An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA (GEARÁIN), 1986) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Binsí)

29 1986

ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA (GEARÁIN), 1986

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Bord um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána

Alt 3.

1. (1) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm féin agus, le toiliú an Aire, beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh nó cearta ar thalamh nó i leith talaimh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(2) Beidh an Bord neamhspleách ag feidhmiú a fheidhmeanna.

2. (1) Is iad a bheidh ar an mBord cathaoirleach agus ochtar gnáthchomhaltaí.

(2) Is é an Rialtas a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird ó am go ham de réir mar is gá sa chás agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh siad i seilbh oifige de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Rialtas.

(3) Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige comhalta den Bhord agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh comhalta den Bhord inathcheaptha mar chomhalta den sórt sin.

(4)   (a) Déanfar triúr daoine ar a laghad ar abhcóide cleachtach nó aturnae cleachtach a bhfuil seasamh deich mbliana ar a laghad aige gach duine acu, a cheapadh chun bheith ina ngnáthchomhaltaí den Bhord agus má scoireann comhalta den sórt sin le linn a théarma oifige mar chomhalta den sórt sin de bheith ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach, de réir mar a bheidh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(b) (i) Déanfar an Coimisinéir nó cibé oifigeach eile den Gharda Síochána nach ísle céim ná coimisinéir cúnta a bheidh ainmnithe ag an gCoimisinéir a cheapadh mar ghnáthchomhalta den Bhord.

(ii) Más rud é, maidir leis an gcomhalta den Bhord arb é an Coimisinéir nó an t-oifigeach eile den Gharda Síochána nach ísle céim ná coimisinéir cúnta arna ainmniú chuige sin ag an gCoimisinéir é, go scoirfidh sé le linn a théarma oifige mar chomhalta den sórt sin de bheith ina Choimisinéir nó de chéim a bheith aige sa Gharda Síochána nach ísle céim ná coimisinéir cúnta, de réir mar a bheidh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(c) Ní bheidh ina chomhalta den Bhord aon duine ar comhalta nó ar chomhalta den Gharda Síochána é seachas an comhalta den Gharda Síochána a bheidh ceaptha faoi chlásal (b) den fhomhír seo chun bheith ina ghnáthchomhalta den Bhord.

(d) Má bhaineann gearán le hiompar leaschoimisinéara nó coimisinéara chúnta—

(i) gníomhóidh an Coimisinéir ar an mBord i ndáil le haon ghnó a bhaineann leis an ngearán in ionad aon leaschoimisinéara nó coimisinéara chúnta is comhalta den Bhord agus, d'ainneoin aon ní san Acht seo, measfar chun na críche sin gur comhalta den Bhord an Coimisinéir, agus

(ii) más rud é, ag éirí as an ngearán, go dtarchuirfidh an Bord ábhar chun binse de bhun alt 7 (5) den Acht seo, beidh an Coimisinéir, d'ainneoin mhír 1 (c) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ina chomhalta den bhinse.

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig Rúnaí an Rialtais agus beidh éifeacht leis an éirí-as ar an agus ón dáta a gheofar an litir.

(6) I gcás go n-éireoidh corrfholúntas i measc chomhaltaí an Bhoird déanfaidh an Rialtas, a luaithe is féidir, cibé bearta is gá chun an folúntas a líonadh agus sealbhóidh an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadh oifig ar feadh a bhfuil gan chaitheamh den téarma oifige dár ceapadh a réamhtheachtaí.

(7) Íocfar le comhaltaí den Bhord (seachas le comhalta is sealbhóir ar oifig bhreithiúnachta) cibé luach saothair (más ann), agus íocfar le comhaltaí den Bhord cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ó am go ham.

(8) Féadfaidh an Rialtas aon chomhalta den Bhord a chur as oifig, má bhíonn sé, i dtuairim an Rialtais, neamhinniúil de dheasca drochshláinte ar a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach nó má mhí-iompair sé é féin mar a bheidh luaite.

3. (1) Déanfaidh an Rialtas ó am go ham de réir mar is gá sa chás, comhalta den Bhord a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

(2) Is abhcóide cleachtach, nó aturnae cleachtach, a bhfuil seasamh deich mbliana ar a laghad aige a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord agus, má scoireann sé de bheith ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach le linn a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina chathaoirleach den sórt sin agus de bheith ina chomhalta den Bhord.

(3) I gcás go scoirfidh cathaoirleach an Bhoird le linn a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin de bheith ina chomhalta den Bhord scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

(4) Beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin go dtí go rachaidh a théarma oifige mar chomhalta den Bhord in éag, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach ach, má athcheaptar é mar chomhalta den Bhord, beidh sé in-athcheaptha mar chathaoirleach ar an mBord.

4. (1) Féadfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord a cheadóidh an tAire ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) (a) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an mBord (dá ngairtear an príomhfheidhmeannach san Acht seo).

(b) Is ar mholadh ó Choimisiún na Státseirbhíse a cheapfar an príomhfheidhmeannach.

(c) Comhlíonfaidh an príomhfheidhmeannach na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo agus cibé feidhmeanna eile (más ann) a shannfaidh an Bord dó.

(d) Féadfaidh cibé oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe chuige sin ag an bpríomhfheidhmeannach feidhmeanna sonraithe de chuid an phríomhfheidhmeannaigh faoin Acht seo a chomhlíonadh, le toiliú an Bhoird.

(e) Féadfaidh cibé oifigeach don Bhord a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag an mBord feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh faoin Acht seo a chomhlíonadh le linn dó a bheith as láthair go sealadach.

(3) (a) Is státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit a bheidh in oifigigh agus i seirbhísigh an Bhoird.

(b) Is é an tAire a bheidh, chun críocha Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, ina údarás iomchuí (de réir bhrí na nAchtanna sin) i ndáil le hoifigigh agus le seirbhísigh don Bhord.

(c) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige faoi alt 5 d'Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, ina cháil mar údarás iomchuí i ndáil le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhord a tharmligean chuig an mBord agus, má dhéanann sé amhlaidh, ansin, fad a leanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(i) beidh na cumhachtaí sin, in ionad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an mBord, agus

(ii) is é an Bord, in ionad an Aire, a bheidh, chun críocha an ailt sin 5 agus na nAchtanna sin, ina údarás iomchuí i ndáil le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhord.

(d) Féadfaidh an tAire tarmligean a rinne sé faoin mír seo a chúlghairm ach ní dhéanfaidh an chúlghairm difear d'aon ní a rinneadh de bhua an tarmligin faoin alt sin 5 nó faoi na hAchtanna sin agus leanfaidh aon ní a rinneadh amhlaidh i bhfeidhm agus, chun críocha an ailt sin 5 agus na nAchtanna sin, beidh éifeacht leis amhail is dá mba é an tAire a rinne é.

5. (1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Is é is córam do chruinniú den Bhord triúr nó cibé líon eile (nach lú ná triúr) a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, cinnfidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird.

6. (1) Féadfar deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid nó méideanna a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord gach bliain airgeadais de chuid an Bhoird as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfaidh an Bord, i ndáil le gach bliain airgeadais de chuid an Bhoird, meastachán ar a chaiteachas don bhliain sin a ullmhú agus a chur chuig an Aire (tráth nach déanaí ná dáta a bheidh sonraithe ag an Aire) agus is i cibé foirm a shonróidh an tAire a bheidh an meastachán sin.

7. (1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo a chur gach bliain (tráth nach déanaí ná dáta a bheidh sonraithe ag an Aire) faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, a luaithe is féidir tar éis an iniúchta, déanfaidh an Bord cóip de cibé de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin, a shonróidh an tAire agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na doiciméid a bheidh tíolactha dó a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

8. (1) Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe.

(2) Fíordheimhneoidh cathaoirleach an Bhoird nó comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin séala an Bhoird.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fhomhír (2) den mhír seo) an Bhoird glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

9. (1) Comhalta den Bhord a bhfuil leas díreach nó indíreach aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh—

(a) nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige, agus cad é an leas é, ag an gcruinniú den Bhord ag a mbreithneofar den chéad uair an ndéanfar an conradh sin nó, mura mbeidh leas den sórt sin aige an tráth sin, a luaithe is féidir tar éis dó an leas sin a fháil,

(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an gconradh sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an Bhoird,

(c) ní vótálfaidh sé ar chinneadh i ndáil leis an gconradh sin, agus

(d) ní áireofar é ar an gcóram a bheidh i láthair ag aon chruinniú le linn an conradh sin a bheith á bhreithniú.

(2) Taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird nochtadh faoin mír seo.

(3) I gcás ar deimhin leis an Aire go bhfuil loicthe ag comhalta den Bhord déanamh de réir ceanglais atá i bhfomhír (1) den mhír seo, féadfaidh an Rialtas, ar mholadh ón Aire, an comhalta sin a chur as oifig, agus má chuirtear duine as oifig de bhun na fomhíre seo, beidh sé dícháilithe feasta chun bheith ina chomhalta den Bhord.

10. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nár chomhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Bhoird ar duine é a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin.