An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOIMISIÚN SRÁIDEANNA CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Forálacha a Bhaineann le Scéim Feabhsúcháin)

30 1986

AN tACHT UM CHOIMISIÚN SRÁIDEANNA CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986

AN CHÉAD SCEIDEAL

Tuairisc ar an Lár-Limistéar Cathrach

Alt 2.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “déanmhas” aon fhoirgneamh, tógáil, déanmhas, tochailt nó ní eile atá foirgnithe, tógtha, nó déanta ar aon talamh, in aon talamh, nó faoi aon talamh, nó aon chuid de dhéanmhas arna mhíniú amhlaidh, agus, i gcás go gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé an talamh ar uirthi, inti nó fúithi atá an déanmhas suite;

folaíonn “mórbhealach” stuara, droichead, cúirt, faiche, bóithrín, plás, cé, rae, sráid, siúlán agus clós.

2. Déanfar tagairt sa Sceideal seo d'acomhal mórbhealaigh le mórbhealach eile a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfaí líne arna tarraingt feadh lár ceann amháin acu a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh lár an chinn eile nó don phointe mar a mbuailfidís le chéile.

3. Is é a bheidh sa Lár-Limistéar Cathrach na mórbhealaí sin nó na codanna de na mórbhealaí sin a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an mír seo mar aon leis na déanmhais agus an talamh eile ar aghaidh na mórbhealaí nó na gCodanna de na mórbhealaí sin.

AN TÁBLA

Rae Uí Chíobháin;

Sráid Parnell, óna hacomhal le Cearnóg Parnell Thiar go dtína hacomhal le Plás Parnell;

Sráid Uí Chonaill Uachtarach;

Sráid Uí Chonaill Íochtarach;

Sráid Chathail Brugha;

Plás Fhinnléatair;

Sráid na hArd-Eaglaise;

Sráid an Iarla Thuaidh;

Sráid an Phrionsa Thuaidh, óna hacomhal le Sráid Uí Chonaill Íochtarach go dtína hacomhal leis an stuara ar chúl Ard-Oifig an Phoist;

Plás Saicbhil;

Sráid Mheáin na Mainistreach, óna hacomhal le Sráid Uí Chonaill Íochtarach go dtína hacomhal le Lána Liam;

Sráid na Mainistreach Íochtarach, óna hacomhal le Sráid Uí Chonaill Íochtarach go dtína hacomhal le Sráid Maoilbhríde;

Siúlán Bhaitsiléara, óna acomhal le Sráid Uí Chonaill Íochtarach go dtína acomhal le Lána Leatán;

Cé Éidin, óna hacomhal le Sráid Uí Chonaill Íochtarach go dtína hacomhal le Sráid Maoilbhríde;

Droichead Uí Chonaill;

Cé Astúin, óna hacomhal le Sráid an Fheistí go dtína hacomhal le Plás Astúin;

Cé Buirg, óna hacomhal le Sráid D'Olier go dtína hacomhal le Sráid Háicín;

Sráid an Fheistí;

Sráid D'Olier;

Sráid na Tuinne, óna hacomhal le Plás Astúin go dtína hacomhal le Sráid D'Olier;

Sráid an Choláiste;

Faiche an Choláiste;

Plás Foster Theas;

Lána an Teampaill;

Sráid Suffolk;

Sráid Grafton;

Sráid Thobar Phádraig, óna hacomhal le Sráid Grafton go dtína hacomhal le Sráid Dásain;

Sráid Chill Mhantáin, óna hacomhal le Sráid Grafton go dtína hacomhal le Sráid Clarendon;

An stuara idir uimhir 13 agus uimhir 14 Sráid Grafton;

Sráid an Diúic;

Lána an Diúic;

Lána an Diúic Uachtarach;

Sráid Leimion;

Sráid Anna Theas;

Lána Anna;

Cúirt Mhic Eoin;

Sráid Hearaí;

Macha na hEala;

Sráid Bhalbh;

Lána Chatham;

Sráid Chatham, óna hacomhal le Sráid Grafton go dtína hacomhal le Sráid Clarendon; agus

Lána Tangier.