3 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1987


AN tACHT SLÁINTE (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Seirbhísí d'othair sheachtracha.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 1987


AN tACHT SLÁINTE (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 56 DEN ACHT SLÁINTE, 1970 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOL-MHARA. [11 Aibreán, 1987].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Seirbhísí d'othair sheachtracha.

1. —Leasaítear leis seo alt 56 den Acht Sláinte, 1970 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (5):

“(2) Déanfaidh bord sláinte, faoi réir aon rialachán a bhaineann leis na seirbhísí faoin alt seo a dhéanfar de bhua fho-alt (5), seirbhísí d'othair sheachtracha a chur ar fáil do dhaoine ag a bhfuil láncháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.

(3) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí i leith galar agus míchumas buan nó fada a fhorordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí i leith éalaingí a tugadh faoi deara le linn scrúdú sláinte a sheolfar de bhun na seirbhíse a sholáthraítear faoi alt 66.

(5) (a) Féadfaidh rialacháin i ndáil leis na seirbhísí faoin alt seo—

(i) foráil a dhéanamh chun muirir a fhorchur as seirbhísí d'othair sheachtracha lena n-áirítear aon druga, íoc nó ullmhóid eile a thabhairt, in imthosca sonraithe, le haghaidh daoine nach daoine ag a bhfuil láncháilíocht agus nach leanaí a shonraítear i bhfo-alt (3) nó (4), agus

(ii) méideanna nó méideanna uasta na muirear sin a shonrú agus, más cuí leis an Aire, méideanna difriúla a shonrú maidir le seirbhísí difriúla nó maidir le seirbhísí arna soláthar in imthosca difriúla nó d'aicmí difriúla daoine (agus na himthosca agus na haicmí a ainmniú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe a chinnfidh an tAire).

(b) Maidir le rialacháin a bhaineann leis na nithe a shonraítear i mír (a) féadfaidh cibé forálacha coimhdeacha nó forlíontacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach, lena n-áirítear forálacha maidir le muirir a fhorchuirtear leis na rialacháin a bhailiú agus a dhiúscairt.

(c) Ní dhéanfar rialacháin a bhaineann leis na nithe a shonraítear i mír (a) gan toiliú an Aire Airgeadais.”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 to 1987, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1985, agus den Acht seo le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1985, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.