Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Téacs Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982)

3 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1988


AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Feidhmiú an Achta.

3.

Feidhm dlí le bheith ag Coinbhinsiúin.

4.

Léiriú ar na Coinbhinsiúin.

5.

Iarratais chun breithiúnais Chomhphobail a aithint agus a fhorghníomhú.

6.

Breithiúnais Chomhphobail a fhorghníomhú (seachas orduithe cothabhála).

7.

Orduithe cothabhála Comhphobail a fhorghníomhú.

8.

Forálacha in orduithe forghníomhaithe chun ús a íoc ar bhreithiúnais agus chun costais a íoc.

9.

Airgeadra na n-íocaíochtaí faoi orduithe cothabhála Comhphobail.

10.

Cruthúnas agus inghlacthacht maidir le breithiúnais áirithe agus le haistriúcháin agus le doiciméid ghaolmhara.

11.

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha.

12.

Cúirteanna sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

13.

Sainchónaí chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta.

14.

An láthair le haghaidh imeachtaí áirithe a thionscnófar sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche de bhua an Achta seo.

15.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Téacs de Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982.

AN DARA SCEIDEAL

Téacs de Phrótacal 1971 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982.

AN TRIÚ SCEIDEAL

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Sainchónaí.

Cuid I

Cuid II

Cuid III

Cuid IV

Cuid V

Cuid VI


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986

An tAcht Cosanta, 1954

1954, Uimh. 18

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940

1940, Uimh. 23

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976

1976, Uimh. 27

Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930

1930, Uimh. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1988


AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT FEIDHM DLÍ DON CHOINBHINSIÚN AR DHLÍNSE AGUS AR FHORGHNÍOMHÚ BRE-ITHIÚNAS IN ÁBHAIR SHIBHIALTA AGUS THRÁ-CHTÁLA (LENA nÁIRÍTEAR AN PRÓTACAL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN) A SÍNÍODH SA BHRUISÉIL AN 27ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1968, DON PHRÓTACAL MAIDIR LE LÉIRIÚ AN CHO-INBHINSIÚIN SIN AG CÚIRT BHREITHIÚNAIS NA gCOMHPHOBAL EORPACH A SÍNÍODH I LUC-SAMBURG AN 3ú LÁ DE MHEITHEAMH, 1971, AGUS DO NA COINBHINSIÚIN A FHORÁLANN D'AONTACHAS AN STÁIT, NA DANMHAIRGE, NA RÍOCHTA AON-TAITHE AGUS NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN AGUS LEIS AN bPRÓTACAL SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE DE DHROIM NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS GAOLMHAR LEO THAIRIS SIN. [5 Márta, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1978” an Coinbhinsiún ar aontachas an Stáit, na Danmhairge agus na Ríochta Aontaithe le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971, a síníodh i Lucsamburg an 9ú lá de Dheireadh Fómhair, 1978;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Aontachais 1982” an Coinbhinsiún ar aontachas na Poblachta Heilléanaí le Coinbhinsiún 1968 agus le Prótacal 1971 (arna leasú i ngach cás le Coinbhinsiún Aontachais 1978), a síníodh i Lucsamburg an 25ú lá de Dheireadh Fómhair, 1982;

ciallaíonn “Stát Conarthach”—

(a) ceann de na páirtithe bunaidh i gCoinbhinsiún 1968 (an Bheilg, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, An Fhrainc, An Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír), nó

(b) ceann de na páirtithe a aontaíonn do Choinbhinsiún 1968 faoi Choinbhinsiún Aontachais 1978 nó faoi Choinbhinsiún Aontachais 1982 (An Stát, An Danmhairg, An Ríocht Aontaithe agus An Phoblacht Heilléanach),

ar stát é ar tháinig Coinbhinsiún Aontachais 1978 i bhfeidhm maidir leis de réir Airteagal 39 den Choinbhinsiún sin nó, de réir mar is iomchuí, ar tháinig Coinbhinsiún Aontachais 1982 i bhfeidhm maidir leis de réir Airteagal 15 den Choinbhinsiún sin, agus, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs amhlaidh, forléireofar “Stát Conarthach” chun a chumasú don Acht seo éifeacht a bheith leis maidir leis na háiteanna a mbeidh éifeacht ag Coinbhinsiún 1968 ina leith de bhua Airteagal 60;

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1968” an Coinbhinsiún ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (lena n-áirítear an Prótacal atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún sin), a síníodh sa Bhruiséil an 27ú lá de Mheán Fómhair, 1968;

ciallaíonn “na Coinbhinsiúin” Coinbhinsiún 1968, Prótacal 1971, Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus, ar thosach feidhme alt 3 den Acht seo agus uaidh sin amach, a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, Coinbhinsiún Aontachais 1982;

folaíonn “cúirt” binse;

ciallaíonn “ordú forghníomhaithe”—

(a) ordú a dhéanfaidh Máistir na hArd-Chúirte faoi alt 5 den Acht seo chun iomlán breithiúnais nó cuid de bhreithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú, nó

(b) ordú ón Ard-Chúirt chun iomlán ionstraime nó socraíochta nó cuid díobh dá dtagraítear i dTeideal IV de Coinbhinsiún 1968 a aithint nó a fhorghníomhú,

agus folaíonn sé ordú forghníomhaithe a dhéantar nó a athraítear ar achomharc ó bhreith a thug Máistir na hArd-Chúirte nó ó bhreith na hArd-Chúirte;

tá le “na Comhphobail Eorpacha” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ;

ciallaíonn “an Chúirt Eorpach” Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach;

ciallaíonn “breithiúnas” ach amháin in alt 2 den Acht seo ach faoi réir alt 6 den Acht seo, breithiúnas nó ordú lena mbaineann an tAcht seo de bhua an ailt sin 2;

ciallaíonn “creidiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine atá i dteideal na n-íocaíochtaí dá bhforáiltear leis an ordú;

ciallaíonn “féichiúnaí cothabhála”, i ndáil le hordú cothabhála, an duine a dhlífidh íocaíochtaí a dhéanamh faoin ordú;

ciallaíonn “ordú cothabhála”, faoi réir alt 6 den Acht seo, breithiúnas ar breithiúnas é a bhaineann le cothabháil (de réir bhrí Choinbhinsiún 1968) a mhéid, agus a mhéid amháin, a dhéanann sé foráil maidir le híocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “stát neamhchonarthach” aon stát, tír nó críoch seachas Stát Conarthach;

ciallaíonn “Prótacal 1971” an Prótacal maidir le léiriú Choinbhinsiún 1968 ag an gCúirt Eorpach, a síníodh i Lucsamburg an 3ú lá de Mheitheamh, 1971.

(2) Maidir le doiciméad a airbheartóidh gur cóip de bhreithiúnas é arna thabhairt ag cúirt de chuid Stáit Chonarthaigh, measfar, chun críocha an Achta seo, go mbeidh sé fíordheimhnithe go cuí má airbheartaíonn sé—

(a) séala na cúirte sin a bheith air, nó

(b) é a bheith deimhnithe ag duine ina cháil mar bhreitheamh nó oifigeach de chuid na cúirte sin gur cóip dhílis é de bhreithiúnas arna thabhairt ag an gcúirt sin.

(3) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

(a) tagairtí do Choinbhinsiún 1968 nó do Phrótacal 1971 nó d'aon fhoráil iontusan, is tagairtí iad do Choinbhinsiún 1968, do Phrótacal 1971 nó don fhoráil, de réir mar a bheidh, arna leasú—

(i) le Coinbhinsiún Aontachais 1978, agus

(ii) tar éis thosach feidhme alt 3 den Acht seo, a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, le Coinbhinsiún Aontachais 1982,

(b) aon tagairt d'Airteagal uimhrithe is tagairt í, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, don Airteagal, arna uimhriú amhlaidh, de Choinbhinsiún 1968 agus forléireofar dá réir sin aon tagairt d'fhoroinnt d'Airteagal uimhrithe.

(4) (a) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha a dhearbhú le hordú—

(i) gur Stát Conarthach aon stát a shonraítear san ordú, nó

(ii) go ndearnadh dearbhú (a mbeidh an téacs ann leagtha amach san ordú) a chur chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach de bhun Airteagal 60 nó Airteagal IV, nó gur cuireadh scéala (a mbeidh an téacs ann leagtha amach san ordú) in iúl dó de bhun Airteagal VI.

(b) Ordú a bheidh i bhfeidhm faoin bhfo-alt seo is fianaise é—

(i) maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (i) san fho-alt sin, gur Stát Conarthach aon stát lena mbaineann an dearbhú, agus

(ii) maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (ii) san fho-alt sin, i dtaca leis an dearbhú de bhun Airteagal 60 nó Airteagal IV, nó, de réir mar a bheidh, leis an scéala de bhun Airteagal VI, lena mbaineann an dearbhú céadluaite, go ndearnadh an dearbhú nó gur cuireadh an scéala in iúl agus is fianaise é ar an ábhar ann.

(c) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú ordú faoin bhfo-alt seo lena n-áirítear ordú faoin mír seo a leasú nó a chúlghairm.

Feidhmiú an Achta.

2. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon bhreithiúnas nó ordú (faoi cibé ainm a thabharfar air) ar breithiúnas é chun críocha Choinbhinsiún 1968.

Feidhm dlí le bheith ag Coinbhinsiúin.

3. —(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag na Coinbhinsiúin agus tabharfar aird bhreithiúnach orthu.

(2) Mar áis thagartha leagtar amach sa Chéad, sa Dara, sa Tríú agus sa Cheathrú Sceideal, faoi seach, a ghabhann leis an Acht seo:

(a) Coinbhinsiún 1968, arna leasú le Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1978 agus Teidil II agus III de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

(b) Prótacal 1971, arna leasú le Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1978 agus Teideal IV de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

(c) Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978,

(d) Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982,

ar téacsanna iad a ullmhaíodh ó na téacsanna fíordheimhnithe i mBéarla dá dtagraítear in Airteagail 37 agus 41 de Choinbhinsiún Aontachais 1978 agus in Airteagal 17 de Choinbhinsiún Aontachais 1982.

Léiriú ar na Coinbhinsiúin.

4. —(1) Tabharfar aird bhreithiúnach—

(a) ar aon rialú nó breith nó ar aon léiriú tuairime de chuid na Cúirte Eorpaí ar aon cheist maidir le brí nó éifeacht aon fhorála de na Coinbhinsiúin, agus

(b) ar na tuarascálacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Féadfaidh aon chúirt, nuair a bheidh sí ag léiriú aon fhorála de na Coinbhinsiúin breithniú a dhéanamh ar na tuarascálacha seo a leanas (is tuarascálacha atá atáirgthe in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach), eadhon—

(a) tuarascálacha an Uas. P. Jenard ar Choinbhinsiún 1968 agus ar Phrótacal 19711 ,

(b) tuarascáil an Ollaimh Peter Schlosser ar Choinbhinsiún Aontachais 19782 , agus

(c) tuarascáil an Ollaimh Demetrios Evrigenis agus an Ollaimh K. D. Kerameus ar aontú na Poblachta Heilléanaí do Choinbhinsiún 1968 agus do Phrótacal 19713 ,

agus tabharfar dóibh cibé creidiúnacht is cuí sna himthosca.

Iarratais chun breithiúnais Chomhphobail a aithint agus a fhorghníomhú.

5. —Aon iarratas faoi Airteagal 31 chun breithiúnas a aithint nó a fhorghníomhú sa Stát déanfar é chuig Máistir na hArd-Chúirte agus cinnfidh seisean é le hordú (lena n-áirítear ordú nach ndéanfar ach páirt-aithint nó páirt-fhorghníomhú ar bhreithiúnas) de réir na gCoinbhinsiún.

Breithiúnais Chomhphobail a fhorghníomhú (seachas orduithe cothabhála).

6. —(1) Faoi réir alt 8 (4) den Acht seo agus an tsriain ar fhorghníomhú atá in Airteagal 39—

(a) beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag breithiúnas, seachas ordú cothabhála, a mbeidh ordú forghníomhaithe déanta ina leith, go feadh an méid a mbeidh forghníomhú an bhreithiúnais údaraithe leis an ordú forghníomhaithe, agus

(b) chun an breithiúnas a fhorghníomhú nó maidir lena fhorghníomhú, beidh ag an Ard-Chúirt na cumhachtaí céanna, agus féadfar imeachtaí a thionscnamh,

amhail is dá mba bhreithiúnas de chuid na hArd-Chúirte an breithiúnas.

(2) (a) Féadfaidh Máistir na hArd-Chúirte, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuige ag an gcreidiúnaí cothabhála, a dhearbhú le hordú go measfar, maidir le suimeanna a bhí iníoctha faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe ach a bhí neamhíoctha roimh an dáta a ndearnadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí, go mbeidh siad iníoctha faoi bhreithiúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(b) Ní dhéanfaidh Máistir na hArd-Chúirte dearbhú faoi mhír (a) den fho-alt seo mura measfaidh sé go ndéanfaí, de bharr é do dhéanamh amhlaidh, an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe lena mbaineann a fhorghníomhú ar mhodh níos éifeachtúla maidir leis na suimeanna lena mbaineann.

(c) Aon uair a dhéanfaidh Máistir na hArd-Chúirte dearbhú faoi mhír (a) den fho-alt seo, measfar maidir leis na suimeanna lena mbaineann sé, go mbeidh siad, chun críocha an Achta seo, iníoctha faoi bhreithiúnas dá dtagraítear san fho-alt sin (1) agus ní ar shlí eile.

(3) San alt seo folaíonn “breithiúnas” ionstraim nó socraíocht dá dtagraítear i dTeideal IV de Choinbhinsiún 1968.

Orduithe cothabhála Comhphobail a fhorghníomhú.

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “ordú cothabhála infhorghníomhaithe”—

(a) ordú cothabhála a mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir lena fhorghníomhú ina iomláine, nó

(b) i gcás gur le haghaidh ordú cothabhála a pháirt-fhorghníomhú amháin a bheidh ordú forghníomhaithe déanta, an t-ordú cothabhála go feadh an méid a mbeidh sé ordaithe amhlaidh é a fhorghníomhú.

(2) (a) Faoi réir alt 8 (4) den Acht seo agus an tsriain ar fhorghníomhú atá in Airteagal 39, beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú cothabhála infhorghníomhaithe a fhorghníomhú agus—

(i) chun na críche sin,

(ii) chun críocha alt 98 (1) den Acht Cosanta, 1954 , agus

(iii) faoi réir Choinbhinsiún 1968, chun ordú den sórt sin a athrú nó a chúlghairm faoi alt 5 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , nó alt 6 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 ,

measfar, ón dáta a ndearnadh an t-ordú cothabhála, gur ordú a rinne an Chúirt Dúiche faoi alt 3 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , a dúradh nó faoi alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , a dúradh, de réir mar is iomchuí, an t-ordú sin.

(b) Beidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo d'ainneoin go mbeidh aon mhéid is iníoctha faoin ordú lena mbaineann níos mó ná an t-uasmhéid a mbeidh dlínse ag an gCúirt Dúiche é a dhámhachtain faoin achtachán iomchuí a luaitear sa mhír sin.

(3) I gcás go ndéanfaidh cúirt i Stát Conarthach seachas an Stát ordú cothabhála infhorghníomhaithe a athrú agus go mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir leis an ordú cothabhála infhorghníomhaithe ina iomláine, nó maidir le cuid de, arna athrú amhlaidh nó, maidir leis an ordú ina iomláine, nó maidir le cuid de, lena ndéantar an t-athrú, de réir mar a bheidh, ní bheidh an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe, ón dáta a mbeidh éifeacht leis an athrú, infhorghníomhaithe sa Stát ach amháin de réir mar a bheidh sé arna athrú amhlaidh.

(4) I gcás go ndéanfaidh cúirt i Stát Conarthach seachas an Stát ordú cothabhála infhorghníomhaithe a chúlghairm agus go mbeidh ordú forghníomhaithe déanta maidir leis an ordú lena ndéantar an chúlghairm, scoirfidh an t-ordú cothabhála infhorghníomhaithe de bheith infhorghníomhaithe sa Stát ón dáta a mbeidh éifeacht leis an gcúlghairm ach amháin i ndáil le haon suimeanna faoin ordú a bhí iníoctha, ach nár íocadh, an dáta sin nó roimhe.

(5) I gcás ordú cothabhála infhorghníomhaithe, measfar—

(a) maidir le haon suimeanna a bhí iníoctha faoin ordú, ach nár íocadh, roimh an dáta a ndearnadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí, agus

(b) maidir le haon chostais a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú forghníomhaithe sin is iníoctha de bhua alt 8 (2) den Acht seo,

go mbeidh siad, faoi réir alt 6 (2) den Acht seo, iníoctha de bhua ordú a rinneadh faoi alt 3 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , nó faoi alt 5 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , de réir mar is iomchuí.

(6) An dlínse a dhílsítear sa Chúirt Dúiche leis an alt seo feidhmeofar é ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire sannta don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil an féichiúnaí cothabhála faoin ordú cothabhála infhorghníomhaithe lena mbaineann ina chónaí.

(7) (a) Íocfaidh an féichiúnaí cothabhála i gceist aon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infhorghníomhaithe, d'ainneoin aon ní dá mhalairt san ordú sin, leis an gcléireach cúirte don cheantar cúirte dúiche ina bhfuil cónaí de thuras na huaire ar an bhféichiúnaí cothabhála lena tarchur chuig an gcreidiúnaí cothabhála nó, i gcás go n-údaróidh an creidiúnaí cothabhála d'údarás poiblí suim den sórt sin a ghlacadh, chuig an údarás sin.

(b) Más rud é nach n-íocfar go cuí aon suim is iníoctha de bhua ordú cothabhála infhorghníomhaithe agus má iarrann an féichiúnaí cothabhála lena mbaineann i scríbhinn go ndéanfaí amhlaidh, déanfaidh an cléireach cúirte dúiche lena mbaineann iarratas faoi alt 10 (a bhaineann le tuillimh áirithe a astú) den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 , nó faoi alt 8 (a bhaineann le horduithe cothabhála áirithe a fhorghníomhú) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , maidir leis an tsuim agus, chun na críche sin, forléireofar na tagairtí san alt sin 8 (seachas fo-ailt (4) agus (5)) don iarratasóir mar thagairtí don chléireach cúirte dúiche.

(c) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don cheart atá ag creidiúnaí cothabhála imeachtaí a thionscnamh chun aon suim is iníoctha le cléireach cúirte dúiche faoi mhír (a) den fho-alt seo a ghnóthú.

(8) Ní bheidh feidhm ag alt 8 (7) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , maidir le himeachtaí chun ordú cothabhála infhorghníomhaithe a fhorghníomhú.

(9) Déanfaidh féichiúnaí cothabhála faoi ordú cothabhála infhorghníomhaithe fógra a thabhairt don chléireach cúirte dúiche don cheantar cúirte dúiche ina gcónaíonn sé i dtaobh athrú ar bith ar a sheoladh agus má mhainníonn sé gan cúis réasúnach sin a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(10) San alt seo déanfar, i gcás dhá chléireach cúirte dúiche nó níos mó a bheith ann don cheantar cúirte dúiche lena mbaineann, tagairt do chléireach cúirte dúiche a fhorléiriú mar thagairt d'aon duine de na cléirigh sin.

(11) Chun críocha an ailt seo measfar gur ceantar cúirte dúiche Dúiche Phríomh-Chathrach Bhaile Átha Cliath.

Forálacha in orduithe forghníomhaithe chun ús a íoc ar bhreithiúnais agus chun costais a íoc.

8. —(1) Más rud é go dtaispeánfar, ar iarratas ar ordú forghníomhaithe—

(a) go ndéanann an breithiúnas iomchuí foráil chun suim airgid a íoc, agus

(b) de réir dhlí an Stáit Chonarthaigh inar tugadh an breithiúnas, go mbeidh ús ar an tsuim sin inghnóthaithe faoin mbreithiúnas de réir ráta nó rátaí áirithe agus ó dháta nó ó am áirithe,

forálfaidh an t-ordú, má dhéantar é, go ndlífidh an duine ag a mbeidh an tsuim a dúradh iníoctha, an t-ús a dúradh a íoc freisin ar leith ó aon ús ar chostais is inghnóthaithe de bhua fho-alt (2) den alt seo, de réir na sonraí a bheidh nótáilte san ordú, agus beidh méid an úis inghnóthaithe ag an iarratasóir lena mbaineann amhail is dá mba chuid é den tsuim a dúradh.

(2) Féadfaidh ordú forghníomhaithe, de rogha na cúirte lena mbaineann nó Mháistir na hArd-Chúirte, de réir mar is iomchuí, a fhoráil go n-íocfaidh an freagróir lena mbaineann leis an iarratasóir lena mbaineann na costais réasúnacha a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú.

(3) Aon duine a mbeidh costais is inghnóthaithe de bhua fho-alt (2) den alt seo iníoctha aige dlífidh sé ús a íoc ar na costais amhail is dá mba ábhar ordaithe chun costais a íoc iad a rinne an Ard-Chúirt ar an dáta a rinneadh an t-ordú forghníomhaithe iomchuí.

(4) Ní bheidh ús iníoctha ar shuim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ach amháin de réir mar a fhoráiltear leis an alt seo.

Airgeadra na n-íocaíochtaí faoi orduithe cothabhála Comhphobail.

9. —(1) Aon mhéid is iníoctha sa Stát faoi ordú cothabhála de bhua ordú forghníomhaithe íocfar é in airgeadra an Stáit agus, má luaitear an méid san ordú cothabhála in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, déanfar an íocaíocht ar bhonn an ráta malairte a bheidh, ar an dáta a ndéanfar an t-ordú forghníomhaithe, i réim idir an t-airgeadra sin agus airgeadra an Stáit.

(2) Maidir le deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do bhanc sa Stát agus a airbheartóidh an ráta malairte a bheidh i réim ar dháta sonraithe idir airgeadra sonraithe agus airgeadra an Stáit a lua, beidh an deimhniú sin, chun críocha an ailt seo, inghlactha mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú.

(3) San alt seo ciallaíonn “banc” an sealbhóir ar cheadúnas baincéara de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 .

Cruthúnas agus inghlacthacht maidir le breithiúnais áirithe agus le haistriúcháin agus le doiciméid ghaolmhara.

10. —(1) Chun críocha na gCoinbhinsiún—

(a) maidir le doiciméad, arna fhíordheimhniú go cuí, a airbheartóidh gur cóip é de bhreithiúnas arna thabhairt ag cúirt Stáit Chonarthaigh seachas an Stát, measfar gan a thuilleadh cruthúnais gur cóip dhílis den bhreithiúnas é, mura dtaispeánfar a mhalairt; agus

(b) beidh an doiciméad bunaidh nó cóip d'aon doiciméad den sórt a luaitear in Airteagal 46.2 nó 47 inghlactha mar fhianaise ar aon ábhar lena mbaineann sé.

(2) Maidir le doiciméad—

(a) a airbheartóidh gur aistriúchán é ar bhreithiúnas a thug cúirt Stáit Chonarthaigh seachas an Stát nó ar dhoiciméad a luaitear in Airteagal 46.2, 47 nó 50 nó ina mbeidh socraíocht dá dtagraítear in Airteagal 51, agus

(b) a bheidh deimhnithe a bheith cruinn ag duine a bheidh inniúil chun déanamh amhlaidh,

beidh sé inghlactha mar fhianaise ar an aistriúchán.

Bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha.

11. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh tús curtha le himeachtaí, nó go mbeidh tús le cur leo, i Stát Conarthach seachas an Stát, agus

(b) gur imeachtaí iad nó go mbeidh siad ina n-imeachtaí a mbeidh a n-ábhar faoi chuimsiú Choinbhinsiún 1968 arna chinneadh le hAirteagal 1 (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh éifeacht le Coinbhinsiún 1968 i ndáil leis na himeachtaí),

féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuici de bhun Airteagal 24, bearta sealadacha, lena n-áirítear bearta cosantacha, d'aon chineál a dheonú a mbeidh cumhacht ag an gCúirt iad a dheonú in imeachtaí atá, ar leith ón Acht seo, faoina dlínse.

(2) Ar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt diúltú na bearta a lorgaíodh a dheonú i gcás, i dtuairim na Cúirte sin, go mbeadh sé neamhfhóirsteanach don Chúirt sin na bearta sin a dheonú de bharr nach bhfuil dlínse ag an gCúirt sin, ar leith ón alt seo, i ndáil le hábhar na n-imeachtaí i gceist.

(3) Faoi réir Airteagal 39, féadfaidh iarratas ar cibé bearta cosantacha a dheonú a mbeidh cumhacht ag an Ard-Chúirt iad a dheonú in imeachtaí atá, ar leith ón Acht seo, faoina dlínse a bheith ar áireamh in iarratas chun Máistir na hArd-Chúirte ar bhreithiúnas a fhorghníomhú agus in iarratas chun na hArd-Chúirte ar ionstraim nó socraíocht dá dtagraítear i dTeideal IV de Choinbhinsiún 1968, a fhorghníomhú agus, i gcás go ndéanfar ordú forghníomhaithe i ndáil le breithiúnas nó le hionstraim nó socraíocht den sórt sin, beidh foráil ar áireamh san ordú lena ndeonófar aon bhearta cosantacha den sórt sin mar a dúradh ar a ndéanfar iarratas mar a dúradh.

Cúirteanna sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

12. —Maidir le breithiúnas a thabharfaidh cúirt sa Stát, tabharfaidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte, ar iarraidh ó pháirtí leasmhar agus faoi réir aon choinníollacha a fhéadfar a shonrú le rialacha cúirte, don pháirtí leasmhar—

(a) cóip den bhreithiúnas arna fhíordheimhniú go cuí,

(b) deimhniú a bheidh sínithe ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte ina sonrófar—

(i) cineál na n-imeachtaí,

(ii) na forais, de bhun Choinbhinsiún 1968, ar ghabh an Chúirt dlínse uirthi féin,

(iii) an dáta a rachaidh an t-am in éag chun achomharc a thaisceadh in aghaidh an bhreithiúnais nó, más rud é go mbeidh sé dulta in éag, an dáta a ndeachaigh sé in éag,

(iv) cibé acu a taifeadadh nó nár taifeadadh fógra achomhairc in aghaidh an bhreithiúnais, nó in aon chás nár láithrigh an cosantóir, cibé a taifeadadh nó nár taifeadadh fógra chun an breithiúnas a chur ar ceal,

(v) i gcás gur chun suim airgid a íoc an breithiúnas, an ráta úis, más ann, is iníoctha ar an tsuim agus an dáta óna mbeidh ús iníoctha, agus

(vi) cibé sonraí eile (más ann) a bheidh sonraithe le rialacha cúirte,

agus

(c) i gcás gur d'éagmais láithrithe a tugadh an breithiúnas, an doiciméad bunaidh nó cóip, a bheidh deimhnithe mar chóip dhílis ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de dhoiciméad a chruthaíonn gur seirbheáladh fógra faoi thionscnamh imeachtaí ar an duine mainneachtnach.

Sainchónaí chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta.

13. —(1) Faoi réir Airteagal 52, beidh feidhm ag Cuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968 agus beidh feidhm ag Cuid II den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968, d'fhonn a chinneadh chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta seo an bhfuil sainchónaí ar dhuine sa Stát, in áit sa Stát nó i stát seachas Stát Conarthach.

(2) Measfar gurb é suíomh corparáide nó comhlachais sainchónaí na corparáide nó an chomhlachais sin agus beidh feidhm ag Cuid III den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968, agus beidh feidhm ag Cuid IV den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968, d'fhonn a chinneadh chun críocha Airteagal 53 de Choinbhinsiún 1968 agus an Achta seo, an sa Stát, in áit sa Stát nó i stát seachas an Stát, atá a suíomh ag corparáid nó comhlachas.

(3) Beidh feidhm ag Cuid V den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Béarla Choinbhinsiún 1968, agus beidh feidhm ag Cuid VI den Chúigiú Sceideal sin i ndáil le téacs Gaeilge Choinbhinsiún 1968, d'fhonn a chinneadh chun críocha Choinbhinsiún 1968 agus an Achta seo an sa Stát atá sainchónaí ar iontaobhas.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “comhlachas” comhlacht neamhchorpraithe daoine;

ciallaíonn “corparáid” comhlacht corpraithe.

An láthair le haghaidh imeachtaí áirithe a thionscnófar sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche de bhua an Achta seo.

14. —(1) Faoi réir Theideal II den Choinbhinsiún, maidir le dlínse na Cúirte Cuarda i dtaca le himeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 2, 8.1, 11 nó 14, beidh sí, i gcás go gcinnfí, ar leith ón bhfo-alt seo, an dlínse sin faoi threoir na háite ina bhfuil cónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó ina seolann sé gnó, á feidhmiú ag breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh de thuras na huaire sannta don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine de na cosantóirí nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

(2) Féadfar dlínse na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche maidir le himeachtaí a fhéadfar a thionscnamh sa Stát de bhua Airteagal 14 ag gearánaí a mbeidh sainchónaí air sa Stát, a fheidhmiú mar a leanas:

(i) i gcás na Cúirte Cuarda, ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí nó ar dhuine de na gearánaithe nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha, nó

(ii) i gcás na Cúirte Dúiche, ag an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an ngearánaí nó ar dhuine de na gearánaithe nó ina seolann sé aon ghairm, gnó nó slí bheatha.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

15. —(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas (Na Comhphobail Eorpacha), 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986, agus ailt 5 go 8, agus 11, 12 agus 14 den Acht seo.

(3) (a) Tiocfaidh an tAcht seo, seachas alt 3 a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

(b) Tiocfaidh alt 3 den Acht seo, a mhéid a bhaineann sé le Coinbhinsiún Aontachais 1982, i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú nó le horduithe go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla agus aon lá a shocrófar amhlaidh féadfaidh sé gurb é an lá céanna é agus lá a shocrófar faoi mhír (a) den fho-alt seo nó gur lá éagsúil é.

1 IO Uimh. C59 an 5.3.1979, Ich.1

2 IO Uimh. C59 an 5.3.1979, Ich.71.

3 IO Uimh. C298 an 24.11.1986, Ich.1.