|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Íocaíochtaí i leith Seirbhísí Gairmiúla ag Daoine Áirithe) | Ar Aghaidh (Caibidil V Cáin Chorparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1987
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil IV Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide | |||
[EN] |
Feirmeoireacht: leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna. |
22. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1987” a chur in ionad “1986” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 )— | ||
[EN] | (a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a), agus | |||
[EN] | (b) i ngach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (7) agus (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), | |||
[EN] | agus tá an mhír sin (iv), an fo-alt sin (7) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (9) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — | |||
[EN] | (a) trí “1987-88” a chur in ionad “1986-87” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ) i bhfo-alt (3), agus | |||
[EN] | (b) trí “1987” a chur in ionad “1986” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (5) agus (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), | |||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ar leith ón gcoinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo ach amháin maidir le trádáil feirmeoireachta. | |||
[EN] |
Aisghairm alt 362 (faoiseamh ó chánachas dúbailte ar bhrabúis ó ghnó muiriompair nó aeriompair) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
23. —(1) Aisghairtear leis seo alt 362 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | ||
[EN] | (2) D'ainneoin aisghairm alt 362 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a dhéantar le fo-alt (1), más rud é, roimh thosach feidhme an Achta seo, go raibh ordú déanta faoin alt sin, beidh feidhm dlí leis an gcomhshocraíocht lena mbaineann an t-ordú a mhéid céanna a mbeadh feidhm dlí léi dá mba nár achtaíodh an t-alt seo. | |||
[EN] |
Liúntais chaipitiúla d'fheithiclí áirithe bóthair. |
24. —(1) (a) San alt seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “carr” aon fheithicil inneallghluaiste bóthair ar feithicil í atá déanta nó oiriúnaithe le go mbeidh sí oiriúnach go príomha chun paisinéirí a iompar agus ní chun earraí ná ualach de thuairisc ar bith a iompar ná chun feithiclí eile a tharraingt ar bhóthar, agus ar feithicil í de chineál a úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá oiriúnach lena húsáid amhlaidh, agus folaíonn sé feithicil atá in úsáid chun na críche dá dtagraítear i mír (ii) den mhíniú ar “críocha cáilitheacha; | |||
[EN] | tá le “tréimhse inmhuirearaithe” agus “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse” na bríonna, faoi seach, a shanntar dóibh le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “críocha cáilitheacha” úsáid cairr, i ngnáthchúrsa trádála— | |||
[EN] | (i) chun é a ligean ar fruiliú gearrthéarma le baill den phobal, nó | |||
[EN] | (ii) chun baill den phobal a iompar a fhad is atá an carr ina fhruilfheithicil cheadúnaithe phoiblí agus tacsaiméadar feistithe air de bhun na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 (I.R. Uimh. 191 de 1963); | |||
[EN] | ciallaíonn “fruiliú gearrthéarma” i ndáil le carr, an carr a fhruiliú le duine faoi chomhaontú fruiltiomána (de réir bhrí alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ) ar feadh tréimhse leanúnaí nach faide ná ocht seachtaine: | |||
[EN] | Ar choinníoll, i gcás go bhfruileoidh duine carr le duine eile ar feadh tréimhse agus, laistigh de sheacht lá ó dheireadh na tréimhse sin, go bhfruileoidh an duine sin carr (cibé acu an é an carr céanna é nó nach é) leis an duine eile sin ar feadh tréimhse eile, measfar, chun críocha an ailt seo, lena n-áirítear aon fheidhmiú ina dhiaidh sin den choinníoll seo, gur tréimhse fruilithe leanúnach amháin an dá thréimhse le chéile, sa chaoi, más faide ná ocht seachtaine an tréimhse fruilithe leanúnach amháin sin, nach ndéileálfar le tréimhse fruilithe aon chairr atá ar áireamh sa tréimhse fruilithe leanúnach sin mar thréimhse fruilithe gearrthéarma, agus, chun críocha an choinníll seo, áireofar aon tagairt do dhuine mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon duine eile a measfaí baint a bheith aige leis an duine sin faoi alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh. | |||
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo, measfar carr a bheith á úsáid ag duine chun críocha cáilitheacha maidir le tréimhse inmhuirearaithe más rud é, agus amháin más rud é, gur chun críocha cáilitheacha 75 faoin gcéad ar a laghad den úsáid (arna chinneadh faoi threoir na dtréimhsí ama ina n-úsáidtear an carr, nó ina bhfuil sé ar fáil lena úsáid, chun críche ar bith) a bhaineann an duine sin as sa tréimhse inmhuirearaithe nó ina bonntréimhse: | |||
[EN] | Ar choinníoll, más rud é, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, nach gcomhlíonann úsáid cairr chun críocha cáilitheacha ceanglais na míre seo ach go gcomhlíonfadh sí na ceanglais sin dá mba thagairt do “50 faoin gcéad” an tagairt do “75 faoin gcéad”, go measfar an carr a bheith á úsáid chun críocha cáilitheacha maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin má chomhlíon úsáid an chairr ag an duine sin chun críocha cáilitheacha ceanglais na míre seo maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe díreach roimhe sin, nó go measfar an carr a bheith á úsáid amhlaidh má chomhlíonann úsáid sin an chairr na ceanglais sin maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe díreach ina dhiaidh sin agus déanfaidh an cigire méid na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt, le linn trádáil an duine a bheith á cur faoi cháin, a choigeartú dá réir sin agus aisíocfar aon mhéid cánach a ró-íocadh. | |||
[EN] | (2) Nuair a bheifear ag cinneadh cé na liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt do dhuine, d'aon tréimhse inmhuirearaithe dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, le linn trádáil, arb é atá inti nó ar cuid di críocha cáilitheacha a sheoladh, a bheith á cur faoi cháin, beidh feidhm ag alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le carr a bheidh, maidir leis an tréimhse sin, úsáidte ag an duine chun críocha cáilitheacha— | |||
[EN] | (a) ionann is dá mba thagairt do “dhá oiread an méid” an tagairt i bhfo-alt (1) den alt sin do “cúig cheathrú den méid”, agus | |||
[EN] | (b) ionann is dá scriosfaí an dara coinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (1). | |||
[EN] |
Feidhm alt 52 (liúntais chaipitiúla: mar a dhéileálfar le deontais, etc.) den Acht Airgeadais, 1986 , maidir le trádáil phróiseála bia. |
25. —(1) Chun críocha an ailt seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “trádáil phróiseála bia” trádáil arb é atá inti, nó ar cuid di, monarú bia phróiseáilte; | |||
[EN] | ciallaíonn “bia próiseáilte” earraí a mhonaraíonn cuideachta laistigh den Stát i gcúrsa trádála, ar bia é— | |||
[EN] | (a) atá ceaptha mar bhia don duine, agus | |||
[EN] | (b) a monaraíodh trí phróiseas ina n-úsáidtear innealra nó gléasra a fhágann go bhfuil difríocht shubstaintiúil, ó thaobh foirme agus luacha, idir na hearraí a tháirgtear trí fheidhmiú an phróisis sin agus na hábhair ar feidhmíodh an próiseas orthu agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, nach é atá go príomha sa phróiseas— | |||
[EN] | (i) próiseas nádúrtha a bhrostú, a mhoilliú, a athrú nó a fheidhmiú, nó | |||
[EN] | (ii) modhanna caomhnaithe, paistéarú nó aon chóiriú eile dá samhail a fheidhmiú; | |||
[EN] | ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra nach n-úsáidtear ach amháin i gcúrsa próisis mhonarúcháin trína dtáirgtear bia próiseáilte. | |||
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm, agus measfar nach raibh feidhm riamh, ag forálacha fho-alt (1) d'alt 52 den Acht Airgeadais, 1986 , i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 nó alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn trádáil phróiseála bia a sheolann cuideachta a bheith á cur faoi cháin agus i gcás inar thabhaigh an chuideachta sin an caiteachas caipitiúil a bhfuil an liúntas le tabhairt ina leith agus gur i leith innealra nó gléasra cháilithigh a tabhaíodh amhlaidh é: | |||
[EN] | Ar choinníoll nach bhfolóidh an tagairt san fho-alt seo do chaiteachas a thabhaigh cuideachta aon chaiteachas a mheasfar a bheith tabhaithe aici de réir fhorálacha alt 241 (2) nó alt 252 den Acht sin a dúradh. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 40 (liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Acht Airgeadais, 1984 . |
26. —Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1984 , trí “an léasaí” a chur in ionad “an t-iasachtaí” i mír (a) d'fho-alt (10) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Limistéir ainmnithe le haghaidh faoisimh maidir le hathnuachan uirbeach. |
27. —(1) Chun críocha Chaibidil V de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986 , féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, a ordú— | ||
[EN] | (a) (i) go bhfolóidh an míniú ar “limistéar ainmnithe” atá in alt 41 den Acht sin cibé limistéar nó limistéir a bheidh tuairiscithe san ordú agus nach mbeadh, murach an t-ordú, ar áireamh sa mhíniú sin, | |||
[EN] | (ii) maidir le haon limistéar den sórt sin a bheidh tuairiscithe amhlaidh san ordú, go ndéanfar an míniú ar “tréimhse cháilitheach” in alt 42, 44 nó 45 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairt do cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú i ndáil leis an limistéar sin: ar choinníoll nach dtosóidh aon tréimhse den sórt, sin a bheidh sonraithe san ordú roimh dháta an Achta seo a rith ná nach gcríochnóidh sí i ndiaidh an 31ú lá de Bhealtaine, 1991, | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (b) go bhfolóidh an míniú ar “Limistéar Duganna Theach an Chustaim” atá san alt sin 41, le héifeacht ó dháta an ordaithe sin, cibé limistéar nó limistéir a bheidh tuairiscithe san ordú agus nach mbeadh, murach an t-ordú, ar áireamh sa mhíniú sin, | |||
[EN] | agus i gcás go n-ordóidh an tAire Airgeadais amhlaidh, measfar go bhfolaíonn an míniú sin ar “limistéar ainmnithe”, nó ar “Limistéar Duganna Theach an Chustaim”, de réir mar a bheidh, an limistéar nó na limistéir sin agus déanfar an míniú sin ar “tréimhse cháilitheach” a fhorléiriú mar thagairt don tréimhse sin a bheidh sonraithe san ordú. | |||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais orduithe a dhéanamh chun críche an ailt seo agus aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. |