|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Maoirsiú Árachóirí) | Ar Aghaidh (CUID IV IdirghabhÁlaithe Árachais a RialÁil) |
AN tACHT ÁRACHAIS, 1989
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Árachóirí d'Íoc Coimisiún | |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun laghdú ar choimisiúin a éileamh. |
37. —(1) (a) Más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil íocaíochtaí coimisiúin ró-arda á ndéanamh ag an sealbhóir ar údarú, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chur chuig an sealbhóir, a cheangal ar an sealbhóir íocaíochtaí coimisiúin an tsealbhóra i ndáil le gnó árachais, nó i ndáil le haicmí áirithe gnó árachais, a laghdú, tar éis cibé dáta (nach lú ná dhá mhí tar éis dáta seolta an fhógra) a shonrófar san fhógra, go dtí leibhéal nach airde ná cibé leibhéal nó leibhéil a shonróidh an tAire san fhógra. |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire leibhéil na n-íocaíochtaí coimisiúin a shonrú i bhfógra faoin bhfo-alt seo i cibé foirm agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire. | |
[EN] | (c) I gcás ina gcuirfidh an tAire fógra faoin bhfo-alt seo chuig an sealbhóir ar údarú, cuirfidh sé cóip den fhógra an tráth céanna chuig gach sealbhóir eile ar údarú, agus aon sealbhóir ar údarú a gcuirtear fógra den sórt sin chuige ní íocfaidh sé, ná ní chuirfidh sé faoi deara go n-íocfar thar a cheann, tar éis an dáta a bheidh sonraithe san fhógra, íocaíochtaí coimisiúin de réir leibhéil is airde ná an leibhéal a shonraítear chuige sin san fhógra. | |
[EN] | (2) Aon duine— | |
[EN] | (a) a gcuirtear fógra chuige faoi fho-alt (1) agus a íocfaidh, nó a chuirfidh faoi deara go n-íocfar thar a cheann, íocaíochtaí coimisiúin de réir leibhéil is airde ná an leibhéal a shonraítear chuige sin san fhógra, nó | |
[EN] | (b) a sháróidh fo-alt (1) (c), | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh an tAire fógra faoi fho-alt (1), a cuireadh chuig an sealbhóir ar údarú, a chur ar neamhní trí fhógra a chur chuig an sealbhóir á rá go mbeidh an fógra faoi fho-alt (1) ar neamhní ó dháta sonraithe, agus i gcás ina gcuirfear fógra faoin bhfo-alt seo chuig an sealbhóir ar údarú, scoirfidh an fógra faoi fho-alt (1) lena mbaineann sé d'éifeacht a bheith leis ar an lá a bheidh sonraithe chun na críche sin san fhógra faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcuirfidh an tAire fógra faoin bhfo-alt seo chuig an sealbhóir ar údarú, cuirfidh sé cóip den fhógra an tráth céanna chuig gach sealbhóir eile ar údarú. | |
[EN] | (c) Aon tagairtí i bhfo-alt (2) agus sna hailt ina dhiaidh seo den Acht seo d'fhógra faoi fho-alt (1) nó d'fhógra faoin alt seo is tagairtí iad d'fhógra faoin bhfo-alt sin (1) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] | (4) I gcás ina gcuirfidh an tAire fógra faoin alt seo chuig duine ar bith cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, go bhfoilseofar fógra agus sonraí i dtaobh an fhógra i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear ar fud an Stáit. | |
[EN] |
Íocaíochtaí áirithe coimisiúin a thoirmeasc. |
38. —Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá é ar mhaithe le leas an phobail féadfaidh sé a fhoráil le hordú nach ndéanfaidh an sealbhóir ar údarú— |
[EN] | (a) íocaíochtaí coimisiúin a íoc i bhfoirm aon sochair chomhchineáil nó i bhfoirm aon iasachta airgid arna déanamh ag an sealbhóir le hidirghabhálaí, nó arna déanamh, thar ceann an tsealbhóra, ag duine eile le hidirghabhálaí; | |
[EN] | (b) faoi réir cibé eisceachtaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú, íocaíocht choimisiúin i leith polasaí árachais a íoc le hidirghabhálaí árachais, nó a chur chun creidmheasa dá chuntas, go dtí go mbeidh an phréimh lena mbaineann an íocaíocht choimisiúin faighte ag an sealbhóir, nó ag an idirghabhálaí thar ceann an tsealbhóra, de réir mar a bheidh. | |
[EN] |
Údarú a chúlghairm. |
39. —(1) I gcás ina ndéanfar duine is sealbhóir ar údarú i leith árachais neamh-shaoil a chiontú i gcion faoi alt 37 nó 38 agus nach ndéanfaidh an duine achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingneofar an ciontú ar achomharc, beidh an ciontú ina fhoras le cúlghairm an údaraithe ag an Aire agus, dá réir sin, féadfaidh an tAire an t-údarú sin a chúlghairm de réir fhorálacha Airteagal 23 de Rialacháin 1976, ionann is— |
[EN] | (a) dá gcuirfí an mhír seo a leanas isteach i bhfo-airteagal (1) den Airteagal sin 23 i ndiaidh mhír (a): | |
[EN] | “(aa) más rud é gur ciontaíodh an sealbhóir i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989 , agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) dá gcuirfí an méid seo a leanas isteach i ndiaidh “Bhallstáit eile,” i bhfo-airteagal (3) (a) den Airteagal sin 23: | |
[EN] | “más rud é gur ciontaíodh an gnóthas i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989 , agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc, nó”. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar duine is sealbhóir ar údarú i leith árachais saoil a chiontú i gcion faoi alt 37 nó 38 agus nach ndéanfaidh an duine achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingnítear an ciontú ar achomharc, beidh an ciontú ina fhoras le cúlghairm an údaraithe ag an Aire agus, dá réir sin, féadfaidh an tAire an t-údarú sin a chúlghairm de réir fhorálacha Airteagal 25 de Rialacháin 1984, ionann is— | |
[EN] | (a) dá gcuirfí an mhír seo a leanas isteach i bhfo-airteagal (1) den Airteagal sin 25 i ndiaidh mhír (a): | |
[EN] | “(aa) más rud é gur ciontaíodh an sealbhóir i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989 , agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) dá gcuirfí an méid seo a leanas isteach i ndiaidh “Ballstáit eile,” i bhfo-airteagal (3) (a) den Airteagal sin 25: | |
[EN] | “más rud é gur ciontaíodh an gnóthas i gcion faoi alt 37 nó 38 den Acht Árachais, 1989 , agus nach ndearna an sealbhóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó gur daingníodh an ciontú ar achomharc, nó”. | |
[EN] | (3) Beidh cúlghairm nó fionraí ar údarú faoin alt seo faoi réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58. | |
[EN] |
Srian le fógraíocht. |
40. —I gcás ina gciontófar duine i gcion faoi alt 37 nó 38 agus nach ndéanfaidh an duine achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingneofar an ciontú ar achomharc, ní dhéanfaidh sé, ná ní chuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, fógrán a fhoilsiú i ndáil le gnó árachais an duine a ciontaíodh mura rud é nach mbeidh íocaíochtaí coimisiúin an duine i ndáil leis an ngnó sin níos airde ná na leibhéil a bheidh sonraithe i ndáil le híocaíochtaí de na cineálacha sin san fhógra faoi alt 37 lenar bhain an ciontú agus go mbeidh na híocaíochtaí a dhéantar le hidirghabhálaithe i gcomhréir le halt 38. |
[EN] |
Cionta arna ndéanamh ag idirghabhálaithe. |
41. —(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é— |
[EN] | (a) go nglacfaidh idirghabhálaí árachais le híocaíocht choimisiúin, | |
[EN] | (i) ó dhuine ar cuireadh fógra faoi alt 37 nó cóip d'fhógra den sórt sin chuige, nó ó dhuine a bheidh ag gníomhú thar ceann duine den sórt sin, agus | |
[EN] | (ii) gur airde an íocaíocht ná an leibhéal a bheidh sonraithe i ndáil le híocaíochtaí den sórt sin faoin bhfógra, agus | |
[EN] | (iii) go ndéanfar an íocaíocht tar éis an dáta a bheidh sonraithe san fhógra, nó | |
[EN] | (b) go nglacfaidh idirghabhálaí árachais le híocaíocht choimisiúin de shárú ar alt 38, | |
[EN] | beidh an t-idirghabhálaí ciontach i gcion. | |
[EN] | (2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuíomh nach raibh a fhios aige, agus nach bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go mbeadh a fhios aige— | |
[EN] | (a) gurbh airde an íocaíocht choimisiúin i gceist ná an leibhéal a bheidh sonraithe i ndáil le híocaíocht den sórt sin san fhógra áirithe faoi alt 37 agus, ar é do theacht ar an eolas sin, gur chuir sé barrachas na híocaíochta coimisiúin sin ar ais chuig an duine a rinne í, nó | |
[EN] | (b) gur shárú ar alt 38 an íocaíocht choimisiúin i gceist agus, ar é do theacht ar an eolas sin, gur chuir sé an íocaíocht choimisiúin sin ar ais chuig an duine a rinne í. | |
[EN] |
Polasaithe áirithe árachais saoil a bheith inneamhnithe. |
42. —Más rud é— |
[EN] | (a) go ndéanfar sealbhóir ar údarú i leith árachais saoil a chiontú i gcion faoi alt 37 i ndáil le híocaíochtaí coimisiúin a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt sin, nó a chiontú i gcion faoi alt 38, agus | |
[EN] | (b) nach ndéanfaidh sé achomharc in aghaidh an chiontaithe nó go ndaingneofar an ciontú ar achomharc, agus | |
[EN] | (c) i gcás na híocaíochta coimisiúin lenar bhain an cion, gur íocaíocht í i leith conradh árachais ar shaol duine a chur i gcrích idir an duine a ciontaíodh agus duine eile, | |
[EN] | ansin aon duine is páirtí i gconradh árachais ar shaol duine a cuireadh i gcrích leis an sealbhóir agus ar íoc an sealbhóir, nó duine ag gníomhú thar ceann an tsealbhóra, íocaíocht choimisiúin ina leith, le hidirghabhálaí árachais, ab airde ná an leibhéal a bhí sonraithe i ndáil le híocaíocht den sórt sin san fhógra a dúradh, nó ar íocadh íocaíocht choimisiúin ina leith de shárú ar alt 38, féadfaidh sé, laistigh de mhí amháin ó dháta an chiontaithe, trí fhógra i scríbhinn a chur leis an bpost chuig an sealbhóir, an conradh a neamhniú agus, air sin, beidh an conradh ar neamhní agus féadfaidh sé aon airgead a d'íoc an duine ar scór an chonartha, mar aon le hús air sin de réir cibé ráta a bheidh socraithe ag an Aire le rialacháin faoin alt seo, a ghnóthú ón sealbhóir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Faisnéis a thabhairt don Aire. |
43. —Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a chur chuig an sealbhóir ar údarú, a cheangal ar an sealbhóir cibé faisnéis a bheidh sonraithe san fhógra i ndáil le híocaíochtaí coimisiúin an tsealbhóra a thabhairt dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná 21 lá ón dáta a gcuirfear an fógra) a bheidh sonraithe san fhógra. |