An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Eastáit Daoine a Fhaigheann Bás agus iad Dócmhainneach) Ar Aghaidh (CUID VIII Ilghnéitheach)

27 1988

AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

CUID VII

Cionta

Pionóis a chur ar fhéichiúnaithe calaoiseacha.

(1872, c. 57, a. 11; 33/1963, a. 293)

123. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta ciontach i gcion más rud é—

(a) nach nochtfaidh sé don Chúirt nó don Sannaí Oifigiúil, nó do cibé duine nó daoine a ordóidh an Chúirt ó am go ham, a mhaoin go léir agus conas agus cé chuige agus cad é an chomaoin ar ina leith, agus cathain, a dhiúscair sé aon chuid de, ach amháin an chuid a diúscraíodh i ngnáthshlí a thrádála (más ann) nó a caitheadh ar ghnáthchaiteachais a theaghlaigh, nó

(b) nach dtabharfaidh sé suas don Sannaí Oifigiúil, nó de réir mar a ordóidh seisean nó an chúirt, iomlán cibé cuid dá mhaoin atá ina sheilbh nó faoina rialú, agus a gceanglaítear air de réir dlí í a thabhairt suas, nó

(c) nach dtabharfaidh sé suas don Sannaí Oifigiúil, nó de réir mar a ordóidh seisean, nó an Chúirt, gach leabhar agus páipéar atá ina sheilbh nó faoina rialú a bhaineann lena eastát agus a gceanglaítear air de réir dlí iad a thabhairt suas, nó

(d) go gceilfidh sé aon chuid dá mhaoin is fiú £500 nó níos mó, nó go gceilfidh sé aon fhiach a bheidh dlite dó nó dlite de, nó

(e) go ndéanfaidh sé aon chuid dá mhaoin is fiú £500 nó níos mó a thabhairt chun siúil go calaoiseach, nó

(f) nach ndéanfaidh sé ráiteas gnóthaí a chomhdú nó a sheachadadh mar a cheanglaítear le halt 19 (c) nó go bhfágfaidh sé aon ní ábhartha ar lár as aon ráiteas a bhaineann lena ghnóthaí, nó

(g) go ndéanfaidh sé, agus a fhios aige nó é á chreidiúint go ndearna aon duine fiach bréagach a chruthú faoin bhféimheacht nó faoin gcomhshocraíocht, mainneachtain ar feadh tréimhse míosa an méid sin a chur in iúl don sannaí Oifigiúil, nó

(h) go gcoiscfidh sé aon leabhar nó páipéar a thabhairt ar aird a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis, nó

(i) go ndéanfaidh sé aon leabhar nó páipéar a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis a cheilt, a dhíothú, a lot nó a fhalsú, nó go mbeidh sé ionpháirteach sa cheilt, sa díothú, sa lot nó san fhalsú sin, nó

(j) go ndéanfaidh sé aon taifead bréagach in aon leabhar nó páipéar a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis nó go mbeidh sé ionpháirteach ina dhéanamh, nó

(k) go ndéanfaidh sé go calaoiseach, aon doiciméad a dhéanann difear dá eastát nó a bhaineann leis a ligean uaidh nó a athrú nó aon ní a fhágáil ar lár as, nó go mbeidh sé ionpháirteach go calaoiseach ina ligean uaidh nó ina athrú nó in aon ní a fhágáil ar lár as, nó

(l) go ndéanfaidh sé iarracht ar chuntas a thabhairt in aon chuid dá mhaoin trí chaillteanais nó caiteachais bhréige, nó

(m) go bhfaighidh sé aon mhaoin ar creidmheas trí aon chalaois nó trí aon fhaisnéis bhréagach, nó

(n) go bhfaighidh sé aon mhaoin ar creidmheas ar an dúmas bréige go bhfuil gnó á sheoladh aige agus, más trádálaí é, go bhfuil déileáil ar siúl aige i ngnáthshlí a thrádála, nó

(o) go ndéanfaidh sé aon mhaoin a fuair sé ar creidmheas a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt mura rud é, i gcás trádálaí, gur i ngnáthshlí a thrádála a dhéanfar an geallearbadh, an cur i ngeall nó an diúscairt sin, nó

(p) go mbeidh sé ciontach in aon chalaois nó in aon fhaisnéis bhréagach chun toiliú a fháil óna chreidiúnaithe nó ó aon duine acu le comhaontú maidir lena ghnóthaí nó leis an bhféimheacht nó leis an gcomhshocraíocht.

(2) Is cosaint mhaith é ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (a), (b), (c), (d), (f), (n) agus (o) d'fho-alt (1), má chruthaíonn an cúisí nach raibh aon intinn aige calaois a dhéanamh, agus ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (h), (i) agus (j) den fho-alt sin, má chruthaíonn sé nach raibh aon intinn aige staid a ghnóthaí a cheilt ná an dlí a shárú.

(3) (a) Aon duine (seachas féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta) a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha atá luaite i míreanna (e), (i), (j), (k), (l), (m), (n) nó (o) d'fho-alt (1), le hintinn calaois a dhéanamh ar a chreidiúnaithe, beidh sé ciontach i gcion agus chun na críche sin déanfar tagairtí i míreanna (e) nó (k) do ghníomh atá calaoiseach nó a dhéantar go calaoiseach a fhorléiriú mar thagairtí do ghníomh a dhéantar le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe.

(b) I gcás go ndéanfaidh duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo gníomh a shonraítear sa mhír sin laistigh de dhá mhí dhéag díreach sula mbreithnítear é nó sula ndeonaítear ordú cosanta dó, toimhdeofar go dtí go gcruthófar a mhalairt gur le hintinn calaois a dhéanamh ar a chreidiúnaithe a rinneadh an gníomh.

(4) Má dhéanann aon duine aon mhaoin a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt in imthosca a fhágann gur cion é faoi mhír (o) d'fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3), beidh gach duine a ghlacfaidh an mhaoin ar gheallearbadh nó i ngeall nó a ghlacfaidh í ar dhóigh eile, agus a fhios aige go ndearnadh í a gheallearbadh nó a chur i ngeall nó a dhiúscairt sna himthosca sin a dúradh, ciontach i gcion freisin agus dlífear é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i gcion faoin mír sin (o) nó faoin bhfo-alt sin (3).

Féichiúnaí éalaitheach.

(1872, c. 57, a. 12)

124. —Má dhéanann aon duine, le hintinn calaois a dhéanamh ar a chreidiúnaithe, an Stát a fhágáil agus aon chuid dá mhaoin is fiú £500 nó níos mó a thabhairt leis, nó má dhéanann sé iarracht nó ullmhúchán déanamh amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion.

Comhaontú éillitheach le creidiúnaithe.

(cf. 1857, a. 150 go páirt; 1872, a. 76)

125. —Aon chreidiúnaí de chuid féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta a fhaigheann nó a ghlacann aon mhaoin ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí comhshocraíochta nó ó aon duine eile mar aslú as gan cur i gcoinne nó as glacadh le haon tairiscint imshocraíochta nó aon togra nó aon mhodhnuithe orthu a rinne an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta nó a rinneadh thar a cheann, beidh éileamh an chreidiúnaí ar neamhní agus neamh-inghnóthaithe agus beidh an creidiúnaí agus an duine eile sin (más ann) ciontach araon i gcion.

Éileamh bréagach.

(1872, c. 57, a. 14)

126. —Más rud é, le hintinn calaois a dhéanamh, go ndéanfaidh aon chreidiúnaí, nó aon duine a éilíonn gur creidiúnaí é, in aon fhéimheacht nó comhshocraíocht, aon éileamh bréagach nó go dtabharfaidh sé aon chruthú, dearbhú nó ráiteas cuntas nach mbeidh fíor in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

Maoin iarfhaighte a fhágáil gan nochtadh.

(Nua)

127. —Aon fhéimheach a mhainneoidh aon mhaoin iarfhaighte a nochtadh don Sannaí Oifigiúil beidh sé ciontach i gcíoh.

Cosc a chur ar oifigigh.

(cf. 1857, a. 389)

128. —Aon duine a dhéanfaidh an Cigire Féimheachta nó aon duine dá chúntóirí nó aon duine eile a chomhrac, a bhacadh nó a chosc go feasach agus go toiliúil i bhforghníomhú a dhualgas faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

Creidmheas a fháil nó gabháil do thrádáil faoi ainm eile.

(Nua)

129. —Aon fhéimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta—

(a) a gheobhaidh, ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile, creidmheas is fiú £500 nó níos mó ó aon duine gan a chur in iúl don duine sin gur féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta é, nó

(b) a bheidh ag gabháil d'aon trádáil nó gnó faoi ainm seachas an t-ainm ar faoi a breithníodh é ina fhéimheach nó a deonaíodh cosaint dó gan a nochtadh do gach duine lena ndéanann sé aon idirbhearta gnó cén t-ainm faoinar breithníodh é nó faoinar deonaíodh cosaint amhlaidh dó,

beidh sé ciontach i gcion.

Fógrán a chur isteach gan údarás.

(1857, a. 396)

130. —I gcás go ndéanfaidh aon duine go toiliúil, nó go gcuirfidh sé faoi deara go toiliúil go ndéanfar, fógrán faoin Acht seo a chur isteach san Iris Oifigiúil nó in aon nuachtán gan údarás faoin Acht seo, nó a dhéanann amhlaidh agus a fhios aige an fógrán a bheith bréagach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

Dliteanas coiriúil tar éis neamhniú.

(Nua)

131. —I gcás féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta a bheith ciontach in aon chion, ní bheidh díolúine aige ó imeachtaí a thionscnamh ina choinne mar gheall ar an gcion de bhíthin a fhéimheacht a bheith urscaoilte nó neamhnithe nó de bhíthin éifeacht a bheith tugtha dá thogra.

Pionóis i leith cionta.

(Nua)

132. —(1) Maidir le gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin Acht seo ionann is dá sonrófaí san alt sin, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.