Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An Bord um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána)

29 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1986


ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA (GEARÁIN), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An lá bunaithe.

3.

An Bord um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána.

4.

Gearáin leis an mBord.

5.

Gearáin a réiteach go neamhfhoirmiúil.

6.

Gearáin a imscrúdú.

7.

Feidhmeanna an Bhoird ar imscrúdú gearán a chur i gcrích.

8.

Binsí.

9.

Gearáin a tharchur chun binsí agus beart araíonachta.

10.

An Bord Achomhairc um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána.

11.

Achomhairc leis an mBord Achomhairc.

12.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh gan údarás.

13.

Tuarascálacha ag an mBord.

14.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

15.

Srian ar fheidhmiú an Achta agus srian ar fheidhmiú na Rialachán agus Acht Póilíneachta Bhaile Atha Cliath, 1924, agus leasú orthu.

16.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.

17.

Caiteachais.

18.

Gearrtheideal.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Bord um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána

AN DARA SCEIDEAL

Binsí

AN TRÍÚ SCEIDEAL

An Bord Achomhairc um Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána

AN CEATHRÚ SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984

1984, Uimh. 22

Acht Póilíneachta Bhaile Atha Cliath, 1924

1924, Uimh. 31

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925

1925, Uimh. 7

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1986


ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA (GEARÁIN), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH CÓRAIS CHUN GEARÁIN ÓN bPOBAL FAOI IOMPAR COMHAL-TAÍ DEN GHARDA SÍOCHÁNA (SEACHAS COIMISIN-ÉIR AN GHARDA SÍOCHÁNA) A IMSCRÚDÚ AGUS A BHREITHNIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ, CHUN NA gCRÍOCHA SIN, LE hAGHAIDH BOIRD A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN BORD UM GHEARÁIN I gCOINNE AN GHARDA SÍOCHÁNA AGUS AN BORD ACHOMHAIRC UM GHEARÁIN I gCOINNE AN GHARDA SÍOCHÁNA AGUS LE hAGHAIDH BINSÍ A CHEAPADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOL-MHARA. [15 Iúil, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1925” Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 ;

ciallaíonn “gearán inghlactha” gearán lena mbaineann alt 4 (3) (c) den Acht seo agus forléireofar “inghlactha” dá réir sin;

ciallaíonn “an Bord Achomhairc” an Bord Achomhairc um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána a bhunaítear le halt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “an Bord” an Bord um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána a bhunaítear le halt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “sárú araíonachta” iompar a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus folaíonn sé, seachas i gcás lena

mbaineann mír (e) d'alt 7 (9) den Acht seo, neamhchomhlíonadh mhír (d) den alt sin 7 (9) agus, freisin, iompar ar cion é a ndearna cúirt an comhalta lena mbaineann a chúiseamh ina leith tar éis an dáta a rinneadh gearán a bhaineann leis an iompar sin agus forléireofar “de shárú ar an araíonacht” dá réir sin;

tá le “an príomhfheidhmeannach” an bhrí a shanntar dó le mír 4 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Síochána;

ciallaíonn “gearánaí” duine a dhéanann gearán ó bhéal leis an mBord nó le comhalta den Gharda Síochána nó a sheolann gearán chucu nó a thugann gearán i scríbhinn dóibh agus i gcás gearán a bheidh arna dhéanamh, arna sheoladh nó arna thabhairt amhlaidh ag duine trína aturnae nó trí thuismitheoir, trí chaomhnóir nó trí dhuine eile folaíonn sé, má éilíonn an comhthéacs é, aturnae an duine nó tuismitheoir, caomhnóir nó duine eile, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “gearán” gearán faoi alt 4 (1) (a) den Acht seo;

ciallaíonn “iompar” iompar (cibé acu ab éard atá ann gníomh a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh) ar an lá bunaithe nó dá éis;

ciallaíonn “lá bunaithe” an lá a cheapfar faoi alt 2 den Acht seo chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “oifigeach imscrúdúcháin” comhalta den Gharda Síochána a cheapfar faoi alt 6 den Acht seo chun gearán inghlactha a imscrúdú;

ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” abhcóide nó aturnae;

ciallaíonn “comhalta” comhalta den Gharda Síochána seachas an Coimisinéir nó leaschoimisinéir, má bhíonn sé, agus aon uair a bhíonn sé, ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó dualgas de chuid an Choimisinéara le linn a asláithreachta nó a éagumais, de bhun údarú ón Aire faoi alt 8 (2) d'Acht 1925;

ciallaíonn “duine den phobal” duine seachas comhalta den Gharda Síochána;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ní fholaíonn “de bhéal‘teachtaireacht ó bhéal a tharchuirtear go leictreonach;

ciallaíonn “binse” binse a cheapfar faoi alt 8 den Acht seo.

(2) Maidir le feidhmeanna de chuid an Choimisinéara faoin Acht seo féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCoimisinéir iad a chomhlíonadh agus déanfar tagairtí san Acht seo don Choimisinéir a fhorléiriú dá réir sin.

An lá bunaithe.

2. —Déanfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Bord um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána.

3. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, bord, ar a dtabharfar an Bord um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána agus dá ngairtear an Bord san Acht seo, a bhunú ar an lá bunaithe chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo i ndáil leis an mBord.

Gearáin leis an mBord.

4. —(1) (a) Má fhearann aon iompar de chuid comhalta go díreach ar dhuine den phobal nó má bhíonn sé ina fhinné ar iompar den sórt sin agus más mian leis go mbreithneodh an Bord gearán i dtaobh an iompair sin, ní mór dó, laistigh de shé mhí ó dháta an iompair sin, é féin nó trína aturnae nó, i gcás duine faoi bhun seacht mbliana déag d'aois, trí thuismitheoir nó trí chaomhnóir nó, i gcás duine a bhfuil meabhairéislinn nó galar meabhrach air, trí thuismitheoir, trí chaomhnóir nó trí dhuine éigin eile ar cás leis a leas, gearán a dhéanamh ó bhéal i ndáil leis sin leis an mBord in oifig an Bhoird, le comhalta i stáisiún den Gharda Síochána nó le comhalta is airde céim ná príomhcheannfort in áit seachas stáisiún den Gharda Síochána, nó gearán i scríbhinn a sheoladh chuig na daoine sin nó a thabhairt do na daoine sin sna háiteanna sin.

(b) Gearánaí a dhéanfaidh gearán le comhalta faoi mhír (a) den fho-alt seo measfar, chun críche na míre sin, gur mian leis go mbreithneodh an Bord a ghearán mura rud é, tráth déanta an ghearáin, go n-iarrfaidh sé féin nó an duine trína mbeidh sé ag déanamh an ghearáin a mhalairt i scríbhinn.

(2) (a) Nuair a gheobhaidh an Bord gearán déanfaidh oifigeach don Bhord é a thaifeadadh láithreach mar aon leis an dáta agus an t-am a fuarthas é, tabharfaidh sé admháil i scríbhinn go bhfuarthas é don ghearánaí agus tabharfaidh sé scéala faoin ngearán don Choimisinéir (mura dealraitheach don oifigeach go mbeidh an scéala faoi mhír (b) nó an scéala faoi mhír (c) d'fho-alt (3) den alt seo i ndáil leis an ngearán tugtha laistigh de 24 uaire an chloig ón tráth a fuarthas an gearán).

(b) Nuair a gheobhaidh comhalta i stáisiún den Gharda Síochána gearán—

(i) déanfaidh sé é a thaifeadadh láithreach mar aon leis an dáta agus an t-am a fuarthas é, agus tabharfaidh sé admháil i scríbhinn go bhfuarthas é don ghearánaí, agus

(ii) déanfaidh an comhalta a bhí i gceannas an stáisiúin an tráth a fuarthas an gearán ann scéala faoin ngearán a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, don phríomhfheidhmeannach agus don Choimisinéir a luaithe is féidir tar éis dó é a fháil agus cuirfidh sé cóip den ghearán nó, murarbh i scríbhinn a bhí an gearán, cóip den taifead air, chuig gach duine acu sin.

(c) Nuair a gheobhaidh comhalta den Gharda Síochána is airde céim ná príomhcheannfort gearán in áit seachas i stáisiún den Gharda Síochána—

(i) taifeadfaidh sé é láithreach mar aon leis an dáta agus an t-am a fuarthas é, agus tabharfaidh sé admháil i scríbhinn go bhfuarthas é don ghearánaí, agus

(ii) tabharfaidh sé scéala faoin ngearán don phríomhfheidhmeannach a luaithe is féidir tar éis dó é a fháil agus déanfaidh sé cóip den ghearán nó, murarbh i scríbhinn a bhí an gearán, cóip den taifead air, a chur chuige.

(3) (a) Nuair a gheobhaidh an Bord gearán nó scéala faoi fho-alt (2) den alt seo, breithneoidh an príomhfheidhmeannach an bhfuil an gearán inghlactha agus beidh an gearán inghlactha má shásaítear na coinníollacha seo a leanas—

(i) gur dhuine den phobal an gearánaí,

(ii) gur fhear an t-iompar a líomhnaítear sa ghearán go díreach ar an ngearánaí nó go raibh sé ina fhinné air,

(iii) gur cion nó iompar a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheadh san iompar sin,

(iv) gur ar an lá bunaithe nó ar dháta dá éis agus laistigh de shé mhí roimh an dáta a rinneadh an gearán a thit an dáta a líomhnaítear gur air a rinneadh an cion sin,

(v) nach raibh feidhmiú an Achta seo maidir leis an iompar sin eisiata, de bhua alt 15 den Acht seo, ar an dáta a rinneadh an gearán, agus

(vi) nach gearán suaibhreosach nó cráiteach an gearán.

(b) Más é tuairim an phríomhfheidhmeannaigh nach bhfuil gearán inghlactha, tabharfaidh sé scéala i scríbhinn faoi sin don ghearánaí agus don Choimisinéir agus léireoidh sé sa scéala cad é an coinníoll a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo nach bhfuil, ina thuairim, comhlíonta maidir leis an ngearán agus, faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, ní dhéanfaidh sé aon ghníomh eile faoin ábhar.

(c) Más é tuairim an phríomhfheidhmeannaigh go bhfuil gearán inghlactha, nó má chinneann an Bord go bhfuil gearán lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo inghlactha, déanfaidh an príomhfheidhmeannach a luaithe is féidir scéala faoi sin a thabhairt i scríbhinn don ghearánaí agus don Choimisinéir agus, más leis an mBord a rinneadh an gearán nó más chuige a seoladh nó más dó a tugadh é, déanfaidh sé cóip den ghearán nó, murarbh i scríbhinn a bhí an gearán cóip den taifead air, a sheoladh chuig an gCoimisinéir.

(4) Nuair a gheobhaidh an Coimisinéir scéala faoi fho-alt (3) (c) den alt seo, tabharfaidh sé, a luaithe is féidir, scéala i scríbhinn don chomhalta lena mbaineann go ndearna duine sonraithe gearán (agus sonrófar sa scéala cad é an gearán é) ina choinne.

(5) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir agus ar aon chomhalta (cibé acu atá sé údaraithe faoi alt 1 (2) den Acht seo nó nach bhfuil), nuair a gheobhaidh sé amach go bhfuil gearán ann, cibé bearta dleathacha a dhéanamh a dhealraítear dó is gá nó is fóirsteanach chun fianaise ar an iompar a ghearántar nó fianaise a bhaineann leis an iompar sin a fháil nó a chaomhnú agus, i gcás go mbeartaíonn an Coimisinéir aon bhearta den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh sé an scéala faoin ngearán don chomhalta lena mbaineann faoi fho-alt (4) den alt seo a chur siar go dtí go mbeidh na bearta déanta.

(6) Ní choiscfidh aon ní san Acht seo comhalta a chúiseamh i gcion d'ainneoin go bhféadfadh an t-iompar lena mbaineann an cion a bheith ina ábhar gearáin; ina choinne sin áfach i gcás gearán a bheith déanta, seolta nó tugtha faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil le hiompar comhalta, ní chúiseofar an comhalta i gcion maidir leis an iompar sin ach amháin le toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Gearáin a réiteach go neamhfhoirmiúil.

5. —(1) Nuair a gheobhaidh an Coimisinéir scéala faoi alt 4 (3) (c) den Acht seo, ní mór dó, faoi réir fhorálacha an Achta seo—

(a) tar éis dó cibé fiosruithe (más ann) a dhéanamh a dhealraítear dó a bheith riachtanach, a bhreithniú an bhfuil an gearán oiriúnach lena réiteach go neamhfhoirmiúil, agus

(b) más dóigh leis go bhfuil an gearán oiriúnach lena réiteach go neamhfhoirmiúil, scéala faoi sin a thabhairt don Bhord agus tabhairt faoin ngearán a réiteach de réir fhorálacha an ailt seo.

(2) I gcás gearán a réiteach faoin alt seo coimeádfar taifead den réiteach a fuarthas agus den mhodh a réitíodh é amhlaidh agus seolfar cóip den taifead sin chuig an mBord.

(3) Ní réiteofar gearán faoin alt seo más rud é—

(a) gur cion é an t-iompar a líomhnaítear sa ghearán agus gur cúisíodh an comhalta lena mbaineann ann nó, murar cúisíodh amhlaidh é, gur cion é ar dócha, i dtuairim an Choimisinéara, dá mbeadh dóthain fianaise ann go ndearna an comhalta é, go gcúiseofaí é ann dá toradh, nó

(b) nach dtoilíonn an gearánaí nó an comhalta lena mbaineann i scríbhinn le réiteach an ghearáin faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an Bord nósanna imeachta a fhorordú a bheidh le hurramú nuair a bheidh gearáin á réiteach faoin alt seo.

(5) Más rud é roimh, le linn nó tar éis gearán a réiteach faoin alt seo, gurb é tuairim an Bhoird nach bhfuil nó nach raibh an gearán oiriúnach lena réiteach amhlaidh, ansin, a luaithe is féidir, iarrfaidh sé i scríbhinn ar an gCoimisinéir go ndéanfaí an gearán a imscrúdú faoi alt 6 den Acht seo agus air sin beidh feidhm agus éifeacht dá réir leis an alt sin i ndáil leis an ngearán agus, má réitíodh an gearán faoin alt seo, measfar chun críocha an Achta seo nár réitíodh amhlaidh é; agus déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir, scéala faoin iarraidh sin a thabhairt i scríbhinn don ghearánaí agus don chomhalta lena mbaineann.

(6) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní bheidh ráiteas a rinne an gearánaí nó an comhalta lena mbaineann i dtaca le gearán a réiteach faoin alt seo nó chun críche gearán a réiteach amhlaidh inghlactha i bhfianaise in aon imeachtaí ar chor ar bith.

(b) Ráiteas ab éard atá ann, nó ina bhfuil, admháil maidir le haon ábhar seachas an gearán a bheidh le réiteach faoin alt seo, ní bheidh sé neamh-inghlactha de dhroim mhír (a) den fho-alt seo.

Gearáin a imscrúdú.

6. —(1) (a) Ceapfaidh an Coimisinéir comhalta den Gharda Síochána (dá ngairtear oifigeach imscrúdúcháin san Acht seo)—

(i) nach ísle céim ná ceannfort, nó

(ii) más dóigh leis go ndlíonn na himthosca sin, a bhfuil céim cigire aige,

chun gearán inghlactha (seachas gearán a réitíodh faoi alt 5 den Acht seo) a imscrúdú agus déanfaidh duine a cheaptar amhlaidh an t-imscrúdú a sheoladh ina aonar nó le cúnamh cibé comhaltaí eile a chinnfidh sé, de réir mar is cuí leis.

(b) I gcás gur dealraitheach d'oifigeach imscrúdúcháin go bhféadfadh gur cion é an t-iompar a líomhnaítear i ngearán, ansin, faoi réir alt 4 (6) den Acht seo, beidh feidhm i ndáil leis an imscrúdú ag an dlí agus ag an gcleachtas is infheidhme maidir le cionta a imscrúdú.

(c) Féadfaidh an Bord prionsabail ghinearálta a fhorordú a bheidh le hurramú nuair a bheidh oifigigh imscrúdúcháin á gceapadh faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(2) (a) Déanfaidh oifigeach imscrúdúcháin imscrúdú faoin alt seo a chur i gcrích a luaithe is féidir agus, mura mbíonn sé in ann sin a dhéanamh laistigh den tréimhse 30 lá ó dháta a cheaptha, déanfaidh sé—

(i) a luaithe is féidir tar éis don tréimhse sin a bheith caite, tuarascáil scríofa eatramhach air a thabhairt don phríomhfheidhmeannach, agus

(ii) a luaithe is féidir tar éis dó iarraidh a fháil ón bpríomhfheidhmeannach á iarraidh sin air, cibé tuarascálacha scríofa eatramhacha breise ar an imscrúdú a iarrfaidh an príomhfheidhmeannach a thabhairt don phríomhfheidhmeannach, go dtí go gcuirfear an t-imscrúdú i gcrích.

(b) Déanfaidh oifigeach imscrúdúcháin, a luaithe is féidir tar éis dó imscrúdú a chur i gcrích faoin alt seo, tuarascáil scríofa air a thabhairt don phríomhfheidhmeannach agus, aon uair a iarrfaidh an príomhfheidhmeannach air é, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis an iarraidh sin a dhéanamh, tuarascáil scríofa fhorlíontach air a thabhairt don phríomhfheidhmeannach.

(c) Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin, nuair a bheidh tuarascáil nó tuarascálacha mar a dúradh á dtabhairt aige don phríomhfheidhmeannach, cóip den chéanna a sheoladh chuig an gCoimisinéir.

(3) (a) Déanfaidh an Bord maoirseacht ghinearálta ar imscrúdú gearán faoin alt seo agus faoi réir fho-alt (7) (a) den alt seo féadfaidh sé cibé orduithe a thabhairt d'oifigeach imscrúdúcháin i ndáil le himscrúdú aige faoin alt seo is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach.

(b) Féadfaidh an Bord a fheidhmeanna faoi mhír (a) den fho-alt seo a tharmligean don phríomhfheidhmeannach.

(c) Déanfaidh oifigeach imscrúdúcháin de réir cibé orduithe a thabharfar dó faoin bhfo-alt seo.

(4) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, a luaithe is féidir, gach tuarascáil eatramhach ar an imscrúdú a tugadh dó faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo agus an tuarascáil nó na tuarascálacha ar an imscrúdú a tugadh dó faoi mhír (b) den fho-alt sin (2) a chur faoi bhráid an Bhoird mar aon lena thráchtaí i scríbhinn orthu agus moladh scríofa uaidh maidir le gníomh ar bith (más aon ghníomh) a d'fhéadfadh an Bord a dhéanamh go cuí i ndáil leis an ngearán lena mbaineann.

(5) (a) D'ainneoin aon ní san Acht seo, féadfaidh an Bord, tráth ar bith, a iarraidh ar an bpríomhfheidhmeannach imscrúdú a dhéanamh nó a chur faoi deara imscrúdú a dhéanamh ar ghearán más dóigh leis an mBord gur gá ar mhaithe le leas an phobail go ndéanfaí imscrúdú amhlaidh ar an ngearán nó nár seoladh nó nach bhfuiltear ag seoladh imscrúdú faoin Acht seo mar is cóir ar an ngearán agus, i gcás go ndéanfar iarraidh den sórt sin, scoirfidh air sin aon imscrúdú faoi aon fhoráil eile den Acht seo ar an ngearán lena mbaineann.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (1) (b) den alt seo maidir le himscrúdú faoin bhfo-alt seo amhail is dá mba thagairt don phríomhfheidhmeannach agus d'aon duine a gcuirfidh sé faoi deara air an gearán lena mbaineann a imscrúdú an tagairt san fho-alt sin (1) (b) d'oifigeach imscrúdúcháin.

(c) Cuirfidh an príomhfheidhmeannach tuarascáil scríofa faoi bhráid an Bhoird maidir le toradh aon imscrúdaithe a seoladh de bhun iarraidh faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(6) (a) I gcás imeachtaí sibhialta nó imeachtaí coiriúla a bheith tionscanta agus nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta orthu agus gur dóigh leis an mBord gur dócha sna himeachtaí sin go gcinnfidh an chúirt saincheist a bhfuil ábharthacht nó baint aici leis an iompar a líomhnaítear i ngearán, féadfaidh an Bord aon ghníomh nó gníomh breise faoin Acht seo i ndáil leis an ngearán a chur siar go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ar na himeachtaí sibhialta, nó ar na himeachtaí coiriúla, de réir mar a bheidh.

(b) Más dóigh leis an mBord go ndearna cúirt an t-iompar a líomhnaítear i ngearán a imscrúdú in imeachtaí sibhialta agus go bhfuil an chúirt tar éis cinneadh ar na saincheisteanna arb iad, ina substaint, na sainceisteanna iad atá i gceist sa ghearán, a dhéanamh sna himeachtaí sin, arna gcinneadh go críochnaitheach, i bhfabhar an chomhalta lena mbaineann, ní dhéanfaidh an Bord aon ghníomh nó gníomh breise faoin Acht seo i ndáil leis an ngearán.

(c) Ní mheasfar go mbeidh cinneadh críochnaitheach chun críocha mhír (a) nó (b) den fho-alt seo déanta ar imeachtaí go dtí go mbeidh cinneadh déanta ar aon achomharc (lena n-áirítear achomharc ar mhodh cáis shonraithe), athéisteacht nó atriail i ndáil leis na himeachtaí sin.

(7) I gcás gur cion é an t-iompar a líomhnaítear i ngearán—

(a) má bhíonn an gearán á imscrúdú faoi fho-alt (1) (a) den alt seo, ní thabharfar ordú faoi fho-alt (3) (a) den alt seo i ndáil leis an imscrúdú gan toiliú an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, agus

(b) má bhíonn an gearán á imscrúdú faoi fho-alt (5) den alt seo, rachaidh an príomhfheidhmeannach i gcomhairle leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i ndáil leis an modh ina bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh.

(8) (a) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, más rud é le linn imscrúdú faoin alt seo, gurb é tuairim an oifigigh imscrúdúcháin gur dócha go bhfearfadh sé ar shlándáil an Stáit nó gur shárú tromaí agus dochosanta ar chearta duine éigin eile é dá nochtfaí in aon tuarascáil faisnéis arbh iomchuí í a bheith thairis sin sa tuarascáil sin, tarchuirfidh sé an t-ábhar chun an Choimisinéara.

(b) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, más rud é, i gcás ábhar a bheith tarchurtha chun an Choimisinéara faoi mhír (a) den fho-alt seo, go n-aontaíonn an Coimisinéir, tar éis dó cibé fiosruithe (más ann) a dhéanamh is dóigh leis is gá, le tuairim an oifigigh imscrúdúcháin i leith na faisnéise i gceist nó aon chuid di, déanfaidh sé an t-ábhar a thuairisciú don Aire agus má aontaíonn an tAire leis an tuairim sin, nó a mhéid a aontaíonn sé léi, agus a ordaíonn sé amhlaidh, ní áireofar an fhaisnéis ábhartha in aon tuarascáil de chuid an oifigigh imscrúdúcháin.

(c) I gcás go dtabharfaidh an tAire ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo, luafar i dtuarascáil an oifigigh imscrúdúcháin gur tugadh an t-ordú sin, agus luafar ann freisin cibé faisnéis (más ann) i dtaobh an ábhair a údaróidh an tAire a thabhairt chun cuidiú leis an mBord an gearán a bhreithniú.

(d) Ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo comhshocraíochtaí a dhéanamh idir an Bord agus an Coimisinéir ar dá réir a fhéadfar, i gcás ar leith nó go ginearálta, déileáil le hábhar dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ar mhodh gnáthaimh éigin eile.

(e) Tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach imscrúdúcháin, folaíonn siad, i gcás imscrúdú faoi fho-alt (5) den alt seo, tagairtí don phríomhfheidhmeannach agus d'aon duine a gcuirfidh sé faoi deara air an gearán lena mbaineann a imscrúdú.

Feidhmeanna an Bhoird ar imscrúdú gearán a chur i gcrích.

7. —(1) Más rud é, tar éis don Bhord—

(a) tuarascáil nó tuarascálacha ó oifigeach imscrúdúcháin a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi alt 6 den Acht seo agus tráchtaí agus moladh ábhartha an phríomhfheidhmeannaigh a cuireadh faoi bhráid an Bhoird amhlaidh, nó

(b) tuarascáil an phríomhfheidhmeannaigh ar thoradh imscrúdaithe faoi fho-alt (5) den alt sin,

a bhreithniú go bhfuil sé den tuairim gur gearán inghlactha an gearán lena mbaineann agus, maidir leis an iompar a líomhnaítear sa ghearán, go bhféadfadh sé gur cion é arna dhéanamh ag an gcomhalta lena mbaineann, tarchuirfidh sé an t-ábhar chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

(2) Más rud é, tar éis dó an tuarascáil nó na tuarascálacha ar imscrúdú mar a dúradh agus (más iomchuí) na tráchtaí nó an moladh sin a dúradh a bhreithniú, gurb é tuairim an Bhoird nach ábhar lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo an t-ábhar, ní mór don Bhord, faoi réir alt 6 (6) den Acht seo, déileáil leis an ábhar de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(3) Má bhíonn an Bord den tuairim nach nochtar cion ná sárú araíonachta ag an gcomhalta lena mbaineann nó nach bhfuil an gearán inghlactha ar shlí eile, ní mór dó, a luaithe is féidir, scéala faoina thuairim a thabhairt don Choimisinéir, don ghearánaí agus don chomhalta lena mbaineann agus ní dhéanfaidh sé aon ghníomh breise maidir leis an ábhar.

(4) (a) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, má bhíonn an Bord den tuairim go bhféadfadh go nochtfaí sárú araíonachta ag an gcomhalta lena mbaineann ach gur mionsárú é arbh iomchuí don Choimisinéir déileáil leis go neamhfhoirmiúil ar bhonn comhairle, ceartú nó fainice, tarchuirfidh sé an t-ábhar chuig an gCoimisinéir.

(b) Ní dhéanfar tarchur faoi mhír (a) mura rud é gur tugadh deis don chomhalta lena mbaineann uiríll a dhéanamh chuig an mBord i ndáil leis an tarchur beartaithe agus gur bhreithnigh an Bord aon uiríll a rinneadh amhlaidh.

(5) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, má bhíonn an Bord den tuairim go bhféadfadh go nochtfaí sárú araíonachta ag an gcomhalta lena mbaineann (seachas sárú dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo), tarchuirfidh sé an t-ábhar chuig binse.

(6) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir—

(a) scéala faoi aon ghníomh de chuid an Bhoird faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo, a thabhairt don ghearánaí agus don chomhalta lena mbaineann, agus

(b) scéala faoi aon ghníomh de chuid an Bhoird faoin bhfo-alt sin (5) a thabhairt don Choimisinéir.

(7) (a) I gcás comhalta a chiontú nó a éigiontú i gcion, ní tharchuirfear sárú araíonachta chuig an gCoimisinéir nó chuig binse más ionann, go substaintiúil, an sárú agus an cion inar ciontaíodh nó inar éigiontaíodh é.

(b)   (i) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar mhír a bhfuil feidhm aici i ndáil le sárú araíonachta arb éard atá ann iompar is cion a ndearna cúirt ciontú ina leith.

(ii) An tagairt sa mhír sin (a) do chomhalta a éigiontaíodh i gcion, forléireofar í, maidir le cion ar déileáladh leis go hachomair, mar thagairt do chomhalta a ndearnadh gearán nó cúiseamh ina choinne a dhíbhe de bhua tuillteanais.

(8) Faoi réir alt 6 (6) den Acht seo, i gcás gur chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cibé acu ba chóir nó nár chóir imeachtaí mar gheall ar chion a thionscnamh i leith gearáin a tarchuireadh chuige faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, más dóigh leis gur cóir déanamh amhlaidh, déileáil leis an ábhar faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo nó a chinneadh gan aon ghníomh breise a dhéanamh maidir leis an ábhar.

(9)  (a)  Más rud é—

(i) gur bhreithnigh an Bord tuarascáil nó tuarascálacha a cuireadh faoina bhráid faoi alt 6 den Acht seo agus (más iomchuí) na tráchtaí agus an moladh ábhartha a cuireadh faoina bhráid amhlaidh, agus

(ii)  (I) gur tharchuir an Bord an t-ábhar chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus gur chinn seisean nár cheart imeachtaí mar gheall ar chion a thionscnamh i leith an ghearáin lena mbaineann, nó

(II) go bhfuil an Bord den tuairim nach cion arna dhéanamh ag an gcomhalta lena mbaineann, an t-iompar atá faoi bhreithniú (is iompar a líomhnaíodh sa ghearán), agus

(iii) gur dhiúltaigh an comhalta, le linn an imscrúdaithe, ceist a fhreagairt, faisnéis a thabhairt, nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird, a bhaineann go hábhartha le himscrúdú an ghearáin lena mbaineann,

féadfaidh an Bord, sula ndéileálfaidh sé leis an ábhar de réir fho-ailt (3) go (8) den alt seo, ordú a thabhairt d'oifigeach imscrúdúcháin an gearán a imscrúdú tuilleadh de réir an fho-ailt seo.

(b) Ní thabharfar ordú faoin bhfo-alt seo mura rud é, maidir leis an iompar a líomhnaítear sa ghearán lena mbaineann, gur tharla sé i dtaca leis an gcomhalta lena mbaineann do chomhlíonadh nó d'fheidhmiú feidhmeanna nó cumhachtaí a thugtar dó mar chomhalta den sórt sin nó i dtaca le comhlíonadh nó feidhmiú airbheartaithe na bhfeidhmeanna nó na gcumhachtaí sin ag an gcomhalta sin.

(c) I gcás ordú faoin bhfo-alt seo le haghaidh imscrúdú a bheith tugtha, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin lena mbaineann, chun críocha an imscrúdaithe, a cheangal ar chomhalta (seachas comhalta arb é céile an chomhalta lena mbaineann é) ceist a fhreagairt, faisnéis a thabhairt, nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird, a bhaineann go hábhartha leis an ngearán lena mbaineann a imscrúdú tuilleadh.

(d) Beidh sé de dhualgas ar chomhalta déanamh de réir ceanglas de chuid oifigigh imscrúdúcháin faoi mhír (c) den fho-alt seo ach ní bheidh an freagra a sholáthrófar, an fhaisnéis a thabharfar, nó an doiciméad nó an ní a thabharfar ar aird, de bhun an cheanglais, inghlactha i bhfianaise in aghaidh an chomhalta ná in aghaidh a chéile in aon imeachtaí ar bith seachas imeachtaí in aghaidh an chomhalta mar gheall ar shárú araíonachta nó i ndáil le sárú araíonachta.

(e) Ní sárú araíonachta é neamhchomhlíonadh mhír (d) den fho-alt seo ag comhalta mura rud é, nuair a bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin lena mbaineann ag déanamh an cheanglais faoi mhír (c) den fho-alt seo, go gcuirfidh sé i bhfios dó i scríbhinn go bhfuil sé ag gníomhú de réir ordú faoin bhfo-alt seo agus go gcuirfidh sé ábhar mhíreanna (c) agus (d) ar a iúl don chomhalta.

(f) Más rud é, le linn imscrúdú breise de bhun ordú faoin bhfo-alt seo—

(i) gur gá d'oifigeach imscrúdúcháin comhalta (seachas an comhalta ar ina aghaidh atá gearán lena mbaineann á dhéanamh nó comhalta arb é céile an chomhalta sin é) a cheistiú,

(ii) go ndiúltóidh an comhalta a bheidh á cheistiú ceist a fhreagairt, faisnéis a thabhairt, nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird, a bhaineann go hábhartha leis an ngearán lena mbaineann a imscrúdú tuilleadh, agus

(iii) gur dealraitheach don oifigeach imscrúdúcháin go bhféadfadh sé go ndearna an comhalta a bheidh á cheistiú cion,

féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin, má chuathas i gcomhairle leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i ndáil leis an ábhar agus má chinn seisean nár chóir imeachtaí a thionscnamh in aghaidh an chomhalta a bheidh á cheistiú mar gheall ar chion, a cheangal ar an gcomhalta, de bhun mhír (c) den fho-alt seo, an cheist a fhreagairt, an fhaisnéis a thabhairt nó an doiciméad nó an ní a thabhairt ar aird.

(g) Beidh feidhm ag alt 6 den Acht seo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le himscrúdú de bhun ordú faoin bhfo-alt seo agus ní mór don Bhord, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil nó ar na tuarascálacha ar an imscrúdú sin a cuireadh faoina bhráid faoin alt sin agus ar na tráchtaí agus an moladh ábhartha a cuireadh faoina bhráid amhlaidh, mar aon leis an doiciméad nó na doiciméid ábhartha a cuireadh faoina bhráid faoin alt sin i ndáil leis an imscrúdú bunaidh ar an ngearán lena mbaineann, déileáil leis an ábhar de réir fho-ailt (3) go (8) den alt seo.

(h) Tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach imscrúdúcháin folóidh siad, i gcás gurb é an príomhfheidhmeannach a rinne, nó a chuir faoi deara go ndéanfaí, imscrúdú ar an ngearán lena mbaineann, tagairtí don phríomhfheidhmeannach nó, de réir mar a bheidh, don duine ar chuir sé faoi deara air an gearán a imscrúdú.

Binsí.

8. —(1)  (a) Déanfaidh an Bord ó am go ham binse a cheapadh chun breithniú a dhéanamh ar cibé ábhar nó ábhair a tharchuirfidh an Bord chuige faoi alt 7 (5) den Acht seo le linn cibé tréimhse a shonróidh an Bord tráth an cheaptha.

(b) Féadfar níos mó ná binse amháin a cheapadh faoi mhír (a) den fho-alt seo i leith na tréimhse céanna.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le binse.

Gearáin a tharchur chun binsí agus beart araíonachta.

9. —(1) I gcás ábhar a tharchur chun binse faoi alt 7 (5) den Acht seo—

(a) cinnfidh an príomhfheidhmeannach cad é an sárú araíonachta nó na sáruithe araíonachta ar leithligh a bheidh le líomhain ar an gcomhalta lena mbaineann os comhair an bhinse.

(b) déanfaidh an príomhfheidhmeannach scéala faoin sárú nó faoi na sáruithe araíonachta sin a dúradh agus faoi ainmneacha agus seoltaí na bhfinnéithe ar mian leis go bhfreastalóidís os comhair an bhinse a thabhairt do gach comhalta den bhinse, agus

(c) seolfaidh an binse fiosrú ar an ábhar mura rud é go n-admhóidh an comhalta i gceist an t-iompar a líomhnaítear sa ghearán lena mbaineann, nó iompar arb ionann é go substaintiúil agus an t-iompar sin.

(2) Beidh sé d'fheidhm ag binse a chinneadh i ndáil le hábhar a tharchuirtear chuige mar a dúradh—

(a) nach ndearna an comhalta lena mbaineann an araíonacht a shárú, nó

(b) go ndearna an comhalta sin an araíonacht a shárú mar a líomhnaíodh, nó

(c) gur sárú araíonachta eile atá sna fíorais mar a suíodh iad:

Ar choinníoll nach ndéanfar cinneadh faoi mhír (c) den fho-alt seo mura deimhin leis an mbinse nach bhfuil an sárú eile chomh tromaí leis an sárú a líomhnaíodh (is é sin le rá, gur sárú é a thuilleann, in imthosca an cháis ar leithligh, beart araíonachta nach bhfuil chomh tromaí leis an mbeart araíonachta a thuillfeadh an sárú a líomhnaíodh) agus nach mbeadh an cinneadh sin éagothrom ar an gcomhalta lena mbaineann ag cur san áireamh nach é an sárú a líomhnaíodh an sárú eile lena mbaineann.

(3) I gcás go n-admhaíonn comhalta sárú araíonachta nó go bhfionnann binse gur sháraigh sé an araíonacht, cinnfidh an binse ar chóir beart araíonachta a dhéanamh in aghaidh an chomhalta agus, má chinneann sé gur chóir beart araíonachta a dhéanamh amhlaidh, cinnfidh sé cé acu de na bearta araíonachta a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo ba chóir a dhéanamh amhlaidh.

(4) Is iad na bearta araíonachta, i ndáil le comhalta, dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo—

(a) an comhalta a bhriseadh as an nGarda Síochána,

(b) a cheangal ar an gcomhalta dul ar scor ón nGarda Síochána nó éirí as mar mhalairt ar é a bhriseadh as,

(c) an comhalta a ísliú go dtí cibé céim eile sa Gharda Síochána a chinnfidh an binse,

(d) laghdú de cibé méid agus go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an binse, a dhéanamh ar a phá,

(e) iomardú,

(f) rabhadh.

(5) Ní rachaidh laghdú ar phá faoi fho-alt (4) den alt seo thar ph ceithre seachtaine agus ní asbhainfear, i leith aon laghdú den sórt sir ó aon íocaíocht le comhalta i leith pá, níos mó ná 10 faoin gcéad de mhéid na híocaíochta sin.

(6) (a) Maidir le cinneadh ag binse faoi fho-alt (3) den alt seo gur chóir comhalta is airde céim ná cigire a bhriseadh as an nGarda Síochána déanfaidh an binse an cinneadh sin a pháirtiú leis an Aire agus déanfaidh seisean é a pháirtiú leis an Rialtas agus déanfaidh an binse é a pháirtiú leis an gCoimisinéir freisin.

(b) Maidir le cinneadh ag binse faoin bhfo-alt sin (3) gur chóir comhalta nach airde céim ná cigire a bhriseadh as an nGarda Síochána nó gur chóir aon bheart araíonachta eile a dhéanamh in aghaidh comhalta de chéim ar bith, déanfaidh an binse an cinneadh sin a pháirtiú leis an gCoimisinéir.

(7) Beidh cumhacht ag an gCoimisinéir cinntí dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (6) den alt seo a chur i bhfeidhm agus cuirfear na cinntí sin i bhfeidhm de réir a dtéarmaí faoin gcumhacht sin a dúradh agus déanfar cinntí dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin (6) a chur i bhfeidhm de réir a dtéarmaí faoi alt 7 (2) nó 10 (4), de réir mar is iomchuí, d'Acht 1925.

An Bord Achomhairc um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána.

10. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, bord a bhunú, ar a dtabharfar an Bord Achomhairc um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána agus dá ngairtear an Bord Achomhairc san Acht seo, chun achomhairc faoi alt 11 den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.

(2) Beidh éifeacht maidir leis an mBord Achomhairc le forálacha an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo agus alt 11 den Acht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Achomhairc leis an mBord Achomhairc.

11. —(1) Féadfaidh comhalta achomharc a dhéanamh leis an mBord Achomhairc i gcoinne cinneadh binse a d'fhionn gur sháraigh sé an araíonacht nó i gcoinne cinneadh binse gur chóir beart araíonachta a dhéanamh ina aghaidh nó i gcoinne an dá chinneadh.

(2) Féadfaidh an Bord Achomhairc—

(a) cinneadh de chuid binse a d'fhionn gur sháraigh comhalta an araíonacht a dhaingniú nó a chur ar ceal nó cinneadh den sórt sin a chur ar ceal agus a fhionnadh gur sháraigh an comhalta lena mbaineann an araíonacht ar shlí seachas mar a d'fhionn an binse,

(b) más rud é go ndearna comhalta achomharc i gcoinne cinneadh de chuid binse a d'fhionn gur sháraigh sé an araíonacht ach nach ndearna sé achomharc i gcoinne cinneadh de chuid an bhinse, i ndáil leis an ábhar céanna, gur chóir beart araíonachta sonraithe a dhéanamh ina aghaidh, an cinneadh is deireanaí a luadh a chur ar ceal, agus a chinneadh gur chóir aon bheart araíonachta a shonraítear in alt 9 (4) den Acht seo, seachas an beart araíonachta a sonraíodh i gcinneadh an bhinse, a dhéanamh in aghaidh an chomhalta,

(c) i ndáil le hachomharc ag comhalta i gcoinne cinneadh de chuid binse gur chóir beart araíonachta sonraithe a dhéanamh ina aghaidh, an cinneadh a dhaingniú nó a chur ar ceal nó an cinneadh a chur ar ceal agus a chinneadh gur chóir aon bheart araíonachta a shonraítear in alt 9 (4) den Acht seo, seachas an beart araíonachta a sonraíodh i dtuairim an bhinse, a dhéanamh in aghaidh an chomhalta,

(d) cinneadh de chuid binse nár chóir beart araíonachta a dhéanamh in aghaidh comhalta, a dhaingniú nó a chinneadh in aon chás den sórt sin gur chóir aon bheart araíonachta a shonraítear san alt sin 9 (4) a dhéanamh in aghaidh comhalta.

(3) (a) Maidir le cinneadh de chuid an Bhoird Achomhairc faoi fho-alt (2) den alt seo (cibé acu is cinneadh é a dhaingníonn cinneadh de chuid binse nó nach ea) gur chóir comhalta is airde céim ná cigire a bhriseadh as an nGarda Síochána déanfaidh an Bord Achomhairc an cinneadh sin a pháirtiú leis an Aire agus déanfaidh seisean é a pháirtiú leis an Rialtas agus déanfaidh an Bord Achomhairc é a pháirtiú leis an gCoimisinéir freisin.

(b) Maidir le cinneadh de chuid an Bhoird Achomhairc faoin bhfo-alt sin (2) (cibé acu is cinneadh é a dhaingníonn cinneadh de chuid binse nó nach ea) gur chóir comhalta nach airde céim ná cigire a bhriseadh as an nGarda Síochána nó gur chóir aon bheart araíonachta eile a dhéanamh in aghaidh comhalta d'aon chéim, déanfaidh an Bord Achomhairc é a pháirtiú leis an gCoimisinéir.

(4) Beidh de chumhacht ag an gCoimisinéir cinntí dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo a chur i bhfeidhm agus cuirfear na cinntí sin i bhfeidhm de réir a dtéarmaí faoin gcumhacht sin a dúradh agus cuirfear cinntí dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin (3) i bhfeidhm de réir a dtéarmaí faoi alt 7 (2) nó 10 (4), de réir mar is iomchuí, d'Acht 1925.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh gan údarás.

12. —(1) Ní nochtfaidh duine faisnéis rúnda a gheobhaidh sé le linn dó feidhmeanna a chomhlíonadh mar chomhalta den Bhord, de bhinse nó den Bhord Achomhairc, nó mar chomhalta d'fhoireann an Bhoird, mura mbeidh sé údaraithe go cuí é sin a dhéanamh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “faisnéis rúnda” faisnéis a deirtear a bheith rúnda cibé acu an i dtaca le faisnéis faoi leith nó le faisnéis de chineál nó de thuairisc faoi leith í;

ciallaíonn “údaraithe go cuí”, i gcás comhalta den Bhord Achomhairc, údaraithe ag an mBord Achomhairc agus in aon chás eile, údaraithe ag an mBord.

(3) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

Tuarascálacha ag an mBord.

13. —(1) Déanfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil a thabhairt don Aire i dtaobh a ghníomhaíochtaí le linn na bliana sin agus féadfaidh sé a áireamh sa tuarascáil faisnéis agus tráchtadh i ndáil le haon ábhair a tháinig ar a iúl faoin Acht seo agus ar dóigh leis gur chóir aird an Aire a tharraingt orthu.

(2) Déanfaidh an Bord, ar iarraidh ón Aire, tuairisc a thabhairt dó i dtaobh cibé ábhair ghinearálta a bhaineann lena fheidhmeanna a shonróidh an tAire.

(3) Coinneoidh an Bord oibriú an chórais imscrúdúcháin agus breithnithe gearán faoi athbhreithniú agus tabharfaidh sé tuarascáil ar an gcéanna don Aire tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an lae bunaithe agus uair amháin ar a laghad le linn gach tréimhse trí bliana ina dhiaidh sin.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de gach tuarascáil a gheobhaidh sé faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

14. —(1) I gcás go ndéanfar comhalta den Bhord nó den Bhord Achomhairc a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó go measfar, de bhun alt 15 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord nó den Bhord Achomhairc.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó den Bhord Achomhairc.

Srian ar fheidhmiú an Achta agus srian ar fheidhmiú na Rialachán agus Acht Póilíneachta Bhaile Atha Cliath, 1924 , agus leasú orthu.

15. —(1) (a) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le hiompar a líomhnaítear i ngearán más rud é roimh an dáta a fuarthas an gearán—

(i) gur cheap an Coimisinéir comhalta nó comhaltaí den Gharda Síochána chun fiosrúchán a sheoladh faoi na Rialacháin ar an iompar, nó

(ii) gur ainmnigh an tAire duine faoi alt 12 d'Acht Póilíneachta Bhaile Atha Cliath, 1924 , chun fiosrúchán a sheoladh ar an iompar.

(b)  (i) Féadfaidh an Coimisinéir duine nach airde céim ná cigire a bhriseadh de réir na Rialachán d'ainneoin gearán inghlactha a bheith déanta in aghaidh an chomhalta agus beidh feidhm chun na críche seo ag forálacha ábhartha na Rialachán fara aon mhodhnuithe is gá; agus in aon chás den sórt sin ní bheidh feidhm ag an Acht seo nó, de réir mar a bheidh, scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an iompar a líomhnaíodh sa ghearán.

(ii) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear—

(I) do chumhacht an Choimisinéara faoi na Rialacháin comhalta a fhionraí ó dhualgas ar feadh tréimhse sonraithe; nó

(II) do chumhacht an Rialtais faoi alt 7 (2) nó 10 (4) d'Acht 1925 i ndáil le duine a chur as oifig nó, de réir mar a bheidh, oifigeach a bhriseadh nó a chéim a ísliú agus, i gcás go bhfeidhmeoidh an Rialtas cumhacht den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an Acht seo nó, de réir mar a bheidh, scoirfidh sé d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an iompar a líomhnaíodh sa ghearán d'ainneoin gearán inghlactha a bheith déanta in aghaidh an chomhalta lena mbaineann.

(2) Más rud é—

(a) go bhfuil imscrúdú á dhéanamh nó go ndearnadh imscrúdú faoi na Rialacháin ar iompar comhalta,

(b) nár cheap an Coimisinéir comhalta nó comhaltaí den Gharda Síochána chun fiosrúchán a sheoladh faoi na Rialacháin ar an iompar, agus

(c) go ndéantar gearán i ndáil leis an iompar,

déanfar imscrúdu ar an ngearán faoin Acht seo agus measfar an t-imscrúdú faoi na Rialacháin, agus aon ráiteas a rinneadh i ndáil leis sin, a bheith déanta faoin Acht seo agus chun críocha an Achta seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin ná ag an alt sin 12 i ndáil le hiompar a líomhnaíodh i ngearán inghlactha más rud é, roimh an dáta a rinneadh an gearán, nach raibh duine ceaptha faoi na Rialacháin nó ainmnithe faoin alt sin 12, de réir mar a bheidh, chun fiosrúchán a sheoladh ar an iompar.

(4) Leasaítear leis seo an t-alt sin 12—

(a) i bhfo-alt (1) trí “don Choimisinéir no d'aon bhall eile de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, nách ísle céim ná cigire agus a ainmneoidh an Coimisinéir chun na críche sin, no” a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air” a chur in ionad “é chur fé fhíneáil nách mó na fiche punt, no fé phríosuntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí”.

(5) Féadfar a fhoráil leis na Rialacháin, maidir le duine ar tugadh scéala go cuí dó go bhfuil air freastal ag fiosrúchán atá á sheoladh nó le seoladh faoi na Rialacháin i ndáil le sárú araíonachta líomhnaithe ag comhalta agus a mhainníonn nó a dhiúltaíonn freastal ag an bhfiosrúchán sin nó, i gcás duine seachas an comhalta sin a dúradh nó a chéile, a dhiúltaíonn fianaise a thabhairt ag an bhfiosrúchán sin, go ndlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(6) Tagairtí sna fo-ailt roimhe seo den alt seo don alt sin 12 is tagairtí iad don alt sin arna oiriúnú le halt 18 d'Acht 1925.

(7) San alt seo ciallaíonn “na Rialacháin” aon rialacháin faoi alt 14 d'Acht 1925 i ndáil le haraíonacht a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Leasú ar an Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 .

16. —Leasaítear leis seo an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984 , trí “comhaltaí (de réir bhrí Acht an Gharda Síochána (Gearáin), 1986 )” a chur, in alt 1 (2), in ionad “comhaltaí den Gharda Síochána nach airde céim ná ard-cheannfort”.

Caiteachais.

17. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

18. —Féadfar Acht an Gharda Síochána (Gearáin), 1986 , a ghairm den Acht seo.