|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 11 de 1987 | ||||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1987 | |||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 11 de 1987 | ||||||||||
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1987 | ||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1983. [14 Iúil, 1987] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair. | |
| [EN] |
Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha áirithe don Bhord. |
2. —(1) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £36,000,000 agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , trí “£36,000,000” a chur in ionad na suime a shonraítear ansin. |
| [EN] | (2) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le haghaidh oibreacha forbartha den chineál a luaitear in alt 2 (1) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1975 , thar £18,000,000 agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2 (1) den Acht sin trí “£18,000,000” a chur in ionad na suime a shonraítear ansin. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1987 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1987, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1983, agus den Acht seo le chéile. |