Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

33 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1987


AN tACHT LEITHREASA, 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,716,399,000, a leithreasú.

2.

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1948.

3.

Leasú ar an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965.

4.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

An tAcht Airgeadais, 1948

1948, Uimh. 12

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1987


AN tACHT LEITHREASA, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE AIRITHE I nDÁIL LE BANC TAISCE AN PHOIST AGUS LE hAIRGEAD D'EISIÚINT AS AN bPRÍOMH-CHISTE LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR. [26 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,716,399,000, a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé mhíle seacht gcéad is sé mhilliún déag, trí chéad nócha is naoi míle punt agus ab éard atá ann suim dhá chéad míle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, agus suim sé mhíle seacht gcéad is sé mhilliún déag, céad nócha is naoi míle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim sé chéad seasca is aon mhilliún, trí chéad seachtó is cúig mhíle punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Leasú ar an Acht Airgeadais, 1948 .

2. —Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgeadais, 1948 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Is é an tréimhse íosta a ríomhfar ús ar thaisce ina leith, le héifeacht amhail ar agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1988, lá amháin.”.

Leasú ar an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 .

3. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

(a) trí “as an bPríomh-Chiste” a chur in ionad “as an bPríomh-Chiste sa bhliain” in alt 2, agus

(b) trí “as an bPríomh-Chiste” a chur in ionad “as an bPríomh-Chiste sa bhliain dá ndeonófar an soláthar” in alt 4,

agus tá na hailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

2. Amhail ó thosach na bliana airgeadais dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, agus gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin, beidh ag an Aire, maidir le haon seirbhís soláthair dá ndearnadh suim a leithreasú i leith na bliana airgeadais díreach roimhe sin in Acht Leithreasa na bliana sin, ar choinníoll go n-iarrfaidh sé i rith na bliana ar Dháil Éireann soláthar a dheonú don tseirbhís sin i leith na bliana, údarás chun suimeanna a eisiúint as an bPríomh-Chiste, agus a úsáid chun slánaithe an tsoláthair sin, nach mó san iomlán ná ceithre chúigiú den tsuim a leithreasaíodh amhlaidh ach sin, maidir le haon eisiúint agus úsáid áirithe, faoi réir é á mheas gur gá sin.

4. I gcás ina ndeonóidh Dáil Éireann soláthar sa bhliain airgeadais dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, nó in aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin—

(a) do sheirbhís soláthair don bhliain, ar seirbhís í nár leithreasaíodh suim di in Acht Leithreasa na bliana airgeadais díreach roimhe sin, nó

(b) do sheirbhís soláthair de chuid na bliana airgeadais díreach ina dhiaidh sin,

féadfaidh an tAire suimeanna nach mó san iomlán ná méid an deontais a eisiúint as an bPríomh-Chiste, agus iad a úsáid chun slánaithe an tsoláthair.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 21ú lá de Nollaig, 1965.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1987 , a ghairm den Acht seo.