Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Leasú ar chuid i den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht)

32 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1987


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ) (UIMH. 2), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 65 den Phríomh-Acht.

4.

Pionós mar gheall ar iascaireacht áirithe a dhéanamh le slat agus ruaim ag duine neamhcheadúnaithe.

5.

Leasú ar alt 67 den Phríomh-Acht.

6.

Leasú ar alt 68 den Phríomh-Acht.

7.

Leasú ar alt 69 den Phríomh-Acht.

8.

Leasú ar alt 99 den Phríomh-Acht.

9.

Leasú ar alt 167 den Phríomh-Acht.

10.

Leasú ar alt 168 den Phríomh-Acht.

11.

Leasú ar alt 169 den Phríomh-Acht.

12.

Pionóis mar gheall ar iasc a maraíodh go mídhleathach, nó a fuarthas marbh, a thógáil.

13.

Leasú ar alt 182 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar alt 296 den Phríomh-Acht.

15.

Leasú ar alt 303 den Phríomh-Acht.

16.

Leasú ar alt 315 den Phríomh-Acht.

17.

Leasú ar alt 318 den Phríomh-Acht.

18.

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

19.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1980.

20.

Clár Duánaithe Éisc Mhara.

21.

Cosaint agus cearta breise a thabhairt d'iarchomhaltaí saoil den Iontaobhas.

22.

Forálacha a bhaineann le huiscí breac sceidealta a aisghairm.

23.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Leasú ar Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1987

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

An tAcht Iascaigh, 1980

1980, Uimh. 1

Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952

1952, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1987


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ) (UIMH. 2), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIASCACH AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1959 GO 1987, TRÍ NA FORÁLACHA MAIDIR LE GNÁTH-CHEADÚNAIS SLAITE BRADÁN A LEASÚ AGUS TRÍ NA FORÁLACHA MAIDIR LE GNÁTHCHEADÚNAIS IASCAIREACHTA A BHAINEANN LE SLAT AGUS RUAIM A LEATHNÚ D'FHONN CEADÚNAIS I LEITH BREAC, CEADÚNAIS I LEITH GARBHIASC AGUS CEADÚNAIS I LEITH BRADÁN, BREAC AGUS GARBH-IASC A ÁIREAMH, DO CHUR TEORAINN LE CLÁRÚ FAOI ALT 58 DEN ACHT IASCAIGH, 1980 , LE NACH mBAINFIDH SÉ ACH LE DUÁNAITHE ÉISC MHARA AGUS LE DAOINE ÁIRITHE EILE AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ALT 59 DEN ACHT SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS AN MÉID SIN ROIMHE SEO AGUS THAIRIS SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1959 GO 1987. [26 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht Iascaigh, 1980 ;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Mara;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhforáil seo a leanas a chur in ionad na chéad fhorála (a bhaineann le tagairtí do dhuántacht bradán nó breac) san alt sin:

“forléireofar tagairtí do dhuántacht bradán, breac agus garbhiasc nó do dhuántacht aon iasc acu sin, mar thagairtí do dhuántacht le slat agus ruaim;”;

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “garbhiasc” (a cuireadh isteach le hAcht 1980):

“ciallaíonn an abairt ‘garbhiasc’ aon iasc fionnuisce nó a sceith nó a ghilidíní seachas bradáin, bric (lena n-áirítear bric dheadhathacha agus ruabhric) nó eascanna nó a sceith nó a ngilidíní;”;

(c) tríd na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “ordú dícháiliúcháin iarmhartach” (a cuireadh isteadh le hAcht 1980):

“ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite garbhiasc’ gnáthcheadúnas iascaireachta chun garbhéisc a iascaireacht le slat agus ruaim;

ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite garbhiasc (bliantúil)’ gnáthcheadúnas slaite garbhiasc atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;

ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite garbhiasc (lá agus fiche)’ gnáthcheadúnas slaite garbhiasc atá bailí ar feadh tréimhse lá agus fiche agus atá ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;

ciallaíonn ‘gnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach’ gnáthcheadúnas iascaireachta chun bradáin, bric agus garbhéisc a iascaireacht le slat agus ruaim agus atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;”;

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “saor-bhearna”:

“ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite fionnuisce’ gnáthcheadúnas slaite bradán, gnáthcheadúnas slaite breac, gnáthcheadúnas slaite garbhiasc nó gnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach;”;

(e) trí na mínithe ar “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar)”, “gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach)”, “gnáth-cheadúnas slaite bradán (seasúr déanach) (ceantar)” agus “gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá)” a scriosadh, agus tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche)”:

“ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite bradán (lá agus fiche)’ gnáthcheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse lá agus fiche agus atá ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;”;

(f) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “oifigeach cosanta iascaigh mhara”:

“ciallaíonn an abairt ‘ceadúnas iascaireachta géime séasúir le slat agus ruaim (Limistéar an Fheabhail)’ ceadúnas chun bradáin agus bric a iascaireacht le slat agus ruaim, arna eisiúint de bhun rialachán arna ndéanamh faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952) , agus atá bailí ar feadh bliana;”;

(g) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “breac”:

“folaíonn an focal ‘breac’ nuair a úsáidtear é gan é a cháiliú—

(a) gach iasc de chineál an bhric rua,

(b) breac deadhathach agus ruabhreac—

(i) i gCuid VI,

(ii) in aon fhoráil eile, nuair a bhaineann an fhoráil sin freisin le bradáin agus le garbhéisc,

(c) ach amháin i gCuid IX polláin nó scadáin fionnuisce, agus

(d) aon sceith bric nó gilidíní bric,

ach ní fholaíonn sé breac geal;”;

(h) trí na mínithe ar “ceadúnas slaite breac (ginearálta)”, “ceadúnas slaite breac (sóisear)”, “ceadúnas slaite breac” agus “ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir)” a scriosadh agus trí na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “inneall iascaireachta neamhdhleathach”:

“ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite breac’ gnáthcheadúnas iascaireachta chun bric a iascaireacht le slat agus ruaim;

ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite breac (bliantúil)’ gnáthcheadúnas slaite breac atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;

ciallaíonn an abairt ‘gnáthcheadúnas slaite breac (lá agus fiche)’ gnáthcheadúnas slaite breac atá bailí ar feadh tréimhse lá agus fiche agus atá ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;”.

Leasú ar alt 65 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 65 (a bhaineann leis an bpionós mar gheall ar inneall sceidealta neamhcheadúnaithe, seachas slat agus ruaim, a úsáid) den Phríomh-Acht trí“, garbhéisc” a chur isteach i ndiaidh “bradáin, bric” i bhfo-alt (1).

Pionós mar gheall ar iascaireacht áirithe a dhéanamh le slat agus ruaim ag duine neamhcheadúnaithe.

4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 66:

“66. (1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, más rud é go ndéanfaidh duine ar bith aon bhradáin, bric agus garbhéisc nó aon cheann díobh a iascaireacht nó a thógáil nó a mharú le slat agus ruaim in aon cheantar iascaigh agus nach bhfuil an duine sin ina shealbhóir—

(a) i gcás bradán den sórt sin, ar ghnáthcheadúnas slaite bradán nó ar ghnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach,

(b) i gcás breac den sórt sin, ar ghnáthcheadúnas slaite breac nó ar ghnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach,

(c) i gcás garbhiasc den sórt sin, ar ghnáthcheadúnas slaite garbhiasc nó ar ghnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach,

atá i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir le haon bhreac a iascaireacht nó a thógáil nó a mharú le slat agus ruaim amháin nó aon gharbhiasc a iascaireacht nó a thógaíl nó a mharú le slat agus ruaim amháin nó le dhá shlat agus ruaimeanna, ag duine nach bhfuil a ochtú lá breithe déag sroichte aige nó a bhfuil a shéú lá breithe is seasca sroichte aige.

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £2,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon slat agus ruaim a ndearnadh an cion maidir leo ar forghéilleadh mar iarmhairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.”.

Leasú ar alt 67 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 67 (a bhaineann le gnáthcheadúnais iascaireachta) den Phríomh-Acht—

(a) trí fho-alt (2) a scriosadh;

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3)  (a) Is iad na tréimhsí a mbeidh gnáthcheadúnais iascaireachta le heisiúint ina n-aghaidh—

(i) i gcás gnáthcheadúnas slaite bradán — tréimhse lá agus fiche agus tréimhse bliana,

(ii) i gcás gnáthcheadúnas slaite breac — tréimhse lá agus fiche agus tréimhse bliana,

(iii) i gcás gnáthcheadúnas slaite garbhiasc — tréimhse lá agus fiche agus tréimhse bliana,

(iv) i gcás gnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach — tréimhse bliana,

(v) i gcás gnáthcheadúnas iascaireachta eile — tréimhse bliana.

(b) Gnáthcheadúnais slaite bradán (lá agus fiche) a thabharfar ar ghnáthcheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh lá agus fiche agus atá ar fáil lena n-úsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(c) Gnáthcheadúnais slaite bradán (bliantúil) a thabharfar ar ghnáthcheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus atá ar fáil lena n-úsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(d) Gnáthcheadúnais slaite breac (lá agus fiche) a thabharfar ar gnáthceadúnais slaite breac is ineisithe in aghaidh lá agus fiche agus atá ar fáil lena n-úsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(e) Gnáthcheadúnais slaite breac (bliantúil) a thabharfar ar ghnáthcheadúnais slaite breac is ineisithe in aghaidh bliana agus atá ar fáil lena n-úsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(f) Gnáthcheadúnais slaite garbhiasc (lá agus fiche) a thabharfar ar ghnáthcheadúnais slaite garbhiasc is ineisithe in aghaidh lá agus fiche agus atá ar fáil lena n-úsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(g) Gnáthcheadúnais slaite garbhiasc (bliantúil) a thabharfar ar ghnáthcheadúnais slaite garbhiasc is ineisithe in aghaidh bliana agus atá ar fáil lena n-úsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(4)  (a) Beidh gnáthcheadúnas slaite bradán (lá agus fiche), gnáthcheadúnas slaite breac (lá agus fiche) agus gnáthcheadúnas slaite garbhiasc (lá agus fiche) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse lá agus fiche a thosaíonn ar an dáta a shonraítear chuige sin sa cheadúnas lena mbaineann.

(b) Beidh gnáthcheadúnas iascaireachta (seachas gnáthcheadúnas iascaireachta lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na bliana a shonraítear chuige sin sa cheadúnas.”;

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (6) agus (7):

“(6) I gcás gach gnáthcheadúnas iascaireachta a eiseoidh bord réigiúnach—

(a) beidh sé i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham,

(b) luafar ann—

(i) ainm an bhoird réigiúnaigh lena mbaineann,

(ii) an tréimhse dá mbeidh sé bailí agus i bhfeidhm,

(iii) más iomchuí, uimhir nó ainm an cheantair iascaigh lena mbaineann sé,

(iv) an cineál innill iascaireachta lena mbaineann sé.

(7) Má dhéantar iarratas ar ghnáthcheadúnas slaite fionnuisce eiseoidh an bord sin an ceadúnas sin.”;

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (11) go (15):

“(11) Beidh gnáthcheadúnas iascaireachta (nach gnáthcheadúnas slaite fionnuisce) ar fáil lena úsáid sa cheantar iascaigh ar ina leith a rinneadh an t-iarratas ar an gceadúnas agus a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus ar ceantar iascaigh é i réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin.

(12) Beidh gach gnáthcheadúnas slaite fionnuisce ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh.

(13) Sonrófar i ngach gnáthcheadúnas slaite fionnuisce ainm agus seoladh an duine ar chuige a eisítear é agus ní bheidh an ceadúnas sin ar fáil lena úsáid ag aon duine ach amháin ag an duine a bheidh ainmnithe ann ná ní aistreofar chuig aon duine eile é.

(14) Oibreoidh gach gnáthcheadúnas iascaireachta (seachas gnáthcheadúnas slaite fionnuisce) chun a údarú inneall iascaireachta den chineál a bheidh sonraithe ann a úsáid le linn na tréimhse a bheidh sonraithe ann, agus sa cheantar iascaigh a bheidh sonraithe ann, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(15) Oibreoidh gach gnáthcheadúnas slaite fionnuisce chun a údarú don duine a bheidh ainmnithe ann, agus dó sin amháin, na nithe seo a leanas a úsáid le linn na tréimhse a bheidh sonraithe ann agus i ngach ceantar iascaigh—

(a) i gcás gnáthcheadúnais slaite bradán, slat bradán,

(b) i gcás gnáthcheadúnais slaite breac, slat breac,

(c) i gcás gnáthcheadúnais slaite garbhiasc, dhá shlat garbhiasc ar a mhéad,

(d) i gcás gnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach, aon chumasc slat dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt seo,

faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.”;

(e) trí fho-alt (16) a scriosadh.

Leasú ar alt 68 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 68 (a bhaineann le dleachtanna ar ghnáthcheadúnais iascaireachta) den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáthcheadúnas slaite breac atá bailí do bhliain áirithe agus a eisítear chuig duine is sealbhóir ar cheadúnas iascaireachta géime séasúir le slat agus ruaim (Limistéar an Fheabhail) atá bailí don bhliain sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo is £10 an dleacht gnáthcheadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais slaite breac (bliantúil) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáthcheadúnais i leith gnáthcheadúnais slaite breac (bliantúil), féadfaidh sé le hordú an dleacht ceadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais slaite breac (bliantúil) lena mbaineann an fo-alt seo a athrú.

(2B) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáthcheadúnas duántachta fionnuisce comhfheidhmeach atá bailí do bhliain áirithe agus a eisítear chuig duine is sealbhóir ar cheadúnas iascaireachta géime séasúir le slat agus ruaim (Ceantar an Fheabhail) atá bailí don bhliain sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo is £30 an dleacht gnáthcheadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais duántachta fionnuisce comhfheidhmeach lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáthcheadúnais i leith gnáthcheadúnais duántachta fionnuisce comhfheidhmeach, féadfaidh sé le hordú an dleacht ceadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais duántachta fionnuisce comhfheidhmeach lena mbaineann an fo-alt seo a athrú.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1)  (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is é an dleacht gnáthcheadúnais i leith gnáthcheadúnais slaite fionnuisce den aicme a shonraítear i gcolún (2), (3), (4), (5), (6), (7) nó (8) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an tsuim atá leagtha amach i cibé de na colúin sin a bhaineann le gnáthcheadúnas slaite fionnuisce den aicme sin.

(b) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, an dleacht gnáthcheadúnais slaite fionnuisce d'aicme faoi leith a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athrú le hordú.

(c) Ní bhainfidh an fo-alt seo leis an dleacht gnáthcheadúnais is iníoctha—

(i) i leith gnáthcheadúnais slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, ná

(ii) i leith gnáthcheadúnais slaite breac (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2A) den alt seo, ná

(iii) i leith gnáthcheadúnais duántachta fionnuisce comhfheidhmeach lena mbaineann fo-alt (2B) den alt seo.”;

(c) trí “iascaireachta géime séasúir le slat agus ruaim” a chur in ionad “slaite bradán” i mír (a) d'fho-alt (2);

(d) trí “£17” a chur in ionad “£11.50” (a cuireadh isteach leis an Ordú um Cheadúnais Iascaireachta Bradán, Eascanna agus Oisrí (Dleachtanna Ceadúnas a Athrú), 1984 (I.R. Uimh. 343 de 1984), i mír (b) d'fho-alt (2);

(e) trí fho-alt 3 a scriosadh;

(f) trí “mír (c) d'fho-alt (2A), mír (c) d'fho-alt (2B)” a chur in ionad “mír (c) d'fho-alt (3)”, i bhfo-alt (6);

(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) I gcás go mbeartaítear ordú faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo a dhéanamh cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”;

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1.  (2)  (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas iascaireachta géime séasúir le slat agus ruaim (Limistéar an Fheabhail) a bheidh bailí ar feadh na bliana sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo is £17 an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantúil), féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníochta i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbainfidh an fo-alt seo a athrú.

2.  (6) Má athraítear an dleacht gnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta faoi aon cheann de na forálacha seo a leanas den alt seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (1), mír (c) d'fho-alt (2), mír (c) d'fho-alt (2A), mír (c) d'fho-alt (2B), mír (b) d'fho-alt (4) agus mír (c) d'fho-alt (5), beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta den chineál a bheidh bailí ar feadh tréimhse a thosóidh an 1ú lá, nó tar éis an 1ú lá, den chéad Eanáir eile tar éis an t-ordú a dhéanamh a d'athraigh an dleacht sin amhlaidh.

Leasú ar alt 69 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 69 (a bhaineann le dleachtanna ceadúnais ar innill nach sonraítear sa Cheathrú Sceideal agus srianta le húsáid na n-inneall sin) den Phríomh-Acht trí “, garbhéisc” a chur isteach i bhfo-alt (1) tar éis “bradáin, bric”.

Leasú ar alt 99 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 99 (a bhaineann le srian a chur le coraí iascaireachta, dambaí muilinn iascaireachta, nó innill sheasmhacha a chur suas sa chuid fionnuisce d'aon abhainn) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le ruaimeanna fada a úsáidtear d'aontoisc chun eascanna a ghabháil ná le hinnill a úsáidtear chun iasc seachas iasc fionnuisce a ghabháil.”.

Leasú ar alt 167 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 167 den Phríomh-Acht (arna leasú de hAcht 1980) trí “bradán, breac nó garbhiasc” a chur in ionad “bradán nó breac”, agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

167. Aon duine a thógfaidh nó a ghabhfaidh bradán, breac nó garbhiasc nó a dhéanfaidh iascaireacht ar aon bhradán, breac nó garbhiasc le téada in aon abhainn, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Leasú ar alt 168 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 168 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1980) trí “bhradán, breac nó garbhiasc” a chur in ionad “bhradán nó breac” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

168. Má thógann úinéir nó áititheoir aon chora eascann aon bhradán, breac nó garbhiasc sa chora sin nó má ligeann sé d'aon duine eile é a thógáil, beidh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Leasú ar alt 169 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 169 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1980) trí “bhradán, breac nó garbhiasc” a chur in ionad “bhradán nó breac” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

169. Aon duine a dhéanfaidh aon abhainn nó traoth mhuilinn a dhambáil, a thaomadh nó a fholmhú chun aon bhradán, breac nó garbhiasc a thógáil nó a dhíothú, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Pionóis mar gheall ar iasc a maraíodh go mídhleathach, nó a fuarthas marbh, a thógáil.

12. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 170:

“(1) Gach duine a aistreoidh nó a chuirfidh faoi deara go n-aistreofar in aon slí as aon abhainn nó loch—

(a) aon bhradán, breac nó garbhiasc nár maraíodh go dleathach, nó

(b) aon bhradán, breac nó garbhiasc a fuair an duine sin agus é marbh ó chúis ar bith,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo—

(a) le haon duine a bheidh ag gníomhú faoi údarás an Aire, ná

(b) le haon oifigeach do bhord réigiúnach a bheidh ag gníomhú faoi threoracha an bhoird sin, ná

(c) le haon úinéir iascaigh ná le gníomhaire dó a bheidh ag gníomhú faoi údarás i scríbhinn ó bhord réigiúnach, ná

(d) chomh fada is a bhaineann le haon bhradán, breac nó garbhiasc galraithe, nó aon bhradán, breac nó garbhiasc a fuarthas marbh ó chúis ar bith, a aistriú nó a chur faoi deara é a aistriú, le haon chomhalta den Gharda Síochána ná le haon Oifigeach Sláintíochta.”.

Leasú ar alt 182 den Phríomh-Acht.

13. —Déantar leis seo alt 182 den Phríomh-Acht a leasú i mír (e) d'fho-alt (2) tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur in ionad fho-mhír (iii) den mhír sin:

“(iii) go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas chun breac a iascaireacht le slat agus ruaim a ghabh an breac nó gur dhuine lenar bhain fo-alt (2) d'alt 66 (arna leasú leis an Acht Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2), 1987 ) tráth an ghafa a ghabh é, agus”,

agus tá an mhír sin (e), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(e) Más rud é—

(i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le breac, agus

(ii) go gcruthóidh sé gur gabhadh an breac le slat agus ruaim in áit áirithe le linn tréimhse seachas an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac san áit sin, agus

(iii) go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas chun breac a iascaireacht le slat agus ruaim a ghabh an breac nó gur dhuine lenar bhain fo-alt (2) d'alt 66 (arna leasú leis an Acht Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2), 1987 ) tráth an ghafa a ghabh é, agus

(iv) go gcruthóidh sé gur go dleathach ar gach slí eile a gabhadh an breac,

déanfar an cúiseamh ina choinne a dhíbhe.

Leasú ar alt 296 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 296 den Phríomh-Acht (a bhaineann le cumhachtaí ginearálta comhaltaí den Gharda Síochána agus oifigeach údaraithe chun iascaigh a chosaint) trí “bric (lena n-áirítear aon bhric dheadhathacha nó ruabhric)” a chur in ionad “bric, ruabhric” i bhfo-alt (1) (arna leasú le hAcht 1980).

Leasú ar alt 303 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 303 (arna leasú le hAcht 1980) den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás duine a chúiseamh i gcion faoin alt seo arb éard é gur mhainnigh sé gnáthcheadúnas a thabhairt ar aird i leith innill sceidealta a bhí ina sheilbh, is cosaint mhaith é, ar cibé méid den chúiseamh a bhaineann le mainniú gnáthcheadúnas a thabhairt ar aird i leith slaite breac nó slaite garbhiasc, a chruthú gur duine é ar bhain fo-alt (2) d'alt 66 (arna leasú leis an Acht Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2), 1987 ) leis an tráth a éilíodh air gnáthcheadúnas den sórt sin a thabhairt ar aird.

(4B) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le slat breac nó slat garbhiasc a úsáid i gcás nach bhfuil a ochtú lá breithe déag sroichte ag an duine lena mbaineann nó i gcás go bhfuil a shé lá breithe is seasca sroichte aige más rud é, ar éileamh a bheith déanta ag aon chomhalta den Gharda Síochána nó ag duine údaraithe de réir fho-alt (2) den alt seo gnáthcheadúnas a thabhairt ar aird don tslat breac nó don tslat garbhiasc, go dtabharfaidh an duine lena mbaineann fianaise ar aird a dheimhneoidh don chomhalta sin den Gharda Síochána nó don duine údaraithe sin gur duine é lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 66 (arna leasú leis an Acht Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2), 1987 ).”.

Leasú ar alt 315 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo alt 315 (a bhaineann le híocaíochtaí le boird réigiúnacha agus, i gcásanna áirithe, le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fíneálacha mar gheall ar chionta áirithe) den Phríomh-Acht trí “bradáin, bric (lena n-áirítear bric dheadhathacha agus ruabhric), garbhéisc nó eascanna” a chur in ionad “bradáin, bric nó eascanna”, i bhfo-alt 1(b).

Leasú ar alt 318 den Phríomh-Acht.

17. —Leasaítear leis seo alt 318 (a bhaineann le híocaíochtaí le boird réigiúnacha agus, i gcásanna áirithe, le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fáltáis ó fhorghéillte áirithe) den Phríomh-Acht trí “bradáin, bric (lena n-áirítear bric dheadhathacha agus ruabhric), garbhéisc nó eascanna” a chur in ionad “bradáin, bric nó eascanna” sa dá áit ina bhfuil sé i bhfo-alt (1) (a).

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

18. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCuid atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

Leasú ar alt 11 d'Acht 1980.

19. —Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1980 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Na cumhachtaí is infheidhmithe ag bord réigiúnach de bhua fho-alt (4) den alt seo chun cineálacha áirithe ceadúnas a eisiúint beidh feidhm acu ar theacht i ngníomh d'alt 19 den Acht Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2), 1987 , maidir le ceadúnais lena mbaineann an tAcht sin agus ní fhorléireofar an tagairt san fho-alt sin (4) do ‘gnáth-cheadúnais slaite bradán (lá agus fiche)’ mar thagairt do gnáth-cheadúnais slaite bradán (lá agus fiche) is ineisithe de bhua an Achta sin.”.

Clár Duánaithe Éisc Mhara.

20. —(1) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo déanfaidh gach bord réigiúnach ainmneacha gach duine nach bhfuil cláraithe mar dhuánaí éisc mhara nó is duine seachas duánaí éisc mhara lena mbaineann fo-alt (4) d'alt 58 d'Acht 1980 a scriosadh as an gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara a bhunaigh sé agus a chothabhálann sé de bhua fho-alt (1) den alt sin 58 agus gairfear an “Clár Duánaithe Éisc Mhara” de gach clár den sórt sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) leasófar fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1980 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara”:

“‘ciallaíonn “Clár Duánaithe Éisc Mhara” clár lena mbaineann alt 58 (1);”;

(b) leasófar fo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1980 trí “i gClár Duánaithe Éisc Mhara” a chur in ionad “i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara”, i míreanna (b) (ii) agus (c);

(c) leasófar fo-alt (1) (b) (i) d'alt 13 d'Acht 1980 trí “i gClár Duánaithe Éisc Mhara” a chur in ionad “i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara”;

(d) leasófar alt 58 d'Acht 1980 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon duine seachas duánaí éisc mhara atá cláraithe i gclár de bhua fho-alt (4) den alt seo (agus a bhí cláraithe amhlaidh roimh thosach feidhme alt 20 den Acht Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2) 1987), féadfaidh sé tráth ar bith, trí iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an mbord réigiúnach lena mbaineann, a iarraidh ar an mbord sin é a athchlárú mar dhuánaí éisc mhara agus, ar iarratas faoin bhfo-alt seo a fháil go cuí géillfidh an bord sin don iarratas agus athchláróidh sé é sa chlár a chothabhálann sé—

(a) i gcás go bhfaighidh an bord réigiúnach sin an t-iarratas laistigh de mhí amháin roimh thoghchán comhaltas don bhord sin, le héifeacht ón lá i ndiaidh an toghcháin, agus

(b) i ngach cás eile, le héifeacht ón lá a gheobhaidh sé an t-iarratas.”;

(e) leasófar fo-alt (1) d'alt 58 d'Acht 1980 trí “,agus dá ngairtear san Acht seo,” agus “Breac, Garbhéisc agus” a scriosadh;

(f) leasófar fo-alt (2) den alt sin 58—

(i) i mír (a), trí na focail ar fad ó “, agus nuair a bheidh duine ag déanamh iarratais ar chlárú” síos go dtí “nó mar dhuánaí éisc mhara”, agus na focail sin san áireamh, a scriosadh, agus

(ii) i mír (b), trí na focail “Déanfaidh an bord réigiúnach, ar iarratas a fháil ar chlárú sa chlár, mar aon leis an suibscríobh bliantúil iomchuí, an t-iarratasóir a chlárú mar dhuánaí éisc mhara” a chur in ionad na bhfocal ar fad ó “Déanfaidh an bord réigiúnach lena mbaineann” síos go dtí deireadh na míre sin;

(g) scriosfar fo-alt (3) den alt sin 58;

(h) leasófar fo-alt (4) den alt sin 58 trí “Duánaithe Éisc Mhara” a chur in ionad “Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éise Mhara” i míreanna (a) agus (d)”;

(i) leasófar fo-alt (6) den alt sin 58 trí “Clár Duánaithe Éisc Mhara” a chur in ionad “Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara”;

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2) den alt sin 58, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(3) Aon duine a bhí, díreach roimh theacht i ngníomh don alt seo, cláraithe sa Chlár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara agus ar scriosadh a ainm as an gclár sin de bhua fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé trí iarratas i scríbhinn a dhéanamh ionas go bhfaighidh an bord réigiúnach lena mbaineann é roimh an 31ú lá de mhí Bealtaine i ndiaidh an teacht i ngníomh sin, a iarraidh ar an mbord sin é a athchlárú agus ar iarratas a fháil go cuí faoin bhfo-alt seo ní mór don bhord réigiúnach lena mbaineann, faoi réir an tsuibscríofa bhliantúil iomchuí faoi alt 58 d'Acht 1980 a íoc, géilleadh don iarratas agus é a athclárú sa chlár a chothabhálann sé le héifeacht ó dháta an teacht i ngníomh sin.

(4) Más rud é nach ndéanann duine lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo iarratas ar athchlárú faoin bhfo-alt sin ach go n-íocfaidh sé leis an mbord réigiúnach lena mbaineann an suibscríobh bliantúil iomchuí amhail is dá mbeadh sé cláraithe mar dhuánaí éisc mhara a íocann an suibscríobh sin faoi alt 58 (2) (c) agus go bhfaighidh an bord sin an íocaíocht sin roimh an lá a shonraítear san fho-alt sin (3), measfar go ndearna sé iarratas go cuí ar athchlárú faoin bhfo-alt sin agus athchlárófar amhlaidh é.

AN TÁBLA

1.  (1) Bunóidh agus cothabhálfaidh gach bord réigiúnach clár ar a dtabharfar “Clár Duánaithe Éisc Mhara”.

2.  (2)  (a) Ar an suibscríobh bliantúil iomchuí a íoc le bord réigiúnach déanfar duine a chlárú de réir mhír (b) den fho-alt seo sa chlár a chothabhálann an bord sin.

(b) Déanfaidh an bord réigiúnach, ar iarratas a fháil ar chlárú sa chlár, mar aon leis an suibscríobh bliantúil iomchuí, an t-iarratasóir a chlárú mar dhuánaí éisc mhara.

Cosaint agus cearta breise a thabhairt d'iarchomhaltaí saoil den Iontaobhas.

21. —Leasaítear leis seo alt 59 d'Acht 1980—

(a) i mír (b) d'fho-alt (1), trí na focail ar fad ó “i gcás an duine a bheith” síos go dtí “a bheidh sé cláraithe amhlaidh”, a aisghairm agus trí “ag aon bhord réigiúnach” a chur in ionad “ag an mbord réigiúnach a chothabhálann an clár”,

(b) trí fho-alt (2) a aisghairm, agus

(c) i bhfo-alt (4) trí “fho-alt (1)” a chur in ionad “fho-ailt (1) agus (2)”,

agus tá an fo-alt sin (1) d'alt 59, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Duine a bhí, díreach sular díscaoileadh an tIontaobhas, ina chomhalta saoil den Iontaobhas, beidh de chead aige, faoi réir cibé sriantachtaí nó ceanglais eile, más ann, a mheasfaidh an tAire is iomchuí chun an t-iascach lena mbaineann a bhainistí go cuí agus ar sriantachtaí nó ceanglais iad atá forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo—

(a) iascaireacht breac nó garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí aon iascaigh a aistrítear chuig an bPríomh-Bhord le halt 35 den Acht seo fad a bheidh an leas ann a aistrítear amhlaidh chuig an bPríomh-Bhord ar marthain, agus

(b) iascaireacht breac agus garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí aon iascaigh—

(i) atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag aon bhord réigiúnach,

(ii) atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an bPríomh-Bhord (cibé acu a aistríodh an t-iascach sin chuig an bPríomh-Bhord leis an alt sin 35 nó a fuair an Príomh-Bhord é ar dhóigh eile).

Forálacha a bhaineann le huiscí breac sceidealta a aisghairm.

22. —Aisghairtear leis seo Caibidil III de Chuid VI (is é sin le rá, ailt 79 go 84) agus alt 305 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

23. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú) (Uimh. 2), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1987” an tAcht seo agus forléireofar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1987, sin le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála faoi leith agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.