An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Rialacha Áirithe i d Taca Le Dlínse Shibhialta in Ábhair a Bhaineann Le hImbhualadh, a Síníodh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine, 1952)

5 1989

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA (COINBHINSIÚIN MHUIRÍ), 1989

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Maidir le Longa Farraige a Ghabháil, a Síníodh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine, 1952

Alt 4.

Tá na hArdpháirtithe Conarthacha, tar éis a aithint dóibh gurb inmhianaithe rialacha dlí comhionanna áirithe a bhaineann le gabháil long farraige a chinneadh trí chomhaontú, tar éis a chinneadh Coinbhinsiún a chur i gcrích chun na críche sin agus comhaontú leis sin mar a leanas:

Airteagal 1

Sa Choinbhinsiún seo beidh leis na focail seo a leanas na bríonna a shanntar dóibh leis seo:

(1) Ciallaíonn “Éileamh Muirí” éileamh a thig as ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) damáiste ar bith a raibh long ina cúis leis, trí imbhualadh nó ar dhóigh eile;

(b) bás duine nó díobháil do dhuine a raibh long ar bith ina cúis leis nó a tharla i ndáil le hoibriú loinge ar bith;

(c) tarrthálas;

(d) comhaontú maidir le húsáid nó le fruiliú loinge ar bith, cibé acu an trí chonradh fostaithe soithigh nó ar dhóigh eile é;

(e) comhaontú maidir le hiompar earraí in aon long cibé acu an trí chonradh fostaithe soithigh nó ar dhóigh eile é;

(f) cailleadh nó damáistiú earraí, lena n-áirítear bagáiste, a bhí á n-iompar i long ar bith;

(g) caillroinnt ilpháirteach;

(h) longmhorgáiste;

(i) tuáil;

(j) píolótaíocht;

(k) earraí nó ábhair a soláthraíodh in áit ar bith do long chun í a oibriú nó a choimeád i dtreo;

(l) déanamh, deisiú nó trealmhú loinge ar bith nó táillí agus dleachtanna duga;

(m) pá Máistrí, Oifigeach, nó foirne;

(n) eisíocaíochtaí Máistir, lena n-áirítear eisíocaíochtaí a rinne seoladóirí, cairtfhostóirí nó gníomhairí thar ceann loinge nó thar ceann a húinéara;

(o) díospóidí i dtaobh an teidil chun loinge ar bith nó i dtaobh a húinéireachta;

(p) díospóidí idir comhúinéirí loinge ar bith i dtaobh úinéireacht, seilbh, úsáid nó tuilleamh na loinge sin;

(q) morgáistiú nó fiach-urrú loinge ar bith.

(2) Ciallaíonn “gabháil”, long a choinneáil trí phróis bhreithiúnach chun éileamh muirí a áirithiú ach ní fholaíonn sí long a urghabháil d'fhonn breithiúnas a fhorghníomhú nó a shásamh.

(3) Folaíonn “duine” daoine aonair, comhpháirtíochtaí agus comhlachtaí corpraithe, Rialtais, a gcuid Ranna, agus Údaráis Phoiblí.

(4) Ciallaíonn “éilitheoir” duine a líomhnaíonn go bhfuil éileamh muirí ann ina fhabhar.

Airteagal 2

Féadfar long a mbeidh bratach ceann de na Stáit Chonarthacha ar foluain aici a ghabháil i ndlínse aon Stáit de na Stáit Chonarthacha maidir le haon éileamh muirí, ach ní ghabhfar í maidir le haon éileamh eile; ach ní mheasfar go leathnaíonn ná go srianann aon ní sa Choinbhinsiún seo aon cheart nó cumhachtaí atá dílsithe in aon Rialtais nó i Ranna dá gcuid, in Údaráis Phoiblí, nó in Údaráis Duga nó Cuain faoina ndlíthe nó rialacháin baile atá ar marthain, chun soithí laistigh dá ndlínse a ghabháil, a choinneáil nó a chosc ar shlí eile ó sheoladh.

Airteagal 3

(1) Faoi réir fhorálacha mhír (4) den Airteagal seo agus fhorálacha Airteagal 10, féadfaidh éilitheoir an long áirithe ar ina leith a d'éirigh an t-éileamh muirí nó aon long eile leis an duine arbh é úinéir na loinge áirithe é an tráth a d'éirigh an t-éileamh muirí, a ghabháil, fiú amháin má bhíonn an long a ghabhfar ullamh chun seoladh; ach ní fhéadfar aon long, seachas an long áirithe ar ina leith a d'éirigh an t-éileamh a ghabháil maidir le haon cheann de na héilimh mhuirí a áirítear in Airteagal 1 (1) (o), (p) nó (q).

(2) Measfar longa a bheith faoin úinéireacht chéanna nuair is leis an duine nó na daoine céanna na scaireanna go léir iontu.

(3) Ní ghabhfar long, ná ní thabharfar bannaí ná urrús eile níos mó ná aon uair amháin in aon dlínse ná i mbreis is aon dlínse de dhlínsí aon Stáit de na Stáit Chonarthacha i leith an éilimh mhuirí chéanna ón éilitheoir céanna: agus má dhéantar long a ghabháil in aon dhlínse de na dlínsí sin, nó má thugtar bannaí nó urrús eile i ndlínse den sórt sin chun an long a scaoileadh saor nó chun gabháil atá bagartha a sheachaint, cuirfear i leataobh aon ghabháil ina dhiaidh sin ar an long nó ar aon long faoin úinéireacht chéanna ón éilitheoir céanna maidir leis an éileamh muirí céanna, agus scaoilfidh an Chúirt nó údarás breithiúnach iomchuí eile de chuid an Stáit sin an long saor, mura rud é gur féidir leis an éilitheoir an Chúirt nó údarás iomchuí breithiúnach eile a shásamh go ndearnadh faoi dheoidh an banna nó an t-urrús eile a urscaoileadh roimh an ngabháil dá éis sin nó go bhfuil cúis mhaith eile ann chun leanacht leis an ngabháil sin.

(4) I gcás cairtfhostú loinge trína forléasadh, más é an cairtfhostóir agus nach é an t-úinéir cláraithe atá faoi dhliteanas i leith éilimh mhuirí a bhaineann leis an long sin, féadfaidh an t-éilitheoir an long sin nó aon long eile faoi úinéireacht an chairtfhostóra trí fhorléasadh, a ghabháil faoi réir fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, ach ní dhlífear aon long eile faoi úinéireacht an úinéara chláraithe a ghabháil i leith na n-éileamh muirí sin.

Beidh feidhm ag forálacha na míre seo maidir le haon chás ina mbeidh duine seachas úinéir cláraithe loinge faoi dhliteanas i leith éilimh mhuirí a bhaineann leis an long sin.

Airteagal 4

Ní fhéadfar long a ghabháil ach amháin faoi údarás Cúirte nó faoi údarás údarás breithiúnach iomchuí an Stáit Chonarthaigh ina ndéanfar an ghabháil.

Airteagal 5

Ceadóidh an Chúirt nó údarás breithiúnach iomchuí eile ar laistigh dá dhlínse a gabhadh an long, an long a scaoileadh saor, ar bhannaí leordhóthanacha nó urrús eile a bheith tugtha, ach amháin i gcásanna inar gabhadh long i leith aon éileamh de na héilimh mhuirí a áirítear in Airteagal 1 (1) (o) agus (p). I gcásanna den sórt sin féadfaidh an Chúirt nó údarás breithiúnach iomchuí eile cead a thabhairt don duine i seilbh na loinge leanúint de thrádáil na loinge, ar an duine sin do sholáthar bannaí leordhóthanacha nó urrús eile, nó féadfaidh sé déileáil ar shlí eile le hoibríocht na loinge le linn thréimhse na gabhála.

D'éagmais comhaontú idir na páirtithe maidir le leordhóthanacht na mbannaí nó an urrúis eile, déanfaidh an Chúirt nó údarás breithiúnach iomchuí eile an cineál bannaí nó urrúis agus méid an chéanna a chinneadh.

An iarraidh chun an long a scaoileadh in aghaidh an urrúis sin ní fhorléireofar í mar admháil dliteanais ná mar tharscaoileadh ar an sochar maidir leis an teorannú dlíthiúil atá le dliteanas úinéir na loinge.

Airteagal 6

Gach ceist maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-éilitheoir, in aon chás, faoi dhlitéanas i leith damáistí a bhaineann le gabháil loinge nó le costais na mbannaí nó an urrúis eile a thugtar chun long a scaoileadh saor nó chun gabháil loinge a chosc, cinnfear í le dlí an Stáit Chonarthaigh ar ina dhlínse a rinneadh an ghabháil nó an t-iarratas ar an ngabháil.

Beidh na rialacha nós imeachta a bhaineann le gabháil loinge, leis an iarratas chun an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 4 a fháil, agus le gach ábhar nós imeachta a bhainfidh leis an ngabháil, faoi rialú dhlí an Stáit Chonarthaigh ina ndearnadh an ghabháil nó an t-iarratas ar an ngabháil.

Airteagal 7

(1) Beidh dlínse ag Cúirteanna na tíre ina ndearnadh an ghabháil an cás a chinneadh de bhua a thuillteanais má thugann dlí baile na tíre ina ndearnadh an ghabháil dlínse do na Cúirteanna sin, nó in aon cheann de na cásanna seo a leanas, eadhon:

(a) más sa tír ina ndearnadh an ghabháil atá gnáthchónaí nó príomh-áit ghnó an éilitheora;

(b) más sa tír ina ndearnadh an ghabháil a d'éirigh an t-éileamh;

(c) má bhaineann an t-éileamh le haistear na loinge ar lena linn a rinneadh an ghabháil;

(d) má thig an t-éileamh as imbhualadh nó in imthosca atá faoi réim Airteagal 13 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um aontú rialacha áirithe dlí maidir le himbhualadh idir soithí, a síníodh sa Bhruiséil an 23 Meán Fómhair, 1910;

(e) más éileamh ar tharrthálas atá ann;

(f) más éileamh i leith mhorgáistiú na loinge a gabhadh, nó i leith a fiach-urraithe, atá ann.

(2) Mura mbeidh dlínse chun cinneadh a dhéanamh de bhua tuillteanais ag an gCúirt ar laistigh dá dlínse a gabhadh an long, forálfar go sonrach leis na bannaí nó leis an urrús eile a thabharfar de réir Airteagal 5 chun go scaoilfí saor an long go dtugtar é mar urrús chun aon bhreithiúnas a shásamh a fhógróidh Cúirt faoi dheoidh ag a mbeidh dlínse cinneadh a dhéanamh amhlaidh; agus déanfaidh an Chúirt nó údarás breithiúnach iomchuí eile na tíre ina ndéantar an ghabháil an t-am a shocrú ar laistigh de a thabharfaidh an t-éilitheoir caingean os comhair Cúirte a mbeidh dlínse den sórt sin aici.

(3) Má aontaíonn na páirtithe an díospóid a chur faoi bhráid dlínse Cúirte áirithe seachas an Chúirt sin ar laistigh dá dlínse a rinneadh an ghabháil nó faoi bhráid eadrána, féadfaidh an Chúirt nó údarás breithiúnach iomchuí eile ar laistigh dá dlínse nó dá dhlínse a rinneadh an ghabháil, an t-am a shocrú ar laistigh de a thionscnóidh an t-éilitheoir imeachtaí.

(4) Más rud é, in aon cheann de na cásanna a luaitear sa dá mhír roimhe seo, nach dtionscnófar an chaingean nó na himeachtaí laistigh den am atá socraithe amhlaidh, féadfaidh an cosantóir iarratas a dhéanamh chun an long a scaoileadh saor nó na bannaí nó an t-urrús eile a scaoileadh saor.

(5) Ní bheidh feidhm ag an airteagal seo maidir le cásanna atá faoi réim fhorálacha an Rhine Navigation Convention arna athbhreithniú, an 17 Deireadh Fómhair, 1868.

Airteagal 8

(1) Beidh feidhm ag forálacha an Choinbhinsiúin seo maidir le haon soitheach a mbeidh bratach de chuid Stáit Chonarthaigh ar foluain aige i ndlínse aon Stáit Chonarthaigh.

(2) Féadfar long a mbeidh bratach de chuid Stáit neamh-Chonarthaigh ar foluain aici a ghabháil i ndlínse aon Stáit Chonarthaigh i dtaca le haon cheann de na héilimh mhuirí a áirítear in Airteagal 1 nó i dtaca le haon éileamh eile a gceadaíonn dlí an Stáit Chonarthaigh gabháil a dhéanamh ina leith.

(3) Ar a shon sin beidh aon Stát Conarthach i dteideal aon Rialtas de chuid Stáit neamh-Chonarthaigh nó aon duine nach mbeidh, ag tráth na gabhála, a ghnáthchónaí nó a phríomh-áit ghnó i gceann de na Stáit Chonarthacha, a eisiamh go hiomlán nó go páirteach ó shochair an Choinbhinsiúin seo.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo modhnú ar ná difear do na rialacha dlí atá i bhfeidhm sna Stáit Chonarthacha faoi seach i ndáil le gabháil aon loinge laistigh de dhlínse an Stáit ar leis a bratach ag duine a bhfuil a ghnáthchónaí nó a phríomh-áit ghnó sa Stát sin.

(5) Más tríú páirtí seachas an t-éilitheoir bunaidh a dhearbhaíonn éileamh muirí cibé acu trí sheachaíocht, sannadh nó ar shlí eile, measfar maidir leis an tríú páirtí sin, chun críche an Choinbhinsiúin seo, go mbeidh an gnáthchónaí nó an phríomh-áit ghnó chéanna aige atá ag an éilitheoir bunaidh.

Airteagal 9

Ní fhorléireofar aon ní sa Choinbhinsiún seo mar ní lena mbunaítear ceart caingne nach n-éireodh, ar leith ó fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, faoin dlí a fheidhmíonn an Chúirt ar os a comhair a bhí an cás, ná mar ní lena mbunaítear aon liain mhuirí nach bhfuil le fáil faoin dlí sin ná faoin gCoinbhinsiún um Morgáistí agus Liain Mhuirí más infheidhme an Coinbhinsiún deiridh sin.

Airteagal 10

Féadfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha ar an ócáid sínithe, thaisceadh daingniúcháin nó aontachais

(a) an ceart a fhorchoimeád gan an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm maidir le gabháil loinge mar gheall ar aon cheann de na héilimh a áirítear i míreanna (o) agus (p) d'Airteagal 1, ach a ndlíthe baile a chur i bhfeidhm maidir le héilimh den sórt sin;

(b) an ceart a fhorchoimeád gan an chéad mhír d'Airteagal 3 a chur i bhfeidhm maidir le gabháil loinge, laistigh dá ndlínse, mar gheall ar éilimh atá leagtha amach in Airteagal 1, mír (q).

Airteagal 11

Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin aon díospóidí idir Stáit a éiríonn as léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo a chur faoi bhráid eadrána ach beidh sin gan dochar d'oibleagáidí na nArdpháirtithe Conarthacha sin a d'aontaigh a gcuid díospóidí a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta.

Airteagal 12

Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun a shínithe ag na Stáit a bheidh i láthair trí ionadaíocht ag an Naoú Comhdháil Taidhleoir eachta ar Dhlí Muirí. Déanfar prótacal an tsínithe a tharraingt suas le cuidiú Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge.

Airteagal 13

Daingneofar an Coinbhinsiún seo agus taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hAireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge a chuirfidh taisceadh aon ionstraimí den sórt sin in iúl do na Stáit shínitheacha agus aontacha go léir.

Airteagal 14

(a) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm idir an dá Stát a dhaingneoidh é i gcéaduair, sé mhí tar éis dháta taiscthe an dara hionstraim dhaingniúcháin.

(b) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le gach Stát sínitheach a dhaingneoidh é tar éis thaisceadh an dara hionstraim dhaingniúcháin, sé mhí tar éis dháta taiscthe ionstraim dhaingniúcháin an Stáit sin.

Airteagal 15

Féadfaidh aon Stát nach mbeidh i láthair trí ionadaíocht ag an Naoú Comhdháil Taidhleoireachta ar Dhlí Muirí aontú don Choinbhinsiún seo.

Tabharfar fógra faoi aontachas aon Stáit d'Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge a chuirfidh an fógra sin in iúl trí mhodhanna taidhleoireachta do na Stáit shínitheacha agus aontacha go léir.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis an Stát aontach sé mhí tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra sin ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin de réir fhorálacha Airteagal 14 (a).

Airteagal 16

Féadfaidh aon Ardpháirtí Conarthach trí bliana tar éis don Choinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm maidir leis an Ardpháirtí Conarthach sin nó tráth ar bith dá éis sin iarraidh a dhéanamh go gcomórfar comhdháil chun leasuithe a bhreithniú ar an gCoinbhinsiún.

Déanfaidh aon Ardpháirtí Conarthach a bheartaíonn leas a bhaint as an gceart seo fógra a thabhairt do Rialtas na Beilge a chomórfaidh an chomhdháil laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin.

Airteagal 17

Beidh sé de cheart ag aon Ardpháirtí Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh tráth ar bith tar éis dó a theacht i bhfeidhm maidir leis an Ardpháirtí Conarthach sin. Tiocfaidh an séanadh sin in éifeacht bliain amháin tar éis an dáta a mbeidh fógra faoi faighte ag Rialtas na Beilge a chuirfidh an fógra sin in iúl trí mhodhanna taidhleoireachta do na hArdpháirtithe Conarthacha eile go léir.

Airteagal 18

(a) Féadfaidh aon Ardpháirtí Conarthach, an tráth a dhaingneoidh sé an Coinbhinsiún seo nó an tráth a aontóidh sé dó nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra scríofa chuig Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge go mbeidh aon cheann de na críocha a mbeidh sé freagrach as a chaidreamh idirnáisiúnta, faoi réim an Choinbhinsiúin. Sé mhí tar éis an dáta a bhfaighidh Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge an fógra sin beidh na críocha a bheidh ainmnithe ann faoi réim an Choinbhinsiúin, ach ní bheidh an réim sin ag an gCoinbhinsiún roimh dháta theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin maidir leis an Ardpháirtí Conarthach sin.

(b) Aon Ardpháirtí Conarthach a mbeidh dearbhú déanta aige faoi mhír (a) den Airteagal seo ag tabhairt aon chríoch a mbeidh sé freagrach as a chaidreamh idirnáisiúnta faoi réim an Choinbhinsiúin, féadfaidh sé, tráth ar bith dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra arna thabhairt d'Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge go scoirfidh an Coinbhinsiún de réim a bheith aige maidir leis an gcríoch sin agus bliain amháin tar éis d'Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge an fógra a fháil, scoirfidh an Coinbhinsiún de réim a bheith aige maidir leis an gcríoch sin.

(c) Cuirfidh Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Beilge aon fhógra a fuair sí faoin Airteagal seo in iúl trí mhodhanna taidhleoireachta do na Stáit shínitheacha agus aontacha go léir.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine, 1952, sa Fhraincis agus sa Bhéarla, agus comhúdarás ag an dá théacs.