An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa)

10 1987

AN tACHT AIRGEADAIS, 1987

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

38. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Airgeadais, 1985 ;

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Airgeadais, 1986 .

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

39. —(a) Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—

(i) trí “, gabhair, muca agus fianna” a chur in ionad “agus muca” sa mhíniú ar “beostoc” i bhfo-alt (1), agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (b):

“agus

(c) tagairtí d'airgead a ndearnadh, i ndáil le hairgead a fuair duine ó dhuine eile, é a asbhaint—

(i) de réir fhorálacha Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1987 , nó

(ii) de réir fhorálacha alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 ,

agus a bhfuil scortha aige dá bhíthin sin de bheith dlite den duine eile don duine céadluaite,”.

(b) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 283) (Cáin Bhreisluacha), 1986 (I.R. Uimh. 412 de 1986).

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

40. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1985) trí “1.7 faoin gcéad” a chur in ionad “2.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i mír (d).

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

41. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“(1) (a) Le linn an méid cánach is iníoctha aige i leith tréimhse inchánach a bheith á ríomh, féadfaidh duine inchánach, sa mhéid gur chun críocha a sholáthairtí inchánach nó aon cheann de na gníomhaíochtaí cáilitheacha a úsáideann sé na hearraí agus na seirbhísí, an méid seo a leanas a asbhaint, eadhon—

(i) an cháin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse ag daoine inchánach eile trí shonraisc, arna n-ullmhú ar an modh a fhorordaítear le rialacháin, maidir le hearraí nó seirbhísí a soláthraíodh dó,

(ii) maidir le hearraí a d'allmhairigh sé sa tréimhse, an cháin a d'íoc sé nó a cuireadh siar mar a shuitear ó na doiciméid chustam iomchuí arna gcoimeád aige de réir alt 16 (3),

(iii) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse maidir le hearraí a áirítear mar earraí a sholáthraigh sé de réir alt 3 (1) (e),

(iv) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse i leith seirbhísí a áirítear mar sheirbhísí a sholáthraigh sé ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú a ghnó de réir alt 5 (3) (d),

(v) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn sé a íoc de bhua alt 5 (3A), maidir le seirbhísí a fuair sé,

(vi) má fhoráiltear amhlaidh le rialacháin agus faoi réir agus de réir aon rialachán den sórt sin, an méid cánach, mar a mhínítear, atá ar áireamh sa chomaoin is iníoctha as earraí réchaite sonraithe, nó earnálacha earraí réchaite sonraithe, a fuarthas, in imthosca seachas ná himthosca a thuairiscítear sa choinníoll a ghabhann le halt 10 (2), lena n-athdhíol ó dhuine nach duine inchánach nó ó dhuine inchánach i gcás inar úsáid an duine inchánach sin na hearraí chun críocha gnó a bhí á sheoladh aige, ach ar iompair sé cáin i ndáil lena bhfáil nó lena n-úsáid agus i gcás gurbh earraí iad de chineál a d'fhág, nó gur úsáideadh iad in imthosca a d'fhág, nach raibh aon chuid den cháin sin inasbhainte faoin alt seo,

(vii) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn sé a íoc de bhua alt 8 (2), i leith seirbhísí a fuair sé, agus

(viii) cáin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse trí shonraisc arna n-ullmhú ar an modh a fhorordaítear le rialacháin agus arna n-eisiúint chuige de réir alt 12A.

(b) I mír (a) ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí cáilitheacha’—

(i) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar lasmuigh den Stát,

(ii) seirbhísí a shonraítear i mír (i), (ix) (b), (c) nó (d), nó (xi), den Chéad Sceideal, agus a sholáthraítear—

(I) lasmuigh den Chomhphobal, nó

(II) go díreach i ndáil le honnmhairiú earraí chuig áit lasmuigh den Chomhphobal, agus

(iii) soláthairtí earraí nó seirbhísí lasmuigh den Stát ar sholáthairtí inchánach a bheadh iontu dá ndéanfaí sa Stát iad.”,

(b) i bhfo-alt (3) (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—

(i) trí “san alt seo, ní dhéanfar cáin a asbhaint faoin alt seo” a chur in ionad “i bhfo-alt (1), ní dhéanfar cáin a asbhaint faoin bhfo-alt sin”,

(ii) trí “nó” a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii), agus

(iii) tríd an gcuid sin uile den fho-alt sin (3) (a) atá i ndiaidh fhomhír (iv) a scriosadh,

agus tá an fo-alt sin (3) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(3) (a) D'ainneoin aon ní san alt seo, ní dhéanfar cáin a asbhaint faoin alt seo má bhaineann, agus a mhéid a bhaineann, an cháin leis na nithe seo a leanas—

(i) bia nó deoch, nó cóiríocht nó seirbhísí pearsanta eile, a chur ar fáil don duine inchánach, dá ghníomhairí nó dá fhostaithe, ach amháin a mhéid, más aon mhéid é, is soláthar seirbhísí a bhfuil sé cuntasach i gcáin ina leith an cur ar fáil sin,

(ii) caiteachais fhialachta a thabhaigh an duine inchánach, a ghníomhairí nó a fhostaithe,

(iii) mótarfheithiclí a fháil (lena n-áirítear iad a fhruiliú) ar mhodh seachas mar stoc trádála nó chun críocha gnó arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach mótarfheithiclí a fhruiliú nó iad a úsáid, i ngnó scoile tiomána, chun teagasc tiomána a thabhairt, nó

(iv) peitreal a cheannach ar mhodh seachas mar stoc trádála,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) I gcás go n-úsáideann duine inchánach earraí nó seirbhísí (nach earraí nó seirbhísí nach ndéanfar, de réir fho-alt (3), asbhaint cánach i leith a bhfála) chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí ar inasbhainte cáin i ndáil leo de réir an ailt seo agus chun críocha soláthairtí nó gníomhaíochtaí eile chomh maith, ní inasbhainte ach cibé comhréir den cháin is inchurtha síos do na soláthairtí nó do na gníomhaíochtaí céadluaite sin agus is de réir rialachán a chinnfear an chomhréir sin.”.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

42. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “1.7 faoin gcéad” a chur in ionad “2.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht.

43. —Leasaítear leis seo alt 13 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “nó i leith modhanna iompair atá le fruiliú lena n-úsáid sa Stát” a chur isteach i ndiaidh “sa Stát” sa dara háit a bhfuil sé i bhfo-alt (3) (c).

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

44. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht trí “fho-alt (1) (a) (vi) d'alt 12,” a chur isteach i ndiaidh “alt 5 (7),” i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

45. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) Seirbhísí airgeadais arb éard iad—

(a) stoic, scaireanna, bintiúir agus urrúis eile, seachas doiciméid a shuíonn teideal chun earraí, a eisiúint, a aistriú nó a ghlacadh, nó aon déileáil iontu,

(b) socrú a dhéanamh le haghaidh eisiúna a shonraítear i bhfomhír (a), nó an eisiúint a fhrithhealladh,

(c) aon chuntas reatha, taisce nó coigiltis a oibriú,

(d) airgead reatha, nótaí bainc agus monaí miotail, atá in úsáid mar dhlíthairiscint in aon tír, cé is moite de na nótaí bainc agus na monaí sin nuair sholáthraítear iad mar earraí infheistíochta nó mar phíosaí do bhailitheoirí, a eisiúint, a aistriú nó a ghlacadh, nó aon déileáil iontu,

(e) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí idirbhearta fruilcheannaigh nó díola creidmheasa,

(f) ráthaíochtaí creidmheasa nó aon urrús eile ar airgead a thabhairt nó aon déileáil iontu, agus bainisteoireacht ráthaíochtaí creidmheasa ag an duine a thug an creidmheas,

(g) bainisteoireacht scéime iontaobhais aonad—

(I) atá cláraithe faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 ,

(II) atá á riar ag an sealbhóir ar údarú a deonaíodh de bhun Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984), nó ag duine a meastar, de bhun Airteagal 6 de na Rialacháin sin, gur sealbhóir den sórt sin é, arb iad na critéir i ndáil léi na critéir a shonraítear, i ndáil le comhshocraíocht atá á riar ag sealbhóir ar cheadúnas faoin Acht Arachais, 1936 , in alt 7(4) den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 ,

(III) a bunaíodh go hiomlán chun críocha scéimeanna ciste aoisliúntas nó carthanas, nó

(IV) ar chinn an tAire Airgeadais gur scéim iontaobhais aonad í lena mbaineann forálacha na fomhíre seo;

(h) seirbhísí arna soláthar do dhuine faoi chomhshocraíochtaí a shocraíonn go gcúiteofar an duine maidir le soláthar earraí nó seirbhísí aige de réir scéime cárta creidmheasa, cárta muirir nó cárta dá samhail;”,

(b) i mír (ix)—

(i) trí “agus” a scriosadh i bhfomhír (a),

(ii) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (c), (d) agus (e):

“(c) seirbhísí árachais, agus

(d) seirbhísí a shonraítear i mír (i),”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (d) (arna cur isteach leis an Acht seo):

“ach gan seirbhísí bainisteoireachta agus slánchoimeádta i ndáil leis na seirbhísí a shonraítear i mír (i) (a), nach seirbhísí a shonraítear i mír (i) (g), a áireamh;”,

agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo,

AN TÁBLA

(ix) seirbhísí gníomhaireachta maidir le—

(a) cóir iompair do phaisinéirí nó cóiríocht do dhaoine a shocrú,

(b) bailiú préimheanna árachais,

(c) seirbhísí árachais, agus

(d) seirbhísí a shonraítear i mír (i),

ach gan seirbhísí bainisteoireachta agus slánchoimeádta i ndáil leis na seirbhísí a shonraítear i mír (i) (a), nach seirbhísí a shonraítear i mír (i) (g), a áireamh;,

(c) trí “baincéireachta agus” a scriosadh i mír (xi), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo,

AN TÁBLA

(xi) seirbhísí árachais;,

agus

(d) trí mhíreanna (xia) (a cuireadh isteach leis an Ordú Cánach Breisluacha (Gníomhaíochtaí Díolmhaithe) (Uimh. 1), 1985 (I.R. Uimh. 430 de 1985)) agus (xii) a scriosadh.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

46. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “díscithe” a scriosadh i bhfomhír (d) (I) de mhír (xii) (a cuireadh isteach le hAcht 1985).

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

47. —Leasaítear leis seo an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1985) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xif) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):

“(xig) seirbhísí treoraí turas;”

agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xiic) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):

“(xiii) dearbhchlónna fótagrafacha (seachas earraí a táirgeadh trí phróiseas fótachóipeála), sleamhnáin nó claonchlónna, a táirgeadh ó earraí a chuir duine ar fáil, a sholáthar don duine sin;

(xiiia) earraí arb éard iad—

(a) dearbhchlónna fótagrafacha (seachas earraí a táirgeadh trí phróiseas fótachóipeála), gléasta nó neamhghléasta, ach iad neamhfhrámáilte,

(b) sleamhnáin agus claonchlónna, agus

(c) scannán cineamatagrafach agus fís-scannán,

a dhéanann taifeadadh ar dhaoine, ar rudaí nó ar theagmhais áirithe, arna soláthar faoi chomhaontú grianghraif a dhéanamh de na daoine, de na rudaí nó de na teagmhais sin;

(xiiib) na nithe seo a leanas a sholáthar ag grianghrafadóir, eadhon—

(a) claonchlónna a táirgeadh ó scannán a nochtadh chun críocha a ghnó, agus

(b) scannán a nochtadh chun críocha a ghnó;

(xiiic) dearbhchlónna fótagrafacha a táirgeadh trí mheaisín díola a bhfuil ceamara agus trealamh réalta agus clóite ann;

(xiiid) seirbhísí arb éard iad—

(a) eagarthóireacht a dhéanamh ar scannán fótagrafach, scannán cineamatagrafach agus fís-scannán, agus

(b) micreascannánú;

(xiiie) seirbhísí gníomhaireachta i ndáil le soláthar a shonraítear i mír (xiii);

(xiiif) seirbhísí arb éard iad dramhábhar a ghlacadh lena dhiúscairt;

(xiiig) teagasc i dtiomáint feithiclí bóthair inneallghluaiste, nach oideachas, oiliúint ná athoiliúint de na cineálacha a shonraítear i mír (ii) den Chéad Sceideal;

(xiiih) daoine a ligean isteach chuig taispeántais de chineál a sheoltar de ghnáth i músaeim agus i ndánlanna, is taispeántais d'ábhair is díol spéise ó thaobh staire, cultúir, ealaíne nó eolaíochta;”.