An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Faisnéis a Fháil agus a Nochtadh) Ar Aghaidh (CUID VIII Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

CUID VII

Tuarascálacha agus Fiosrúcháin Speisialta

Imscrúduithe agus tuarascálacha speisialta.

46. —(1) (a) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith a ordú d'aon duine dá bhfoireann nó d'aon duine inniúil eile a cheapann siad a bheith iomchuí na himthosca a bhaineann le haon tionóisc, galar, teagmhas, cor nó aon ní eile a bhaineann le críocha ginearálta an Achta seo a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt dóibh, ar a dtabharfar agus dá ngairtear san alt seo “tuarascáil speisialta”, i dtaobh an ní sin.

(b) Chun críocha imscrúdú den sórt sin, beidh cumhachtaí uile cigire faoin Acht seo ag duine nach cigire a ghabhann imscrúdú den sórt sin de láimh faoin alt seo.

(2) I gcás imscrúdú agus tuarascáil speisialta a dhéantar agus a thugtar faoi fho-alt (1) (seachas ag comhalta d'fhoireann an Údaráis) féadfaidh an tÚdarás cibé táillí agus caiteachais a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an duine a dhéanann an t-imscrúdú nó a thugann an tuarascáil sin.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, a mhéid a chinnfidh an tAire, íoc as na costais a thabhaítear le linn tuarascáil speisialta a ullmhú, seachas na costais a thabhaítear faoi fho-alt (2), más ann.

(4) Féadfaidh an tÚdarás a chur faoi deara tuarascáil speisialta, nó cuid de thuarascáil speisialta den sórt sin, a fhoilsiú laistigh de thréimhse réasúnach agus ar cibé modh is cuí leo.

(5) I gcás tionóisce aeir nó iarnróid nó tionóisce ar farraige, ní sheolfaidh an tÚdarás imscrúdú i dtaobh na dtionóiscí sin ach amháin le toiliú an Aire arna thabhairt aige le comhthoiliú aon Aire eile den Rialtas is iomchuí leis.

Cumhacht fiosrúchán a ordú.

47. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, nuair a cheapann siad gur gá déanamh amhlaidh, agus le toiliú an Aire, ordú a thabhairt fiosrúchán a dhéanamh i dtaca le haon tionóisc, galar, teagmhas, cor nó aon ní eile a bhaineann le críocha ginearálta an Achta seo.

(2) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le fiosrúchán faoin alt seo—

(a) ceapfaidh an tÚdarás duine inniúil chun an fiosrúchán a dhéanamh agus féadfaidh siad duine ar bith a bhfuil eolas ar an dlí, nó eolas speisialta, aige a cheapadh chun gníomhú mar mheasúnóir chun cabhair a thabhairt san fhiosrúchán;

(b) an duine nó na daoine a cheapfar (dá ngairtear “an binse” anseo ina dhiaidh seo) déanfaidh sé nó siad an fiosrúchán ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha is iomchuí leis an mbinse lena chumasú don bhinse an fiosrúchán a sheoladh, agus lena chumasú dó a thuarascáil a thabhairt;

(c) beidh ag an mbinse, chun críocha an fhiosrúcháin, cumhachtaí uile Breithimh den Chúirt Dúiche le linn dó bheith ag éisteacht ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, agus cumhachtaí uile cigire faoin Acht seo agus, ina theannta sin, beidh cumhacht aige—

(i) dul isteach in aon áit nó foirgneamh agus iniúchadh a dhéanamh air, más dóigh leis an mbinse gur gá chun na gcríoch a dúradh dul isteach ann nó é a iniúchadh;

(ii) a cheangal, le toghairm faoi shíniú an bhinse, go bhfreastalóidh gach duine ar cuí leis an mbinse é a ghairm os a chomhair agus a cheistiú chun na gcríoch a dúradh, agus a cheangal go dtabharfar freagraí nó tuairisceáin ar cibé fiosrúcháin is oiriúnach leis a dhéanamh;

(iii) a cheangal go dtabharfar ar aird, i bhfoirm inléite, gach taifead cibé acu a choinnítear iad de láimh nó ar shlí eile, gach leabhar, páipéar agus doiciméad a mheasfaidh an binse a bheith riachtanach chun na gcríoch a dúradh;

(iv) daoine a chur faoi mhionn agus a cheangal ar aon duine a cheisteofar dearbhú a dhéanamh agus a shíniú i dtaobh fhírinne na ráiteas a rinne sé le linn a cheistithe.

(3) Lamhálfar do dhaoine a dhéanfaidh freastal mar fhinnéithe os comhair an bhinse cibé caiteachais a lamhálfaí d'fhinnéithe a dhéanfadh freastal os comhair cúirte taifid, agus i gcás díospóide i dtaobh an méid a bheidh le lamháil tarchuirfidh an binse an díospóid chun máistir fómhais don Ard-Chúirt, agus déanfaidh seisean, ar iarratas a fháil faoi shíniú an bhinse, méid ceart na gcaiteachas a fhionnadh agus a dheimhniú.

(4) Tabharfaidh an binse tuarascáil don Údarás ina n-inseofar cúiseanna agus imthosca ábhar an fhiosrúcháin agus cuirfidh an binse leis an tuarascáil aon tuairimí is ceart leis an mbinse a lua.

(5) Féadfaidh an tÚdarás a chur faoi deara tuarascáil binse a thugtar faoin alt seo a fhoilsiú cibé tráth agus ar cibé modh is cuí leo.

(6) I gcás fiosrúcháin agus tuarascála faoin alt seo, féadfaidh an tÚdarás cibé táillí agus caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc leis an duine nó leis na daoine a ghabhann an céanna de láimh.

(7) Féadfaidh an tÚdarás, a mhéid a chinnfidh an tAire, íoc as na costais eile, más ann, a bhaineann le fiosrúchán nó tuarascáil den sórt sin.

(8) Féadfaidh an binse a cheangal go mbeidh na táillí agus na caiteachais a tabhaíodh i ndáil le fiosrúchán faoin alt seo agus a ghabh leis an bhfiosrúchán sin (lena n-áirítear táillí aon daoine a ceapadh chun gníomhú mar mheasúnóirí) le híoc go hiomlán nó go páirteach ag aon duine a toghairmeadh os comhair an bhinse agus a bhfeictear don bhinse, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachain aige féin nó ag aon seirbhíseach nó gníomhaire dó, grád ar bith freagrachta a bheith air faoi ábhar an fhiosrúcháin, ach measfar gur cuid de chaiteachais an Údaráis ag riaradh an Achta seo aon chaiteachais den saghas sin nach gceanglaítear iad a íoc.

(9) Tabharfaidh an tÚdarás fógra go bhfuil ar intinn acu fiosrúchán a sheoladh faoin alt seo trí fhógra a fhoilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát ina leagfar amach téarmaí tagartha an fhiosrúcháin.

(10) Ní bheidh cumhacht ag an Údarás fiosrúchán a ordú faoi thionóisc aeir nó iarnróid nó faoi thionóisc ar farraige ach amháin le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú aon Aire eile den Rialtas a cheapann sé a bheith iomchuí.