An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Forfheidhmiú) Ar Aghaidh (CUID VII Tuarascálacha agus Fiosrúcháin Speisialta)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

CUID VI

Faisnéis a Fháil agus a Nochtadh

An tÚdarás d'fháil faisnéise.

42. —(1) D'fhonn faisnéis a fháil a éilíonn an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin chun a bhfeidhmeanna a urscaoileadh, féadfaidh an tÚdarás, trí fhógra i scríbhinn (dá ngairtear “fógra ag éileamh faisnéise” san alt seo) arna sheirbheáil ar aon duine, a cheangal ar an duine sin faisnéis i dtaobh aon nithe a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt don Údarás laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus i cibé foirm, más ann, a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Ní sheirbheálfaidh an tÚdarás fógra ag éileamh faisnéise mura rud é, ag féachaint d'imthosca uile an cháis áirithe, go bhfuil an fhaisnéis á héileamh le réasún i dtaca le sábháilteacht, sláinte nó leas daoine a chosaint faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha.

(3) Cuirfidh duine ar fáil an fhaisnéis a iarrtar i bhfógra ag éileamh faisnéise—

(a) i gcás nach ndéantar aon achomharc in aghaidh an fhógra—

(i) ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh; nó

(ii) laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra chun an fhaisnéis a thabhairt; nó

(iii) ar cibé lá dá éis sin ar a gcomhaontóidh an tÚdarás i scríbhinn,

cibé acu is déanaí;

(b) i gcás go ndéantar achomharc agus go ndaingnítear an fógra ar achomharc nó go dtarraingítear siar an t-achomharc—

(i) ar an lá tar éis an lae a ndaingnítear an fógra amhlaidh nó a dtarraingítear siar an t-achomharc; nó

(ii) laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra chun an fhaisnéis a thabhairt; nó

(iii) i gcás oibriú an fhógra a bheith curtha ar fionraí de réir fho-alt (4) (b), ar dhul in éag don tréimhse a cheap an Breitheamh den Chúirt Dúiche a bheith iomchuí chun críche an fho-ailt sin,

cibé acu is déanaí.

(4) (a) Duine arb ábhar éagóra leis fógra ag éileamh faisnéise a seirbheáladh air, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá ar a seirbheáiltear an fógra amhlaidh, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra ar an modh forordaithe chun Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Cúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh—

(i) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú, fara nó d'éagmais modhnaithe; nó

(ii) an fógra a chealú;

(b) más rud é, ar achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht, go ndaingneofar fógra ag éileamh faisnéise, féadfaidh an Breitheamh a d'éist an t-achomharc, ar iarratas an achomharcóra, oibriú an fhógra a fhionraí go ceann cibé tréimhse a mheasann sé a bheith iomchuí in imthosca an cháis;

(c) féadfaidh an Breitheamh a chinneann achomharc faoin bhfo-alt seo cibé ordú a dhéanamh a cheapann sé a bheith iomchuí i dtaobh costais a íoc maidir leis an achomharc.

(5) I gcás go n-airbheartaítear aon tuairim de chuid an Údaráis, is tuairim lena mbaineann fo-alt (2), a bheith in aon doiciméad—

(a) a airbheartaítear a bheith déanta ag an Údarás nó faoi ordú ón Údarás; agus

(b) a thugann oifigeach don Údarás ar aird mar fhianaise in aon imeachtaí,

beidh an doiciméad sin inghlactha mar fhianaise agus ina fhianaise ar aon tuairim den sórt sin sna himeachtaí sin gan tuilleadh cruthúnais.

Faisnéis arna páirtiú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

43. —Más cuí leo déanamh amhlaidh chun a éascú don Údarás nó do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó do chigire de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin aon cheann de na cumhachtaí nó na dualgais a fheidhmíonn siad faoi aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a údarú go nochtfar don Údarás nó do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó do chigire de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin aon fhaisnéis a fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim chun iad d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna i ndáil le hairteagail nó substaintí a allmhairítear isteach sa Stát.

Rochtain ar fhaisnéis.

44. —Féadfaidh an tAire Sláinte agus an tAire Leasa Shóisialaigh cibé faisnéis a thabhairt don Údarás i ndáil le díobháil phearsanta a bhaineann do dhaoine ag an obair is faisnéis is gá chun sábháilteacht, sláinte nó leas daoine ag an obair a chinntiú.

Srianta le nochtadh faisnéise.

45. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “faisnéis ábhartha” faisnéis a fhaigheann duine nó a thugtar d'aon duine de bhun alt 42 nó alt 43 nó de bhun ceanglais a fhorchuirtear le haon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha;

ciallaíonn “toiliú ábhartha” i gcás faisnéise a thugtar de bhun ceanglais a fhorchuirtear le halt 34, toiliú ón duine a thug í, agus, in aon chás eile, toiliú ó dhuine a bhfuil an ghníomhaíocht, nó an áit oibre mar a bhfuarthas an fhaisnéis, faoina rialú;

ciallaíonn “an faighteoir”, i ndáil le haon fhaisnéis ábhartha, an duine a fuair an fhaisnéis sin amhlaidh nó dár tugadh an fhaisnéis sin amhlaidh, de réir mar a bheidh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní nochtfar aon fhaisnéis ábhartha gan an toiliú ábhartha a bheith tugtha.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2)—

(a) maidir le nochtadh faisnéise don Údarás, do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó d'Aire den Rialtas;

(b) gan dochar do mhír (a), maidir leis an bhfaighteoir do nochtadh faisnéise d'aon duine chun críoch aon fheidhme a thugtar don fhaighteoir le haon cheann, nó faoi aon cheann, de na forálacha reachtúla ábhartha;

(c) gan dochar do mhír (a), maidir leis an bhfaighteoir do nochtadh faisnéise d'oifigeach do chomhlacht poiblí a n-údaraíonn an comhlacht sin dó an fhaisnéis a fháil;

(d) maidir leis an bhfaighteoir do nochtadh faisnéise i bhfoirm atá ceaptha d'fhonn nach n-aithneofar gur faisnéis í a bhaineann le duine ar leith nó le cás ar leith; nó

(e) maidir le nochtadh faisnéise chun críche aon imeachtaí dlí nó aon imscrúdú nó fiosrúcháin a thionólfar de bhua fhorálacha an Achta seo nó chun críocha tuarascála ar aon imeachtaí nó fiosrúcháin den sórt sin nó chun críocha tuarascála speisialta a thugtar de bhua fhorálacha an Achta seo.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn aon tagairt don Údarás, do ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin nó d'Aire den Rialtas, tagairt faoi seach d'oifigeach do na comhlachtaí sin agus freisin, i gcás tagartha don Údarás, folaíonn sí tagairt—

(a) do dhuine a chomhlíonann aon fheidhm de chuid an Údaráis;

(b) d'oifigeach do chomhlacht atá ag comhlíonadh amhlaidh aon fheidhmeanna den sórt sin.

(5) Duine dá nochtar faisnéis de bhun fho-alt (3) ní úsáidfidh sé an fhaisnéis seachas—

(a) i gcás a thagann faoi réim mhír (a) den fho-alt sin, chun críche de chuid an Údaráis, de chuid gníomhaireachta forfheidhmiúcháin nó de chuid Aire den Rialtas i dtaca leis na forálacha reachtúla ábhartha; nó

(b) i gcás faisnéise a thugtar d'oifigeach do chomhlacht poiblí, chun críche an chomhlachta sin i dtaca lena ndualgais faoi na forálacha reachtúla ábhartha nó forálacha reachtúla eile a bhaineann le sábháilteacht phoiblí, le sláinte nó leis an timpeallacht a chosaint.

(6) Ní nochtfaidh duine aon fhaisnéis a fhaigheann sé de thoradh aon chumhachta a fheidhmiú a thugtar le forálacha ailt 34, 46 nó 47 (lena n-áirítear, go sonrach, aon fhaisnéis maidir le haon rún trádála a fhaigheann sé in aon áit oibre ina dtéann sé de bhua aon chumhachta den sórt sin) ach amháin—

(a) chun críche a fheidhmeanna reachtúla; nó

(b) chun críche aon imeachtaí dlí nó aon imscrúdú nó fiosrúcháin a thionólfar de bhua fhorálacha alt 47 nó chun críocha tuarascála ar aon imeachtaí nó fiosrúcháin den sórt sin nó chun críocha tuarascála speisialta a thugtar de bhua fhorálacha alt 46; nó

(c) má thugtar an toiliú ábhartha.

(7) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (6) déanfaidh cigire, in imthosca inar gá déanamh amhlaidh d'fhonn cabhair a thabhairt le go mbeadh daoine (nó ionadaithe daoine) a fhostaítear ag aon áit oibre sách eolach faoi nithe a fhearann ar a sábháilteacht, ar a sláinte nó ar a leas, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt do na daoine sin nó dá n-ionadaithe, is é sin le rá—

(a) faisnéis fhíorasach a fhaigheann sé mar a luaitear i bhfo-alt (6) a bhaineann leis an áit oibre sin nó le haon ní a bhí nó atá san áit sin nó a bhí nó atá á dhéanamh san áit sin ar choinníoll nach nochtfar aon rúin trádála san fhaisnéis sin; agus

(b) faisnéis maidir le haon ghníomh a bheidh déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh san áit oibre sin nó i dtaca leis an áit oibre sin i gcomhlíonadh a fheidhmeanna;

agus, i gcás go ndéanfaidh cigire mar a dúradh, tabharfaidh sé faisnéis den tsamhail chéanna sin d'fhostóir na ndaoine céadluaite.

(8) Más rud é, chun críche faisnéis a fhaightear faoi alt 42 a mheas, go nochtann an tÚdarás an fhaisnéis sin do dhuine éigin eile, ní úsáidfidh an duine eile sin an fhaisnéis sin chun aon chríche seachas críoch de chuid an Údaráis agus, sula nochtfaidh sé an fhaisnéis sin, cuirfidh an tÚdarás in iúl don duine eile sin cad iad a oibleagáidí faoin alt seo.