An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, arna Dhéanamh i Strasbourg an 28ú lá d'Eanáir, 1981.) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Údaráis Phoiblí agus Comhlachtaí agus Daoine Eile)

25 1988

AN tACHT UM CHOSAINT SONRAÍ, 1988

AN DARA SCEIDEAL

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

Alt 9.

1. Beidh an Coimisinéir ina chomhlacht corpraithe agus beidh sé neamhspleách agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige.

2. (1) Ceapfaidh an Rialtas an Coimisinéir agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Rialtas.

(2) Maidir leis an gCoimisinéir—

(a) féadfaidh sé éirí as oifig mar Choimisinéir tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig Rúnaí an Rialtais agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht ar an agus ón dáta a bhfaighfear an litir,

(b) féadfaidh an Rialtas é a chur as oifig tráth ar bith más dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé éirithe neamhinniúil, de dheasca drochshláinte, ar a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach nó gur mhí-iompair sé é féin mar a bheidh luaite, agus

(c) éireoidh sé as oifig an Choimisinéara ar chaoi ar bith ar 65 bliana d'aois a bhaint amach.

3. Is é an téarma oifige a bheidh ag duine a cheapfar mar Choimisinéir cibé téarma nach faide ná 5 bliana a chinnfidh an Rialtas tráth a cheaptha agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, féadfar é a athcheapadh chun na hoifige.

4. (1) Más rud é, maidir leis an gCoimisinéir—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina Choimisinéir.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire—

(i) i dteideal faoi bhuan-orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(ii) ina chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, nó

(iii) i dteideal faoi bhuan-orduithe údaráis áitiúil suí ar an údarás sin,

beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun oifig an Choimisinéara a shealbhú.

5. Ní shealbhóidh an Coimisinéir aon oifig ná fostaíocht eile a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith.

6. Íocfar leis an gCoimisinéir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham.

7. (a) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú do dhaoine a shealbhaigh oifig an Choimisinéara, nó a dheonú ina leith, ar scor nó ar bhás dóibh, agus cuirfidh sé an scéim nó na scéimeanna sin i gcrích de réir a téarmaí.

(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, tráth ar bith scéim nó scéimeanna ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin mír seo a dhéanamh agus an scéim nó na scéimeanna sin a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(c) Leagfar scéim faoin mír seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

8. (1) Féadfaidh an tAire cibé líon daoine a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

(2) Is státseirbhísigh a bheidh i gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

(3) Féadfaidh cibé comhalta d'fhoireann an Choimisinéara a ainmneoidh sé chun na críche sin, feidhmeanna an Choimisinéara faoin Acht seo a chomhlíonadh le linn don Choimisinéir a bheith as láthair go sealadach.

(4) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, a tharmligean chun an Choimisinéara mar an údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara agus má dhéanann sé sin, ansin fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an gCoimisinéir, agus

(b) is é an Coimisinéir, in ionad an Aire, an t-údarás iomchuí chun críocha an Achta seo i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

9. (1) Coimeádfaidh an Coimisinéir i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an bhliain ina dhiaidh sin ar dháta (nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire) lena n-iniúchadh agus a luaithe is féidir tar éis an iniúchta déanfaidh an Coimisinéir cóip de na cuntais sin nó de cibé sleachta as na cuntais sin a shonróidh an tAire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na doiciméid a tíolacadh dó a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.