An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL An Bord um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL An Bord Achomhairc um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána)

29 1986

ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA (GEARÁIN), 1986

AN DARA SCEIDEAL

Binsí

Alt 8.

1. (a) Triúr a bheidh ar bhinse.

(b) I gcás beirt de chomhaltaí an bhinse, is comhaltaí den Bhord a bheidh iontu (seachas an comhalta den Gharda Síochána is comhalta den Bhord) nach raibh baint acu leis an ábhar a tarchuireadh chuig an mbinse agus is abhcóide cleachtach, nó aturnae cleachtach, a bhfuil seasamh deich mbliana ar a laghad aige a bheidh i nduine amháin acusan ar a laghad.

(c) Maidir leis an tríú comhalta den bhinse, is comhalta den Gharda Síochána (seachas an comhalta den Gharda Síochána is comhalta den Bhord) a bheidh ann, faoi réir mhír 2 (4) (d) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus is comhalta é—

(i) nach ísle céim ná príomhcheannfort,

(ii) nach raibh bainteach le himscrúdú an ábhair a tarchuireadh chuig an mbinse, agus

(iii) a bheidh ainmnithe chuige sin ag an gCoimisinéir.

2. Is é a bheidh ina chathaoirleach ar bhinse cibé comhalta den bhinse a chinnfidh tromlach a chomhaltaí.

3. (a) Féadfaidh an Bord comhalta den Bhord (seachas an comhalta den Gharda Síochána is comhalta den Bhord) nach raibh bainteach leis an ábhar a tarchuireadh chuig an mbinse a cheapadh chun bheith ina chomhalta den bhinse le linn do chomhalta den bhinse (seachas an comhalta a bheidh ainmnithe ag an gCoimisinéir faoi mhír 1 den Sceideal seo) a bheith as láthair go sealadach.

(b) Féadfaidh an Bord comhalta den Gharda Síochána (seachas an comhalta den Gharda Síochána is comhalta den Bhord) is comhalta—

(i) nach ísle céim ná príomhcheannfort,

(ii) nach raibh bainteach le himscrúdú an ábhair a tarchuireadh chuig an mbinse, agus

(iii) a bheidh ainmnithe chuige sin ag an gCoimisinéir,

a cheapadh chun bheith ina chomhalta de bhinse le linn don chomhalta den bhinse a bheidh ainmnithe ag an gCoimisinéir faoi mhír 1 den Sceideal seo a bheith as láthair go sealadach.

4. (1) Tionólfaidh binse suíonna agus féadfaidh sé, ag na suíonna sin, fianaise a thógáil agus aighneachtaí a ghlacadh ó na daoine lena mbaineann (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó thar a gceann.

(2) Is go príobháideach a thionólfar suíonna binse.

5. I gcás ábhar a tharchur chuig binse faoi alt 7 (5) den Acht seo, is é an príomhfheidhmeannach a dhéanfaidh an cás i gcoinne an chomhalta lena mbaineann a chur i láthair an bhinse.

6. Beidh finné ar tugadh a fhianaise nó a bhfuil a fhianaise á tabhairt nó le tabhairt os comhair binse i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna a bheadh ag finné i gcúirt.

7. Féadfaidh gur cinneadh ag tromlach a chomhaltaí cinneadh ag binse.

8. Féadfaidh cathaoirleach binse—

(a) ordú i scríbhinn a thabhairt don chomhalta lena mbaineann freastal os comhair an bhinse ar dháta, ag am agus in ionad a bheidh sonraithe san ordú,

(b) ordú i scríbhinn a thabhairt d'aon duine eile a dteastaíonn a fhianaise ón mbinse freastal os comhair an bhinse ar dháta, ag am agus in ionad a bheidh sonraithe san ordú agus fianaise a thabhairt ann agus aon doiciméad nó ní a bheidh ina sheilbh nó faoina urláimh agus a bheidh sonraithe san ordú a thabhairt ar aird ann,

(c) a ordú don duine eile sin aon doiciméad nó ní sonraithe a bheidh ina sheilbh nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don bhinse,

(d) cibé orduithe eile a thabhairt chun críche na n-imeachtaí is dóigh leis a bheith réasúnach agus cóir.

9. Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas caiteachais réas únacha finnéithe a dtugtar ordú dóibh faoi mhír 8 den Sceideal seo freastal os comhair binse.

10. Más rud é—

(a) gur tugadh ordú do dhuine faoin mír sin 8 freastal os comhair binse agus, i gcás duine (seachas comhalta den Gharda Síochána) ar tugadh ordú dó amhlaidh faoi fhomhír (b) den mhír sin, gur tairgeadh aon suim dó i leith na gcaiteachas a bhain lena fhreastal ar suim í a mbeadh finné a thoghairfí chun freastal os comhair na Cúirte Dúiche i dteideal í a thairiscint dó agus go mainníonn sé, gan cúis ná leithscéal cóir, déanamh de réir an ordaithe,

(b) go mbíonn duine ag freastal os comhair binse de bhun ordú faoin bhfomhír sin (b), agus go ndiúltaíonn sé an mionn a ghlacadh ar an mbinse dá cheangal air é sin a dhéanamh nó go ndiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a dteastaíonn freagra uirthi go dleathach ón mbinse,

(c) go mainníonn duine gan cúis ná leithscéal cóir déanamh de réir ordú faoi fhomhír (b) den mhír sin 8 i ndáil le fianaise a thabhairt nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird nó déanamh de réir ordú faoi fhomhír (c) nó (d) den mhír sin 8, nó

(d) go ndéanann duine aon ní eile i ndáil leis na himeachtaí os comhair binse ar dhíspeagadh cúirte é dá ndéanfadh finné i gcúirt é i ndáil le himeachtaí os comhair na cúirte sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

11. Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair binse in imthosca ina mbeadh sé ciontach i mionnú éithigh dá mba gur os comhair cúirte a thabharfadh sé an fhianaise, beidh sé ciontach sa chion sin.

12. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta a bheidh ag binse cibé nós imeachta a chinnfidh an Bord le rialacha a dhéanfaidh sé le toiliú an Aire agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, déanfaidh na rialacha foráil le haghaidh na nithe seo a leanas—

(a) scéala faoi dháta, am agus ionad shuí iomchuí an bhinse a thabhairt don ghearánaí, don chomhalta lena mbaineann agus don phríomhfheidhmeannach,

(b) ráiteas i dtaobh an tsáraithe araíonachta nó na sáruithe araíonachta a líomhnaíodh a thabhairt don chomhalta lena mbaineann, mar aon le hainmneacha na bhfinnéithe a bheartaítear a ghairm chun fianaise a thabhairt os comhair an bhinse i ndáil leis an ngearán, cóip de gach ráiteas a bheartaítear a úsáid ag an mbinse agus léiriú i scríbhinn i dtaobh cineál agus foinse aon fhaisnéise i ndáil leis an ábhar a tháinig chun solais le linn don ghearán a bheith á imscrúdú, a d'fhéadfadh a bheith fabhrach don chomhalta lena mbaineann agus a bhféadfadh nach mbeadh eolas aige ina thaobh,

(c) gur féidir leis an gcomhalta lena mbaineann agus leis an ngearánaí a bheith i láthair ag suí iomchuí an bhinse agus gur féidir leis an gcomhalta lena mbaineann a chás a chur i láthair an bhinse go pearsanta nó trí chomhalta eile nó trí ionadaí dlíthiúil,

(d) gur féidir le ráitis scríofa a bheith inghlactha mar fhianaise ag an mbinse le toiliú an chomhalta lena mbaineann,

(e) maidir le haon síniú a bheidh ar dhoiciméad a thabharfar ar aird os comhair binse, gur féidir, in éagmais fianaise dá mhalairt, glacadh leis gurb é síniú an duine é a n-airbheartaíonn sé gurb é a shíniú é,

(f) finnéithe os comhair an bhinse a cheistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile de réir mar a chinnfidh an binse) ag an mbinse,

(g) finnéithe os comhair an bhinse a cheistiú agus a chroscheistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile de réir mar a chinnfidh an binse) ag an bpríomhfheidhmeannach agus ag an gcomhalta lena mbaineann nó thar a gceann,

(h) an binse do chinneadh an cóir fianaise ag an mbinse a thabhairt faoi mhionn,

(i) cathaoirleach an bhinse do chur finnéithe os comhair an bhinse faoi mhionn,

(j) cinneadh nó cinntí an bhinse i ndáil le hábhar a tarchuireadh chuige a fhógairt ag suí de chuid an bhinse, agus

(k) taifead dóthanach a dhéanamh ar imeachtaí an bhinse.