An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT ÁRACHAIS, 1989) Ar Aghaidh (CUID II Maoirsiú Árachóirí)

3 1989

AN tACHT ÁRACHAIS, 1989

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1985, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “údarú” údarú arna eisiúint ag an Aire faoi Rialacháin 1976 nó faoi Rialacháin 1984 chun gnó árachais d'aicme nó de thuairisc shonraithe a sheoladh;

ciallaíonn “gníomhaire údaraithe”, i ndáil le gnóthas, an duine a bheidh ainmnithe mar ghníomhaire údaraithe den ghnóthas faoi Rialacháin 1976 nó faoi Rialacháin 1984;

ciallaíonn “gnó” gnó árachais;

ciallaíonn “cliant” duine a iarrann ar idirghabhálaí árachais árachas a shocrú thar a cheann;

tá le “íocaíocht choimisiúin” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (3);

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus aon achtachán atá le forléiriú ina theannta;

folaíonn “sárú”, i ndáil le haon fhoráil den Acht seo, mainneachtain déanamh de réir aon cheanglais a fhorchuirtear leis an bhforáil sin nó faoin bhforáil sin agus forléireofar “sáraigh” dá réir sin;

ciallaíonn “Treoir ón gComhairle” Treoir ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

folaíonn “árachas” an focal Béarla “assurance”;

ciallaíonn “na hAchtanna Árachais” na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, agus rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ;

ciallaíonn “gníomhaire árachais” aon duine a bhfuil ceapachán i scríbhinn aige ó árachóir a chumasaíonn dó gnó árachais a chur leis an árachóir sin, ach ní fholaíonn sé bróicéir árachais ná fostaí de chuid árachóra tráth a bheidh an fostaí ag gníomhú thar ceann an árachóra sin;

ciallaíonn “bróicéir árachais” duine a dhéanann, agus é ag gníomhú leis an saor-rogha a thuairiscítear in alt 44 (1) (b), daoine a bheidh ag iarraidh árachais agus gnóthais árachais a thabhairt le chéile le hionchas fiontair a árachú agus a dhéanann obair ullmhúcháin sula gcuirtear conarthaí árachais i gcrích, ach ní fholaíonn sé gníomhaire árachais ná fostaí de chuid árachóra tráth a bheidh an fostaí ag gníomhú thar ceann an árachóra sin;

ciallaíonn “idirghabhálaí árachais” nó “idirghabhálaí” gníomhaire árachais nó bróicéir árachais;

ciallaíonn “árachóir” sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin 1976 nó Rialacháin 1984;

ciallaíonn “árachas saoil” árachas d'aicme a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann le Rialacháin 1984;

ciallaíonn “árachas neamh-shaoil” árachas d'aicme a shonraítear i Sceideal 1 a ghabhann le Rialacháin 1976;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “forordaigh” forordaigh le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, agus rialacháin i ndáil le gnó árachais arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ;

ciallaíonn “Rialacháin 1976” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976);

ciallaíonn “Rialacháin 1984” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984);

ciallaíonn “deimhniú sócmhainneachta” deimhniú arna eisiúint ag an Aire chuig gnóthas a fhianaíonn go gcomhlíonann sé na ceanglais sócmhainneachta a shonraítear i Rialacháin 1976 nó i Rialacháin 1984 de réir mar is cuí;

ciallaíonn “údarás maoirseachta”, i leith aon chríche, an t-údarás a mbeidh an dualgas air, de réir dlí, maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnóthas árachais sa chríoch sin;

ciallaíonn “gnóthas” an sealbhóir ar údarú.

(2) Déanfar tagairtí sna hAchtanna Árachais, 1909 go 1989, do “cuideachta árachais” a fhorléiriú mar thagairtí do shealbhóir ar údarú, agus forléireofar tagairtí do “ceadúnas” mar thagairtí do “údarú”.

(3) (a) Is é atá in íocaíocht choimisiúin chun críche an Achta seo, íocaíocht, lena n-áirítear coimisiún nó luach saothair, luaíocht nó sochar comhchineáil eile, arna íoc nó is iníoctha ag sealbhóir ar údarú, nó thar a cheann, le hidirghabhálaí árachais i ndáil le gnó árachais an tsealbhóra agus folaíonn sé an t-am a thugann an sealbhóir don idirghabhálaí chun préimheanna a fuair an t-idirghabhálaí, ar son an tsealbhóra, i leith conarthaí árachais a bheidh déanta ag an sealbhóir, a íoc leis an sealbhóir.

(b) Beidh luach an ama a thugann idirghabhálaí chun coimisiún a íoc le cur i gcuntas nuair a bheidh luach an ama a thugann an sealbhóir amhlaidh á ríomh.

(4) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(5) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Cionta agus pionóis.

3. —(1) Gach duine a sháróidh foráil den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air;

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó iad araon, a chur air.

(3) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den sórt sin de chuid an chomhlachta nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú sa cháil sin, beidh seisean, chomh maith leis an gcomhlacht, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(4) Aon duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós i bhforáil, a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal, d'Acht a shonraítear i gcolún (1) den Sceideal sin dlífear, in ionad an pionós a fhoráiltear san fhoráil sin a bheith inchurtha air, an pionós a chur air a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (2).

(5) Má dhéanann aon duine go toiliúil, in aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú nó doiciméad eile a cheanglaítear a thabhairt chun críche aon fhorála den Acht seo, nó in aon iarratas chun an Aire ar údarú, aon ráiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha, agus a fhios aige go bhfuil sé bréagach, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Na forálacha den alt seo is forálacha gan dochar iad d'alt 109 den Acht Árachais, 1936 (a bhaineann, de réir mar a oiriúnaítear é le halt 2 (2) den Acht seo, le cionta arna ndéanamh ag an sealbhóir ar údarú) agus déanfar tagairtí do “an Achta so” agus “fén Acht so” i bhfo-ailt (1) agus (4) den alt sin 109 a fhorléiriú mar thagairtí do na hAchtanna Arachais.

Doiciméid a sheirbheáil.

4. —Aon fhógra, éileamh, ordachán nó doiciméad eile, a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a sheirbheáil ar dhuine, féadfar é a sheirbheáil—

(a) i gcás cuideachta a bheidh corpraithe nó cumann a bheidh cláraithe sa Stát, trína fhágáil ag oifig chláraithe na cuideachta nó an chumainn nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an oifig sin,

(b) i gcás cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát ach a bhfuil áit ghnó aici sa Stát, trína fhágáil leis an duine, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an duine, a mbeidh sé fógraithe don Aire faoi na hAchtanna Árachais gurb é gníomhaire údaraithe na cuideachta sa Stát é nó, mura mbeidh aon duine den sórt sin fógraithe don Aire, tríd an modh atá sonraithe in alt 356 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

(c) i gcás cumann atá cláraithe ar an gcoigrích agus a bhfuil áit ghnó aige sa Stát, trína fhágáil leis an duine, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an duine, a mbeidh sé fógraithe don Aire faoi na hAchtanna Árachais gurb é gníomhaire údaraithe an chumainn sa Stát é nó, mura mbeidh aon duine den sórt sin fógraithe don Aire, trína fhágáil ag, nó trína chur ar an modh a dúradh chuig, áit ghnó an chumainn sa Stát,

(d) i gcás Lloyd's, trína fhágáil leis an duine, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig an duine, a mbeidh sé fógraithe don Aire faoi na hAchtanna Árachais gurb é gníomhaire údaraithe Lloyd's sa Stát é,

(e) i gcás aon duine eile, trína fhágáil ag, nó trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha chuig, an seoladh is deireanaí is eol a bheith ag an duine sin.

Cumhacht rialacháin a dhéanamh.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a chumasú lán-éifeacht a bheith ag an Acht seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire is fóirsteanach faoi choinne críoch ar bith de chuid an Achta seo.

Orduithe.

6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a bheidh déanta aige faoi aon fhoráil den Acht seo, seachas ordú a rinneadh faoi alt 1 (3), a chúlghairm nó a leasú.

Táillí.

7. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh maidir le táillí—

(a) a bheidh le híoc leis gach bliain ag na sealbhóirí ar údaruithe,

(b) a bheidh le híoc leis i leith deimhniú sócmhainneachta a eisiúint.

(2) Is é an táille as iniúchadh a dhéanamh ar an gclár a choimeádtar faoi alt 21 den Acht Árachais, 1936 , cibé táille nach mó ná deich bpunt a ordóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais agus déantar leis seo fo-alt (5) den alt sin a leasú dá réir sin.

(3) Is in airgead a bhaileofar na táillí a bheidh le híoc faoin Acht seo agus glacfar leo ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, agus déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste de réir ordacháin an Aire sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí faoin Acht seo.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

8. —Gach ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Aisghairm.

9. —Déantar gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin i gcolún (2).

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.