An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988) Ar Aghaidh (CUID II Nós Imeachta i bhFéimheacht)

27 1988

AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Féimheachta, 1988 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá nach déanaí ná 1 Eanáir, 1989 a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

3. —San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “breithniú” breithniú i bhféimheacht;

tá le “maoin iarfhaighte” an bhrí a shanntar dó le halt 44 (5);

ciallaíonn “comhshocraíocht” comhshocraíocht de bhun ordaithe cosanta faoi Chuid IV;

ciallaíonn “féichiúnaí comhshocraíochta” féichiúnaí dár deonaíodh ordú cosanta faoi Chuid IV;

ciallaíonn “sannaithe” an Sannaí Oifigiúil agus sannaí na gcreidiúnaithe, más ann;

ciallaíonn “an Cigire Féimheachta” an cigire dá dtagraítear in alt 60 (2);

tá le “toghairm féimheachta” an bhrí a shanntar dó le halt 8 (1);

folaíonn “tíolacas”, i ndáil le talamh, sannadh agus aistriú;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

ciallaíonn “sannaí na gcreidiúnaithe” duine a roghnaítear agus a cheaptar amhlaidh faoi alt 18 (1);

folaíonn “talamh” aon eastát nó leas i dtalamh nó aon mhuirear ar thalamh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “an Sannaí Oifigiúil” an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht de thuras na huaire agus a chomharbaí de réir mar a cheaptar agus nuair a cheaptar iad;

ciallaíonn “forordaithe”, ach amháin i ndáil le táillí cúirte, forordaithe le rialacha cúirte;

folaíonn “maoin” airgead, earraí, ábhair i gcaingean, talamh agus gach saghas maoine cibé réadach nó pearsanta agus cibé acu suite sa Stát nó in áit eile; chomh maith leis sin, oibleagáidí, éasúintí, agus gach saghas eastáit, leasa agus brabúis, faoi láthair nó sa todhchaí, sannta nó teagmhasach, a thig as nó a ghabhann le maoin mar a shainmhínítear thuas;

ciallaíonn “cláraithe”, i ndáil le talamh, cláraithe i gClárlann na nGníomhas nó i gClárlann na Talún, de réir mar is cuí;

ciallaíonn “creidiúnaí urraithe” aon chreidiúnaí a shealbhaíonn aon mhorgáiste, muirear nó lian ar eastát an fhéichiúnaí nó ar aon chuid de mar urrús ar fhiach atá dlite dó;

tá le “comhshocraíocht dílseacháin” an bhrí a shanntar dó le halt 93 (2);

Feidhm an Achta maidir le féimheachtaí agus comhshocraíochtaí a bhí ar marthain.

4. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, déanfar féimheacht nó comhshocraíocht a bhí ar marthain tráth thosach feidhme an Achta seo a riaradh dá éis sin de réir fhorálacha an Achta seo agus na rialacha faoin Acht seo, gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh nó a fulaingíodh go cuí roimh an tosach feidhme sin.

(2) Beidh feidhm ag forálacha an Achta seo agus ag na rialacha dá réir sin, a mhéid a fhéadfar iad a chur i bhfeidhm agus faoi réir cibé modhnuithe agus oiriúnuithe is iomchuí, amhail is dá mbeadh breithniú déanta ar an bhféimheach, nó ordú cosanta deonaithe don fhéichiúnaí comhshocraíochta, faoin Acht seo.

Caiteachais.

5. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Aisghairm.

6. —(1) Aisghairtear leis seo, a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin, na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal.

(2) Aon achainí, toghairm, subpoena, ordú, ordachán, fógra nó ionstraim eile a tíolacadh, a seirbheáladh, a rinneadh nó a eisíodh faoi achtachán aisghairthe agus a bhí i bhfeidhm tráth thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus déileálfar leo ina dhiaidh sin amhail is dá mba faoin Acht seo a tíolacadh, a seirbheáladh, a rinneadh nó a eisíodh iad.