An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Binsí) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL)

29 1986

ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA (GEARÁIN), 1986

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An Bord Achomhairc um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána

Alt 10.

1. (1) Is iad a bheidh ar an mBord Achomhairc cathaoirleach agus beirt ghnáthchomhaltaí.

(2) Is é an Rialtas a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc ó am go ham de réir mar is gá sa chás agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh siad i seilbh oifige de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Rialtas.

(3) Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige comhalta den Bhord Achomhairc agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh comhalta den Bhord Achomhairc in-athcheaptha mar chomhalta den sórt sin.

(4) (a) Is breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord Achomhairc agus is abhcóide cleachtach, nó aturnae cleachtach, a bhfuil seasamh deich mbliana ar a laghad aige, a bheidh i nduine amháin ar a laghad de ghnáthchomhaltaí an Bhoird Achomhairc.

(b) Má scoireann cathaoirleach an Bhoird Achomhairc le linn a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin de bheith ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda nó más rud é, maidir le gnáthchomhalta den Bhord Achomhairc ar abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach é tráth a cheaptha, go scoireann sé, le linn a théarma oifige mar chomhalta den sórt sin, de bheith ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach, scoirfidh sé air sin, i gcás cathaoirleach den sórt sin, de bheith ina chathaoirleach den sórt sin agus de bheith ina chomhalta den Bhord Achomhairc agus, i gcás gnáthchomhalta den sórt sin, de bheith ina chomhalta den Bhord Achomhairc.

(c) Ní áireofar ar chomhaltaí an Bhoird Achomhairc aon duine is comhalta den Gharda Síochána nó aon duine a bhíodh ina chomhalta den Gharda Síochána.

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord Achomhairc éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin tráth ar bith trí litir a sheolfar chuig Rúnaí an Rialtais agus beidh éifeacht leis an éirí-as ar an agus ón dáta a gheofar an litir.

(6) I gcás go scoirfidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc le linn a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin de bheith ina chomhalta den Bhord Achomhairc, scoirfidh sé freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBord Achomhairc.

(7) Beidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin go dtí go rachaidh a théarma oifige mar chomhalta den Bhord Achomhairc in éag, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach.

(8) I gcás go n-éireoidh corrfholúntas i measc chomhaltaí an Bhoird Achomhairc, déanfaidh an Rialtas, a luaithe is féidir, cibé bearta is gá chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadh i seilbh oifige ar feadh a bhfuil gan chaitheamh den téarma oifige dár ceapadh a réamhtheachtaí.

(9) Íocfar le comhaltaí den Bhord Achomhairc (seachas leis an gcathaoirleach) cibé luach saothair (más ann), agus íocfar le comhaltaí den Bhord Achomhairc cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ó am go ham.

(10) Féadfaidh an Rialtas aon chomhalta den Bhord Achomhairc a chur as oifig, má bhíonn sé, i dtuairim an Aire, neamhinniúil de dheasca drochshláinte ar a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach nó má mhí-iompair sé é féin mar a bheidh luaite.

2. (1) Tionólfaidh an Bord Achomhairc suíonna agus féadfaidh sé, ag na suíonna sin, aighneachtaí ó na daoine lena mbaineann (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó thar a gceann agus cibé fianaise (más ann) is cuí leis, a ghlacadh.

(2) Is go príobháideach a thionólfar suíonna den Bhord Achomhairc.

3. (1) Comhalta a bheartaíonn achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh de chuid binse, ní mór dó, laistigh de lá is fiche ón dáta a fógraíodh an cinneadh, scéala a thabhairt i scríbhinn don Bhord Achomhairc go bhfuil sé i gceist aige achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh agus sonróidh sé sa scéala an cinneadh lena mbaineann an t-achomharc.

(2) Cuirfidh an Bord Achomhairc faoi deara cóip den taifead a rinneadh de bhun mhír 12 (k) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar imeachtaí binse a bhfuil achomharc á thabhairt ag comhalta i gcoinne a chinnidh a thabhairt don chomhalta lena mbaineann 21 lá ar a laghad sula dtosóidh éisteacht an achomhairc.

(3) Beidh achomharc chun an Bhoird Achomhairc bunaithe ar an taifead sin a dúradh ar imeachtaí an bhinse a mbaineann an t-achomharc lena chinneadh, ar cibé fianaise (más ann), seachas an fhianaise lena mbaineann an taifead sin a dúradh, is cuí leis an mBord Achomhairc agus ar aon tagairtí de chuid an bhinse sin a bhaineann le haon ábhar a éiríonn as an taifead sin a dúradh agus a iarrann an Bord Achomhairc ar an mbinse a thabhairt.

(4) Féadfaidh comhalta, tráth ar bith sula dtosóidh éisteacht achomhairc a rinne sé, an t-achomharc ina iomláine nó cuid de a tharraingt siar trí scéala a thabhairt don Bhord Achomhairc i scríbhinn go bhfuil sé i gceist aige sin a dhéanamh agus sonróidh sé sa scéala an cinneadh nó na cinntí lena mbaineann an tarraingt siar.

(5) Nuair a gheobhaidh an Bord Achomhairc scéala faoi fhomhír (1) nó (4) den mhír seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, an scéala agus an cinneadh nó na cinntí lena mbaineann sé a chur i bhfios don Choimisinéir, don ghearánaí agus don Bhord agus i gcás gur cinneadh é gur chóir comhalta is airde céim ná cigire a bhriseadh as an nGarda Síochána, cuirfidh sé an scéala agus an cinneadh lena mbaineann sé i bhfios don Aire freisin agus cuirfidh seisean faoi deara an céanna a chur i bhfios don Rialtas.

4. Beidh finné ar tugadh a fhianaise nó a bhfuil a fhianaise á tabhairt nó le tabhairt os comhair an Bhoird Achomhairc i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna a bheadh ag finné i gcúirt.

5. Féadfaidh gur cinneadh ag tromlach a chomhaltaí cinneadh ag an mBord Achomhairc.

6. Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird Achomhairc—

(a) ordú i scríbhinn a thabhairt don chomhalta lena mbaineann freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta, ag am agus in áit a bheidh sonraithe san ordú,

(b) ordú i scríbhinn a thabhairt d'aon duine eile a dteastaíonn a fhianaise ón mBord Achomhairc freastal os comhair an Bhoird Achomhairc ar dháta, ag am agus in áit a bheidh sonraithe san ordú agus fianaise a thabhairt ansin, agus aon doiciméad nó ní a bheidh ina sheilbh nó faoina urláimh agus a bheidh sonraithe san ordú a thabhairt ar aird,

(c) a ordú don duine eile sin aon doiciméad nó ní sonraithe a bheidh ina sheilbh nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Bhord Achomhairc,

(d) cibé orduithe eile a thabhairt chun críche na n-imeachtaí is dóigh leis a bheith réasúnach agus cóir.

7. Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas caiteachais réasúnacha finnéithe a dtugtar ordú dóibh faoi mhír 6 den Sceideal seo freastal os comhair an Bhoird Achomhairc.

8. Más rud é—

(a) gur tugadh ordú do dhuine faoin mír sin 6 freastal os comhair an Bhoird Achomhairc agus, i gcás duine (seachas comhalta den Gharda Síochána) ar tugadh ordú dó amhlaidh faoi fhomhír (b) den mhír sin, gur tairgeadh aon suim dó i leith na gcaiteachas a bhain lena fhreastal ar suim í a mbeadh finné a thoghairfí chun freastal os comhair na Cúirte Dúiche i dteideal í a thairiscint dó, agus go mainníonn sé, gan cúis ná leithscéal cóir, déanamh de réir an ordaithe,

(b) go mbíonn duine ag freastal os comhair an Bhoird Achomhairc de bhun ordú faoin bhfomhír sin (b), agus go ndiúltíonn sé an mionn a ghlacadh ar an mBord Achomhairc dá cheangal air é sin a dhéanamh, nó go ndiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a dteastaíonn freagra uirthi go dleathach ón mBord Achomhairc,

(c) go mainníonn duine, gan cúis ná leithscéal cóir, déanamh de réir ordú faoi fhomhír (b) den mhír sin 6 i ndáil le fianaise a thabhairt nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird nó déanamh de réir ordú faoi fhomhír (c) nó (d) den mhír sin 6, nó

(d) go ndéanann duine aon ní eile i ndáil leis na himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc ar dhíspeagadh cúirte é dá ndéanfadh finné i gcúirt é i ndáil le himeachtaí os comhair na cúirte sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

9. Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Bhoird Achomhairc in imthosca ina mbeadh sé ciontach i mionnú éithigh dá mba gur os comhair cúirte a thabharfadh sé an fhianaise, beidh sé ciontach sa chion sin.

10. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta a bheidh ag an mBord Achomhairc cibé nós imeachta a chinnfidh an Bord Achomhairc le rialacha a dhéanfaidh sé le toiliú an Aire agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, déanfaidh na rialacha foráil le haghaidh na nithe seo a leanas—

(a) scéala faoi dháta, am agus ionad shuí iomchuí an Bhoird Achomhairc a thabhairt don ghearánaí, don chomhalta lena mbaineann agus don phríomhfheidhmeannach,

(b) gur féidir leis an gcomhalta lena mbaineann agus leis an ngearánaí a bheith i láthair ag suí iomchuí an Bhoird Achomhairc agus gur féidir leis an gcomhalta lena mbaineann a chás a chur i láthair an Bhoird Achomhairc go pearsanta nó trí chomhalta eile nó trí ionadaí dlíthiúil,

(c) achoimre i scríbhinn ar na haighneachtaí a bheartaíonn an príomhfheidhmeannach agus an comhalta lena mbaineann a dhéanamh, nó a bheartaítear a dhéanamh thar a gceann, chun an Bhoird Achomhairc, a thabhairt don Bhord Achomhairc, má iarrann sé sin, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san iarraidh,

(d) finnéithe os comhair an Bhoird Achomhairc a cheistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile de réir mar a chinnfidh an Bord Achomhairc) ag an mBord Achomhairc,

(e) finnéithe os comhair an Bhoird Achomhairc a cheistiú agus a chroscheistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile de réir mar a chinnfidh an Bord Achomhairc) ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag an gcomhalta lena mbaineann nó thar a gceann,

(f) an Bord Achomhairc do chinneadh an cóir fianaise os comhair an Bhoird Achomhairc a thabhairt faoi mhionn,

(g) cathaoirleach an Bhoird Achomhairc do chur finnéithe os comhair an Bhoird Achomhairc faoi mhionn,

(h) cinneadh nó cinntí an Bhoird Achomhairc i ndáil le hachomharc a fhógairt ag suí de chuid an Bhoird Achomhairc, agus

(i) taifead dóthanach a dhéanamh ar imeachtaí an Bhoird Achomhairc.