|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL) |
AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987
[EN] | ||
[EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Truailleáin Lena mBaineann an tAcht | |
1. Gach deatach, gás, aerasól agus deannach. | ||
2. Gan dochar do ghinearáltacht mhír (1), beidh feidhm faoi leith ag an Acht seo maidir le deatach, gás, aerasóil agus deannach arb éard atá ann nó iontu— | ||
(a) dé-ocsaíd sulfair agus comhdhúile eile sulfair, nó | ||
(b) ocsaídí nítrigine agus comhdhúile eile nítrigine, nó | ||
(c) mona-ocsaíd carbóin, nó | ||
(d) comhdhúile orgánacha, nó | ||
(e) miotail throma agus a gcomhdhúile, nó | ||
(f) snáithíní aispeiste, snáithíní gloine nó snáithíní mianrúla, nó | ||
(g) clóirín agus a chomhdhúile, nó | ||
(h) fluairín agus a chomhdhúile. |