An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987) Ar Aghaidh (CUID II Leasú ar Acht 1931)

26 1987

AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Stádas Leanaí, 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a)  Tiocfaidh an Chuid seo (seachas ailt 3 agus 4) i ngníomh ar dháta rite an Achta seo agus tiocfaidh na hailt sin 3 agus 4 i ngníomh mí amháin tar éis an dáta rite sin.

(b)  Tiocfaidh Codanna II go IX i ngníomh sé mhí tar éis dháta rite an Achta seo nó ar cibé lá nó laethanta is luaithe ná sin (nach lá is luaithe ná mí amháin tar éis an dáta rite sin) a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire Dlí agus Cirt, go ginearálta nó faoi threoir aon Choda nó Codanna áirithe.

Léiriú.

2. —San Acht seo, aon tagairt do Chuid is tagairt í do Chuid den Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

Ní bheidh éifeacht ag stádas pósta tuismitheoirí ar an ngaol atá idir daoine.

3. —(1) Le linn aon ghaol a bheith á rianú chun críocha an Achta seo nó aon Achta de chuid an Oireachtais a rithfear tar éis thosach feidhme an ailt seo, déanfar, mura léir gurb é a mhalairt atá beartaithe, an gaol atá idir gach duine agus a athair agus a mháthair (nó ceachtar acu) a chinneadh is cuma cé acu atá nó a bhí a athair agus a mháthair pósta ar a chéile, agus is dá réir sin a chinnfear gach gaol eile.

(2) (a)  Maidir le duine uchtaithe, measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, gurb é leanbh an uchtaitheora nó na n-uchtaitheoirí é ó dháta an uchtaithe agus nach leanbh le haon duine nó le haon daoine eile é.

(b)  San fho-alt seo ciallaíonn “duine uchtaithe” duine a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó, i gcás gur lasmuigh den Stát a uchtaíodh an duine, duine a bhfuil a uchtáil aitheanta de bhua an dlí atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát.

Forléiriú tagairtí do dhaoine ar phós nó nár phós a dtuismitheoirí a chéile, etc.

4. —San Acht seo agus i ngach Acht den Oireachtas a rithfear tar éis thosach feidhme an ailt seo—

(a) déanfar tagairt, cibé caoi a shainítear í, do dhuine nár phós a thuismitheoirí a chéile a fhorléiriú, mura léir a mhalairt a bheith beartaithe, mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhuine a bhfuil nó a raibh a thuismitheoirí pósta ar a chéile ach nach raibh aon phósadh ar marthain eatarthu tráth ar bith le linn na tréimhse deich mí sular rugadh an duine, nó le linn shaol an duine, agus

(b) déanfar tagairt, cibé caoi a shainítear í, do dhuine ar phós a thuismitheoirí a chéile a fhorléiriú, mura léir a mhalairt a bheith beartaithe, mar thagairt a eisíonn tagairt do dhuine a bhfuil feidhm ag mír (a) den alt seo maidir leis.

An bhrí atá le hathair, máthair, tuismitheoir in Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 agus 1986.

5. —Dearbhaítear leis seo, i ndáil le leanbh, go bhfolaíonn, agus go measfar gur fholaigh riamh, aon tagairt do “athair”, “máthair” nó “tuismitheoir” in Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 agus 1986, an t-athair, an mháthair nó an tuismitheoir, de réir mar is gá sa chás, nach raibh pósta ar thuismitheoir eile an linbh an tráth a rugadh an leanbh nó tráth ar bith sa tréimhse deich mí sular rugadh é.