An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil III Íocaíochtaí i leith Seirbhísí Gairmiúla ag Daoine Áirithe)

10 1987

AN tACHT AIRGEADAIS, 1987

Caibidil II

Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe

Leasú ar alt 12 (an faoiseamh) den Acht Airgeadais, 1984 .

8. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1984

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur ag gabháil le mír (c) d'fho-alt (1):

“Ar choinníoll, i gcás gur úsáid an chuideachta an t-airgead a cruinníodh, nó go bhfuil sí á úsáid nó go mbeartaíonn sí é a úsáid, chun long a cheannach lena húsáid aici i gcúrsa trádála loingseoireachta cáilithí atá á seoladh aici, go mbeidh ar áireamh san fhianaise sin a dúradh deimhniú ó Aire na Mara á dheimhniú, i gcás ceannach na loinge, go rabhthas, go bhfuiltear nó go mbeifí i dteideal deontas-i-gcabhair a fháil, faoi scéim chúnaimh reachtúil chun longa a cheannach atá á riar ag Roinn na Mara.”,

agus

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur ag gabháil le fo-alt (3), le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1987:

“Ar choinníoll, más rud é—

(a) go mbeidh faoiseamh dlite, de réir fhorálacha alt 27, maidir le méid arna shuibscríobh i gcáil ainmnithigh thar ceann pearsan aonair cáilithí ag bainisteoirí ciste ainmnithe, agus

(b) go ndéanfar na scaireanna cáilithe, ar ina leith a suibscríobhadh an méid, a eisiúint sa chéad bhliain mheasúnachta eile tar éis na bliana measúnachta inar suibscríobhadh an méid sin i leith an chiste ainmnithe,

go bhféadfaidh an phearsa aonair, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, a roghnú go ndéanfaí an faoiseamh a bheidh dlite a thabhairt mar asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta inar suibscríobhadh an méid i leith an chiste ainmnithe in ionad é a thabhairt mar asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina n-eisítear na scaireanna.”.

Leasú ar alt 13 (teorainneacha le faoiseamh) den Acht Airgeadais, 1984 .

9. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1984 , le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d’Aibreán, 1984, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta, go dtabharfaí méid faoisimh is mó do phearsa aonair maidir leis an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa aige le haghaidh scaireanna cáilithe (dá ngairtear ‘an suibscríobh iomchuí’ san fho-alt seo) a eisíodh chuige an bhliain sin nó, i gcás feidhm a bheith ag an gcoinníoll (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) a ghabhann le halt 12 (3), sa chéad bhliain mheasúnachta eile, murach ceachtar de na cúiseanna seo a leanas nó murach an dá chúis acu, eadhon—

(a) easpa ioncaim iomláin, nó

(b) oibriú fho-alt (2),

déanfar méid an fhaoisimh a thabharfaí murach na cúiseanna sin, lúide méid, nó méid comhiomlán, aon fhaoisimh i leith an tsuibscríofa iomchuí a thugtar an bhliain mheasúnachta sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain mheasúnachta eile ina dhiaidh sin, agus déileálfar leis chun críocha an fhaoisimh mar mhéid a bheidh arna shuibscríobh go díreach ag an bpearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige an bhliain sin ina dhiaidh sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ná éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1990-91.

(2B) Más rud é nach ndéanfar, agus a mhéid nach ndéanfar, méid a tugadh ar aghaidh uair amháin faoi fho-alt (2A) (agus ar déileáladh leis mar mhéid a bhí suibscríofa go díreach ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige an bhliain mheasúnachta sin ina dhiaidh sin) a asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta sin, tabharfar ar aghaidh arís é go dtí an chéad bhliain mheasúnachta eile ina dhiaidh sin (agus déileálfar leis mar mhéid a bheidh suibscríofa go díreach aige le haghaidh scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige sa bhliain sin díreach ina dhiaidh sin), agus mar sin de do bhlianta measúnachta dá éis sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ná éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1990-91.

(2C) Is san ord seo a leanas a thabharfar faoiseamh do phearsa aonair d'aon bhliain mheasúnachta—

(a) ar dtús, i leith méid a bheidh tugtha ar aghaidh ó bhliain mheasúnachta níos luaithe de réir fhorálacha fho-alt (2A) nó (2B), agus, maidir le méid den sórt sin a bheidh tugtha ar aghaidh amhlaidh, do bhliain mheasúnachta is luaithe, i dtosaíocht ar bhliain mheasúnachta is déanaí, agus

(b) ansin, agus ansin amháin, i leith aon mhéid eile a mbeidh faoiseamh le tabhairt ina leith an bhliain mheasúnachta sin.”.

Leasú ar alt 15 (cuideachtaí cáilitheacha) den Acht Airgeadais, 1984 .

10. —Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1984

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) Aon chuideachta a bhfuil gnóthas tráchta cuartaíochta amháin nó níos mó, de réir bhrí alt 16 (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ), ar áireamh ina trádáil, ní cuideachta cháilitheach a bheidh inti mura mbeidh sé suite aici, agus go dtí go mbeidh sé suite aici, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur chuir sí faoi bhráid Bhord Fáilte Éireann (dá ngairtear ‘an Bord’ feasta sa Chaibidil seo) plean forbartha agus margaíochta trí bliana i ndáil leis an ngnóthas sin nó leis na gnóthais sin, de réir mar a bheidh, ar plean é a bheidh ceaptha agus leagtha amach go príomha chun trácht cuartaíochta, agus ioncam, ó áiteanna lasmuigh den Stát a mhéadú, agus gur cheadaigh an Bord an plean sin.

(b) Le linn dó bheith ag cinneadh ar chóir plean den sórt sin a cheadú, ní bheidh aird ag an mBord ach amháin ar cibé treoirlínte i ndáil leis an gceadú sin ar a gcomhaontófar ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, idir an Bord agus an tAire Turasóireachta agus Iompair, agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith leagtha amach sna treoirlínte sin—

(i) a mhéid a fhéadfaidh leasanna na cuideachta i dtalamh agus i bhfoirgnimh a bheith mar chuid de shócmhainní iomlána na cuideachta,

(ii) ceanglais shonracha nach foláir a chomhlíonadh chun bheith i gcomhréir leis an gcuspóir a luaitear i mír (a), agus

(iii) a mhéid is cóir an t-airgead a chruinnítear trí eisiúint scaireanna cáilithe a úsáid chun an gnóthas nó na gnóthais, de réir mar a bheidh, a chur chun cinn lasmuigh den Stát.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12):

“(13) D'ainneoin aon fhorála de na forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní cuideachta cháilitheach a bheidh i gcuideachta más rud é, le linn na tréimhse iomchuí—

(a) nach cuideachta cháilitheach a bheadh sa chuideachta mura mbeadh forálacha fho-alt (1A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) d'alt 26, agus

(b) maidir leis an gcuideachta nó aon fhochuideachta dá cuid—

(i) go suibscríobhfaidh sí le haghaidh scairchaipitil, nua nó láithreach, i bhfochuideachta, nó

(ii) go dtabharfaidh sí iasachtaí d'fhochuideachta,

ar fochuideachta cháilitheach í de bhua an fho-ailt sin (1A).”.

Leasú ar alt 16 (trádálacha cáilitheacha) den Acht Airgeadais, 1984 .

11. —Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1984

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) i bhfo-alt (2):

“(a) gurb é a bheidh inti, go hiomlán nó go formhór, ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí trádála seo a leanas (dá ngairtear ‘oibríochtaí trádála cáilitheacha’ sa Chaibidil seo)—

(i) monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 :

Ar choinníoll, maidir le hoibríochtaí nó gníomhaíochtaí trádála a áirítear sa mhíniú ar earraí chun críocha na Caibidle sin VI, nó a meastar chun na gcríoch sin gur monarú earraí den sórt sin laistigh den Stát iad de bhua aon achtacháin a achtófar tar éis an tAcht seo a rith, nach measfar, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den mhír seo, gur oibríochtaí trádála cáilitheacha iad chun críocha na Caibidle seo,

(ii) seirbhísí a dhéanamh (seachas oibríochtaí trádála iomchuí de réir bhrí alt 39B (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 ) i gcúrsa gnóthais seirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981 ,

(iii) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar an 1ú lá d'Eanáir, 1987, nó dá éis, seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha de réir bhrí alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987 ,

(iv) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, oibriú gnóthais tráchta cuartaíochta amháin nó níos mó de réir bhrí fho-alt (2A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ), agus

(v) maidir le suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe a dhéanfar ar an dáta a dtiocfaidh alt 29 den Acht Airgeadais, 1987 , in éifeacht, nó dá éis, díol earraí onnmhairiúcháin ag Teach Trádála Speisialta de réir bhrí fho-alt (ICC2) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980 ,”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2), ciallaíonn gnóthais tráchta cuartaíochta—

(a) oibriú saoráidí cóiríochta do thurasóirí, fearacht óstáin, tithe aíochta, láithreáin charbhán agus champála agus cóiríocht fhéinfhreastail dá gcoimeádann an Bord clár de réir na nAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1983,

(b) oibriú cibé aicmí eile saoráidí a cheadóidh an tAire Airgeadais chun críocha an fhaoisimh, i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta agus Iompair, ar mholadh ón mBord i gcomhréir le cóid shonracha caighdeán a bheidh leagtha síos aige, nó

(c) aon cheann de na saoráidí a luaitear i míreanna (a) agus (b) a chur chun cinn lasmuigh den Stát.”.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le fochuideachtaí.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 26 den Acht Airgeadais, 1984 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) D’ainneoin fhorálacha fho-alt (1), féadfaidh cuideachta cháilitheach arb é atá go hiomlán nó go formhór ina gnó seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha de réir bhrí alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987 , fochuideachta amháin nó níos mó a bheith aici nach gcomhlíonann ceachtar de na coinníollacha i mír (b) d'fho-alt (1): Ar choinníoll go mbeidh an coinníoll a luaitear i mír (b) den fho-alt seo comhlíonta.

(b) Is é an coinníoll sin a dúradh gur cuideachta í an fhochuideachta, nó gach fochuideachta, atá ar marthain chun trádáil a sheoladh arb é atá inti go hiomlán nó go formhór seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha.

(c) I mír (b), tá le ‘gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha’ an bhrí a shanntar dó le halt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1987 , amhail is dá ndéanfaí, sa mhíniú ar ‘long cháilitheach’ chun críocha na brí sin, míreanna (a) agus (b) den mhíniú sin a scriosadh.

(d) San fho-alt seo, déanfar an cheist an seoladh gníomhaíochtaí loingseoireachta cáilitheacha atá go hiomlán nó go formhór i dtrádáil a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, de réir an choinníll a ghabhann le halt 16 (2).”.

(2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

“1. Maidir leis na scaireanna a eiseoidh an chuideachta cháilitheach, féadfar, in ionad iad a eisiúint nó i dteannta iad a eisiúint chun na críche a luaitear i bhfo-alt (1) (b) d'alt 12, iad a eisiúint chun airgead a chruinniú ar mhaithe le trádáil cháilitheach atá á seoladh ag fochuideachta (seachas fochuideachta is fochuideachta cháilitheach de bhua alt 26 (1A) (arna chur isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 )) nó a bheartaíonn fochuideachta den sórt sin a sheoladh; agus i gcás go n-eiseofar scaireanna amhlaidh beidh éifeacht le fo-ailt (1) (c), (4), (5), (7) (b) agus (8) d'alt 12 ionann is dá mba thagairtí don fhochuideachta tagairtí don chuideachta nó, de réir mar a bheidh, ionann is dá bhfolódh tagairtí don chuideachta tagairtí don fhochuideachta.”.