An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Árachóirí d'Íoc Coimisiún)

3 1989

AN tACHT ÁRACHAIS, 1989

CUID II

Maoirsiú Árachóirí

Árachóirí do chur isteach agus d'fhoilsiú tuairisceán agus doiciméad.

11. —(1) Féadfaidh an tAire le rialachán—

(a) na tuairisceáin agus na doiciméid a bheidh le cur isteach ag sealbhóirí ar údaruithe a fhorordú,

(b) a cheangal go mbeidh aon tuairisceán nó doiciméad a chuirfear isteach chuige fianaithe ag duine ag a bhfuil seasamh gairmiúil, de réir mar a shonróidh an tAire, agus ag stiúrthóirí agus cibé oifigigh de chuid na cuideachta a fhorordóidh sé,

(c) a cheangal go ndéanfar aon tuairisceán nó doiciméad den sórt sin a fhoilsiú i cibé caoi is cuí leis an Aire agus go ndéanfar aon tuairisceán nó doiciméad a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh an ceart ag an Aire aon tuairisceán nó doiciméad den sórt sin a nochtadh d'údarás maoirseachta Ballstáit eile de chuid na gComhphobal Eorpach, i gcás go gceanglaítear nó go n-údaraítear le dlí an nochtadh sin a dhéanamh.

Rialacháin maidir le cúlchistí, dliteanais, luacháil sócmhainní, géilltí athárachais agus deimhnithe sócmhainneachta.

12. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le haghaidh fheidhmiú cuí a fheidhmeanna faoi na hAchtanna Árachais i leith na nithe seo a leanas—>

(a) ríomh na gcúlchistí teicniúla nó matamaiticiúla a bheidh in ionannas do dhliteanais fhrithgheallta,

(b) luacháil sócmhainní gnóthais árachais,

(c) cineál agus raon na sócmhainní a bheidh in ionannas do dhliteanais fhrithgheallta agus suíomh agus comhoiriúnú na sócmhainní sin,

(d) ríomh dliteanas frithgheallta,

(e) géilltí athárachais gnóthas údaraithe lena n-áirítear faisnéis nach foláir do ghnóthais a sholáthar maidir lena gcomhshocruithe athárachais,

(f) an nós imeachta, na coinníollacha agus na foirmeacha a bheidh i gceist in eisiúint deimhnithe sócmhainneachta,

(g) toirmeasc nó srianadh infheistíochtaí d'aicme nó de thuairisc shonraithe.

(h) an céatadán den bharrachas dáilte a leithroinntear ar shealbhóirí polasaí.

Gnóthais do choimeád taifead.

13. —Cothabhálfaidh gnóthas, ag a oifig chláraithe nó ag a áit ghnó sa Stát, taifid chuí maidir leis an ngnó go léir a dhéanann an gnóthas sa Stát faoin údarú atá aige.

Sócmhainní agus dliteanais is inchurtha i leith gnó árachais saoil a dheighilt.

14. —(1) Déanfaidh gach gnóthas atá údaraithe chun gnó árachais saoil a dhéanamh—

(a) cuntas a chothabháil maidir leis an ngnó sin agus déanfar fáltais an ghnó sin a thaifeadadh sa chuntas a chothabhálfar chun na críche sin agus tabharfar ar aghaidh iad go dtí an ciste árachais saoil agus is é an ciste sin a bheidh iontu, agus

(b) cibé taifid chuntasaíochta agus taifid eile a chothabháil is gá chun sainaithint a dhéanamh—

(i) ar na sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste a chothabhálann an gnóthas faoi mhír (a) den fho-alt seo, agus

(ii) ar na dliteanais is inchurtha i leith an ghnó sin.

(2) Ní dochar forálacha fho-alt (1) d'oibleagáidí gnóthais cibé taifid a chothabháil is gá chun go n-ullmhófaí agus go gcuirfí faoi bhráid an Aire cuntais agus ráitis ar leithligh d'aon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir mar a cheanglófar ó am go ham leis na hAchtanna Árachais.

Cur chun feidhme sócmhainní gnóthais a dhéanann gnó árachais saoil.

15. —(1) Maidir leis na sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste a chothabhálann gnóthas de réir alt 14 (1)—

(a) cuirfear chun feidhme iad chun críocha an ghnó sin, agus

(b) ní aistreofar iad chun go mbeidh siad ar fáil chun críocha eile de chuid an ghnóthais ach amháin i gcás inarb é atá san aistriú aisíoc caiteachais a d'iompair sócmhainní eile (sa bhliain airgeadais chéanna nó sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin) chun dliteanais a urscaoileadh ab inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith gnó árachais saoil.

(2) I gcás ina suífear, trí fhiosrú lena mbaineann Airteagal 5 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuntais, Ráitis agus Luachálacha Árachais Saoil), 1986 (I.R. Uimh. 437 de 1986) nó a dhéantar de bhun ceanglais a fhorchuirtear faoi alt 16 nó 17, gur mó luach na sócmhainní a luaitear i bhfo-alt (1) ná méid an dliteanais is inchurtha i leith ghnó árachais saoil an ghnóthais, ní bheidh feidhm ag an srianadh a fhorchuirtear leis an bhfo-alt sin maidir leis an oiread sin de na sócmhainní sin arb é an barrachas é.

(3) Ní údarófar, le fo-alt (2), sócmhainní a aistriú nó a chur chun feidhme ar shlí eile faoi threoir fiosrú achtúireach tráth ar bith tar éis an dáta a mbeidh an achomaireacht ar thuarascáil an achtúire i dtaobh an fhiosraithe taiscthe leis an Aire de réir Airteagal 9 (1) de na Rialacháin sin 1986.

(4) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) ar ghnóthas sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste a chothabhálann an gnóthas i leith a ghnó árachais saoil a mhalartú, ar margadhluach cóir, ar shócmhainní eile de chuid an ghnóthais.

(5) Beidh morgáiste nó muirear ar neamhní sa mhéid go sáraíonn sé fo-alt (1).

(6) Ní dhéanfar an t-airgead ón gciste a chothabháiltear ag gnóthas maidir lena ghnó árachais saoil a úsáid chun críocha aon ghnó de chuid an ghnóthais nach gnó árachais saoil d'ainneoin aon chomhshocrú a bheith ann chun é a aisíoc dá éis sin as fáltais an ghnó eile sin.

(7) Ní dhéanfaidh aon ghnóthas lena mbaineann an t-alt seo díbhinn a fhógairt tráth ar bith ar lú luach na sócmhainní a bheidh in ionannas don chiste nó an cion sócmhainneachta, arna chinneadh de réir aon rialachán luachála is infheidhme, ná—

(a) i gcás an chiste, méid na ndliteanas is inchurtha i leith an ghnó sin, arna chinneadh amhlaidh, nó

(b) i gcás an chion sócmhainneachta, an méid a cheanglaítear le Rialacháin 1984.

(8) Aon tagairt san alt seo do “an ciste” is tagairt í don chiste iomlán sócmhainní a chothabhálann an gnóthas maidir lena ghnó árachais saoil, nach sócmhainní scairshealbhóirí iad.

Cumhachtaí ginearálta chun faisnéis a éileamh.

16. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá é chun a dheimhniú dó go bhfuil gnóthas ag comhlíonadh a dhualgas faoi na hAchtanna Árachais, féadfaidh sé a éileamh ar an ngnóthas na nithe seo a leanas a ullmhú agus a chur faoina bhráid, eadhon—

(a) tuairisceáin agus cuntais san fhoirm a bheidh forordaithe sna hAchtanna Árachais agus iad déanta amach anuas go dtí cibé dáta a ordóidh an tAire;

(b) cibé faisnéis eile (lena n-áirítear faisnéis a fuarthas ó fhiosrú achtúireach) a shonróidh sé i ndáil leis an ngnóthas féin;

(c) cibé faisnéis eile a shonróidh an tAire, i ndáil le haon chomhlacht bainteach de chuid an ghnóthais, ar faisnéis í a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go dtabharfadh an gnóthas í.

(2) Féadfaidh an tAire a éileamh go mbeidh na tuairisceáin, na cuntais nó an fhaisnéis sin deimhnithe nó fianaithe, ó thaobh iad a bheith ceart, ag aon duine a bheidh ainmnithe aige.

(3) Chun críche an ailt seo folóidh comhlacht bainteach—

(a) aon chomhlacht bainteach de réir bhrí alt 4 (4), míreanna (a), (b) agus (d) den Acht Árachais (Uimh. 2), 1983 ,

(b) aon chomhlacht a bhfuil an gnóthas, leis féin nó maille le haon chomhlach nó comhlaigh, i dteideal an cúigiú cuid nó níos mó de na cearta vótála ann a fheidhmiú, nó a bhfeidhmiú a rialú, ag aon chruinniú ginearálta de chuid an chomhlachta sin,

(c) aon chomhlacht atá, leis féin nó maille le haon chomhlach nó comhlaigh, i dteideal an cúigiú cuid nó níos mó de na cearta vótála a fheidhmiú, nó a bhfeidhmiú a rialú, ag aon chruinniú ginearálta de chuid an ghnóthais,

(d) aon chomhlacht is comh-fhochuideachta de chuid an ghnóthais de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, agus

(e) aon chomhlacht atá bainteach le comhlacht bainteach de réir bhrí an ailt seo.

(4) Chun críocha fho-alt (3) ciallaíonn “comhlacht” comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine.

(5) In éileamh faoi fho-alt (1) féadfar dáta a shonrú faoina mbeidh sé le comhlíonadh agus mura mbeidh sé comhlíonta faoin dáta sin féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar údarú an ghnóthais maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, figiúr níos ísle ná an figiúr a luaitear i bhfo-alt (3), mír (b) nó (c), a fhorordú.

Fiosruithe.

17. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá é chun a dheimhniú dó an bhfuil gnóthas ag comhlíonadh a dhualgas faoi na hAchtanna Árachais nó an bhfuil ar chumas an ghnóthais leanúint dá gcomhlíonadh, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar fiosrú ar ghnó an ghnóthais nó ar aon ghné den ghnó sin.

(2) I gcás ina n-ordóidh an tAire fiosrú den sórt sin a dhéanamh féadfaidh sé a cheangal ar an ngnóthas aon tuairisceán, doiciméad nó cuntas, cibé acu i ndáil leis an ngnóthas féin nó le haon chomhlacht bainteach a shonróidh an tAire, a thabhairt dó, faoi dháta sonraithe, is gá chun an fiosrú a sheoladh, agus féadfaidh sé a cheangal freisin ar an ngnóthas tuairisceáin agus cuntais a bheidh deimhnithe go cuí, nó aon doiciméad a bheidh fianaithe go cuí, a thabhairt dó is gá chun é a shásamh maidir le staid airgeadais an ghnóthais.

(3) Chun críocha an ailt seo tá le “comhlacht bainteach” an bhrí a thugtar dó le halt 16.

(4) Má mhainníonn an gnóthas déanamh de réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar a údarú maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.

Cumhachtaí idirghabhála i gcásanna sócmhainneachta amhrasaí.

18. —(1) Má bhíonn cúis ag an Aire chun a chreidiúint—

(a) nach bhfuil, nó go bhféadfadh nach mbeadh, gnóthas in ann freastal dá dhliteanais, nó

(b) nach bhfuil, nó go bhféadfadh nach mbeadh, gnóthas a bhfuil a phríomh-oifig sa Stát, in ann an cion sócmhainneachta a chur ar fáil is gá,

féadfaidh an tAire a ordú don ghnóthas cibé beart amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas is dóigh leis is cuí, a ghlacadh faoi dháta sonraithe, gan teorainn ama nó go ceann tréimhse sonraithe:

(i) staonadh de ghnó nua, nó de ghnó nua de chineál sonraithe nó d'aicme shonraithe, a ghlacadh,

(ii) a ioncam préimhe a theorannú go feadh méid sonraithe,

(iii) staonadh ó infheistíochtaí d'aicme nó de thuairisc shonraithe a dhéanamh,

(iv) infheistíochtaí d'aicme nó de thuairisc shonraithe a réadú laistigh de thréimhse shonraithe,

(v) sócmhainní a choinneáil sa Stát darb ionann luach agus méid iomlán a dhliteanas, nó cion sonraithe de mhéid a dhliteanas, i leith gnó a sheoltar sa Stát,

(vi) cibé bearta eile a ghlacadh a bheidh sonraithe san ordachán.

(2) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar i bhfo-alt (1), míreanna (i) go (vi), a fheidhmiú freisin ar aon fhoras díobh seo a leanas:

(a) má tá mainnithe ag an ngnóthas foráil de chuid na nAchtanna Árachais a chomhlíonadh,

(b) mura deimhin leis an Aire go bhfuil comhshocruithe leordhóthaineacha i bhfeidhm nó le déanamh chun athárachú a dhéanamh ar fhiontair a ndéanann an gnóthas, i gcúrsa gnó a sheoladh, daoine a árachú ina n-aghaidh, agus ar fiontair iad d'aicme ar dóigh leis an Aire gur gá comhshocruithe den sórt sin a dhéanamh maidir leo,

(c) má tá foras ann ar a mbeadh an tAire toirmiscthe ó údarú a eisiúint chuig an ngnóthas dá ndéanfadh an gnóthas iarratas air,

(d) más dealraitheach don Aire go bhfuil imithe cuid mhaith ó aon togra nó réamhaisnéis a cuireadh isteach chuige agus arbh ar a mbonn a eisíodh údarú chuig an ngnóthas.

(3) I gcás gnóthas ar i mBallstát eile de chuid an Chomhphobail dá phríomhoifig déanfaidh an tAire, sula n-eiseoidh sé ordachán faoin alt seo, fógra a chur chuig údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an phríomhoifig suite.

(4) Mura ndéanfaidh an gnóthas de réir ordacháin faoin alt seo féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar a údarú maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.

(5) Féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú ag daingniú ordacháin faoin alt seo nó ar ordú ag daingniú agus ag fadú tréimhse oibríochta ordacháin den sórt sin go ceann cibé tréimhse ama is dóigh leis an gCúirt is cuí ag féachaint do na himthosca go léir, agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.

(6) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (5), cibé ordú a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is dóigh léi is gá.

(7) Féadfar na himeachtaí go léir, nó cuid de na himeachtaí, faoin alt seo, nó achomharc nó cuid d'achomharc i ndáil leo, a éisteacht i ndlísheomra.

(8) Féadfaidh gnóthas dá dtugtar ordachán faoin alt seo iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú ag cur an ordacháin ar ceal agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dheonú.

(9) Féadfaidh an tAire ó am go ham ordachán a tugadh faoin alt seo a athrú nó a chúlghairm.

Fógra roimh ré i dtaobh téarmaí polasaí agus rátaí préimhe agus iad a chur ar taispeáint.

19. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar ghnóthas atá údaraithe sa Stát nó ar ghnóthas árachais a eisíonn cumhdach ón gcoigrích, cé nach bhfuil sé údaraithe sa Stát, i gcoinne fiontair a éiríonn sa Stát agus a bhfuil teideal dlí aige sin a dhéanamh, sonraí a thabhairt dó tráth ar bith maidir leis na coinníollacha polasaí agus na rátaí préimhe, i gcoitinne agus go sonrach, a ghabhann le cineálacha sonraithe conarthaí árachais agus féadfaidh sé a cheangal go dtabharfar na sonraí sin sula n-eiseofar aon chonarthaí árachais den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal ar dhaoine a bheidh ag iarraidh údarú chun bunú sa Stát faisnéis den chineál céanna a thabhairt dó.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar árachóirí a dhéanann árachú d'aon aicme nó tuairisc shonraithe faisnéis maidir lena gcoinníollacha polasaí agus a rátaí a chur ar taispeáint nó a chur ar fáil i cibé caoi a fhorordóidh sé.

Cáilíochtaí stiúrthóirí, bainisteoirí agus gníomhaire údaraithe.

20. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar árachóir cibé faisnéis a chur chuige a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na cáilíochtaí agus an taithí atá ag a chuid stiúrthóirí agus ag sealbhóirí cibé post bainistíochta a shonróidh sé, nó atá ag gníomhaire údaraithe an árachóra sa Stát.

(2) Más dealraitheach don Aire, maidir le duine atá i seilbh poist mar stiúrthóir, bainisteoir nó gníomhaire údaraithe, nach duine é ag a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha nó taithí oiriúnach chun an post sin a shealbhú (“duine cáilithe”), féadfaidh sé a ordú go nglacfaidh an t-árachóir, fad a bheidh an post sin ag an duine sin, cibé beart amháin nó níos mó de na bearta a shonraítear in alt 18 (1) is dóigh leis an Aire is cuí agus déanfaidh an t-árachóir de réir an ordacháin sin agus beidh éifeacht dá réir sin leis an alt sin.

(3) Cuirfear fógra chuig an Aire i dtaobh gach togra chun stiúrthóir, príomhfheidhmeannach nó gníomhaire údaraithe de chuid an árachóra a cheapadh agus ní dhéanfar an ceapachán má chuireann an tAire i gcoinne an togra ar an bhforas nach duine cáilithe an duine a bheartaítear a cheapadh.

(4) (a) Cuirfidh iarratasóir ar údarú cibé faisnéis ar fáil don Aire a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na cáilíochtaí agus an taithí atá ag aon duine a bheartaítear a cheapadh mar stiúrthóir ar an ngnóthas agus ag gach duine a bheartaítear a cheapadh mar phríomhfheidhmeannach nó chun aon phost bainistíochta freagrach eile a shealbhú sa ghnóthas, nó ag an duine a bheartaítear a cheapadh mar ghníomhaire údaraithe don ghnóthas.

(b) Ní dheonóidh an tAire údarú más dealraitheach dó nach duine cáilithe an duine sin.

(5) I gcás gnóthas nach sa Stát dá phríomhoifig ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin maidir le daoine a sheolann feidhmeanna de chuid an ghnóthais sa Stát.

(6) Ní bheidh aon éileamh ann i gcoinne an Aire i leith aon chailliúint oifige a tharlaíonn go díreach nó go neamhdhíreach de bharr aon fhorála de chuid an ailt seo.

(7) Féadfaidh gnóthas achomharc a dhéanamh chun na Cúirte i gcoinne ordachán nó agóid de chuid an Aire faoin alt seo. Féadfar an t-achomharc a éisteacht i ndlísheomra.

Údarú a chúlghairm i gcás nach bhfuil aon ghnó á dhéanamh.

21. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire—

(a) údarú a chúlghairm maidir le haon aicme nó cuid d'aicme árachais saoil nó neamh-shaoil más deimhin leis nach bhfuil aon ghnó déanta faoin údarú le dhá bhliain chomhleanúnacha anuas, nó má tá an méid gnó a dhéanann sealbhóir ar údarú in aicme nó i gcuid d'aicme árachais saoil nó neamh-shaoil laghdaithe chomh mór sin aige gurb ionann é dáiríre agus scor de bheith ag seoladh gnó san aicme sin nó sa chuid sin d'aicme;

(b) údarú a fhionraí maidir le haon aicme nó cuid d'aicme árachais saoil nó neamh-shaoil más deimhin leis go bhfuil scortha go sealadach den ghnó nó go bhfuil an méid gnó a dhéanann an gnóthas san aicme sin gnó nó sa chuid sin den aicme sin gnó laghdaithe chomh mór sin aige gurb ionann é dáiríre agus scor go sealadach de bheith ag seoladh an ghnó sin, agus féadfaidh an tAire coinníollacha a leagan síos maidir le deireadh a chur leis an bhfionraí ar an údarú.

(2) Chun críche an ailt sin measfar go gciallaíonn gnó árachais a sheoladh polasaithe árachais a eisiúint sa Stát.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le gnó a scor nó a laghdú, nó údaruithe a chúlghairm nó a fhionraí, i gcás ina gceanglaítear sin le hordachán ón Aire faoi alt 18.

(4) Is de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58 a dhéanfar údarú a chúlghairm nó a fhionraí faoin alt seo.

Athárachas.

22. —(1) Ní dleathach d'aon duine gnó, arb éard é athárachú a dhéanamh ar ghnó d'aicme lena mbaineann na hAchtanna Árachais, a sheoladh ó áit ghnó nó ag áit ghnó, nó ó bhunaíocht nó ag bunaíocht, sa Stát mura rud é—

(a) i gcás gnóthas ag a bhfuil údarú chun gnó in aicme amháin nó níos mó a sheoladh, go mbaineann an t-údarú freisin leis na haicmí sin gnó ina bhfuil athárachas á ghlacadh, nó

(b) i gcás duine nach bhfuil údarú aige, go mbeidh fógra tugtha ag an duine sin don Aire, i cibé foirm a fhorordóidh an tAire, á rá go seolann sé gnó athárachais, agus mura gcomhdóidh sé a chuntais, i cibé foirm a shonróidh an tAire, le cláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar ghnóthas athárachas a ghlacadh in aicme nó in aicmí nach síneann a údarú chuici nó chucu, i gcás gur gnó é an gnó san aicme nó sna haicmí sin atá coimhdeach leis an bpríomhghnó athárachais atá á ghlacadh, ar choinníoll i gcónaí—

(a) i gcás gnóthas ag a bhfuil údarú faoi Rialacháin 1976, nach bhfuil san aicme nó sna haicmí gnó ina bhfuil athárachas á ghlacadh ach árachas d'aicme nó d'aicmí a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann leis na Rialacháin sin, nó

(b) i gcás gnóthas ag a bhfuil údarú faoi Rialacháin 1984, nach bhfuil san aicme nó sna haicmí gnó ina bhfuil athárachas á ghlacadh ach árachas d'aicme nó d'aicmí a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann leis na Rialacháin sin.

(3) Beidh glacadh athárachais ag gnóthas faoi réir fhorálacha na nAchtanna Árachais.

Ceanglais scairchaipitil íosta.

23. —(1) Ní dheonóidh an tAire údarú mura rud é—

(a) i gcás cuideachta atá corpraithe sa Stát faoi Achtanna na gCuideachtaí, nach lú ná £500,000 scairchaipiteal íoctha na cuideachta, agus

(b) i gcás cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, nach lú ná £500,000 an scairchaipiteal íoctha agus nach mbeidh an scairchaipiteal sin in-aistarraingthe ag baill den chumann ná inaisíoctha leo.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an bhfoirm ina bhféadfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) scairchaipiteal a eisiúint agus féadfaidh sé le hordú leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis an luach, dá dtagraítear san fho-alt sin, nach foláir a bheith leis an scairchaipiteal íoctha.

Cumhacht coinníollacha a chur ag gabháil le húdaruithe.

24. —(1) Más dóigh leis an Aire gur fóirsteanach é ar mhaithe le leas an phobail nó le leas scairshealbhóirí, féadfaidh sé, an tráth a eiseofar údarú nó aon tráth eile, a cheangal ar shealbhóir ar údarú geallúintí a thabhairt, faoi dháta sonraithe, maidir leis an gcaoi ina seolfar a chuid gnó agus tabharfaidh an sealbhóir sin na geallúintí a cheanglaítear amhlaidh agus comhlíonfaidh sé iad.

(2) Tabharfaidh an sealbhóir ar údarú don Aire, gach bliain nó ag cibé eatraimh is minice ná sin a iarrfaidh an tAire, cibé tuairisceáin agus doiciméid nó cibé faisnéis eile, agus iad i cibé foirm agus modh a iarrfaidh sé, is gá chun a chumasú don Aire a fhíorú go bhfuil na geallúintí a luaitear i bhfomhír (1) á gcomhlíonadh.

(3) I gcás ina mainneoidh an sealbhóir ar údarú fo-ailt (1) nó (2) a chomhlíonadh féadfaidh an tAire fionraí nó cúlghairm a dhéanamh ar an údarú maidir le haon aicme nó cuid d'aicme gnó de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in alt 58.

Gnó árachais tionscail.

25. —(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Assurance Companies Act, 1909, nó san Acht Árachais, 1936 , féadfar na cistí árachais tionscail agus árachais saoil a bhí á gcothabháil ag árachóir roimh thosach feidhme an ailt seo a chónascadh agus beidh an ciste comhcheangailte faoi dhliteanas i leith aon chonarthaí de chuid an árachóra a mbeadh aon chiste díobh faoi dhliteanas ina leith roimhe sin.

(2) I gcás conarthaí gnó árachais tionscail, beidh an oibleagáid chun préimheanna a bhailiú, cibé acu is de bharr conarthaí, sainráite nó intuigthe, nó trí impleacht reachtúil í, agus cibé acu a bhí na conarthaí sin ar marthain tráth thosach feidhme an ailt seo nó a rinneadh iad dá éis sin, comhlíonta má dhéantar an bailiú uair ar a laghad gach dhá mhí.

(3) (a) Leasaítear leis seo alt 50 (5) den Acht Árachais, 1936 , trí “£1,200” a chur in ionad “cúig púint fhichead”.

(b) Leasaítear leis seo alt 51 (2) den Acht Árachais, 1936 (suimeanna uasta is féidir a árachú ar shaol leanaí faoi bhun 10 mbliana) trí “£1,000” a chur in ionad “fiche punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966 ) agus “£1,000” a chur in ionad “tríocha punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhar Creidmheasa, 1966 ).

(c) Féadfaidh an tAire le hordú athrú a dhéanamh ar fhorálacha an fho-ailt seo maidir leis na suimeanna a árachaítear faoi pholasaithe árachais tionscail.

Árachú daoine nach n-ainmnítear.

26. —(1) Ní dhéanfaidh alt 2 den Life Assurance Act, 1774, arna chur chun feidhme leis an Life Insurance (Ireland) Act, 1866, polasaí árachais chun sochair daoine nach n-ainmnítear, is polasaí a thagann ó am go ham faoi réim aicme nó tuairisce sonraithe, a chur ó bhail má bhíonn cur síos sách mion sa pholasaí ar an aicme nó ar an tuairisc sin gur féidir céannacht na ndaoine go léir a bheidh, aon tráth áirithe, i dteideal sochar a fháil faoin bpolasaí, a chinneadh.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach polasaí a bhaintear amach cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.

Feidhm Acht 1978.

27. —Leasaítear leis seo an tAcht Árachais (Leasú), 1978 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:

“2.—(1) Baineann an tAcht seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta arna thabhairt nó arna dhéanamh, mar urra nó ráthóir—

(a) ag ceadúnaí i gcúrsa a ghnó baincéireachta, nó

(b) ag Corparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta, i gcúrsa a gnó, nó

(c) ag Fóir Teoranta i gcúrsa a ghnó,

nó a bheidh arna thabhairt nó arna dhéanamh mar urra nó ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta, ag duine a chónaíonn lasmuigh den Stát do shásamh ceanglais, agus d'aontoisc chun críocha ceanglais—

(i) is ceanglas de chuid ceadúnaí nó de chuid Chorparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta nó Fóir Teoranta, agus

(ii) a rinneadh d'aontoisc d'urrú saoráidí airgeadais atá le cur ar fáil ag an gceadúnaí sin nó ag Corparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta nó ag Fóir Teoranta.

(2) Chun críocha an ailt seo—

tá le ‘gnó baincéireachta’ an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn ‘ceadúnaí’ an sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971 .”.

Leasú ar an Friendly Societies Act, 1896.

28. —Leasaítear leis seo an Friendly Societies Act, 1896, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:

“Restrictions on registration.

8A. Notwithstanding section 8 of this Act:

(1) No society shall be registered under this Act for any of the purposes referred to in section 8 (1) (a) or section 8 (1) (e) of this Act unless the registrar of friendly societies is satisfied that the society is a society to which Article 2.2 (b), Article 2.2 (c) or Article 3 of Council Directive 73/239/EEC1 refers.

(2) No society shall be registered under this Act for any of the purposes referred to in section 8 (1) (b) or section 8 (1) (d) of this Act unless the registrar of friendly societies is satisfied that the society is a society to which Article 2.2, Article 2.3 or Article 3 of Council Directive 79/267/EEC2 refers, or is a society in respect of which the Minister for Industry and Commerce has indicated that he will issue an authorisation under the European Communities (Life Assurance) Regulations, 1984.

(3) No society registered under this Act shall be authorised to carry on any insurance business falling under the description of insurance of Class III, IV or VII of Schedule 1 to the European Communities (Life Assurance) Regulations, 1984, unless it has obtained an authorisation under those Regulations for that purpose.”.

Feidhm na ndíolúintí i Rialacháin 1976 agus 1984 ar árachas saoil agus neamhshaoil.

29. —Dearbhaítear leis seo d'fhonn amhras a sheachaint—

(a) nach bhfuil feidhm ag forálacha Rialachán 3 (2) (b) de Rialacháin 1976, ná ag Rialachán 3 (2) (b) de Rialacháin 1984 ach amháin i ndáil leis na hoibríochtaí a luaitear sna fomhíreanna sin i gcás na hoibríochtaí sin a bheith á seoladh ag comhlacht atá cláraithe faoi na hAchtanna a bhaineann le cara-chumainn nó ceard chumainn, agus

(b) gur tagairtí do chomhlachais fhrithpháirteacha agus d'eagraíochtaí atá cláraithe faoi na hAchtanna a bhaineann le cara-chumainn nó ceardchumainn an tagairt i Rialachán 3 (2) (c) de Rialacháin 1976 do fhrithpháirtigh agus an tagairt i Rialachán 3 (2) (c) de Rialacháin 1984 d'eagraíochtaí agus comhlachais fhrithpháirteacha.

Árachóirí a fhoirceannadh.

30. —I gcás go dtíolacfaidh duine seachas an tAire achainí chun gnóthas a fhoirceannadh, seirbheálfar cóip den achainí ar an Aire agus beidh sé i dteideal éisteacht a fháil maidir leis an achainí.

An Ciste Cúitimh Árachais.

31. —(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) (a cuireadh isteach le hAcht 1983) d'alt 3 den Acht Árachais, 1964 , maidir le leachtaitheoir árachóra (de réir bhrí Acht 1983) ar tar éis thosach feidhme an ailt seo a chuirfidh an Chúirt tús lena fhoirceannadh.

(2) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Árachais, 1964 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):

“(1B) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo féadfar, le ceadú na hArd-Chúirte, cibé méid nó méideanna (faoi réir na teorann dá bhforáiltear i mír (b)) a údaróidh an Chúirt ó am go ham a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra dhócmhainnigh (lena n-áirítear árachóir a mbeidh a údarú cúlghairthe ag an Aire) ar tar éis thosach feidhme alt 31 den Acht Árachais, 1989 , a chuirfidh an Ard-Chúirt tús lena fhoirceannadh, i leith aon suime (seachas suim is iníoctha i leith aisíoc préimhe) a bheidh dlite do dhuine faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir sa Stát i leith fiontair atá suite sa Stát, mar aon leis na costais agus na caiteachais (más ann) a thabhaigh an duine de riachtanas agus de réir réasúin agus é ag iarraidh íoc na suime a áirithiú.

(b) Maidir leis an tsuim iomlán is féidir a íoc as an gCiste faoi mhír (a) i leith aon suime a bheidh dlite do dhuine faoi pholasaí, ní rachaidh sí (cibé acu mar íocaíocht amháin nó mar an iomlán de shraith íocaíochtaí) thar seasca a cúig faoin gcéad (nó sé chéad is caoga míle punt, cibé acu is lú) den tsuim sin.

(1C) I gcás go mbaineann aon suim dá dtagraítear i bhfo-alt (1B) le dliteanas an árachaí i leith tríú páirtí, beidh feidhm ag an teorainn a fhorordaítear leis an bhfo-alt sin d'íocaíochtaí as an gCiste maidir leis an tsuim is gá faoi chomhair dhliteanas an árachaí i leith an tríú páirtí sin.

(1D) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1B) maidir le haon suim a bheidh dlite do chomhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine mura mbeidh an tsuim dlite i ndáil le dliteanas an chomhlachta sin i leith pearsan aonair nó i ndáil le dliteanas pearsan aonair i leith an chomhlachta sin.

(1E) I gcás ina ndéanfar aon mhéid a íoc as an gCiste le leachtaitheoir faoi fho-alt (1B) déanfaidh an leachtaitheoir an méid sin a íoc leis an duine a mbeidh sé dlite ina leith.”.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2B) (a cuireadh isteach le hAcht 1983) den alt sin 3 maidir le riarthóir árachóra (de réir na brí sin a dúradh) ar tar éis thosach feidhme an ailt seo a thosófar á riaradh.

(4) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Árachais, 1964

(a) trí “féadfaidh an tAire, d'fhonn gur éasca gnó an árachóra a chur ar bonn fónta tráchtála agus airgeadais, an fiach sin ar fad nó cuid den fhiach sin a tharscaoileadh tráth ar bith thar ceann an Chiste” a scriosadh as fo-alt (2C) (b) (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1983) agus trí “féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, d'fhonn gur éasca gnó an árachóra a chur ar bhonn fónta tráchtála agus airgeadais, an fiach sin ar fad nó aon chuid den fhiach sin a tharscaoileadh tráth ar bith thar ceann an Chiste” a chur ina ionad; agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2A) (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1983):

“(2A) I gcás méid a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra faoi fho-alt (1A) nó (1B) den alt seo i leith suim a bheidh dlite faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir agus i leith na gcostas agus na gcaiteachas (más ann) a tabhaíodh i ndáil leis an tsuim, nó, i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1A), i leith aisíoc préimhe, beidh an Cuntasóir, maidir leis an méid a íocadh as an gCiste, ina chreidiúnaí de chuid an árachóra, agus glacfar leis an méid sin sna himeachtaí le haghaidh an fhoirceanta mar fhiach cruthaithe ar an árachóir agus tosaíocht aige ar aon suim a bheidh dlite fós faoin bpolasaí nó i leith aisíoc na préimhe, de réir mar a bheidh.”.

(5) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (d) den Acht Árachais, 1964 (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1983) tríd an míniú ar “ioncam comhiomlán” a scriosadh agus an míniú seo a leanas a chur ina ionad:

“ciallaíonn ‘ioncam comhiomlán’, i ndáil le hárachóir i leith aon tréimhse, méid comhlán na bpréimheanna a íocadh nó is iníoctha leis an árachóir i leith polasaithe a d'eisigh sé sa Stát sa tréimhse sin i leith fiontar atá suite sa Stát;”.

(6) San alt seo ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Árachais (Uimh. 2), 1983 .

(7) Measfar fiontar a bheith suite sa Stát chun críocha ailt 3 agus 6 den Acht Árachais, 1964 , arna leasú leis an alt seo, i gcás go mbaineann an polasaí nó an ionstraim eile árachais—

(a) le maoin arb éard í foirgnimh nó foirgnimh agus a n-inneachair, sa mhéid go mbeidh na hinneachair cumhdaithe leis an bpolasaí céanna nó leis an ionstraim eile árachais céanna, má tá an mhaoin suite sa Stát;

(b) le feithiclí, lena n-áirítear feithiclí talún, rothra iarnróid, aerárthaí, soithí farraige, locha, abhann agus canála, má tá an fheithicil cláraithe sa Stát;

(c) le fiontair taistil nó saoire, d'aicme ar bith, más sa Stát a eisítear an polasaí nó an ionstraim eile árachais;

nó, in aon chás eile, má tá gnáthchónaí ar an sealbhóir polasaí sa Stát nó más pearsa dhlíthiúil an sealbhóir polasaí agus go bhfuil an bhunaíocht lena mbaineann an polasaí nó an ionstraim eile árachais suite sa Stát.

Íocaíochtaí tosaíochta fiach as cúlchistí teicniúla gnóthais.

32. —(1) I ngach foirceannadh, déanfar sócmhainní an ghnóthais, cibé áit a mbeidh siad, a bheidh in ionannas do chúlchistí teicniúla a cheanglaítear a bhunú agus a chothabháil de bhun Rialacháin 1976 nó Rialacháin 1984, de réir mar a bheidh, a úsáid, gan dochar d'aon cheart tosaíochta faoi Achtanna na gCuideachtaí nó faoi aon achtachán eile, chun fiacha a éiríonn faoi chonarthaí árachais a rinneadh de bhun údarú an ghnóthais a urscaoileadh i dtosaíocht ar fhiacha eile.

(2) Chun críche an ailt seo aon mhéid a ghnóthófar ó athárachóir faoi chonradh athárachais a bhaineann le conradh árachais a luaitear i bhfo-alt (1) beidh sé mar chuid de na cúlchistí teicniúla sin a dúradh.

Cumhacht díola an riarthóra.

33. —(1) Dearbhaítear leis seo, d'fhonn amhras a sheachaint, go mbeidh ag riarthóir arna cheapadh faoi alt 2 den Acht Árachais (Uimh. 2), 1983 , agus go measfar go raibh aige riamh, an chumhacht chun gnó, gnóthas nó sócmhainní uile an árachóra, nó aon chuid den chéanna, a dhiúscairt agus chun aon ghnó a bheidh fágtha a sheoladh, lena n-áirítear dliteanais a ghlanadh, d'fhonn an riaradh a thabhairt chun críche ar bhealach ordúil.

(2) Más rud é go ndearna aon riarthóir den sórt sin a ceapadh roimh thosach feidhme an Achta seo gnó, gnóthas nó sócmhainní uile árachóra nó aon chuid den chéanna a dhiúscairt, féadfar le toiliú na hArd-Chúirte, cibé méideanna is gá, i dtuairim na hArd-Chúirte, le go leanfadh an riarthóir den riaradh d'fhonn é a thabhairt chun críche ar bhealach ordúil, a íoc as an gCiste leis an riarthóir.

Ceapachán, dualgas agus cáilíochtaí achtúire.

34. —(1) Aon árachóir a bhfuil a phríomhoifig sa Stát agus a bhfuil, tráth thosach feidhme na Coda seo, údarú aige chun dul i mbun gnó árachais saoil déanfaidh sé laistigh de dhá mhí ón tosach feidhme sin, mura mbeidh sé déanta aige cheana féin, duine cuí-cháilithe a cheapadh mar achtúire don árachóir agus déanfar sonraí i dtaobh céannacht, taithí agus cáilíochtaí an duine a cheapfar amhlaidh a chur in iúl don Aire tráth a cheaptha.

(2) Aon árachóir a bhfuil a phríomhoifig sa Stát déanfaidh sé, laistigh de mhí tar éis údarú chun dul i mbun gnó árachais saoil a bheith deonaithe dó, duine cuí-cháilithe a cheapadh mar achtúire don ghnóthas, agus déanfar faisnéis i dtaobh céannacht, taithí agus cáilíochtaí an duine a cheapfar amhlaidh a chur in iúl don Aire tráth an cheaptha sin.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an duine a cheapfar mar achtúire do ghnóthas aon fheidhm i ndáil le gnó an ghnóthais sin, a gceanglaíonn na hAchtanna Árachais é a bheith déanta ag achtúire, a sheoladh.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú na cáilíochtaí agus an taithí a bheidh ag an duine a cheapfar mar achtúire do ghnóthas a fhorordú.

Dualgais iniúchóra.

35. —(1) Más rud é, maidir le hiniúchóir árachóra—

(a) go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil imthosca ann ar dóigh dóibh difear ábhartha a dhéanamh do chumas an árachóra freastal dá oibleagáidí i leith sealbhóirí polasaí nó freastal dá riachtanais airgeadais ábhartha faoi na hAchtanna Árachais, nó

(b) go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha i gcórais agus rialuithe airgeadais, nó i dtaifid chuntasaíochta, an árachóra ar dóigh dóibh an éifeacht sin a bheith leo, nó

(c) go mbeartóidh sé coinníoll a chur ag gabháil le haon deimhniú atá le cur ar fáil aige i ndáil le ráitis nó tuairisceáin airgeadais de chuid an árachóra faoi Achtanna na gCuideachtaí nó faoi na hAchtanna Árachais, nó

(d) go gcinnfidh sé éirí as nó gan dul ar aghaidh lena atoghadh mar iniúchóir,

tuairisceoidh sé an méid sin i scríbhinn don Aire gan mhoill.

(2) Déanfaidh an t-iniúchóir cóip d'aon tuarascáil a thug sé don Aire faoi fho-alt (1) a chur chuig an árachóir.

(3) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú a chuid feidhmeanna faoi na hAchtanna Árachais nó chun leasanna sealbhóirí polasaí a chosaint, féadfaidh sé a cheangal ar iniúchóir árachóra cibé faisnéis a shonróidh sé a thabhairt dó i ndáil leis an iniúchadh ar ghnó an árachóra agus déanfaidh an t-iniúchóir de réir an cheanglais sin. Féadfaidh an tAire a cheangal go ngníomhóidh an t-iniúchóir go neamhspleách ar an árachóir agus an fhaisnéis sin á tabhairt aige.

(4) I gcás árachóra a bhfuil a phríomhoifig lasmuigh den Stát, beidh feidhm ag na dualgais a fhorchuirtear ar iniúchóir faoin alt seo maidir le gnó arna scríobh ag an árachóir ag a bhunaíocht sa Stát.

(5) Ní mheasfar aon dualgas, a mbeidh iniúchóir árachóra faoina réir, a bheith sáraithe, ná ní bheidh an t-iniúchóir faoi dhliteanas ar bith i leith an árachóra ná i leith scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó páirtithe leasmhara eile de chuid an árachóra, mar gheall ar é do chomhlíonadh aon oibleagáide a fhorchuirtear air leis an alt seo nó faoin alt seo.

Cumhachtaí na Cúirte maidir le cónascadh nó aistriú gnó árachais.

36. —(1) Aon uair a thabharfaidh an Chúirt cead, faoi alt 13 den Assurance Companies Act, 1909, le haghaidh cónascadh dhá chuideachta árachais nó níos mó nó le haghaidh aistriú gnó árachais d'aicme ar bith ó chuideachta árachais amháin go dtí cuideachta árachais eile, nó go bhfuil cónascadh nó aistriú den chineál a dúradh le déanamh nach gá cead na Cúirte faoin alt sin lena aghaidh, déanfaidh an Chúirt, ag féachaint di do dhliteanais uile na gcuideachtaí, leis an ordú ina dtugtar an cead nó, i gcás nach gá cead faoin alt sin, ar iarratas a bheith déanta chuici, socrú le haghaidh cibé de na nithe seo a leanas is gá sna himthosca:

(a) gnóthas uile, agus maoin nó dliteanais uile, aon chuideachta is aistreoir, nó aon chuid den chéanna, a aistriú chuig an gcuideachta is aistrí;

(b) leithroinnt nó leithreasú ag an gcuideachta is aistrí ar aon scaireanna, bintiúir, polasaithe nó leasanna eile dá samhail sa chuideachta sin a bheidh, faoin gcónascadh nó faoin aistriú, le leithroinnt nó le leithreasú ag an gcuideachta sin ar aon duine eile nó chuig aon duine eile;

(c) aon imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh ag aon chuideachta is aistreoir, nó ina coinne, a choimeád ar marthain ag an gcuideachta is aistrí, nó ina coinne;

(d) aon chuideachta is aistreoir a dhíscaoileadh, gan foirceannadh;

(e) cibé nithe teagmhasacha, iarmhartacha agus forlíontacha is gá chun a áirithiú go gcuirfear an cónascadh nó an t-aistriú i gcrích go hiomlán agus go héifeachtúil.

(2) Más rud é, in aon ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1), go mbeidh foráil le haghaidh maoin nó dliteanais a aistriú, déanfar, de bhua an ordaithe, an mhaoin sin a aistriú chuig an gcuideachta is aistrí agus a dhílsiú di agus déanfar, de bhua an ordaithe, na dliteanais sin a aistriú chuig an gcuideachta sin agus beidh siad ina ndliteanais dá cuid, agus i gcás aon mhaoin beidh sí, má ordaítear amhlaidh san ordú, saor ó aon mhorgáiste nó muirear atá le scor, de bhua an chónasctha nó an aistrithe, d'éifeacht a bheith leis.

(3) I gcás go dtabharfaidh an Chúirt a cead nó a formheas le haghaidh cónascadh nó aistriú lena mbaineann fo-alt (1), déanfaidh an chuideachta is aistrí, laistigh de dheich lá ón dáta a ndéantar an t-ordú nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire, dhá chóip oifige den ordú a thaisceadh leis an Aire.

(4) San alt seo—

folaíonn “dliteanais” dualgais;

folaíonn “maoin” maoin, cearta agus cumhachtaí de gach tuairisc;

ciallaíonn “cuideachta is aistreoir” an chuideachta a bhfuil a gnóthas nó a maoin go léir, nó cuid díobh, le haistriú faoin gcónascadh nó faoin aistriú agus ciallaíonn “cuideachta is aistrí” an chuideachta a bhfuil an t-aistriú sin le déanamh chuici.

1 IO L228/3 den 16.8.73

2 IO L63/1 den 13.3.79