2 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1989


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 13 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980.

2.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1986

1986, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais, 1987

1987, Uimh. 10

An tAcht Airgeadais, 1988

1988, Uimh. 12

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980

1980, Uimh. 10

Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1989


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 13 DEN ACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980 , CHUN A FHEIDH-MIÚ I nDÁIL LE TIONÓNTÁIN ÁIRITHE I LIMISTÉAR DUGANNA THEACH AN CHUSTAIM A SHRIANADH.

[1 Márta, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 13 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 .

1. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Ní mheasfar gur áitiú chun críocha mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) aon áitiú ag duine nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal, faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, ar thionóntán i Limistéar Duganna Theach an Chustaim (de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ), is tionóntán atá á úsáid bona fide an tráth a dtosaítear á áitiú faoin léas nó faoin gconradh tionóntachta, agus a n-údaraíonn nó a gceanglaíonn an léas nó an conradh sin go sainráite é a úsáid, go hiomlán nó go páirteach chun gníomhaíocht a sheoladh arb éard í nó ar cuid di oibríocht trádála iomchuí de réir bhrí alt 39B (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht Airgeadais, 1987 , arna leasú le halt 36 den Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1980 , nó atá á úsáid bona fide chun ullmhú le haghaidh seoladh gníomhaíochta den sórt sin.

(b) I gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt seo, de bhua mhír

(a), i ndáil le háitiú—

(i) beidh feidhm aige freisin maidir le háitiú faoin léas nó faoin gconradh lena mbaineann tráth ar bith nach mbeidh an tionóntán lena mbaineann á úsáid níos mó chun gníomhaíocht den chineál a dúradh a sheoladh, agus

(ii) beidh feidhm aige i ndáil leis an tionóntán go léir, nó cuid den tionóntán, a áitiú faoi aon léas nó conradh tionóntachta eile a bheidh i bhfeidhm le linn ré iomlán nó cuid de ré an chéad léasa nó conartha tionóntachta a luadh agus a dhéantar tar éis an chéad léas nó chonradh tionóntacha a luadh a dhéanamh.

(4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) ach amháin i ndáil le léas nó conradh eile tionóntachta a dtosaíonn a théarma le linn na tréimhse 5 bliana ó dháta rite an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1989 , nó cibé tréimhse is faide ná sin a bheidh sonraithe de thuras na huaire i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tráth ar bith le linn na tréimshe 5 bliana sin nó le linn tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh.

(5) Déanfar dréacht de gach rialachán a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an rialachán go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”.

Gearrtheideal forléiriú agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1987, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1989, a ghairm díobh le chéile.