|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 6 de 1988 | ||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1988 | |||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 6 de 1988 | ||||||||||||||||
AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1988 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978 GO 1982. [30 Márta, 1988] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978 . | |||
[EN] |
Cuspóirí na Corparáide. |
2. —(1) D'ainneoin fhorálacha alt 8 (1) (a) den Phríomh-Acht agus faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Chorparáid— | ||
[EN] | (a) airgead a thabhairt ar iasacht agus a airleacan faoi réir fhorálacha an Phríomh-Achta, | |||
[EN] | (b) scaireanna, stoic, bintiúir, stoic bhintiúir agus urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe a fháil, a fhrithgheallúint, a shealbhú, a dhíol agus déileáil leo ar shlí eile, | |||
[EN] | (c) billí malairte, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú, a cheannach agus déileáil leo ar shlí eile, | |||
[EN] | (d) cibé saoráidí creidmheasa eile a mheasfaidh sí is cuí (lena n-áirítear ráthaíochtaí a thabhairt d'aon duine i ndáil le hairgead, agus ús ar an airgead, a íoc, nó i ndáil le hairgead a d'íoc an duine sin ar scór iasachtaí, airleacan nó saoráidí creidmheasa eile a thug an duine sin a aisíoc agus i ndáil le hús a íoc ar an airgead sin) a chur ar fáil, | |||
[EN] | (e) gabháil do shaoráidí fruilcheannaigh agus léasaithe a chur ar fáil agus chun na críche sin stoc a fháil, a dhiúscairt agus déileáil leis ar shlí eile, agus | |||
[EN] | (f) socrú a dhéanamh maidir le saoráidí creidmheasa a chur ar fáil d'aon duine eile ag aon duine eile (agus gníomhú mar ghníomhaire d'aon duine i ndáil le hairgead a íoc agus a bhailiú agus a ghlacadh maidir le saoráidí den sórt sin), | |||
[EN] | chun cibé críocha a chinnfidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle le Banc Ceannais na hÉireann, agus faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis an Aire is iomchuí. | |||
[EN] | (2) Ní rachaidh an méid a bheidh gan íoc, aon tráth áirithe, maidir le gníomhaíochtaí a ngabhann an Chorparáid dóibh de bhun fho-alt (1) den alt seo, thar 25 faoin gcéad de shuim— | |||
[EN] | (a) an méid iomlán a bheidh gan íoc nó a bheidh caite chun críocha a shonraítear in alt 8 (1) (a) den Phríomh-Acht— | |||
[EN] | (i) maidir le hiasachtaí agus airleacain a rinne an Chorparáid, | |||
[EN] | (ii) maidir le scaireanna, stoic, bintiúir, stoic bhintiúir agus urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe a fháil, a shealbhú, a dhíol agus déileáil leo ar shlí eile, | |||
[EN] | (iii) maidir le billí malairte, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú, a cheannach agus déileáil leo ar shlí eile, | |||
[EN] | (iv) maidir le saoráidí creidmheasa eile a chur ar fáil, | |||
[EN] | (v) maidir le suimeanna a bheidh gan íoc leis an gCorparáid, nó a bheidh dlite di, i leith comhaontuithe fruilcheannaigh nó léasaithe, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (b) an méid nó an méid comhiomlán seachas méideanna maidir le hús a dhlífidh an Chorparáid a íoc ar scór aon ráth aíochta nó ráthaíochtaí a tugadh de bhun an ailt sin 8 (1) (a), | |||
[EN] | nó cibé méid eile is lú ná sin a chinnfidh an tAire ó am go ham. | |||
[EN] |
Meabhrán agus airteagail chomhlachais na Corparáide a athrú. |
3. —Déanfaidh an Chorparáid cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, chun a meabhrán agus a hairteagail chomhlachais a athrú d'fhonn go mbeidís ar comhréir leis an Acht seo. | ||
[EN] |
Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht trí “£35,000,000” a chur in ionad “£20,000,000” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo: | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht. |
5. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht trí “£25,000,000” a chur in ionad “£10,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo: | ||
| ||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme. |
6. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1988 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 go 1982, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 go 1988, a ghairm díobh le chéile. | |||
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |