthais nó ina chuid d'ioncam den sórt sin, méid aon chánach cuí a asbhaineadh ón ioncam iomchuí, nó, más lú an íocaíocht, nó más lú an chuid sin de a dhéanfar as ioncam iomchuí, ná an t-ioncam iomchuí, ón gcuid sin den ioncam iomchuí arb ionannas di an íocaíocht nó an chuid sin den íocaíocht, de réir mar a bheidh, agus

(ii) aon mhéid eile nó méideanna eile cánach a asbhaineadh ó na brabúis iomchuí as a ndéanfar an íocaíocht iomchuí nó, más lú an íocaíocht ná na brabúis, a asbhaineadh ó cibé cuid de na brabúis arb ionannas di an íocaíocht, faoi aon fhoráil de chuid na nAcht anna ar leith ón alt seo, ar méid é nó ar méideanna iad nach inaisíoctha leis an ngnóthas comhinfheistíochta,

(b) i gcás méid ioncaim iomchuí neamhdháilte, aon mhéid nó méideanna cánach a asbhaineadh ón ioncam faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna ar leith ón alt seo, ar méid é nó ar méideanna iad nach inaisíoctha leis an ngnóthas comhinfheistíochta:

Ar choinníoll nach mó méid na hasbhainte ná méid na suime;

tá le “an Limistéar” an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 ;

tá le “gnóchain inmhuirearaithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta”—

(a) scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 , agus

(b) aon ghnóthas eile is gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe de réir bhrí na Rialachán iomchuí, ar gnóthas é a shealbhaíonn údarú a eisíodh de bhun na Rialachán iomchuí i gcás nár cúlghaireadh an t-údarú sin;

tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;

tá le “cuideachta cháilithe” i ndáil le haon ghnó de chuid gnóthais chomhinfheistíochta a sheoltar—

(a) san aerfort, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980 , nó

(b) sa Limistéar, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 , sin;

ciallaíonn “cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, cuideachta cháilithe a dhéanann bainist eoireacht, i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí a sheolann an chuideachta cháilithe, ar na hinfheistíochtaí go léir agus ar na gníomhaíochtaí eile go léir de chuid ghnó an ghnóthais, nó ar aon chuid den chéanna;

ciallaíonn “gnóchain iomchuí”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, gnóchain a fhabhraíonn don ghnóthas ar gnóchain iad a bheadh ina ngnóchain inmhuirearaithe dá mbeidís i lámha duine a chónaíonn sa Stát;

ciallaíonn “ioncam iomchuí”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, aon mhéideanna ioncaim, brabús nó gnóchan a eascraíonn chuig an ngnóthas comhinfheistíochta, nó is infhaighte aige, ar méideanna ioncaim, brabús nó gnóchan iad—

(a) a íoctar nó a íocfar le sealbhóirí aonad mar íocaíochtaí iomchuí, nó

(b) as a ndéantar nó as a ndéanfar íocaíochtaí iomchuí le sealbhóirí aonad, nó

(c) a ndéantar nó a ndéanfar iad a charnadh, nó a infheistiú in urrúis inaistrithe, chun sochair do shealbhóirí aonad,

agus ar méideanna iad a bheadh, dá n-eascróidís chuig pearsa aonair a chónaíonn sa Stát, ina n-ioncam, i lámha na pearsan aonair, chun críocha cánach ioncaim;

ciallaíonn “íocaíocht iomchuí” íocaíocht a dhéanfaidh gnóthas comhinfheistíochta le sealbhóir aonad de bhíthin cearta a tugadh don sealbhóir aonad de thoradh aonad nó aonaid a shealbhú sa ghnóthas comhinfheistíochta, seachas íocaíocht a dhéanfar i ndáil le haonad a chealú, a fhuascailt nó a athcheannach;

ciallaíonn “brabúis iomchuí”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, ioncam iomchuí agus gnóchain iomchuí an ghnóthais;

ciallaíonn “Rialacháin iomchuí” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989);

tá le “oibríochtaí trádála iomchuí”, i ndáil le haon ghnó de chuid gnóthais chomhinfheistíochta a sheolann cuideachta cháilithe—

(a) san aerfort, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980 , nó

(b) sa Limistéar, an bhrí chéanna atá leis chun críocha alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 , sin;

ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán faoi mhír 1 (2) den Chéad Sceideal;

ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta sonraithe” gnóthas comhinfheistíochta—

(a) arb amhlaidh don chuid is mó dá ghnó, sa mhéid gur sa Stát a sheoltar é—

(i) (I) go seoltar í sa Limistéar ag an ngnóthas nó ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach de chuid an ghnóthais, nó ag an ngnóthas agus ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach an ghnóthais, nó

(II) nach seoltar amhlaidh sa Limistéar í ach—

(A) go seoltar amhlaidh sa Stát í,

(B) go seolfaí amhlaidh sa Limistéar í mura mbeadh imthosca nach bhfuil aon smacht ag an duine nó na daoine a sheolann an gnó orthu, agus

(C) go seoltar amhlaidh sa Limistéar í an tráth a thagann deireadh leis na himthosca sin a dúradh,

(ii) go seoltar san aerfort í ag an ngnóthas nó ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach de chuid an ghnóthais, nó ag an ngnóthas agus ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach an ghnóthais,

agus

(b) ach amháin a mhéid a bheidh na haonaid sin á sealbhú ag an ngnóthas é féin nó ag cuideachta bhainisteoireachta cháilitheach an ghnóthais, ar daoine a chónaíonn lasmuigh den Stát sealbhóirí uile na n-aonad sa ghnóthas;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is cuí;

tá le “urrúis inaistrithe” an bhrí chéanna atá leis sna Rialacháin iomchuí;

ciallaíonn “ioncam iomchuí neamhdháilte”, i ndáil le gnóthas comhinfheistíochta, aon ioncam iomchuí a eascraíonn chuig an ngnóthas, nó is infhaighte aige, i dtréimhse chuntasaíochta de chuid an ghnóthais ar ioncam é nach mbeidh, ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta, íoctha leis na sealbhóirí aonad agus nach mbeidh cáin chuí asbhainte uaidh roimhe sin;

folaíonn “aonad” scair agus aon ionstraim eile a thugann teideal—

(a) chun sciar d'infheistíochtaí nó de bhrabúis iomchuí gnóthais chomhinfheistíochta a fháil, nó

(b) chun dáileadh a fháil ó ghnóthas comhinfheistíochta;

ciallaíonn “sealbhóir aonad” i ndáil le gnóthas comhinfhestíochta, aon duine atá, de thoradh aonad a shealbhú, nó faoi théarmaí aonaid, sa ghnóthas, i dteideal sciar d'aon infheistíochtaí nó d'aon bhrabúis iomchuí de chuid an ghnóthais a fháil, nó i dteideal dáileadh a fháil ón ngnóthas.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás ina ndéanfar aon íocaíocht as brabúis iomchuí nó as aon chuid de bhrabúis iomchuí, ónar asbhaineadh aon cháin, lena n-áirítear cáin chuí, agus gur lú an íocaíocht ná na brabúis iomchuí nó an chuid sin de na brabúis iomchuí, is é a bheidh sa mhéid cánach a asbhaineadh amhlaidh is inchurtha i leith na coda de na brabúis arb ionannas di an íocaíocht, an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán na cánach a asbhaineadh ó na brabúis iomchuí nó ón gcuid den chéanna, an chomhréir chéanna atá idir méid na híocaíochta agus méid na mbrabús iomchuí, nó na coda den chéanna, de réir mar a bheidh, agus

(b) aon tagairt san alt seo do mhéid íocaíochta iomchuí forléireofar í mar thagairt don mhéid ar mhéid na híocaíochta iomchuí a bheadh ann mura mbeadh an cháin chuí le hasbhaint ón íocaíocht iomchuí nó ó aon ioncam iomchuí neamhdháilte as a ndéantar an íocaíocht iomchuí nó aon chuid de.

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna, ach faoi réir fho-alt (5), ní bheidh gnóthas comhinfheistíochta inmhuirearaithe i leith cánach maidir le brabúis iomchuí ach beidh cáin inmhuirearaithe ar na brabúis iomchuí sin i lámha aon sealbhóra aonad, lena n-áirítear an gnóthas, lena ndéantar íocaíocht iomchuí arb í na brabúis iomchuí í, nó as na brabúis iomchuí, más rud é agus sa mhéid go mbeadh an sealbhóir aonad inmhuirearaithe i leith cánach sa Stát ar na brabúis iomchuí sin, nó ar cibé cuid de na brabúis iomchuí arb ionannas di an íocaíocht, ar an mbonn agus ar gach caoi ionann is gurbh amhlaidh, faoi réir fho-ailt (4) agus (6), gur eascair nó gur fhabhraigh na brabúis iomchuí, nó an chuid sin de na brabúis iomchuí, chuig an sealbhóir aonad gan gabháil trí lámha an ghnóthais.

(4) Más rud é, de bhun fho-alt (3), go mbeidh cáin le muirearú ar shealbhóir aonad i leith íocaíochta iomchuí—

(a) sa mhéid gur ioncam iomchuí aon mhéid den íocaíocht iomchuí a mbeidh sé le muirearú amhlaidh ina leith, nó sa mhéid gur as ioncam iomchuí a dhéantar é, muirearófar cáin air i leith an méid sin faoi Chás IV de Sceideal D ionann is dá mba mhéid ioncaim é a eascraíonn chuige tráth déanta na híocaíochta, agus

(b) sa mhéid gur gnóchain iomchuí aon mhéid den íocaíocht iomchuí a mbeidh sé le muirearú amhlaidh ina leith, nó sa mhéid gur as gnóchain iomchuí a dhéantar é, déileálfar leis mar dháileadh caipitil de réir bhrí alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus, mura mar sin atá cheana féin, beidh feidhm ag an Acht sin ar gach caoi ionann is dá mba dháileadh caipitil arna dhéanamh ag iontaobhas aonad an méid sin den íocaíocht iomchuí agus ionann is dá mba aonad nó aonaid in iontaobhas aonad an t-aonad nó na haonaid ar ina leith a íoctar í.

(5) (a) Más rud é, maidir le gnóthas comhinfheistíochta nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe—

(i) go ndéanfaidh sé íocaíocht iomchuí de bhrabúis iomchuí, nó as brabúis iomchuí, le sealbhóir aonad a chónaíonn sa Stát, nó

(ii) go mbeidh aon ioncam iomchuí neamhdháilte aige ag deireadh thréimhse chuntasaíochta de chuid an ghnóthais,

asbhainfidh sé an cháin chuí ó mhéid na híocaíochta iomchuí nó ó mhéid an ioncaim iomchuí neamhdháilte, de réir mar a bheidh; agus déanfaidh an sealbhóir aonad lena ndéantar an íocaíocht iomchuí, nó an sealbhóir aonad nó na sealbhóirí aonad a mbeidh teideal aige nó acu chuig an ioncam iomchuí, de réir mar a bheidh, an asbhaint a lamháil agus beidh an gnóthas comhinfheistíochta, ar an íocaíocht iomchuí sin a dhéanamh leis an sealbhóir aonad nó ar aon íocaíocht iomchuí a dhéanamh le haon sealbhóir aonad as an ioncam iomchuí neamhdháilte, de réir mar a bheidh, saortha agus díscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint, nó, i gcás inar lú an íocaíocht iomchuí ná méid an ioncaim iomchuí neamhdháilte, arb ionannas dó an oiread sin den asbhaint is inchurtha i leith na híocaíochta iomchuí, amhail is dá mbeadh an méid airgid íoctha iarbhír leis an sealbhóir aonad.

(b) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun an fo-alt seo a fhorlíonadh.

(6) (a) I gcás ina bhfaighidh sealbhóir aonad íocaíocht iomchuí ó ghnóthas comhinfheistíochta nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe, agus go mbeidh cáin chuí asbhainte ón íocaíocht, nó ó na brabúis iomchuí nó ón gcuid díobh as a ndéantar an íocaíocht, ansin—

(i) beidh an sealbhóir aonad, mura mbeidh cónaí air sa Stát chun críocha cánach tráth déanta na híocaíochta, i dteideal, ar éileamh cuí a dhéanamh agus ar na fíorais a chruthú, go n-aisíocfaí leis an cháin chuí nó an oiread sin de is inchurtha i leith na híocaíochta iomchuí, de réir mar a bheidh, nó

(ii) beidh an sealbhóir aonad i dteideal, in aon chás eile, go ndéanfaí a dhliteanas cánach faoi aon mheasúnacht a dhéanfar i leith na híocaíochta iomchuí, nó aon choda de, a laghdú de shuim is ionann agus an oiread sin, más ann, den cháin chuí is inchurtha i leith méid na híocaíochta iomchuí a bheidh ar áireamh sa mheasúnacht agus, i gcás inar mó an cháin chuí is inchurtha ina leith sin ná a dhliteanas cánach i leith na híocaíochta iomchuí, nó i leith na coda sin den íocaíocht iomchuí a bheidh ar áireamh sa mheasúnacht, go n-aisíocfaí an bhreis leis.

(b) Chun críocha mhír (a) (ii), déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an gcáin chuí a asbhaintear ó íocaíocht iomchuí, nó ó na brabúis iomchuí as a ndéantar í nó aon chuid di, a bheidh cóir agus réasúnach d'fhonn méid na cánach cuí, más aon mhéid é, is inchurtha i leith aon choda den íocaíocht iomchuí a bheidh ar áireamh i measúnacht a chinneadh.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 32 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

(a) amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo—

(i) maidir le hiontaobhas aonad cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin 32), agus

(ii) maidir le diúscairt aonad cáilitheach (de réir na brí céanna) san iontaobhas aonad cáilitheach sin,

i gcás inar gnóthas comhinfheistíochta sonraithe an t-iontaobhas aonad cáilitheach freisin, agus

(b) (i) amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990,

(ii) i gcás feidhm a bheith ag an alt seo, de bhua fho-alt (12) (b), ar lá is luaithe maidir le hiontaobhas aonad cáilitheach is gnóthas comhinfheistíochta, amhail ar an agus ón lá is luaithe sin i dtaca leis an iontaobhas aonad cáilitheach,

maidir le hiontaobhas aonad cáilitheach den sórt sin nó le diúscairt aonad cáilitheach den sórt sin san iontaobhas aonad cáilitheach, i gcás inar gnóthas comhinfheistíochta an t-iontaobhas aonad cáilitheach ach nach gnóthas comhinfheistíochta sonraithe é freisin.

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 13 den Acht Airgeadais, 1976 , maidir le gnóthas comhinfheistíochta, dá mbeadh feidhm aige thairis sin, murach an fo-alt seo.

(9) Maidir le haon ghnóthas comhinfheistíochta is cuideachta (de réir bhrí na nAchtanna Cánach Corparáide)—

(a) aon íocaíocht iomchuí a dhéanfar as brabúis iomchuí an ghnóthais, nó aon íocaíocht a dhéanfar i leith aonad sa ghnóthas a chealú, a fhuascailt nó a athcheannach, ní dhéileálfar léi mar dháileadh chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, agus

(b) dá mba rud é go mbeadh, murach an fo-alt seo, feidhm aige thairis sin, ní bheidh feidhm ag alt 101 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an ngnóthas comhinfheistíochta.

(10) Chun críche aon chomhshocraíochta ag a bhfuil feidhm dlí de bharr alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar nach bhfuil gnóthas comhinfheistíochta inchurtha faoi cháin sa Stát ná nach bhfuil cónaí air ansin.

(11) D'ainneoin fhorálacha alt 200 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon duine nach bhfuil cónaí air sa Stát ní bheidh sé, de bhua na bhforálacha sin, inmheasúnaithe ná inmhuirearaithe in ainm gníomhaire maidir le híocaíocht iomchuí a dhéanfar as brabúis iomchuí gnóthais chomhinfheistíochta.

(12) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) i gcás gnóthais chomhinfheistíochta shonraithe, amhail ar agus ó dháta rite an Achta seo, agus

(b) i gcás aon ghnóthais chomhinfheistíochta eile, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1990, nó cibé lá is luaithe ná sin, ach nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar a gcomhaontóidh na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn le haon ghnóthas comhinfheistíochta eile den sórt sin maidir leis an ngnóthas sin.

Tuairisceáin ó idirghabhálaithe áirithe i ndáil le UCITS.

19. —(1) San alt seo—

tá le “dáileadh” an bhrí chéanna atá leis chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide;

ciallaíonn “idirghabhálaí” aon duine a sholáthraíonn saoráidí iomchuí i ndáil le UCITS iomchuí;

ciallaíonn “Treoracha iomchuí” Treoir 85/611/CEE* ón gComhairle (is Treoir faoi chomhordú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS)) agus aon Treoir ag leasú na Treorach sin ón gComhairle;

ciallaíonn “saoráidí iomchuí”, i ndáil le UCITS iomchuí—

(a) aonaid an UCITS iomchuí a mhargú sa Stát,

(b) gníomhú sa Stát mar idirghabhálaí i gceannach aonad de chuid an UCITS iomchuí ag daoine, nó thar ceann daoine, a chónaíonn sa Stát nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin, agus

(c) saoráidí a sholáthar sa Stát, thar ceann an UCITS iomchuí, ar saoráidí iad chun íocaíochtaí a dhéanamh le sealbhóirí a chuid aonad, chun a chuid aonad a athcheannach nó a fhuascailt, nó chun an fhaisnéis a chur ar fáil a cheanglaítear go cuí ar an UCITS iomchuí a sholáthar chun críocha na dTreoracha iomchuí;

ciallaíonn “UCITS iomchuí” gnóthas—

(a) atá lonnaithe i mballstát de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, seachas sa Stát,

(b) is UCITS chun críocha na dTreoracha iomchuí, agus

(c) a mhargaíonn a chuid aonad sa Stát;

ciallaíonn “UCITS” gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe lena mbaineann na Treoracha iomchuí;

folaíonn “aonaid” scaireanna agus aon ionstraimí eile a thugann teideal—

(a) chun sciar d'infheistíochtaí nó d'ioncam UCITS iomchuí a fháil, nó

(b) chun dáileadh a fháil ó UCITS iomchuí.

(2) Déanfaidh idirghabhálaí, má cheanglaítear air déanamh amhlaidh le fógra ó chigire, tuairisceán ar na nithe seo a leanas a ullmhú agus a sheachadadh ar an gcigire laistigh de cibé tréimhse ama, nach lú ná 30 lá, a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—

(a) ainm agus seoladh gach duine a chónaíonn sa Stát a ndearna an t-idirghabhálaí aon ní acu seo a leanas ina leith i gcúrsa saoráidí iomchuí a sholáthar i ndáil le UCITS iomchuí le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, eadhon—

(i) gníomhú mar idirghabhálaí i gceannach aonad sa UCITS iomchuí ag, nó thar ceann, aon duine acu sin nó i ndíol aonad den sórt sin le daoine den sórt sin,

(ii) saoráidí a sholáthar i ndáil leis an UCITS iomchuí do dhéanamh íocaíochtaí le haon duine acu sin a bhfuil aonaid de chuid an UCITS iomchuí á sealbhú acu, agus

(iii) saoráidí a sholáthar le haghaidh athcheannach nó fuascailt aonad de chuid an UCITS iomchuí a bhí á sealbhú ag aon duine acu sin,

agus

(b) más iomchuí, maidir le gach duine den sórt sin—

(i) ainm agus seoladh gach UCITS iomchuí—

(I) ar cheannaigh an duine sin aonaid dá chuid nó ar ceannaíodh thar a cheann iad, nó ar díoladh leis iad, ar an tslí sin sa tréimhse sin,

(II) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann i ndáil leis an UCITS iomchuí do dhéanamh íocaíochtaí leis an duine sin sa tréimhse sin, agus

(III) ar soláthraíodh saoráidí thar a cheann le haghaidh an UCITS iomchuí do dhéanamh athcheannach nó fuascailt sa tréimhse ar aonaid sa UCITS iomchuí a bhí á sealbhú ag an duine sin,

agus

(ii) (I) luach nó luach iomlán na n-aonad a cheannaigh an duine sin, nó a ceannaíodh thar a cheann, nó a díoladh leis, ar an tslí sin,

(II) méid na n-íocaíochtaí a rinne an UCITS iomchuí amhlaidh leis an duine sin, agus

(III) luach nó luach iomlán na n-aonad a bhí á sealbhú ag an duine sin agus a d'athcheannaigh nó a d'fhuascail an UCITS iomchuí amhlaidh.

(3) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an tAcht Airgeadais, 1989 , alt 19” a chur isteach i gcolún 2.

*I.O. Uimh. L 357 dar dáta 31.12.1985.