24 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1987


AN tACHT CÓIPCHIRT (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 14 den Acht Cóipchirt, 1963.

2.

Leasú ar alt 27 den Acht Cóipchirt, 1963.

3.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Cóipchirt, 1963

1963, Uimh. 10

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1987


AN tACHT CÓIPCHIRT (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA CÓIPCHIRT, 1963 .

[11 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 14 den Acht Cóipchirt, 1963 .

1. —Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Cóipchirt, 1963 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Ní mheasfar gur sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne déthoiseach (seachas saothar den sórt sin a bhaineann le saothar ailtireachta) earra tríthoiseach de thuairisc ar bith a atáirgeadh más rud é—

(a) maidir le haon ghné de na gnéithe seo a leanas, is é sin le rá, cruth, cumraíocht agus patrún, a léirítear sa saothar agus a chuirtear i bhfeidhm ar an earra, gur gné fheidhmiúil í go hiomlán nó go substaintiúil, agus

(b) gur earra é as líon earraí is mó ná caoga d'earraí comhionanna atá monaraithe agus curtha ar fáil ar bhonn tráchtála ag úinéir an chóipchirt nó ag duine a bheidh údaraithe aige chuige sin.”.

Leasú ar alt 27 den Acht Cóipchirt, 1963 .

2. —Leasaítear leis seo alt 27 den Acht Cóipchirt, 1963 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (4), (5), (8), (9) agus (10):

“(1) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó

(b) a dhíolfaidh nó a ligfidh ar fruiliú, nó a thairgfidh, nó a thaispeánfaidh, chun a dhíolta nó a ligthe ar fruiliú i modh trádála, nó a mbeidh ina sheilbh aige chun críocha trádála, nó

(c) a thaispeánfaidh go poiblí i modh trádála, nó

(d) a allmhaireoidh isteach sa Stát, ar shlí seachas chun úsáide príobháidí agus tís aige féin,

aon tráth tar éis thosach feidhme an Achta Cóipchirt (Leasú), 1987 , a mbeidh cóipcheart ar marthain i saothar, aon earra ar feasach dó gur cóip sháraitheach den saothar é, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(4) Féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ó úinéir an chóipchirt in aon saothar, gníomhú mar a leanas: Más deimhin léi ó fhianaise go bhfuil foras réasúnach ann chun a chreidiúint go bhfuil cóipeanna sáraitheacha den saothar á mangairiú, á n-iompar thart, á ndíol nó á dtairiscint nó á dtaispeáint chun a ndíolta, á ligean ar fruiliú nó á dtairiscint nó á dtaispeáint chun a bhfruilithe, féadfaidh sí le hordú a údarú do chomhalta den Gharda Síochána na cóipeanna a urghabháil gan bharántas agus a thabhairt os comhair na cúirte, agus féadfaidh an chúirt, ar chruthú a fháil gur cóipeanna sáraitheacha na cóipeanna, a ordú iad a dhíothú, nó iad a sheachadadh ar úinéir an chóipchirt nó a ordú go ndéileálfar leo ar shlí eile mar is oiriúnach leis an gcúirt.

(5) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche, ó fhianaise faoi mhionn, go bhfuil foras réasúnach drochamhrais ann go bhfuil cion faoi fho-alt (1), (2), (3) nó (8) den alt seo á dhéanamh in aon áitreabh, féadfaidh an Breitheamh sin barántas cuardaigh a dheonú á údarú do chomhalta ainmnithe den Gharda Síochána, agus cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána is gá fairis, dul isteach san áitreabh, le forneart más gá sin, agus aon chóipeanna d'aon scannán cineamatagrafach nó aon saothar, lena n-áirítear plátaí, a urghabháil a bhfuil maidir leo foras réasúnach aige chun drochamhras a bheith air go bhfuil cion faoi aon cheann de na fo-ailt sin á dhéanamh.

(8) Aon duine a chuirfidh faoi deara, tar éis thosach feidhme an Achta Cóipchirt (Leasú), 1987 , saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a thaibhiú go poiblí, nó scannán cineamatagrafach a thaispeáint, agus a fhios aige go bhfuil cóipcheart ar marthain sa saothar nó sa scannán cineamatagrafach agus gur sárú ar an gcóipcheart an taibhiú nó an taispeáint, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(9) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair—

(a) más é an chéad chiontú aige é i gcion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná £100 a chur air in aghaidh gach earra lena mbainfidh an cion;

(b) in aon chás eile, an fhíneáil sin nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air;

i slí, áfach, nach rachaidh fíneáil a fhorchuirfear de bhua an fho-ailt seo thar £1,000 i leith earraí a bheidh ar áireamh san idirbheart céanna.

(10) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (3) nó (8) den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair—

(a) más é an chéad chiontú aige é i gcion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air;

(b) in aon chás eile, an fhíneáil sin nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(10A) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (10) den alt seo, i gcás go gcuirfidh aon duine faoi deara saothar a shonraítear i bhfo-alt (8) den alt seo a thaibhiú go poiblí, de shárú ar an bhfo-alt sin (8), trí chraolachán teilifíse nó craolachán fuaime dlífear, ar é a chiontú go hachomair, in ionad aon phionóis a shonraítear san fho-alt sin (10), fíneáil nach mó ná £100 a chur air.”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Cóipchirt (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht Cóipchirt, 1963 , agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cóipchirt, 1963 agus 1987, a ghairm díobh le chéile.