Ar Aghaidh (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

18 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1987


AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.

2.

Léiriú.

3.

Feidhmiú an Achta.

4.

Cumhacht an Aire chun díolúintí a dheonú.

5.

Rialacháin i gcoitinne.

6.

Faisnéis don Aire.

7.

Fógraí, etc., a sheirbheáil.

8.

Caiteachais.

CUID II

Suiteálacha amach ón gCósta

9.

Fógra maidir le bunú nó aistriú suiteála amach ón gcósta, etc.

10.

Suiteáil agus trealamh amach ón gcósta do chomhlíonadh ceanglas áirithe.

11.

Bainisteoir suiteála.

12.

An bainisteoir suiteála do dhéanamh maoirseachta.

13.

Sábháilteacht agus araíonacht etc. ar shuiteálacha amach ón gcósta.

14.

Toirmeasc ar dhaoine áirithe a fhostú.

15.

Dualgais ghinearálta daoine a fhostaítear ar shuiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht.

16.

Logleabhar suiteála agus taifid.

17.

Foirm na logleabhar suiteála etc. agus caomhnú agus iniúchadh na n-iontrálacha iontu.

18.

Saoráidí oiriúnacha agus leordhóthanacha etc. le soláthar.

19.

Soilse nochta agus caitheamh tobac.

20.

Gás a bhrath.

21.

Substaintí agus ullmhóidí áirithe a stóráil etc.

CUID III

Sábháilteacht

22.

Rialacháin maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas.

23.

Ionadaí agus leasionadaí sábháilteachta.

24.

Coiste sábháilteachta agus toscaire sábháilteachta.

25.

An bainisteoir suiteála do cheapadh ionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta.

26.

Ráitis sábháilteachta.

CUID IV

Tionóiscí etc.

27.

Fógra faoi thionóiscí áirithe a thabhairt don Aire agus don Aire Fuinnimh.

28.

Bás nó cailliúint beatha.

29.

Galair áirithe ar shuiteáil amach ón gcósta a chur in iúl do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta).

30.

Sonraí faoi thionóiscí áirithe le hiontráil sa logleabhar suiteála.

31.

Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil a ordú maidir le tionóiscí agus cásanna galair áirithe.

32.

Cumhacht an Aire a cheangal gléasra áirithe a scrúdú agus a thástáil agus tuarascálacha áirithe a iarraidh.

33.

Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta).

CUID V

Cionta, Imeachtaí Dlí agus Pionóis

34.

Cionta.

35.

Cionta; forálacha forlíontacha.

36.

Cosaint i gcoitinne.

37.

Ionchúiseamh i gcionta.

38.

Dlínse.

39.

Pionóis.

CUID VI

Ilghnéitheach

40.

Cigirí.

41.

Cumhachtaí ginearálta cigirí.

42.

Cumhacht an chigire leigheas a éileamh ar chontúirt láithreach nó bhraite, etc.

43.

Foilsithe áirithe faoi phribhléid.

44.

Brionnú ar dheimhnithe, etc.

45.

Fógraí etc. a bhaint anuas nó a aghlot.

46.

Asbhaintí áirithe as pá a thoirmeasc.

47.

Srian a chur le feidhmiú na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980.

48.

Forálacha a bhaineann le halt 3 agus leasú ar Acht 1968.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht Monarchan, 1955

1955, Uimh. 10

Na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980

An tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959

1959, Uimh. 22

An tAcht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960

1960, Uimh. 7

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961

1961, Uimh. 41

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968

1968, Uimh. 14

An tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972

1972, Uimh. 10

An tAcht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980

1980, Uimh. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1987


AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE SÁBHÁILT-EACHT, SLÁINTE AGUS LEAS DAOINE AR SHUITEÁL-ACHA A BHAINEANN LE TAISCÉALADH NÓ SAOTH-RÚ PEITRILIAM NÓ MIANRAÍ EILE SNA hUISCÍ SA STÁT NÓ INA THIMPEALL, AGUS I gCOITINNE MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT SUITEÁLACHA DEN SÓRT SIN AGUS MAIDIR LE TIONÓISCÍ A CHOSC ORTHU NÓ GAR DÓIBH. [22 Iúil, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: