|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL COINBHINSIÚN AG BUNÚ NA GNÍOMHAIREACHTA ILTAOBHAÍ DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA) |
[EN] | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 32 de 1988 | ||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA, 1988 | |||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 32 de 1988 | ||||||||||||||||
AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA, 1988 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LEIS AN STÁT DO GHLACADH LEIS AN gCOINBHINSIÚN LENA nDÉAN-TAR FORÁIL MAIDIR LEIS AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA A BHUNÚ AGUS A OIBRIÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE, AR A nÁIRÍTEAR ÍOC-AÍOCHTAÍ, A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [23 Samhain, 1988] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta; | |
[EN] | ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún (a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) lena ndéantar foráil maidir leis an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta a bhunú agus a oibriú; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Téarmaí an Choinbhinsiúin a fhormheas. |
2. —Formheastar leis seo téarmaí an Choinbhinsiúin. |
[EN] |
Forálacha airgeadais agus forálacha eile. |
3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a dtiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le hÉirinn de réir théarmaí Alt (c) d'Airteagal 61 den Choinbhinsiún. |
[EN] | (2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar is cuí agus nuair is cuí iad a dhéanamh thar ceann an Stáit, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:— | |
[EN] | (a) íocaíochtaí faoi Airteagail 6, 7 agus 8 den Choinbhinsiún i leith suibscríobh don Ghníomhaireacht; agus | |
[EN] | (b) íocaíochtaí faoi Alt (e) d'Airteagal 39 den Choinbhinsiún. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire cibé nótaí nó oibleagáidí eile neamhúsmhara agus doshannta dá bhforáiltear i mír (i) d'Airteagal 7 den Choinbhinsiún a bhunú agus a eisiúint chuig an nGníomhaireacht, i cibé foirm is iomchuí leis, agus is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a dhéanfar aon íocaíochtaí i leith aon nótaí nó oibleagáidí den sórt sin arna mbunú agus arna n-eisiúint amhlaidh. | |
[EN] | (4) Aon airgead a gheobhaidh an Stát ón nGníomhaireacht cuirfear é chun creidmheasa chuntas an Státchiste agus beidh sé mar chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil ar bhealach ar bith a mbeidh an Ciste sin ar fáil. | |
[EN] | (5) Gníomhóidh Banc Ceannais na hÉireann mar thaisclann le haghaidh sealbhán airgeadra an Stáit agus sócmhainní eile de chuid na Gníomhaireachta agus féadfaidh sé aon suim nó suimeanna a bheidh ag teastáil faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a airleacan don Aire Airgeadais, ach sin faoi réir cibé urrúis, ráta úis agus téarmaí agus coinníollacha eile ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Banc. | |
[EN] | (6) Déanfar príomhshuim agus ús aon airleacan a dhéanfar faoi fho-alt (5) den alt seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |
[EN] |
Aitheantas do chearta seachaíochta. |
4. —Tabharfaidh an Stát aitheantas do chearta seachaíochta na Gníomhaireachta, mar atá siad leagtha amach in Airteagal 18 den Choinbhinsiún. |
[EN] |
Forálacha eadrána a fhorfheidhmiú. |
5. —(1) Na hoibleagáidí airgid a fhorchuirtear le dámhachtain faoi Alt (h) d'Airteagal 4 d'Iarscríbhinn II den Choinbhinsiún beidh siad, le cead ón Ard-Chúirt, infheidhmithe sa tslí chéanna a bheadh breithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt sa chéill chéanna agus, má thugtar cead amhlaidh, féadfar breithiúnas a thaifeadadh i leith an méid a bheidh dlite nó, de réir mar a bheidh, i leith an iarmhéid a bheidh gan íoc, faoin dámhachtain. |
[EN] | (2) I gcás go ndéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte de bhun fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Ard-Chúirt, in aon chás ina mbeidh bac curtha ar fhorfheidhmiú dámhachtana de réir Alt (i) d'Airteagal 4 d'Iarscríbhinn II den Choinbhinsiún, bac a chur ar fhorfheidhmiú na n-oibleagáidí airgid a forchuireadh leis an dámhachtain agus, in aon chás ina mbeidh iarratas déanta de réir an Ailt sin a dúradh a bhféadfaí, dá ngéillfí dó, bac a chur ar fhorfheidhmiú na dámhachtana dá bharr, féadfaidh sí bac a chur ar fhorfheidhmiú na n-oibleagáidí airgid a forchuireadh leis an dámhachtain. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
6. —Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta, 1988 , a ghairm den Acht seo. |