|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1987
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Ilghnéitheach | |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
51. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1986” alt 111 den Acht Airgeadais, 1986 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an seachtú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4); | |
[EN] | tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1986 ach “£42,934,622” a chur in ionad “£41,472,176”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1986 ach “£32,503,814” a chur in ionad “£31,876,450”. | |
[EN] | (4) D'fhonn iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a fhuascailt, déanfar suim £45,510,049 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987. | |
[EN] | (5) Déanfar an seachtú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den seachtú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £34,980,050 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an seachtú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Leasú ar alt 162 (An tArd-Bhailitheoir) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
52. —Leasaítear leis seo alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) i bhfo-alt (3): |
[EN] | “(a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim daoine a ainmniú chun aon cheann nó gach ceann de na cumhachtaí agus de na feidhmeanna a thugtar don Ard-Bhailitheoir le haon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach a fheidhmiú thar a cheann agus ar ordú uaidh. | |
[EN] | (b) I dteannta iad a bheith infheidhmithe ag an Ard-Bhailitheoir, beidh na cumhachtaí agus na feidhmeanna sin infheidhmithe freisin thar a cheann agus ar ordú uaidh ag daoine a ainmneofar faoin bhfo-alt seo.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 21 (institution of proceedings for fines, etc..) den Inland Revenue Regulation Act, 1890. |
53. —Leasaítear leis seo alt 21 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) It shall not be lawful to commence proceedings against any person for the recovery of any fine, penalty, or forfeiture under any Act relating to Inland Revenue, or for the condemnation of any goods seized as forfeited under any such Act, except in the name of an officer or in the name of the Attorney General or in the name of the Director of Public Prosecutions.”. | |
[EN] |
Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna. |
54. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
55. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1987 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin. | |
[EN] | (4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1986, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1987, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] | (5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (7) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, gur tháinig Cuid I i bhfeidhm amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1987, agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin. | |
[EN] | (8) I gCuid III, measfar gur tháinig ailt 40 agus 42 i bhfeidhm amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1987, agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin, measfar gur tháinig alt 39 (a) (ii) i bhfeidhm amhail ar an agus ón 6ú lá de Mheitheamh, 1987, agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin, measfar gur tháinig ailt 46 agus 47 i bhfeidhm amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1987, agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón dáta sin, agus tiocfaidh ailt 41 agus 45 i bhfeidhm ar an 1ú lá de Shamhain, 1987. | |
[EN] | (9) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] | (10) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, ná do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (11) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. |