17 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1987


ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Srian le feistí braite a úsáid.

3.

Láithreáin raice stairiúla a chosaint.

4.

Comhairle na Séadchomharthaí Stairiúla.

5.

Clár na Séadchomharthaí Stairiúla.

6.

Na Coimisinéirí d'fháil séadchomharthaí náisiúnta etc.

7.

Séadchomharthaí náisiúnta a aistriú chuig músaeim, etc.

8.

Séadchomharthaí stairiúla a iniúchadh.

9.

Cumhacht na gCoimisinéirí agus údarás áitiúil chun fodhlíthe a dhéanamh.

10.

Síntiúis shaorálacha a ghlacadh.

11.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

12.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

13.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

15.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

16.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

17.

Pionóis áirithe a mhéadú faoin bPríomh-Acht.

18.

Forálacha i ndáil le hoifigigh, seirbhísigh agus gníomhairí do na Coimisinéirí.

19.

Nithe áirithe a chlárú mar ualaí a fhearann ar thalamh cláraithe.

20.

Faisnéis a choimeád siar maidir le rudaí ársa.

21.

Dualgas ainm agus seoladh a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána.

22.

Cumhachtaí cuardaigh agus urghabhála.

23.

Pionóis, etc.

24.

Táillí.

25.

Orduithe, rialacháin agus fodhlíthe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

26.

Aisghairm.

27.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 57

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

1845, c. 18

An tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968

1968, Uimh. 14

An tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959

1959, Uimh. 22

Merchant Shipping Act, 1894

1894, c. 60

An tAcht Forbairte Minearál, 1940

1940, Uimh. 31

Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930

1930, Uimh. 2

Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1954

1954, Uimh. 37

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 1987


ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN SÉAD-CHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA AGUS RUDAÍ ÁRSA A CHOSAINT AGUS A BHUANCHOIMEÁD, LENA N-ÁIRÍ-TEAR SOCRÚ CHUN ÚSÁID AGUS SEILBH FEISTÍ BRAITE A RIALÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RAIC STAIRIÚIL A CHOSAINT AGUS A BHUANCHOIMEÁD, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTA NA SÉAD-CHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930 AGUS 1954, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [22 Iúil, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 agus 1954;

ciallaíonn “limistéar seandálaíochta” limistéar a measfaidh na Coimisinéirí tábhacht seandálaíochta a bheith leis ach ní fholaíonn sé limistéar séadchomhartha stairiúil a bheidh arna thaifeadadh sa Chlár;

folaíonn “séadchomhartha stairiúil” séadchomhartha réamhstairiúil agus aon séadchomhartha a bhaineann le stair thráchtála, chultúrtha, eacnamaíoch, thionsclaíoch, mhíleata, chreidimh nó shóisialta na háite ina bhfuil sé suite nó na tíre agus folaíonn sé freisin gach séadchomhartha a bhí ann roimh 1700 A.D. nó cibé dáta is déanaí ná sin a cheapfaidh an tAire le rialacháin;

ciallaíonn “ordú oidhreachta fomhuirí” ordú faoi alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 ;

ciallaíonn “an Clár” an Clár um Shéadchomharthaí Stairiúla a bhunófar faoi alt 5 den Acht seo;

ciallaíonn “limistéar srianta” limistéar a bheidh arna ainmniú in ordú oidhreachta fomhuirí;

folaíonn “farraige” aon limistéar a bheidh báite ag lán mara gnáth-thaoidí rabharta, inbhear nó ascaill den fharraige agus uiscí taoide aon chainéil, crompáin, bá nó abhann, agus forléireofar “grinneall na farraige” dá réir sin;

ciallaíonn “uiscí teorann an Stáit” farraigí teorann an Stáit chun críocha an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959, agus uiscí inmheánacha an Stáit chun críocha an Achta sin;

ciallaíonn “raic”, soitheach, nó cuid de shoitheach, atá ina luí ina raic ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige nó ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce agus aon rudaí atá sa soitheach nó ar an soitheach agus aon rudaí a bhí tráth i soitheach nó ar shoitheach agus atá ina luí ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige nó ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce.

(2) Is tagairtí don táille a fhorordaítear faoi alt 24 den Acht seo na tagairtí in ailt 2 agus 3 den Acht seo don táille fhorordaithe.

Srian le feistí braite a úsáid.

2. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo ní cead do dhuine—

(a) feiste bhraite a úsáid ná seilbh a bheith aige ar fheiste bhraite—

(i) i séadchomhartha, nó ag láithreán séadchomhartha, arb iad na Coimisinéirí nó údarás áitiúil na húinéirí nó na caomhnóirí air nó a mbeidh ordú buanchoimeádta i bhfeidhm ina leith nó a bheidh arna chlárú sa Chlár, nó

(ii) i limistéar seandálaíochta a bheidh arna chlárú sa Chlár, nó

(iii) i limistéar srianta,

(b) feiste bhraite a úsáid in áit seachas áit a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo chun rudaí ársa a chuardach, ná

(c) díol nó úsáid feistí braite a chur chun cinn, cibé acu trí fhógraíocht nó ar shlí eile, is feistí braite chun rudaí ársa a chuardach.

(2) (a) Ar iarratas a bheith déanta air sin ag duine ar bith i scríbhinn chuig na Coimisinéirí agus ar cibé faisnéis a theastóidh uathu go réasúnach a bheith tugtha ag an duine sin dóibh agus ar an táille fhorordaithe (más ann) a bheith íoctha leo ag an duine sin, féadfaidh na Coimisinéirí, dá rogha féin, faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, a dtoiliú i scríbhinn a dheonú nó a dhiúltú do dhuine—

(i) á údarú don duine sin nó don duine sin agus dá sheirbhísigh agus dá ghníomhairí (de réir mar a bheidh sonraithe sa toiliú) úsáid a bhaint as (de réir mar a bheidh sonraithe sa toiliú) feiste bhraite amháin nó feiste bhraite shonraithe amháin nó feiste bhraite amháin d'aicme, de chineál nó de shaghas sonraithe, chun rudaí ársa a chuardach in áit shonraithe (nach áit a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo), nó

(ii) á údarú don duine sin nó don duine sin agus dá sheirbhísigh agus dá ghníomhairí (de réir mar a bheidh sonraithe sa toiliú) úsáid a bhaint as feiste, agus a bheith i seilbh feiste, is feiste bhraite amháin nó feiste bhraite shonraithe amháin nó feiste bhraite amháin d'aicme, de chineál nó de shaghas sonraithe, (de réir mar a bheidh sonraithe sa toiliú) in áit a bheidh sonraithe sa toiliú (ar áit é a shonraítear san fho-alt sin (1) (a)).

(b) Maidir le cinneadh a dhéanamh toiliú a dheonú nó a dhiúltú faoin bhfo-alt seo i ndáil le séadchomhartha náisiúnta arb údarás áitiúil na húinéirí nó na caomhnóirí air, is iad na Coimisinéirí agus an t-údarás le chéile a dhéanfaidh é agus is iad a dheonóidh nó a dhiúltóidh an toiliú.

(c) Fanfaidh toiliú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa toiliú.

(d) Maidir le toiliú faoin bhfo-alt seo—

(i) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh na Coimisinéirí nó na Coimisinéirí agus an t-údarás áitiúil lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, a bheith cuí agus a shonróidh siad sa toiliú, agus

(ii) féadfaidh na Coimisinéirí nó na Coimisinéirí agus an t-údarás áitiúil lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, é a chúlghairm i scríbhinn tráth ar bith agus tiocfaidh an chúlghairm in éifeacht nuair a chuirfear in iúl í don duine a bheidh ainmnithe sa toiliú.

(3) I gcás go ndéanfar iarratas chuig na Coimisinéirí ar thoiliú faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) déanfaidh na Coimisinéirí nó na Coimisinéirí agus an t-údarás áitiúil lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an t-iarratas a fháil—

(i) an t-iarratas a dheonú nó diúltú é a dheonú, agus

(ii) a gcinneadh a chur in iúl i scríbhinn don duine a rinne an t-iarratas,

agus

(b) mura gcuirfear a gcinneadh in iúl mar adúradh don duine a rinne an t-iarratas, measfar gur dheonaigh na Coimisinéirí nó na Coimisinéirí agus an t-údarás áitiúil lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, an toiliú gan choinníollacha.

(4) Déanfar iarratas chuig na Coimisinéirí faoi fho-alt (2) den alt seo a chur chucu leis an bpost cláraithe nó a sheachadadh de láimh ar oifigeach do na Coimisinéirí ag príomhoifig na gCoimisinéirí.

(5) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo nó coinníoll maidir le toiliú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Más rud é in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo go gcruthófar go raibh feiste bhraite á húsáid, toimhdeofar go dtí go suífear a mhalairt go raibh an fheiste á húsáid chun rudaí ársa a chuardach.

(7) Beidh sé ina chosaint do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (5) den alt seo a thaispeáint maidir leis an ngníomh arb é an cion é—

(a) go raibh sé ina ábhar toilithe faoin alt seo is toiliú a deonaíodh dó nó do dhuine a raibh sé ag gníomhú mar sheirbhíseach nó mar ghníomhaire i ndáil leis tráth déanta an ghnímh agus a bhí i bhfeidhm an tráth sin, agus nár shárú é ar choinníoll den toiliú, nó

(b) gur údaraíodh é le ceadúnas lorgaireachta arna dheonú faoi Chuid II den Acht Forbairte Minearál, 1940 .

(8) San alt seo ciallaíonn “feiste bhraite” feiste a bheidh deartha nó oiriúnaithe chun go mbraithfeadh sí nó go n-aimseodh sí aon mhiotal nó mianra ar thalamh nó i dtalamh, ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige nó ar thalamh nó i dtalamh a bheidh clúdaithe le huisce ach ní fholaíonn sé ceamara.

Láithreáin raice stairiúla a chosaint.

3. —(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí maidir le haon áit ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige d'uiscí teorann an Stáit nó ar ghrinneall, i ngrinneall, nó faoi ghrinneall na farraige lena mbaineann alt 2 (1) den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 , nó ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce—

(a) gur láithreán é, nó go bhféadfadh gur láithreán é, ina luíonn raic nó rud ársa nó ar luigh raic nó rud ársa tráth, agus

(b) gur chóir an láithreán a chosaint mar gheall ar thábhacht stairiúil, seandálaíochta nó ealaíonta na raice nó an ruda,

féadfaidh siad le hordú (dá ngairtear “ordú oidhreachta fomhuirí” san alt seo) limistéar de ghrinneall na farraige nó talamh atá clúdaithe le huisce timpeall ar an láithreán agus an láithreán san áireamh a ainmniú mar limistéar srianta.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le hordú oidhreachta fomhuirí (agus beidh feidhm ag míreanna (c) agus (d) den fho-alt seo i ndáil le hordú lena gcúlghairtear ordú den sórt sin):

(a) sonrófar an limistéar srianta san ordú agus beidh cibé méid ann is dóigh leis na Coimisinéirí is gá chun an láithreán lena mbaineann a chosaint,

(b) tiocfaidh an t-ordú i ngníomh an lá a bheidh sonraithe chuige sin ann, nó, mura mbeidh aon lá den sórt sin sonraithe, an seachtú lá i ndiaidh an lae a ndéanfar é,

(c) a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a dhéanamh, foilseofar é san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar ina bhfuil an limistéar srianta réamhráite suite, nó i gcás gur limistéar de ghrinneall na farraige an limistéar srianta lena mbaineann, sa cheantar is gaire don limistéar srianta lena mbaineann,

(d) déanfar a luaithe is féidir tar éis a dhéanta cóip den ordú a thaisceadh—

(i) leis an gcláraitheoir contae d'aon chontae nó d'aon chontaebhuirg ina bhfuil an limistéar srianta réamhráite, nó aon chuid de suite nó, i gcás gur limistéar de ghrinneall na farraige an limistéar srianta sin, leis an gcláraitheoir contae don chontae nó don chontaebhuirg is gaire don limistéar srianta sin,

(ii) leis an gCléireach Cúirte Dúiche d'aon dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil an limistéar srianta réamhráite, nó aon chuid de suite nó, i gcás gur limistéar de ghrinneall na farraige an limistéar srianta sin, leis an gCléireach Cúirte Dúiche don dúiche is gaire don limistéar srianta sin, agus

(iii) i ngach stáisiún Garda Síochána atá suite sa dúiche Cúirte Dúiche réamhráite,

agus déanfar cóip a taisceadh amhlaidh a chur ar fáil lena iniúchadh agus féadfaidh baill den phobal cóip den sórt sin a iniúchadh le linn gnáthuaireanta oifige,

(e) féadfaidh na Coimisinéirí le hordú an t-ordú a chúlghairm.

(3) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní dhéanfaidh duine i limistéar srianta aon ní díobh seo a leanas, is é sin le rá:

(a) baint le haon chuid de raic nó le haon rud ársa, ná an céanna a dhamáistiú ná a aistriú,

(b) oibríochtaí tumtha, suirbhéireachta nó tarrthálais a dhéanamh a bheidh dírithe ar raic nó ar rud ársa a bhrath, a aimsiú nó a thaiscéaladh nó ar an gcéanna nó ar chuid den chéanna a aisghabháil ó ghrinneall na farraige nó ó faoi ghrinneall na farraige nó ó thalamh atá clúdaithe le huisce, de réir mar a bheidh, nó trealamh a úsáid a bheidh déanta nó curtha in oiriúint chun aon chríche a bhaineann le hoibríochtaí tumtha, suirbhéireachta, nó tarrthálais, nó

(c) aon rud a thaisceadh, ionas go dtitfeadh sé agus go luífeadh sé tréigthe ar ghrinneall na farraige nó ar thalamh atá clúdaithe le huisce, de réir mar a bheidh, agus go dtarlódh, i gcás é do thitim ar láithreán raice nó ruda ársa (cibé acu a thiteann sé amhlaidh nó nach dtiteann) go scriosfadh sé an láithreán go hiomlán nó go páirteach nó go gcoiscfeadh sé rochtain chuige nó go ndéanfadh sé damáiste d'aon chuid den raic nó den rud.

(4) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní dhéanfaidh duine ag láithreán raice (is raic is sine ná 100 bliain d'aois) nó ag láithreán ruda eile (is rud ársa) atá ina luí ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige nó ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce—

(a) baint le haon chuid den raic nó den rud ársa ná an céanna a dhamáistiú ná a aistriú,

(b) oibríochtaí tumtha, suirbhéireachta nó tarrthálais a dhéanamh a bheidh dírithe ar an raic nó ar an rud ársa a thaiscéaladh nó ar an gcéanna nó ar chuid den chéanna a aisghabháil ó ghrinneall na farraige nó ó faoi ghrinneall na farraige nó ó thalamh atá clúdaithe le huisce, de réir mar a bheidh, nó trealamh a úsáid a bheidh déanta nó curtha in oiriúint chun aon chríche a bhaineann le hoibríochtaí tumtha, suirbhéireachta nó tarrthálais, nó

(c) aon rud a thaisceadh, ionas go dtitfeadh sé agus go luífeadh sé tréigthe ar ghrinneall na farraige nó ar thalamh atá clúdaithe le huisce, de réir mar a bheidh, agus go dtarlódh, i gcás é do thitim ar an láithreán (cibé acu a thiteann sé amhlaidh nó nach dtiteann), go scriosfadh sé an láithreán go hiomlán nó go páirteach nó go gcoiscfeadh sé rochtain chuige nó go ndéanfadh sé damáiste d'aon chuid den raic nó den rud.

(5) (a) Ar iarratas a bheith déanta air sin ag duine ar bith chuig na Coimisinéirí agus ar cibé faisnéis a theastóidh uathu go réasúnach a bheith tugtha aige dóibh i ndáil leis an iarratas agus ar an táille fhorordaithe (más aon táille) a bheith íoctha leo ag an duine sin, féadfaidh na Coimisinéirí, dá rogha féin, tar éis dul i gcomhairle (i gcás iarratais a bhaineann le grinneall na farraige) le hAire na Mara agus le cibé daoine eile (más ann) a bhfuil eolas speisialta acu ar an ábhar nó leas speisialta acu ann agus a gceapann siad gur chóir dul i gcomhairle leo, ceadúnas i scríbhinn a dheonú nó diúltú é a dheonú, do dhuine, á údarú don duine sin nó don duine sin agus dá sheirbhísigh agus dá ghníomhairí (de réir mar a bheidh sonraithe sa cheadúnas) faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí agus a shonróidh siad sa cheadúnas—

(i) na gníomhartha a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (3) den alt seo, nó cibé gníomh díobh a bheidh sonraithe, a dhéanamh i limistéar srianta sonraithe nó i gcuid shonraithe de limistéar den sórt sin, nó

(ii) na gníomhartha a shonraítear i míreanna (a), (b), agus (c) d'fho-alt (4) den alt seo, nó cibé gníomh díobh a bheidh sonraithe, a dhéanamh ag láithreán sonraithe lena mbaineann fo-alt (4) den alt seo nó ag cuid shonraithe de láithreán den sórt sin.

(b) Fanfaidh ceadúnas faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa cheadúnas.

(c) Maidir le ceadúnas faoin bhfo-alt seo—

(i) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is cuí leis na Coimisinéirí agus a shonróidh siad sa cheadúnas, agus

(ii) féadfaidh na Coimisinéirí é a chúlghairm tráth ar bith agus beidh éifeacht leis an gcúlghairm an tráth a gcuirfear an chúlghairm in iúl don duine a bheidh ainmnithe sa cheadúnas nó cibé tráth ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe sa chúlghairm.

(d) I gcás go ndéanfar iarratas chuig na Coimisinéirí ar cheadúnas faoin bhfo-alt seo—

(i) déanfaidh siad, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an t-iarratas a fháil—

(I) an t-iarratas a dheonú nó diúltú é a dheonú, agus

(II) a gcinneadh a chur in iúl i scríbhinn don duine a rinne an t-iarratas,

agus

(ii) mura gcuirfear a gcinneadh in iúl mar adúradh don duine a rinne an t-iarratas measfar gur dheonaigh na Coimisinéirí an ceadúnas gan choinníollacha.

(e) Déanfar iarratas chuig na Coimisinéirí ar cheadúnas faoin bhfo-alt seo a chur chucu leis an bpost cláraithe nó a sheachadadh de láimh d'oifigeach do na Coimisinéirí ag príomhoifig na gCoimisinéirí.

(6) Aon duine a thiocfaidh ar raic (is raic is sine ná 100 bliain d'aois) nó rud eile (is rud ársa) atá ina luí ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige nó ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce, ní mór dó, laistigh de 4 lá tar éis an raic sin a fháil, tuarascáil go bhfuair sé í a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána nó do na Coimisinéirí agus ní mór dó, nuair a bheidh sé ag tabhairt na tuarascála, a ainm agus a sheoladh a thabhairt don chomhalta nó do na Coimisinéirí, an cineál raice nó ruda eile a lua agus an t-am agus an áit a bhfuair sé í agus na toscaí ina bhfuair sé í agus tabharfaidh sé freisin (agus cibé acu ar thug sé an tuarascáil sin mar a dúradh nó nár thug agus is cuma cé hé an duine ar thug sé an tuarascáil sin (más ann) dó) aon fhaisnéis a bheidh ar eolas aige i ndáil leis an raic nó an rud eile d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó d'oifigeach do na Coimisinéirí má iarrtar air é.

(7) Aon duine a sháraíonn fo-alt (3), (4) nó (6) den alt seo nó coinníoll maidir le ceadúnas faoi fho-alt (5) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(8) Beidh sé ina chosaint do dhuine a chúiseofar i gcion faoin alt seo a thaispeáint maidir leis an ngníomh arb é an cion é go raibh sé ina ábhar ceadúnais faoin alt seo is ceadúnas a deonaíodh dó, nó do dhuine a raibh sé ag gníomhú mar sheirbhíseach nó mar ghníomhaire i ndáil leis tráth déanta an ghnímh agus a bhí i bhfeidhm an tráth sin.

(9) Beidh sé ina chosaint do dhuine a chúiseofar í gcion faoin alt seo a shuíomh go ndearna sé an gníomh arb é an cion é —

(a) le linn dó aon bheart a dhéanamh chun déileáil d'aon toisc le héigeandáil d'aon sórt, nó

(b) de dhroim riachtanais de bharr doininne nó guaiseacha loingseoireachta.

(10) Más rud é go mbeidh raic is rud ársa agus a aistríodh ó limistéar srianta i seilbh an ghlacadóra raice d'aon cheantar agus nach gcruthaíonn aon duine go bhfuil teideal aige faoin Merchant Shipping Act, 1894, chuig úinéireacht na raice laistigh de bhliain amháin tar éis di teacht i seilbh an ghlacadóra sin, ní mór don ghlacadóir sin, de réir mar a iarrfaidh Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann—

(a) an raic a sheachadadh ar Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann agus déanfaidh seisean a luaithe is féidir tar éis an tseachadta sin—

(i) an raic a choimeád thar ceann an Stáit, agus

(ii) (I) aon chaiteachas a thabhaigh an glacadóir sin, agus a chuid táillí, i ndáil leis an raic, a íoc leis, agus

(II) cibé méid tarrthálais is dóigh le Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann a bheith réasúnach sna himthosca go léir a íoc le haon tarrthálaithe ar an raic,

(b) an raic a dhíol agus fáltais an díola (tar éis costais an díola agus aon chostais eile a thabhaigh sé agus a chuid táillí i ndáil leis an raic a asbhaint astu agus tar éis cibé méid tarrthálais a íoc le haon tarrthálaithe ar an raic is dóigh le Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann a bheith réasúnach sna himthosca go léir) a íoc leis an Aire Airgeadais.

(11) (a) Féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a rinneadh i limistéar ar cuid de ghrinneall na farraige é a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar a mheas chun gach críche teagmhasaí go ndearnadh an cion in aon áit sa Stát.

(b) Féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a rinneadh i limistéar ar talamh é atá clúdaithe le huisce agus atá suite in dhá dhúiche Cúirte Dúiche nó níos mó a thionscnamh in aon cheann de na dúichí sin agus féadfar a mheas chun gach críche teagmhasaí go ndearnadh an cion in aon cheann de na dúichí sin.

(12) Ní bheidh feidhm ag alt 2 (1) den Acht seo ná ag fo-ailt (3) agus (4) den alt seo maidir le comhalta den Gharda Síochána, ná comhalta d'Óglaigh na hÉireann, ar dualgas, ná maidir le duine fad a bheidh sé ag gníomhú ar threoracha ó na Coimisinéirí.

Comhairle na Séadchomharthaí Stairiúla.

4. —(1) Bunóidh an tAire le hordú comhairle ar a dtabharfar “Comhairle na Séadchomharthaí Stairiúla” agus dá ngairtear “an Chomhairle” san alt seo.

(2) Is í an fheidhm a bheidh ag an gComhairle comhairle a chur ar na Coimisinéirí agus cuidiú leo i ndáil le haon ábhar a bhaineann le forálacha Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, a chur i ngníomh nó le haon ábhar eile a fhearann ar shéadchomharthaí stairiúla nó ar limistéir nó ar raiceanna seandálaíochta eile agus i ndáil lena gcosaint agus lena gcaomhnú agus déanfaidh an Chomhairle, má iarrann na Coimisinéirí uirthi déanamh amhlaidh, comhairle a chur orthu i ndáil le haon ábhar sonraithe den sórt sin mar a dúradh.

(3) Ceapfaidh an tAire comhaltaí na Comhairle ó am go ham de réir mar is gá agus is iad a bheidh ar an gComhairle—

(a) ionadaí don Taoiseach a bheidh ainmnithe ag an Taoiseach,

(b) ionadaí d'Aire na Mara a bheidh ainmnithe ag Aire na Mara,

(c) ionadaí don Aire Comhshaoil a bheidh ainmnithe ag an Aire Comhshaoil,

(d) ionadaí do na Coimisinéirí a bheidh ainmnithe ag na Coimisinéirí,

(e) ionadaí do gach ceann de na comhlachtaí seo a leanas a bheidh ainmnithe ag an gcomhlacht arb eisean an t-ionadaí dó, is é sin:

(i) Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath,

(ii) Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath,

(iii) Coláiste na hOllscoile, Corcaigh,

(iv) Coláiste na hOllscoile, Gaillimh,

(v) Ollscoil na Ríona, Béal Feirste,

(vi) Bord Fáilte Éireann,

(vii) Acadamh Ríoga na hÉireann,

(viii) Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann,

(ix) Institiúid Ríoga Ailtirí Éireann,

(x) Foras Muirí na hÉireann,

agus

(f) cibé daoine eile nach mó ná cúigear a líon a chinnfidh an tAire ó am go ham.

(4) (a) Beidh cathaoirleach ar an gComhairle.

(b) Déanfaidh an tAire ó am go ham de réir mar is gá cathaoirleach na Comhairle a cheapadh as measc chomhaltaí na Comhairle.

(5) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, sé bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhalta den Chomhairle ach beidh comhaltaí den Chomhairle, ar dhul in éag dá dtéarmaí oifige, in-athcheaptha ar an gComhairle ó am go ham.

(b) Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige ochtair (a thoghfaidh an Chomhairle trí chrannchur as measc chomhaltaí na Comhairle seachas an cathaoirleach) de chomhaltaí na Comhairle a cheapfar i gcéad uair tar éis bhunú na Comhairle.

(6) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Chomhairle bás, go n-éireoidh sé as nó nach mbeidh sé go sealadach in ann gníomhú mar chomhalta den sórt sin féadfaidh an tAire duine eile a cheapadh le bheith ina chomhalta den Chomhairle ina áit ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an tAire agus más rud é gur ag duine a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a ainmníodh an comhalta céadluaite lena cheapadh ar an gComhairle, déanfaidh an duine a shonraítear amhlaidh an duine a cheapfar faoin bhfo-alt seo a ainmniú lena cheapadh ar an gComhairle.

(7) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntais amháin nó níos mó i líon a comhaltaí.

(8) Féadfaidh an tAire cibé méideanna a chinnfidh sé maidir le taisteal agus cothú nó le caiteachais eile a thabhaigh comhaltaí na Comhairle agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna mar chomhaltaí den sórt sin, a íoc le comhaltaí na Comhairle as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(9) Rialálfaidh an Chomhairle, le rialacha nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó na Comhairle.

(10) Déanfar tagairtí in aon Acht eile nó in aon ionstraim arna déanamh faoi do Chomhairle Chomhairleach na Séadchomharthaí Náisiúnta a fhorléiriú mar thagairtí do Chomhairle na Séadchomharthaí Stairiúla.

Clár na Séadchomharthaí Stairiúla.

5. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara clár de shéadchomharthaí stairiúla a bhunú agus a chothabháil ar a dtabharfar “Clár na Séadchomharthaí Stairiúla” agus dá ngairtear “an Clár” san Acht seo.

(2) Cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara ainm agus láthair na nithe seo a leanas, agus tuairisc ghearr orthu, a thaifeadadh sa Chlár—

(a) na séadchomharthaí stairiúla sa Stát a bhfuil eolas acu orthu ar thosach feidhme an ailt seo,

(b) na limistéir sheandálaíochta eile sa Stát a bhfuil eolas acu orthu ar an tosach feidhme sin, agus

(c) aon séadchomharthaí stairiúla, nó aon limistéir sheandálaíochta eile, a gcuirfidh siad eolas orthu tar éis an tosach feidhme sin

agus ar cheart, ina dtuairim, iad a thaifeadadh amhlaidh.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí taifeadadh sa Chlár a leasú nó a scriosadh.

(4) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara, a luaithe is féidir tar éis an Clár a bhunú, liosta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a shonróidh na séadchomharthaí stairiúla agus na limistéir sheandálaíochta a bheidh taifeadta sa Chlár an uair sin agus cibé sleachta, más ann, ón gClár i ndáil leis na séadchomharthaí agus na limistéir is iomchuí leo.

(5) Cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara, a luaithe is féidir tar éis breis a chur leis an gClár, nó tar éis é a leasú nó ábhar a scriosadh as, fógra faoin mbreis, faoin leasú nó faoin scriosadh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(6) Déanfar ainm agus láthair séadchomhartha a bhí ar áireamh i liosta a foilsíodh san Iris Oifigiúil de bhun alt 8 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1954 , agus tuairisc ghearr ar an séadchomhartha sin a thaifeadadh sa Chlár ach ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) den alt seo i ndáil leis an séadchomhartha.

(7) Más rud é—

(a) go ndéantar taifead sa Chlár maidir le séadchomhartha stairiúil, nó le limistéar seandálaíochta eile, nó

(b) go ndéantar taifead sa Chlár maidir le séadchomhartha nó le limistéar seandálaíochta eile a leasú nó a scriosadh,

cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara, a luaithe is féidir go dtabharfar scéala i scríbhinn d'úinéir ainme agus (murab é an t-úinéir an t-áititheoir) d'áititheoir ainme an tséadchomhartha nó an limistéir faoin taifead, faoin leasú nó faoin scriosadh de réir mar a bheidh agus, i gcás lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo, faoi na pionóis a thabhóidh duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo nó faoi alt 2 den Acht seo.

(8) I gcás go mbeartaíonn úinéir nó áititheoir (nach iad na Coimisinéirí iad) séadchomhartha stairiúil nó limistéir seandálaíochta a bheidh taifeadta sa Chlár, nó go mbeartaíonn aon duine eile, aon obair a dhéanamh nó go gcuireann sé faoi deara nó go gceadaíonn sé aon obair a dhéanamh ag an séadchomhartha nó sa limistéar nó i ndáil leo, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do na Coimisinéirí faoina bhfuil beartaithe aige agus ní dhéanfaidh sé, ach amháin i gcás fíorphráinne agus le toiliú na gCoimisinéirí, an obair a thosú go ceann tréimhse dhá mhí tar éis an fógra a bheith tugtha.

(9) Déanfar scéala faoi fho-alt (7) den alt seo a chur leis an bpost cláraithe chuig an duine lena mbaineann nó seachadfaidh oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire do na Coimisinéirí air é de láimh.

(10) Ní dhéanfaidh duine, seachas de réir fho-alt (8) den alt seo nó de réir thoiliú faoi alt 14 (2) den Phríomh-Acht, séadchomhartha stairiúil a bheidh taifeadta sa Chlár a scartáil nó a aistriú ar fad nó go páirteach ná é a chur ó dhealramh, a aghlot, a athrú ná baint leis in aon slí.

(11) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(12) Maidir le fianaise prima facie i dtaobh an fhíorais go bhfuil séadchomhartha stairiúil nó limistéar seandálaíochta taifeadta sa Chlár féadfar é a thabhairt in aon chúirt trí chóip den Iris Oifigiúil a thabhairt ar aird a airbheartaíonn go bhfuil inti liosta foilsithe de bhun fho-alt (4) den alt seo nó alt 8 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1954 , nó go bhfuil inti fógra foilsithe de bhun fho-alt (5) den alt seo, ar liosta nó fógra é ina sonraítear an séadchomhartha nó an limistéar seandálaíochta, de réir mar a bheidh, a dúradh.

Na Coimisinéirí d'fháil séadchomharthaí náisiúnta etc.

6. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí le toiliú an Aire, na nithe seo a leanas a fháil trí chomhaontú nó go héigeantach—

(a) aon séadchomhartha ar séadchomhartha náisiúnta é, ina dtuairim,

(b) cuid de shéadchomhartha den sórt sin, nó

(c) aon talamh i gcomharsanacht an tséadchomhartha sin a bheartaíonn siad a úsáid chun saoráidí a chur ar fáil do dhaoine a mbeidh rochtain acu chun an tséadchomhartha faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987,

agus féadfaidh na Coimisinéirí aon séadchomhartha nó talamh den sórt sin a fháil cibé acu an iadsan nó údarás áitiúil caomhnóirí an tséadchomhartha nó nach iad agus cibé acu an bhfuil ordú buanchoimeádta i bhfeidhm maidir leis an séadchomhartha nó leis an talamh sin nó nach bhfuil.

(2) D'éagmais comhaontú, déanfar méid an phraghais nó na gcúiteamh a bheidh le híoc ag na Coimisinéirí ar aon mhaoin a gheobhaidh siad faoin alt seo a shocrú faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus beidh feidhm ag an Acht sin dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(3) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna n-oiriúnú nó arna leasú le haon nó faoi aon achtachán ina dhiaidh sin), maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníoctha faoin alt seo agus maidir le haon mhaoin a fuarthas faoin alt seo a thíolacadh do na Coimisinéirí agus, chun críocha an iarratais, measfar gurb iad na Coimisinéirí tionscnóirí an ghnóthais agus measfar gurb é an tAcht seo an tAcht speisialta.

(4) Déanfar an praghas nó an cúiteamh is iníoctha ar mhaoin a fháil faoin alt seo, a íoc go feadh cibé méid a bheidh ceadaithe ag an Aire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí gan toiliú Choimisiún Talún na hÉireann aon mhaoin ar thalamh nó aon mhaoin atá ina cuid de thalamh, a fháil faoin alt seo, ar talamh é a bheidh faoi réir blianachta talamh-cheannaigh nó is ábhar comhaontaithe talamh-cheannaigh nó ar talamh é a bheidh dílsithe nó i gcúrsa a bheith dílsithe do Choimisiún Talún na hÉireann.

(6) Más rud é maidir le haon mhaoin a fhaightear faoin alt seo, go mbeidh sí, go haonaránach nó i dteannta talaimh eile, faoi réir blianachta talamh-cheannaigh, faoi réir íocaíochta in ionad cíosa nó faoi réir suime eile is iníoctha go tréimhsiúil (agus nach cíos is iníoctha faoi chonradh tionóntachta agus faoi sin amháin) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann—

(a) amhail ón dáta a bhfaighidh na Coimisinéirí an talamh, nó a rachaidh siad isteach air agus a nglacfaidh siad seilbh air, cibé dáta is túisce, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad faoi dhliteanas cibé suim thréimhsiúil nó cibé cuid di a bheidh cionroinnte ag an gCoimisiún sin ar an maoin, a íoc leis an gCoimisiún sin, amhail is dá mba gur aistrigh úinéir na maoine an mhaoin chuig na Coimisinéirí ar an dáta sin,

(b) beidh na Coimisinéirí i dteideal, más cuí leo, an tsuim thréimhsiúil nó an chuid di a dúradh a fhuascailt, agus

(c) beidh sé d'oibleagáid ar na Coimisinéirí má cheanglaíonn an Coimisiún sin orthu déanamh amhlaidh an tsuim thréimhsiúil nó an chuid di a dúradh a fhuascailt.

Séadchomharthaí náisiúnta a aistriú chuig músaeim, etc.

7. —(1) Más rud é gurb iad na Coimisinéirí nó údarás áitiúil úinéirí séadchomhartha náisiúnta, féadfaidh na Coimisinéirí nó an t-údarás (de réir mar a bheidh) más é a dtuairim gur féidir leo déanamh amhlaidh gan díobháil mhíchuí don séadchomhartha agus gur inmhi anaithe déanamh amhlaidh chun an séadchomhartha á ohosaint nó a chaomhnú nó ar mhaithe le seandálaíocht nó ar aon chúis eile, agus, i gcás gurb é an t-údarás úinéirí an tséadchomhartha, le toiliú na gCoimisinéirí, an séadchomhartha nó aon chuid de a aistriú agus an séadchomhartha nó an chuid a thaisceadh agus a choimeád taiscthe i músaem poiblí, nó áit eile sa Stát a bheidh ceadaithe chun na críche ag an Aire de thuras na huaire.

(2) Aon séadchomhartha a thaiscfear faoin alt seo i músaem, beidh sé fad a bheidh sé arna thaisceadh amhlaidh, ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal ar an dóigh chéanna agus go feadh an méid céanna leis na rudaí eile sa mhúsaem.

Séadchomharthaí stairiúla a iniúchadh.

8. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí a chur faoi deara dá n-oifigigh, dá seirbhísigh, dá ngníomhairí nó do dhaoine eile a bheidh údaraithe go cuí acu chuige sin cibé iniúchtaí, imscrúduithe agus tuarascálacha a dhéanamh a ordóidh siad (go ginearálta nó go sonrach)—

(a) maidir le séadchomharthaí stairiúla agus le háiteanna a mbeidh cúis ag na Coimisinéirí a chreidiúint go bhfuil séadchomharthaí stairiúla iontu, agus,

(b) maidir le limistéir agus láithreáin shrianta a mbeidh cúis ag na Coimisinéirí a chreidiúint gur láithreáin raice nó rudaí ársa iad.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, a gcuid oifigeach, seirbhíseach nó gníomhairí nó daoine eile a bheidh údaraithe go cuí ag na Coimisinéirí chuige sin, dul isteach ar aon tailte nó áitribh chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo agus cibé nithe a dhéanamh ansin is gá go réasúnach chun críocha na bhfeidhmeanna sin.

Cumhacht na gCoimisinéirí agus údarás áitiúil chun fodhlíthe a dhéanamh.

9. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí le ceadú an Aire, nó údarás áitiúil le ceadú na gCoimisinéirí, de réir mar a bheidh, chun críocha a gcuid feidhmeanna faoin Acht seo, fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le haon séadchomhartha náisiúnta arb iad na húinéirí nó na caomhnóirí air iad.

(2) Duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Déanfar cóipeanna d'fhodhlí faoin alt seo a chur ar taispeáint ag aon séadchomhartha náisiúnta lena mbaineann sé, nó ina chomharsanacht, ar cibé slí agus i cibé áit is fearr, i dtuairim na gCoimisinéirí nó an údaráis áitiúil lena mbaineann, de réir mar a bheidh, a dhíreoidh aird na ndaoine sin ag an séadchomhartha nó ina chomharsanacht ar an bhfodhlí.

Síntiúis shaorálacha a ghlacadh.

10. —Féadfaidh na Coimisinéirí nó údarás áitiúil síntiúis shaorálacha a ghlacadh faoi chomhair an chostais a bhaineann le haon cheann dá gcuid feidhmeanna, nó cúnamh saorálach a ghlacadh i bhfeidhmiú aon cheann acu, faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, nó i ndáil le tochailt seandálaíochta a dhéanamh arna húdarú ag na Coimisinéirí le ceadúnas faoi alt 26 den Phríomh-Acht más rud é nach mbeidh na coinníollacha (más ann) a chuirfidh an deontóir ag gabháil leis an nglacadh síntiús sin ar neamhréir leis na feidhmeanna sin nó leis an tochailt a dhéanamh.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “séadchomhartha”:

“folaíonn ‘séadchomhartha’ na nithe seo a leanas, cibé acu ar dhromchla na talún nó an uisce nó fúthu agus cibé greamaithe den talamh nó gan a bheith—

(a) aon tógáil, déanmhas nó foirgneamh saorga nó páirtsaorga nó aon ghrúpa de na foirgnimh, de na déanmhais nó de na tógálacha sin,

(b) aon uaimh, cloch nó táirge aiceanta eile, cibé acu is cuid den talamh é nó nach ea, a snoíodh, a dealbhaíodh nó a oibríodh go saorga nó (murar cuid é den áit ina bhfuil sé) a ndealraíonn sé gur cuireadh nó gur socraíodh in ionad é d'aon ghnó,

(c) (i) aon tuama, uaigh nó taisce adhlacain réamhstairiúil nó seanda, nó aon chuid díobh sin, nó

(ii) aon láithreán, nó aon chuid d'aon láithreán, réamhstairiúil nó seanda is láithreán deasghnátha, tionsclaíoch nó cónaithe,

agus

(d) aon áit arb é atá ann iarsmaí nó rianta d'aon tógáil, déanmhas nó foirgneamh den sórt sin, aon uaimh, cloch nó táirge aiceanta den sórt sin nó aon tuama, uaigh, taisce adhlacain nó láithreán deasghnátha, tionsclaíoch nó cónaithe den sórt sin,

atá suite ar thalamh nó in uiscí teorann an Stáit, ach ní fholaíonn sé aon fhoirgneamh, ná cuid d'aon fhoirgneamh atá i ngnáthúsáid chun críocha eaglasta;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “úinéir”:

“ciallaíonn ‘úinéir’, nuair a úsáidtear é i ndáil le séadchomhartha nó limistéar seandálaíochta, an duine a bhfuil cibé eastát nó leas aige de thuras na huaire sa séadchomhartha nó sa limistéar seandálaíochta a thugann teideal dó seilbh iarbhír a bheith aige ar an séadchomhartha nó ar an limistéar seandálaíochta agus áitiú iarbhír a dhéanamh ar an gcéanna;”,

agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“folaíonn ‘talamh’ talamh atá clúdaithe le huisce;”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás go mbeidh na Coimisinéirí nó údarás áitiúil ina n-úinéirí ar shéadchomhartha náisiúnta, féadfaidh na Coimisinéirí nó an t-údarás, de réir mar a bheidh, de bhreis ar an séadchomhartha a chothabháil, cibé obair eile agus cibé rudaí eile a dhéanamh is cuí leo ar an séadchomhartha nó aige agus chun na gcríoch sin beidh saor-rochtain chun an tséadchomhartha acu féin agus ag a gcuid oifigeach, ag a gcuid fear oibre, ag a ngníomhairí agus ag a gceadúnaithe agus féadfaidh siad chun na gcríoch sin agus chun críche na cothabhála sin innealra, feithiclí, trealamh agus ábhair a thabhairt isteach agus a úsáid ar aon talamh.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) tar éis mhír (b):

“(bb) séadchomhartha náisiúnta a athnuachan nó a athchóiriú d'éagmais an toilithe a luaitear anseo ina dhiaidh seo nó ar shlí seachas de réir an toilithe sin, nó”.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht trí “Stairiúla” a chur in ionad “Náisiúnta” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh údarás áitiúil coiste comhairlitheach (dá ngairmtear coiste comhairlitheach áitiúil san Acht so) do bhunú chun na feidhmeanna luaidhtear san alt so do chólíona agus isé bheidh mar theideal agus mar ainm ar gach coiste den tsórt san ná ainm líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla bhunóidh é agus na focail “Coiste Comhairlitheach na Séadchomharthaí Stairiúla” roimhe.

Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Aon duine a thiocfaidh ar rud ársa, ní mór dó laistigh de 4 lá tar éis teacht air, tuarascáil a thabhairt maidir leis do chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ar dualgas sa cheantar inar thángthas ar an rud nó do Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann nó do sheirbhíseach nó do ghníomhaire dá chuid agus ní mór dó, le linn dó an tuarascáil a thabhairt, a ainm agus a sheoladh féin, cineál nó carachtar an ruda sin agus an t-am ar thángthas air agus an áit agus na himthosca inar thángthas air a lua agus ní mór dó freisin, cibé acu a bheidh an tuarascáil sin a dúradh tugtha aige nó nach mbeidh, agus is cuma cé hé an duine dá mbeidh an tuarascáil (más ann) tugtha aige, aon fhaisnéis a bheidh ar eolas aige i ndáil leis an rud nó lena theacht air a thabhairt d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó don Stiúrthóir sin nó do sheirbhíseach nó do ghníomhaire dá chuid nuair a iarrtar air é agus—

(a) ceadóidh sé d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó don Stiúrthóir sin nó do sheirbhíseach nó do ghníomhaire dá chuid an rud a iniúchadh, a scrúdú nó grianghraf a thógáil de, agus

(b) ceadóidh sé don Stiúrthóir sin nó do sheirbhíseach nó do ghníomhaire dá chuid seilbh a ghlacadh ar an rud.

(1A) Maidir le haon chomhalta den Gharda Síochána dá dtabharfar tuarascáil faoi fho-alt (1) den alt seo, cuirfidh sé in iúl, gan mhoill mhíchuí, don Stiúrthóir sin, nó do sheirbhíseach nó do ghníomhaire dá chuid gur thángthas ar an rud lena mbaineann an tuarascáil agus féadfaidh an Stiúrthóir sin, nó seirbhíseach nó gníomhaire dá chuid a bheidh údaraithe go cuí aige chuige sin, seilbh a ghlacadh ar an rud lena mbaineann tuarascáil faoin bhfo-alt sin (1) agus féadfaidh an Stiúrthóir sin seilbh a choimeád air go dtí go rachaidh an tréimhse 6 seachtaine in éag ón tráth a cuireadh in iúl don Stiúrthóir sin nó do sheirbhíseach nó do ghníomhaire dá chuid de bhun an ailt seo gur thángthas ar an rud agus tabharfaidh an Stiúrthóir an rud ar ais ansin don duine ónar glacadh seilbh air faoin bhfo-alt seo.”.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht trí “Ar aon duine do dhéanamh iarratais air sin chuig na Coimisinéirí agus ar cibé faisnéis a bheith tugtha dóibh aige i ndáil leis an iarratas a theastóidh uathu go réasúnach agus ar an duine d'íoc leo cibé táille (más aon táille) a bheidh forordaithe faoi alt 24 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987 , chun críocha an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí” a chur in ionad “Féadfaidh na Coimisinéirí” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ar aon duine do dhéanamh iarratais air sin chuig na Coimisinéirí agus ar cibé faisnéis a bheith tugtha dóibh aige i ndáil leis an iarratas a theastóidh uathu go réasúnach agus ar an duine d'íoc leo cibé táille (más aon táille) a bheidh forordaithe faoi alt 24 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987 , chun críocha an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí, más rogha leo é, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun romhar no tochailt in no fé aon talamh áirithe chun aon chríche áirithe ársaíochta agus féadfaid pé coiníollacha agus sriantachtaí is dó leo is ceart do chur in aon cheadúnas den tsórt san.

Pionóis áirithe a mhéadú faoin bPríomh-Acht.

17. —(1) Leasaítear leis seo ailt 14 (4), 24 (3) agus 25 (3) den Phríomh-Acht trí:

“dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air”

a chur in ionad “ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no; más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile”.

(2) Leasaítear leis seo alt 17 (4) den Phríomh-Acht trí “fíneáil nach mó ná £300” a chur in ionad “fíneáil ná raghaidh thar fiche punt”.

(3) Leasaítear leis seo alt 23 (2) den Phríomh-Acht trí “fíneáil nach mó ná £1,000” a chur in ionad “fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint”.

(4) Leasaítear leis seo alt 26 (3) den Phríomh-Acht trí:

“dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air”

a chur in ionad “ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air”.

Forálacha i ndáil le hoifigigh, seirbhísigh agus gníomhairí do na Coimisinéirí.

18. —(1) Aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire do na Coimisinéirí, nó aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí acu chuige sin, agus a bheidh ag gníomhú i bhfeidhmiú cumhachtaí nó i gcomhlíonadh feidhmeanna nó dualgas, faoi Achtanna na Séadchomharthá Náisiúnta, 1930 go 1987, déanfaidh na Coimisinéirí a údarú i scríbhinn dó gníomhú amhlaidh agus déanfaidh sé má iarrann aon duine ar a bhfearann a ghníomhú amhlaidh air é an t-údarú a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an duine sin.

(2) Aon duine a chuirfidh bac nó a chuirfidh treampán thairis sin ar oifigeach, ar sheirbhíseach nó ar ghníomhaire do na Coimisinéirí nó ar aon duine eile a bheidh cuí-údaraithe acu chuige sin agus a bheidh ag gníomhú i bhfeidhmiú cumhachtaí nó i gcomhlíonadh feidhmeanna nó dualgas faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, beidh an duine sin ciontach i gcion.

Nithe áirithe a chlárú mar ualaí a fhearann ar thalamh cláraithe.

19. —Féadfar aon cheann acu seo a leanas a chlárú faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , sa chlár iomchuí atá á choimeád faoin Acht sin mar ualach a fhearann ar thalamh cláraithe (de réir bhrí an Achta sin), eadhon:

(a) séadchomhartha stairiúil nó limistéar seandálaíochta atá suite ar an talamh a thaifeadadh sa Chlár,

(b) ordú buan-choimeádta maidir le séadchomhartha náisiúnta atá suite ar an talamh,

(c) gníomhas de chineál dá dtagraítear in alt 5 nó 6 den Phríomh-Acht ag ceapadh na gCoimisinéirí nó údarás áitiúil le bheith ina gcaomhnóirí ar shéadchomhartha náisiúnta atá suite ar an talamh,

(d) ordú faoi alt 9 (2) den Phríomh-Acht ag ceapadh na gCoimisinéirí le bheith ina gcaomhnóirí ar shéadchomhartha náisiúnta atá suite ar an talamh.

Faisnéis a choimeád siar maidir le rudaí ársa.

20. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Gharda Síochána—

(a) go bhfuil cúinsí réasúnacha aige lena chreidiúint go ndearnadh cion faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, ina raibh rud ársa i gceist,

(b) go bhfaigheann sé aon duine i seilbh rud ársa,

(c) go bhfuil cúinsí réasúnacha aige lena chreidiúint gurb é an rud ársa dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo an rud ársa dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo,

féadfaidh sé a cheangal ar an duine cuntas a thabhairt dó ar cé mar a tháinig sé ar an rud, agus má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine, gan leithscéal réasúnach, déanamh amhlaidh nó má thugann sé faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo mura ndúirt an comhalta den Gharda Síochána lena mbaineann leis an gcúisí, i ngnáthchaint nuair a iarradh ar an gcúisí an cuntas a thabhairt, cén éifeacht a bheadh leis an mainniú nó leis an diúltú.

(3) Ní bheidh aon fhaisnéis a thabharfaidh duine ag comhlíonadh ceanglais faoi fho-alt (1) den alt seo inghlactha mar fhianaise in aghaidh an duine sin ná in aghaidh a chéile in aon imeachtaí, sibhialta nó coiriúil, seachas imeachtaí mar gheall ar chion faoin bhfo-alt sin.

Dualgas ainm agus seoladh a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána.

21. —(1) I gcás go mbeidh drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána go ndearna duine cion sonraithe faoi Achtanna na Séadcho mharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, agus go líomhnaíonn sé é sin leis an duine, féadfaidh an comhalta ainm agus seoladh an duine sin a iarraidh air agus féadfaidh sé, má dhiúltaíonn an duine a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh a mbeidh cúinsí réasúnacha ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, an duine a ghabháil gan bharántas.

(2) Má dhiúltaíonn duine nó má mhainníonn sé, nuair a iarrfar a ainm agus a sheoladh air faoin alt seo, a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm agus seoladh atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

Cumhachtaí cuardaigh agus urghabhála.

22. —(1) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis ar mhionn agus i scríbhinn a thabharfaidh comhalta den Gharda Síochána, go bhfuil cúinsí réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil fianaise a bhaineann le cion a bheith déanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, le fáil in aon fhoirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh nó in aon fheithicil, soitheach, aerárthach nó sciorrárthach nó in aon áit eile ar bith, féadfaidh sé barántas cuardaigh a eisiúint chuig an gcomhalta i ndáil leis an áit sin.

(2) Feidhmeoidh barántas cuardaigh faoin alt seo chun a údarú don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe sa bharántas dul isteach, in éindí le haon chomhaltaí eile den Gharda Síochána, laistigh de sheachtain amháin ó dháta an bharántais, agus forneart a úsáid más gá, in aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh nó in aon fheithicil, soitheach, aerárthach nó sciorrárthach nó in aon áit eile a bheidh ainmnithe sa bharántas agus iad a chuardach agus aon duine a gheofar iontu a chuardach, agus aon ní a gheofar iontu nó ar aon duine den sórt sin a d'fhéadfadh a bheith ina fhianaise den saghas a dúradh, a urghabháil.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú faoi údarás ó bharántas cuardaigh faoin alt seo—

(a) a ainm agus a sheoladh a iarraidh ar dhuine a gheofar ag áit an chuardaigh, agus

(b) má dhiúltaíonn an duine a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm agus seoladh a mbeidh cúinsí réasúnacha ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan bharántas.

(4) Aon duine a chuirfidh bac nó a thabharfaidh faoi bhac a chur ar chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ag gníomhú faoi údarás barántais cuardaigh faoin alt seo nó, i gcás go n-iarrfar a ainm agus a sheoladh air de bhun fho-alt (3) den alt seo, a mhainneoidh nó a dhiúltóidh a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis, etc.

23. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 2 (seachas cion arb é atá ann sárú ar fho-alt (1) (c)), 3 (seachas cion arb é atá ann sárú ar fho-alt (6)) nó 5 den Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000, nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 2 (ar cion é arb é atá ann sárú ar fho-alt (1) (c)), 3 (ar cion é arb é atá ann sárú ar fho-alt (6)), 9 nó 18 den Acht seo, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 20, 21 nó 22 den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí cion achomair faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, a ionchúiseamh.

Táillí.

24. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire, táillí a fhorordú le rialacháin chun críocha ailt 2 agus 3 den Acht seo agus alt 26 den Phríomh-Acht.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo táillí éagsúla a fhorordú d'imthosca éagsúla agus d'aicmí éagsúla daoine agus féadfaidh siad táillí a fhorordú d'imthosca áirithe amháin nó do gach imthoisc nó d'aicmí áirithe daoine amháin nó do gach aicme daoine.

(3) Íocfaidh na Coimisinéirí leis an Aire Airgeadais táillí a íocfar leo faoin Acht seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.

Orduithe, rialacháin agus fodhlíthe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

25. —Gach ordú, rialachán agus fodhlí a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin tar éis an t-ordú, an rialachán nó an fodhlí, de réir mar a bheidh, a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, an rialacháin nó an fhodhlí, de réir mar a bheidh, beidh an t-ordú, an rialachán nó an fodhlí, de réir mar a bheidh, ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúthu.

Aisghairm.

26. —Aisghairtear leis seo ailt 11, 13, 20 agus 21 den Phríomh-Acht agus ailt 8, 11 agus 15 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1954 .

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

27. —(1) Féadfar Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 go 1987, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.