|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Orduithe Coimhdeacha Airgeadais, Maoine, Coimeádta agus Orduithe Eile) | Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach) |
AN tACHT UM IDIRSCARADH BREITHIÚNACH AGUS ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Dlínse Cúirte | |
[EN] |
Míniú (Cuid III). |
30. —Sa chuid seo ciallaíonn “imeachtaí dlí teaghlaigh”, i ndáil le cúirt, imeachtaí os comhair cúirte dlínse inniúla faoi na hAchtanna seo— |
[EN] | (a) an tAcht seo, | |
[EN] | (b) na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, | |
[EN] | ||
[EN] | (d) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , | |
[EN] | (e) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Céilí agus Leanaí a Chosaint), 1981 , | |
[EN] | (f) an tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1981 , | |
[EN] | (g) an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , | |
[EN] | (h) an Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868, | |
[EN] | (i) an tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957 , nó | |
[EN] | (j) an tAcht um Stádas Leanaí, 1987 , | |
[EN] | nó imeachtaí idir céilí faoin Partition Act, 1868, agus an Partition Act, 1876, i gcás gur ní ábhartha maidir leis na himeachtaí na céilí a bheith pósta le chéile. | |
[EN] |
Cúirteanna, dlínse agus láthair. |
31. —(1) Tabharfar “an Chúirt Teaghlaigh Chuarda” ar an gCúirt Chuarda le linn di a dlínse a fheidhmiú chun imeachtaí dlí teaghlaigh a éisteacht agus a chinneadh nó, i gcás go mbeidh socrú déanta chuige sin, le linn di imeachtaí dlí teaghlaigh a aistriú chuig an Ard-Chúirt. |
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha eile an ailt seo, beidh i gcomhthráth leis an Ard-Chúirt, dlínse ag an gCúirt Teaghlaigh Chuarda, chun imeachtaí faoin Acht seo i leith foraithne idirscartha bhreithiúnaigh a éisteacht agus a chinneadh. | |
[EN] | (3) Más rud é, in imeachtaí faoin Acht seo i leith foraithne idirscartha bhreithiúnaigh go bhféadfaí ordú a dhéanamh maidir le talamh ar mó ná £200 a luacháil inrátaithe agus go ndéanfar iarratas chun na Cúirte Teaghlaigh Cuarda chun na himeachtaí sin a thosú, aistreoidh an Chúirt sin na himeachtaí chun na hArd-Chúirte, má éilíonn an freagróir amhlaidh roimh éisteacht na n-imeachtaí sin, ach beidh aon ordú (lena n-áirítear ordú eatramhach) nó gníomh a rinneadh i gcúrsa na n-imeachtaí sin, roimh an aistriú sin, bailí mura ndéantar urscaoileadh nó athrú air le hordú ón Ard-Chúirt. | |
[EN] | (4) An dlínse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ní bheidh sí infheidhmithe ach amháin i gcás sainchónaí a bheith ar cheachtar céile sa Stát ar dháta an iarratais ag tosú imeachtaí nó i gcás gnáthchónaí a bheith air sa Stát i gcaitheamh na tréimhse aon bhliana dar críoch an dáta sin. | |
[EN] | (5) An dlínse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo is é a fheidhmeoidh í, sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda, an breitheamh den chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar cheachtar céile sna himeachtaí nó ina seolann ceachtar céile aon ghairm, gnó nó slí bheatha. | |
[EN] |
Imeachtaí a éisteacht. |
32. —Is in áit dhifriúil nó ag tráthanna difriúla nó ar laethanta difriúla leo sin ar a dtionóltar gnáthshuíonna den Chúirt Chuarda a shuífidh an Chúirt Teaghlaigh Chuarda chun imeachtaí a thionscnaítear faoin Acht seo agus faoi na hAchtanna dá dtagraítear in alt 30 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh. |
[EN] |
Seoladh imeachtaí teaghlaigh sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt. |
33. —(1) Beidh imeachtaí sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais. |
[EN] | (2) Breithiúna a shuífidh sa Chúirt Teaghlaigh Chuarda nó abhcóidí nó aturnaetha a bheidh i láthair sna cúirteanna sin ní chaithfidh siad peiriúicí ná róbaí. | |
[EN] | (3) Aon imeachtaí dlí teaghlaigh a bheidh os comhair na hArd-Chúirte beidh siad chomh neamhfhoirmiúil agus is féidir agus i gcomhréir le riaradh an cheartais. | |
[EN] | (4) Nuair a bheidh na himeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo á n-éisteacht agus á gcinneadh, ní chaithfidh breithiúna a shuífidh san Ard-Chúirt ná abhcóidí ná dlíodóirí a bheidh i láthair ag na himeachtaí sin peiriúicí ná róbaí. | |
[EN] |
Príobháideacht. |
34. —Ní éistfear imeachtaí faoin Acht seo go poiblí. |
[EN] |
Costais. |
35. —Is de réir rogha na Cúirte a íocfar costais aon imeachtaí faoin Acht seo. |
[EN] |
Rialacha cúirte. |
36. —(1) Déanfar socrú le rialacha cúirte le haghaidh an doicim éadaithe a theastóidh chun imeachtaí a thosú go hachomair faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Na rialacha cúirte, agus aon fhoirm nó cúrsa bunaithe pléadála, cleachtais nó nós imeachta, chun críoch aon achtacháin nó dlínse ar a bhfearann an tAcht seo, beidh feidhm acu, go dtí go gcuí-dhéanfar rialacha cúirte, chun na gcríoch sin maille le cibé oiriúnuithe is gá. |