An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cearta Maoine) Ar Aghaidh (CUID VII Tástálacha Fola le linn Tuismíocht a bheith á Cinneadh in Imeachtaí Sibhialta)

26 1987

AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987

CUID VI

Dearbhuithe Tuismíochta

Mínithe (Cuid VI).

33. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacha cúirte.

Dlínse agus láthair (Cuid VI).

34. —(1) Beidh dlínse ag an gCúirt dearbhú faoin gCuid seo a dheonú.

(2) Is é duine a fheidhmeoidh an dlínse a thugtar don Chúirt leis an alt seo an breitheamh don chuaird ina gcónaíonn aon pháirtí sna himeachtaí de ghnáth nó ina seolann an páirtí sin aon ghairm, gnó nó slí bheatha nó, i gcás nach gcónaíonn aon pháirtí sna himeachtaí sa Stát de ghnáth nó nach seolann aon pháirtí aon ghairm, gnó nó slí bheatha sa Stát, is é duine a fheidhmeoidh í breitheamh a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.

(3) An dlínse a thugtar leis an alt seo is dlínse í de bhreis ar aon dlínse eile chun dearbhú tuismíochta a dheonú nó ordú a dhéanamh a bhfuil éifeacht dearbhaithe den sórt sin leis.

Dearbhú tuismíochta.

35. —(1) (a) Féadfaidh duine (seachas duine uchtaithe) a rugadh sa Stát, nó

(b) féadfaidh aon duine eile (seachas duine uchtaithe),

iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, ar cibé modh a bheidh forordaithe, ar dhearbhú faoin alt seo á rá gurb é duine a bheidh ainmnithe san iarratas a athair nó a mháthair, de réir mar a bheidh, nó gurb iad a thuismitheoirí an bheirt a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(2) Féadfar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo d'ainneoin nach maireann, nó go bhféadfadh nach maireann, aon duine a bheidh ainmnithe san iarratas mar athair nó máthair nó mar thuismitheoir, de réir mar a bheidh.

(3) I gcás go ndéanfaidh duine nár rugadh sa Stát iarratas ar dhearbhú de bhua fho-alt (1) (b) den alt seo, sonróidh sé san iarratas na cúiseanna atá aige le dearbhú a iarraidh ón gCúirt, agus diúltóidh an Chúirt an t-iarratas a éisteacht nó diúltóidh sí leanúint dá éisteacht, de réir mar a bheidh, má mheasann sí tráth ar bith nach bhfuil aon chúiseanna maithe cuí ann leis an dearbhú a iarraidh.

(4) I gcás go ndéanfaidh duine iarratas ar dhearbhú faoin alt seo trína neaschara, diúltóidh an Chúirt an t-iarratas a éisteacht nó diúltóidh sí leanúint dá éisteacht, de réir mar a bheidh, má mheasann an Chúirt tráth ar bith go mbeadh sé in aghaidh leasanna an iarratasóra an t-iarratas a chinneadh.

(5) Ar iarratas chuici faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, uaithi féin nó ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí, a ordú go ndéanfar na páipéir go léir is gá sa chás a chur chuig an Ard-Aighne.

(6) Más rud é ar iarratas faoin alt seo go n-iarrfaidh an tArd-Aighne páirtí a dhéanamh de sna himeachtaí, ordóidh an Chúirt go gcuirfear mar pháirtí iontu é, agus, bíodh nó ná bíodh sé iarrtha aige, féadfaidh an tArd-Aighne aon cheist i ndáil leis an iarratas is dóigh leis an gCúirt is gá a argóint go hiomlán a argóint os comhair na Cúirte agus cibé bearta eile a dhéanamh i ndáil leis sin is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach.

(7) Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar fógra i dtaobh aon iarratais faoin alt seo a thabhairt ar an modh forordaithe do cibé daoine eile is cuí leis an gCúirt agus i gcás go dtabharfar fógra amhlaidh d'aon duine féadfaidh an Chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ón duine sin nó ó aon pháirtí sna himeachtaí, a ordú go gcuirfear an duine sin mar pháirtí sna himeachtaí sin.

(8) Más rud é ar iarratas faoin alt seo go gcruthófar gur dóichí gurb é an duine nó gurb iad na daoine a bheidh ainmnithe san iarratas—

(a) athair an iarratasóra, nó

(b) máthair an iarratasóra, nó

(c) tuismitheoirí an iarratasóra,

déanfaidh an Chúirt an dearbhú dá réir sin.

(9) Aon dearbhú a dhéanfar faoin alt seo is i bhfoirm a bheidh le forordú a dhéanfar é agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe sna himeachtaí agus ar aon duine a bheidh ag déanamh éilimh trí pháirtí sna himeachtaí, agus i gcás go ndéanfar páirtí sna himeachtaí den Ard-Aighne beidh an dearbhú ina cheangal ar an Stát freisin.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 35.

36. —(1) Féadfar a fhoráil i rialacha cúirte go mbeidh ar áireamh in aon iarratas ar dhearbhú faoi alt 35 den Acht seo cibé faisnéis a bheidh forordaithe.

(2) I gcás go dtabhóidh an tArd-Aighne aon chostais i ndáil le haon iarratas ar dhearbhú faoi alt 35 den Acht seo, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is dóigh léi is cóir maidir le páirtithe eile sna himeachtaí d'íoc na gcostas sin.

(3) Ní dhéanfaidh aon imeachtaí ar iarratas faoi alt 35 den Acht seo difear d'aon bhreithiúnas nó foraithne críochnaitheach a bheidh fógraithe nó déanta cheana féin ag aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Ar iarratas a éisteacht faoi alt 35 den Acht seo féadfaidh an Chúirt a ordú gur ar shlí seachas go poiblí a éistfear na himeachtaí go léir nó aon chuid díobh, agus éistfear amhlaidh iarratas ar ordú faoin bhfo-alt seo, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(5) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt dearbhú faoi alt 35 den Acht seo, tabharfar fógra i dtaobh an chinnidh sin don Ard-Chláraitheoir agus is i cibé foirm a bheidh forordaithe a thabharfar é.