|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 25 de 1987 | ||||||||||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM EISEACHADADH (LEASÚ), 1987 | |||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 25 de 1987 | ||||||||||||||||||
AN tACHT UM EISEACHADADH (LEASÚ), 1987 | ||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM EISEACHADADH, 1965 AGUS 1987. [14 Nollaig, 1987] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
“An Príomh-Acht”. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 . |
[EN] |
Leasú ar Chuid III den Phríomh-Acht. |
2. —(1) Leasaítear leis seo Cuid III den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 44: | |
[EN] | “44A.—(1) Ní dhéanfar barántas chun duine a ghabháil a cúisíodh i gcion faoi dhlí áite lena mbaineann an Chuid seo a fhormhuiniú lena fhorghníomhú faoin gCuid seo má ordaíonn an tArd-Aighne amhlaidh. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tArd-Aighne ordú ón Ard-Aighne faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith má bhíonn sé den tuairim dá dtagraítear in alt 44B. | |
[EN] | 44B. Tabharfar ordú ón Ard-Aighne faoi alt 44A mura rud é go mbeidh an tArd-Aighne, tar éis dó cibé faisnéis a bhreithniú is dóigh leis is cuí, den tuairim— | |
[EN] | (a) go bhfuil rún soiléir ann an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas lena mbaineann a ionchúiseamh nó, de réir mar a bheidh, leanúint dá ionchúiseamh mar gheall ar an gcion a bheidh sonraithe sa bharántas sin in áit lena mbaineann an Chuid seo, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) go bhfuil an rún sin bunaithe ar fhianaise leordhóthanach a bheith ann. | |
[EN] | 44C.—(1) In aon imeachtaí inar ghá, murach an t-alt seo, cruthúnas a thabhairt nár tugadh ordú ón Ard-Aighne faoi alt 44A i ndáil le barántas dá dtagraítear san alt sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearnadh agus nár ghá go ndéanfaí, de réir an ailt sin agus alt 44B, ordú den sórt sin a thabhairt i ndáil leis an mbarántas. | |
[EN] | (2) In aon imeachtaí inar ghá, murach an t-alt seo, cruthúnas a thabhairt gur chúlghair an tArd-Aighne ordú uaidh faoi alt 44A nó go raibh an chúlghairm de réir fho-alt (2) den alt sin nó nár chóir an t-ordú a chúlghairm, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cúlghaireadh an t-ordú nó go raibh an chúlghairm de réir an fho-ailt sin nó nár chóir an t-ordú a chúlghairm, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (3) In aon imeachtaí inar ghá, murach an t-alt seo, cruthúnas a thabhairt nár tugadh ordú ón Aire faoin gCuid seo i ndáil le barántas dá dtagraítear in alt 44A nó i ndáil leis an duine a bhí ainmnithe nó tuairiscithe i mbarántas den sórt sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach ndearnadh agus nár ghá go ndéanfaí, de réir na Coda seo, ordú den sórt sin a thabhairt i ndáil leis an mbarántas nó, de réir mar a bheidh, i ndáil leis an duine. | |
[EN] | 44D.—Ní bheidh feidhm ag alt 44A maidir le barántas chun duine a ghabháil más rud é go mbaineann sé, nó a mhéid a bhaineann sé, le cion ar ordaigh údarás breithiúnach dó, tar éis scrúdú a bheith déanta ar an bhfianaise, dul faoi thriail mar gheall air.”, | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) d'alt 50 tar éis mhír (bb) (a cuireadh isteach leis an Acht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987 ): | |
[EN] | “(bbb) de bhíthin an imeachta aimsire ó rinneadh an cion a shonraítear sa bharántas nó ó ciontaíodh an duine a ainmnítear nó a thuairiscítear ann sa chion sin agus de bhíthin imthosca eisceachtúla eile, go mbeadh sé, ag féachaint do na himthosca go léir, éagórach, leatromach nó ina bheart fuafar é a sheachadadh faoi alt 47, nó”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 55 i ndiaidh fho-alt (2): | |
[EN] | “(3) In aon imeachtaí sa Chúirt Dúiche i ndáil le barántas dá dtagraítear in alt 44A, ní gá a chruthú— | |
[EN] | (a) nach ndearnadh nó nár ghá, de réir an ailt sin agus alt 44B, ordú ón Ard-Aighne a thabhairt faoi alt 44A i ndáil leis an mbarántas, nó | |
[EN] | (b) gur chúlghair an tArd-Aighne ordú uaidh faoi alt 44A nó go raibh an chúlghairm de réir fho-alt (2) den alt sin, nó | |
[EN] | (c) nach ndearnadh nó nár ghá, de réir na Coda seo, ordú ón Aire a thabhairt i ndáil leis an mbarántas nó i ndáil leis an duine a bheidh ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas.”. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht leis na leasuithe a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo maidir le barántais dá dtagraítear in alt 44A (a cuireadh isteach leis an alt seo) den Phríomh-Acht nár formhuiníodh faoi alt 43 den Acht sin roimh an Acht seo a rith. | |
[EN] |
Riail na speisialtachta agus ath-eiseachadadh chun críocha Chuid III den Phríomh-Acht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire, fara cibé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis a bheith riachtanach nó fóirsteanach, le hordú, forálacha alt 20 agus fho-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Phríomh-Acht (lena bhforáiltear nach ndeonófar eiseachadadh faoi Chuid II den Phríomh-Acht mura ndéantar foráil le haghaidh nithe áirithe le dlí na tíre iarrthaí nó leis na gcomhaontú um eiseachadadh lena mbaineann) a chur chun feidhme i ndáil le duine faoi Chuid III den Phríomh-Acht a sheachadadh i gcoimeád comhalta d'fhórsa póilíneachta áite lena mbaineann an Chuid sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, fara cibé oiriúnuithe agus modhnuithe is dóigh leis a bheith riachtanach nó fóirsteanach, le hordú, forálacha ailt 21 (3) agus 39 den Phríomh-Acht (lena bhforáiltear, faoi réir eisceachtaí áirithe, maidir le duine a bheidh eiseachadta go dtí an Stát ag tír iarrtha, nach saothrófar imeachtaí ina choinne, ná nach dtabharfar pianbhreith air ná nach bpríosúnófar é mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas seachas an cion ar mar gheall air a tugadh suas é, agus nach n-eiseachadfar é go dtí tríú tír mar gheall ar aon chion a rinneadh roimh é a thabhairt suas) a chur chun feidhme i ndáil le duine a tugadh suas don Stát faoi dhlí a fhreagraíonn do Chuid III den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |
[EN] | (4) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] |
Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe i ndáil le cinntí faoi alt 44A den Phríomh-Acht. |
4. —(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní bheidh sé dleathach cumarsáid a dhéanamh le duine dá dtagraítear in alt 6 (1) den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 , d'fhonn tionchar a imirt ar chinneadh a dhéanamh ordú a thabhairt faoi alt 44A (a cuireadh isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht. |
[EN] | (b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo le cumarsáid chuí faisnéise is iomchuí, chun críocha mhíreanna (a) agus (b) d'alt 44B (a cuireadh isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, maidir le hordú a thabhairt faoin alt sin 44A. | |
[EN] | (2) Má thagann duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den fho-alt seo ar an tuairim gur sárú ar an mír sin cumarsáid áirithe, is é dualgas an duine sin gan a thuilleadh airde a thabhairt ar an gcumarsáid. | |
[EN] |
An tArd-Aighne do chomhlíonadh feidhmeanna áirithe. |
5. —(1) Féadfaidh an tArd-Aighne a ordú don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó d'oifigeach (is abhcóide nó aturnae) don Ard-Aighne a bheidh ainmnithe aige a fheidhmeanna faoi ailt 44A agus 44B (a cuireadh isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht a chomhlíonadh le linn tréimhse breoiteachta nó asláithreachta ag an Ard-Aighne. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tArd-Aighne ordú faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 4 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 , maidir le feidhmeanna an Ard-Aighne faoi na hailt sin 44A agus 44B ach maidir leis an tagairt i bhfo-alt (3) den alt sin 4 d'fho-alt (1) den alt sin folóidh sí tagairt d'fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí don Ard-Aighne sa Phríomh-Acht a fhorléiriú de réir aon ordú a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo. | |
[EN] |
Tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais. |
6. —Ní mór don Rialtas, a luaithe is féidir tar éis an 1ú lá d'Eanáir gach bliain ag tosú leis an mbliain 1989, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas ar oibriú Chuid III den Phríomh-Acht sa bhliain roimhe sin. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus ré. |
7. —(1) Féadfar an tAcht um Eiseachadadh (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1987, a ghairm de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 agus 1987, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Forléireofar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 agus 1987, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin. | |
[EN] | (4) Rachaidh an tAcht seo in éag ar an lá a thiteann 12 mhí tar éis dháta a rite mura rithfidh gach Teach den Oireachtas rún roimh an lá sin á dhearbhú gur chóir dó leanúint i ngníomh tar éis an lae sin. |