An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Gléasra Tionscail a Cheadúnú) Ar Aghaidh (CUID V Pleananna Bainisteoireachta Aercháilíochta agus Caighdeáin Aercháilíochta)

6 1987

AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987

CUID IV

Limistéir faoi Rialú Speisialta

Limistéir faoi rialú speisialta.

39. —(1) Aon uair a dhealraíonn sé d'údarás áitiúil gur chóir, d'fhonn truailliú aeir a chosc nó a theorannú, a dhearbhú maidir le hiomlán a limistéir feidhme nó aon chuid de gur limistéar faoi rialú speisialta é, féadfaidh sé ordú a dhéanamh faoin alt seo (dá ngairtear “ordú um limistéar faoi rialú speisialta” san Acht seo).

(2) Nuair a bheidh údarás áitiúil ag cinneadh an gá nó an fóirsteanach ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh i ndáil le haon limistéar, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) minicíocht an truaillithe aeir sa limistéar agus an chúis atá leis, agus

(b) aon phlean bainisteoireachta aercháilíochta a bheidh i bhfeidhm i ndáil leis an limistéar, agus

(c) aon chaighdeán aercháilíochta iomchuí, agus

(d) na deiseanna is gá chun an t-ordú a chomhlíonadh a bheith ar fáil, agus

(e) an caiteachas a thabhófaí ag comhlíonadh an ordaithe.

(3) Sonrófar in ordú um limistéar faoi rialú speisialta—

(a) an limistéar lena mbaineann sé,

(b) an truailleán a mbaineann sé leis, agus

(c) na bearta a bheidh le déanamh agus na ceanglais a mbeidh éifeacht leo sa limistéar lena mbaineann an t-ordú.

(4) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur fóirsteanach déanamh amhlaidh d'fhonn truailliú aeir a chosc nó a theorannú, ag féachaint d'fhorálacha mhíreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (2), treoir a thabhairt d'údarás áitiúil ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh i ndáil le cibé limistéar agus cibé truailleán a bheidh sonraithe sa treoir agus féadfaidh an tAire, más cuí leis, treoir bhreise a thabhairt gur chóir a shonrú leis an ordú go ndéanfar bearta áirithe agus go mbeidh éifeacht le ceanglais áirithe sa limistéar sin agus comhlíonfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann aon treoir de chuid an Aire a thabharfar faoin bhfo-alt seo laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treoir.

(5) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú aon údaráis áitiúil eile lena mbaineann, ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh i ndáil le limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis eile.

(6) (a) Faoi réir mhí (b), féadfaidh údarás áitiúil, le hordú faoi fho-alt (1), ordú um limistéar faoi rialú speisialta a chúlghairm nó a leasú.

(b) Ní fhéadfaidh údarás áitiúil ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanfar de bhun treorach ón Aire faoi fho-alt (4) a chúlghairm nó a leasú ach amháin le toiliú an Aire.

(7) Déanfaidh údarás áitiúil, ó am go ham agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana, gach ordú um limistéar faoi rialú speisialta a rinne sé, agus a bheidh fós i ngníomh, a athbhreithniú d'fhonn a chinneadh an gá nó an inmhianaithe an t-ordú a chúlghairm nó a leasú.

(8) Is feidhm fhorchoimeádta a bheidh ann ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh, a chúlghairm nó a leasú agus toiliú a thabhairt faoi fho-alt (5) le hordú den sórt sin a dhéanamh.

Orduithe um limistéar faoi rialú speisialta.

40. —(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 39 (3), féadfar foráil a dhéanamh le hordú um limistéar faoi rialú speisialta le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a) toirmeasc a chur, faoi réir cibé eisceachtaí nó teorainneacha a shonrófar, ar thruailleán sonraithe a astú ó aicmí nó ó thuairiscí sonraithe áitreabh;

(b) toirmeasc a chur, faoi réir cibé eisceachtaí nó teorainneacha a shonrófar, ar aon bhreosla seachas breosla údaraithe a dhó seachas i dtinteán údaraithe;

(c) toirmeasc a chur, faoi réir cibé eisceachtaí nó teorainneacha a shonrófar, ar thuí, fuíoll nó aon substaint eile a dhó;

(d) forálacha éagsúla a dhéanamh, ag féachaint do na himthosca go léir, le haghaidh codanna éagsúla den limistéar lena mbaineann an t-ordú agus le haghaidh áitreabh éagsúil nó aicmí éagsúla áitreabh;

(e) cibé áitribh nó cibé aicmí áitreabh a shonrófar, a dhíolmhú, fara nó d'uireasa coinníollacha, ó cheanglais uile an ordaithe nó ó aon cheanglais acu;

(f) cibé tinteáin nó cibé aicmí tinteán a shonrófar, a dhíolmhú, fara nó d'uireasa coinníollacha, ó cheanglais uile an ordaithe nó ó aon cheanglais acu;

(g) na cineálacha nó na cáilíochtaí breoslaí a shonrú a dhófar nó nach ndófar i cibé tinteáin nó aicmí tinteán a shonrófar;

(h) na coinníollacha a shonrú ar faoina réir, nó na críocha a shonrú ar lena n-aghaidh, a fhéadfar breoslaí nó aicmí breoslaí sonraithe a dhó sa limistéar faoi rialú speisialta;

(i) toirmeasc a chur ar cibé oibríochtaí nó próisis a bheidh sonraithe a sheoladh sa limistéar faoi rialú speisialta nó an seoladh sin a theorannú nó na coinníollacha a shonrú a bhféadfar na hoibríochtaí nó na próisis sin a sheoladh fúthu;

(j) toirmeasc nó srianadh a chur ar bhreoslaí sonraithe nó ar aicmí breoslaí sonraithe a dhíol nó a sheachadadh i limistéar faoi rialú speisialta.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú maidir le haon aicme áirithe tinteán gur tinteán údaraithe chun críocha ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bheidh ann, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar sna rialacháin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú maidir le haon chineál áirithe breosla gur breosla údaraithe é chun críocha ordú um limistéar faoi rialú speisialta.

(4) Aon duine a sháróidh aon fhoráil de chuid ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bheidh i ngníomh beidh sé ciontach i gcion.

(5) In aon imeachtaí maidir le sárú ar ordú um limistéar faoi rialú speisialta agus lena mbaineann astaíocht truailleáin, is cosaint mhaith é a shuíomh—

(a) nárbh é ba chúis le hastaíocht an truailleáin breosla seachas breosla údaraithe a úsáid;

(b) gurbh é ba chúis le hastaíocht an truailleáin breosla seachas breosla údaraithe a dhó i dtinteán údaraithe de réir na gcoinníollacha (más ann) ar faoina réir a dearbhaíodh gur tinteán údaraithe an tinteán.

Ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingniú.

41. —(1) A luaithe is féidir tar éis d'údarás áitiúil ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh, foilseoidh sé, i nuachtán nó i nuachtafada/>in a bheidh i gcúrsaíocht sa limistéar lena mbaineann an t-ordú, fógra—

(a) á rá go ndearnadh ordú um limistéar faoi rialú speisialta agus a shonróidh an limistéar lena mbaineann an t-ordú;

(b) ag ainmniú áite ina bhféadfaidh aon duine leasmhar cóip den ordú agus aon léarscáil nó plean dá dtagraítear ann a iniúchadh saor in aisce;

(c) a shonróidh na tráthanna agus an tréimhse, is tréimhse míosa ar a laghad, ar lena linn a fhéadfar an t-ordú, an léarscáil agus an plean (más ann) a iniúchadh amhlaidh;

(d) a shonróidh an tréimhse, is tréimhse míosa ar a laghad, ar laistigh di a fhéadfaidh aon duine ar a bhfearann an -ordú agóidí a dhéanamh ina choinne agus an modh ar a bhféadfaidh duine den sórt sin agóidí a dhéanamh amhlaidh;

(e) á rá nach dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh go dtí go ndaingneoidh an tAire é;

(f) á rá go ndéanfaidh an tAire, sa chás go ndéanfar agóidí go cuí in aghaidh an ordaithe agus nach dtarraingeofar siar iad, a chur faoi deara, sula ndaingneoidh sé an t-ordú nó sula ndiúltóidh sé é a dhaingniú, éisteacht ó bhéal a thionól ina dtabharfar an deis éisteacht a fháil d'aon duine a mbeidh, laistigh den tréimhse a sonraíodh san fhógra, agóid déanta aige in aghaidh an ordaithe.

(2) A luaithe is féidir tar éis don tréimhse chun agóidí a dhéanamh a bheith caite, déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a tharchur chuig an Aire lena dhaingniú agus, nuair a bheidh sé ag tarchur an ordaithe amhlaidh, tarchuirfidh sé chuig an Aire freisin aon agóidí a rinneadh laistigh den tréimhse shonraithe agus nach mbeidh tarraingthe siar.

(3) I gcás nach mbeidh aon agóidí déanta, laistigh den tréimhse shonraithe, in aghaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh nó i gcás gach agóid den sórt sin a bheith tarraingthe siar, féadfaidh an tAire—

(a) an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingniú le hordú, fara nó d'uireasa modhnuithe, nó

(b) diúltú an t-ordú a dhaingniú, nó

(c) más dóigh leis go bhfuil sé inmhianaithe sin a dhéanamh, a chur faoi deara éisteacht ó bhéal a thionól i ndáil leis an ordú sula ndaingneoidh sé an t-ordú nó sula ndiúltóidh sé é a dhaingniú.

(4) I gcás agóidí a bheith déanta, laistigh den tréimhse shonraithe, in aghaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh agus nach mbeidh na hagóidí sin tarraingthe siar cuirfidh an tAire faoi deara éisteacht ó bhéal a thionól i ndáil leis an ordú agus tabharfaidh sé deis do gach duine a rinne agóid go cuí in aghaidh an ordaithe éisteacht a fháil.

(5) Nuair a bheidh tuarascáil (lena n-áirítear aon mholadh inti) an duine a thionól an éisteacht ó bhéal breithnithe ag an Aire, féadfaidh sé, le hordú, an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingniú, fara nó d'uireasa modhnuithe, nó féadfaidh sé diúltú é a dhaingniú.

(6) Nuair a bheidh an tAire ag cinneadh cibé acu a dhaingneoidh sé ordú um limistéar faoi rialú speisialta nó nach ndaingneoidh, beidh aird aige ar fhorálacha mhíreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'alt 39 (2).

(7) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo ag daingniú ordú um limistéar faoi rialú speisialta sonróidh sé dáta, nach déanaí ná sé mhí tar éis dháta déanta an ordaithe daingniúcháin, ar a dtiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh: ar choinníoll i gcónaí maidir leis an dáta a bheidh sonraithe amhlaidh i ndáil le hordú um limistéar faoi rialú speisialta—

(a) a chúlghaireann ordú um limistéar faoi rialú speisialta roimhe sin, nó

(b) a dhíolmhaíonn limistéir shonraithe nó foirgnimh shonraithe nó aicmí sonraithe foirgneamh ó gach ceann nó ó aon cheann de cheanglais an ordaithe um limistéar faoi rialú speisialta,

go bhféadfadh gurb ionann an dáta sin agus dáta déanta an ordaithe daingniúcháin nó aon dáta tar éis an dáta sin.

(8) Déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann fógra i dtaobh ordú a dhéanamh ag daingniú ordú um limistéar faoi rialú speisialta agus i dtaobh an dáta a thiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh a fhoilsiú, a thabhairt nó a sheirbheáil i cibé slí a ordóidh an tAire.

Éisteachtaí ó bhéal.

42. —(1) Is duine arna cheapadh ag an Aire chun na críche sin a stiúrfaidh éisteacht ó bhéal i ndáil le hordú um limistéar faoi rialú speisialta a thionólfar de bhun alt 41 (3) nó (4).

(2) Féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal a cheangal ar aon oifigeach de chuid údaráis áitiúil lena mbaineann aon fhaisnéis a éileoidh sé go réasúnach chun críche na héisteachta a thabhairt dó agus beidh sé mar dhualgas ar an oifigeach lena mbaineann déanamh de réir an cheanglais.

(3) (a) Féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal cuairt a thabhairt ar áitreabh agus é a iniúchadh chun aon chríche is dóigh leis is gá i ndáil leis an ordú um limistéar faoi rialú speisialta arb é is ábhar don éisteacht.

(b) Beidh aon duine ciontach i gcion a bhacfaidh feidhmiú cumhachta a thugtar leis an bhfo-alt seo.

(4) Féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus féadfaidh sé chun na críche sin daoine a chur faoi mhionn, agus beidh duine a bheidh ag tabhairt fianaise i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(5) (a) Faoi réir mhír (b), féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin chuig duine ar bith, a cheangal ar an duine sin freastal cibé tráth agus ionad a bheidh sonraithe san fhógra chun fianaise a thabhairt i ndáil le haon ábhar a bheidh i gceist ag an éisteacht nó aon leabhair, gníomhais, conarthaí, léarscáileanna, pleananna, nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a bheidh ina sheilbh, faoina choimeád nó faoina rialú agus a bhaineann le haon ábhar den sórt sin.

(b) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha na míre sin roimhe seo:

(i) ní gá do dhuine freastal de réir fógra in ionad a bheidh níos mó ná deich míle slí óna ghnáth-áit chónaithe mura mbeifear tar éis cibé suim a chlúdóidh na costais réasúnacha agus riachtanacha a bhaineann leis an bhfreastal a íoc leis nó a thairiscint dó;

(ii) déanfaidh an t-údarás áitiúil, ar iarratas ón duine a bheidh ag stiúradh na héisteachta ó bhéal, cibé suim a íoc le haon duine nó a thairiscint d'aon duine a gceanglaítear air freastal is suim a mheasfaidh an duine a bheidh ag stiúradh na héisteachta a chlúdóidh na costais réasúnacha agus riachtanacha a bhaineann leis an bhfreastal;

(iii) maidir le haon duine a d'fhreastail de réir fógra ar aon áit déanfaidh an t-údarás áitiúil, ach amháin sa mhéid gur íocadh leis cheana na costais réasúnacha agus riachtanacha a bhain leis an bhfreastal, na costais sin a íoc leis, agus beidh na costais sin ach amháin mar a dúradh, mura n-íocfar amhlaidh iad, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla;

(iv) gach duine dár tugadh fógra agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil freastal de réir an fhógra nó a dhéanfaidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a athrú, a cheilt, a fholú nó a scriosadh nó tar éis dó freastal amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás go ndéanfar éisteacht ó bhéal a stiúradh thar ceann an Aire faoin Acht seo ag duine a bheidh arna cheapadh chun na críche ag an Aire, tabharfaidh an duine a bheidh ceaptha amhlaidh don Aire tuarascáil i scríbhinn ar an éisteacht agus áireoidh sé ina thuarascáil moladh i dtaobh an ábhair lenar bhain an éisteacht.

Ordú um limistéar faoi rialú speisialta a mhaolú nó a fhionraí.

43. —(1) Más rud é, tráth ar bith, gur dóigh leis an Aire gur gá sin a dhéanamh, féadfaidh sé, le hordú, oibriú ordaithe um limistéar faoi rialú speisialta a fhionraí nó a mhaolú i ndáil le hiomlán limistéir faoi rialú speisialta nó i ndáil le haon chuid de, go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1), rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbaineann, ach amháin sa chás nárbh fhéidir dul i gcomhairle amhlaidh de bharr phráinn na hócáide.

(3) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(4) Ní mór d'údarás áitiúil fógra a fhoilsiú ar cibé modh a ordóidh an tAire, á rá go ndearnadh ordú faoin alt seo.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal athruithe a dhéanamh ar áitribh.

44. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an duine ar dóigh leis gurb é is úinéir nó áititheoir ar áitreabh—

(a) atá laistigh de limistéar faoi rialú speisialta, nó

(b) a bheidh, nuair a thiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingnigh an tAire i ngníomh, laistigh de limistéar den sórt sin,

a cheangal ar úinéir nó áititheoir an áitribh cibé athruithe ar an áitreabh a dhéanamh a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Maidir le fógra faoi fho-alt (1)—

(a) sonrófar ann na hoibreacha is dóigh leis an údarás áitiúil a bheith riachtanach chun go gcomhlíonfar an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta;

(b) ordóidh sé don duine ar a seirbheálfar an fógra cibé oibreacha a bheidh sonraithe san fhógra a sheoladh nó a chur faoi deara iad a sheoladh;

(c) sonrófar ann tréimhse (is tréimhse nach giorra ná ocht lá is fiche dar tús dáta seirbheála an fhógra agus dar críoch tráth nach luaithe ná an dáta a thiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh) ar laistigh di a bheidh na hoibreacha sin le cur i gcrích;

(d) sonrófar ann go bhféadfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra uiríll i scríbhinn i ndáil le téarmaí an fhógra a dhéanamh chun an údaráis áitiúil laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra.

(3) Ní mór don údarás áitiúil breithniú a dhéanamh ar aon uiríll a dhéanfar chuige go cuí laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus más dóigh leis, tar éis dó na huiríll sin a bhreithniú, go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé an fógra a leasú nó a chúlghairm.

(4) Ní mór do dhuine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo ceanglais an fhógra nó, de réir mar a bheidh, ceanglais an fhógra arna leasú a chomhlíonadh laistigh den tréimhse shonraithe.

(5) I gcás nach ndéanfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo ceanglais an fhógra nó, de réir mar a bheidh, ceanglais an fhógra arna leasú, a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a sonraíodh, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra cibé bearta a dhéanamh is dóigh leis a bheith réasúnach agus riachtanach chun an comhlíonadh sin a urrú.

(6) Féadfaidh údarás áitiúil aon chaiteachais a tabhaíodh de bhíthin fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le fo-alt (5) a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Cúnamh airgid le haghaidh oibreacha áirithe.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun cúnamh airgid a thabhairt i ndáil le hiomlán na gcostas, nó i ndáil le haon chuid de na costais, a thabhóidh úinéir nó áititheoir áitribh a bheidh suite laistigh de limistéar faoi rialú speisialta chun go gcomhlíonfaidh an t-áitreabh ceanglais ordaithe um limistéar faoi rialú speisialta nó fógra faoi alt 44.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le scéim faoin alt seo:

(a) féadfar a fhoráil le scéim den sórt sin go ndéanfaidh údarás áitiúil nó cibé duine nó comhlacht eile (lena n-áirítear an tAire) a shonrófar sa scéim í a riaradh go hiomlán nó go páirteach;

(b) féadfar a fhoráil le scéim den sórt sin go gcinnfidh an tAire nó aon duine eile (lena n-áirítear eadránaí) aon díospóid a éireoidh maidir le teideal aon duine chun aon chúnaimh airgid is iníoctha faoin scéim nó maidir le méid aon chúnaimh airgid den sórt sin;

(c) foilseofar fógra ar cibé modh is dóigh leis an Aire is iomchuí á rá go ndearnadh scéim den sórt sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a rinne sé faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.